Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buntáistí míchothroma unfair advantages
" Tá tacaíocht caillte ag an rialtas le blianta beaga anuas do pháirtí nua ciníoch atá go mór in aghaidh inimirce agus na buntáistí míchothroma dar leo atá ag dúchasaigh maidir le caiteachas rialtais.
míchothrom unfair
" Agus ag deireadh mhí Iúil, bhí áitritheoirí sa cheantar mór Éireannach, Rockaway, Queens, ag maíomh go raibh an dóigh ar ghearr na póilíní fíneáil orthu as a bheith ag ól go poiblí míchothrom.
míchothrom unfair
" Dar leis go bhfuil an dlí úr seo iomlán míchothrom nó go bhfuil sé ag díriú ar na caiteoirí míchearta.
ag déanamh éagóra ar being unfair to
" Agus, ar fhaitíos go gceapfadh duine go bhfuil mé ag déanamh éagóra ar mhuintir Liatroma, deir an Dr McMaster go bhfuil na torthaí ag dul le torthaí na suirbhéanna eile a rinneadh i gceantair eile sa tír agus go bhfuil an leibhéal raimhreachta inchurtha lena bhfuil ar fáil i dtíortha forbartha eile.
roinnt éagothrom na cumhachta unfair division of power
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
míchothrom unfair
" Cuireann sé iontas orm chomh míchothrom is atá scéal leoin Enkosini.
míchothrom unfair
" Má cheap daoine go raibh siad i dteideal marcanna breise bhí sé go huile is go hiomlán míchothrom – agus cam fiú – gan iad a chur ar an eolas faoi aon athrú a bhí tagtha ar an chóras.
teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte unfair physical contact
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
míchothrom unfair
" Níl sin go maith, agus ní chuidíonn an córas leis an scéal, córas atá éagórach agus míchothrom ar go leor bealaí, dar liom.
an ghné éagórach the unfair aspect
" Bhuail mé léi cúpla lá i ndiaidh na comhdhála agus chuir a scéal pearsanta an ghné éagórach den phróiseas in iúl dom.
réimeas éagórach, ollsmachtach unfair totalitarian regime
" Is beag duine a chreidfeadh, mar sin, gur dea-eiseamláir é réimeas éagórach, ollsmachtach na Síne don mhana Oilimpeach “*One World, One Dream*” a cumadh do Bhéising 2008.
míchruinn mífhéaráilte inaccurate and unfair
" Is téarma míchruinn mífhéaráilte é sa mhéid go gcuireann sé sinn ag smaoineamh ar choirpigh chontúirteacha, cé gur gnáthdhaoine iad tromlach na n-inimirceach seo nach bhfuil uathu ach deis a fháil ar shaol níos fearr.
míchothrom unfair
" Tá Balor den tuairim go bhfuil sé míchothrom a bheith ag díriú ar lucht caite tobac agus nithe i bhfad níos measa á gcaitheamh i dtithe tábhairne na tíre - na saigheada damanta, cuir i gcás.