Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó dhubh go dubh from dawn until dusk
" Ní raibh post faighte ag Dervla go fóill agus ach go bé gur casadh Máire uirthi bheadh sí ina suí suas ina tóiteog agus gan focal aici le héinne ó dhubh go dubh.
go dtí go dtig athrú air sin until that changes
" Faraor go gcaithfidh tú do ghnó a dhéanamh i mBéarla agus go dtí go dtig athrú air sin beidh Gaeltacht Ghleann Fhinne i mbaol.
go clapsholas until twilight
" Le linn a óige ba é an gnáthchleachtas ná a bheith ag imirt iománaíochta gach oíche den samhradh tar éis bhleán na mbó agus uaidh sin go clapsholas.
Go dtéid trí sluaiste an bháis orm until I die
" "Go dtéid trí sluaiste an bháis orm, ní mhothóidh mé chomh holc is a mhothaím inniu," arsa Fergus.
go dtí go dtig biseach ort until you get better
" "An bhfuil tú cinnte nár mhaith leat a dhul suas chun an bhaile cúpla lá go dtí go dtig biseach ort? Chan ag dul ar chúl sceiche atá mé nuair a deirim nach bhfuil a fhios ag mná óga an lae inniu cad é an dóigh le haire a thabhairt d'fhear.
go bhfeicfinn until I'd see
" " Chrom sé síos isteach sa veain agus chuaigh a tharraingt thart boscaí éisc agus chuir mise mo chloigeann isteach ansin fosta go bhfeicfinn, boladh milis an éisc ár gclúdú.
go dtí le déanaí until recently
" Baineann na hathruithe sin ar fad le fadhbanna uirbeacha ar nós meathlú lárchathrach, ach ba cheantar láidir iománaíochta é lár chathair Chorcaí go dtí le déanaí.
go bhfeicfinn until I'd see
" " Chrom sé síos isteach sa veain agus chuaigh a tharraingt thart boscaí éisc agus chuir mise mo chloigeann isteach ansin fosta go bhfeicfinn, boladh milis an éisc ár gclúdú.
Go lá Sheoin Dick until hell freezes over
" " "Go lá Sheoin Dick," arsa Nóirín, "ní stadfaidh tusa den phlásaíocht le mná agus, leoga, is beag atá ar a shon agat.
ó dhubh go dubh from dawn until dusk
" Tá iascairí áitiúla, daoine óga ó Ghalicia, ón Spáinn agus ó thíortha iasachta ag obair ó dhubh go dubh chun na tránna agus na carraigeacha a ghlanadh.
go silfeadh an deoir dheireanach fola until the last drop of blood would drip (from him)
" Murach mé, a smaoinigh sé, ní bheadh duine ar bith anseo fós, b'fhéidir, ach é fágtha go silfeadh an deoir dheireanach fola agus a anam as i ngan fhios dó féin is don saol agus bheadh imithe cheana féin agus ar thóir lóistín i saol éicint eile.
go deireadh a ré until the end of his life
" "Tá muid ag cuartú an húirín sin Coimín mallaithe," a mhínigh siad do thuairisceoir *Beo Ar Éigean*, "Agus nuair a thiocfaidh muid air beidh sé ag ceol go cuachach go deireadh a ré.
go dtí gur fíoraíodh an fhís until the vision was fulfilled
" Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.
go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann until I decided to immerse myself totally in it
" Tar éis tamaill thosaigh mé ag gabháil isteach níos doimhne sa scéal go dtí gur chinn mé ar thumadh isteach ar fad ann.
go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige until he had reached sixteen
" Creid é nó ná creid, socraíodh sa gcúirt dhúiche i Longfort go gcuirfí an buachaill óg isteach sa scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige, ar an údar sin amháin.
go dtí lá a bháis until the day he died
" I 1986, bhog sé a chuid ranganna go dtí halla uimhir a dó an Ancient Order of Hibernians (AOH) i mBabylon (nó Baibealóin, mar a thugann Gaeilgeoirí an cheantair ar an áit), Inis Fada, Nua-Eabhrac, agus lean sé leis ag múineadh na Gaeilge ansin go dtí lá a bháis sa bhliain 1988.
gur éirigh sé as an mhúinteoireacht until he retired from teaching
" Bhí sé ansin gur éirigh sé as an mhúinteoireacht i 1986.
go dtí gur ghéill m'athair until my father gave in
" * Gluais • Glossary grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh's bitter lemon sun dá mo dhallúblinding me sócúlachcomfortable go diansmaointeachextremely thoughtful mar is dual dóas it usually does scáthannashadows ag atswelling, expanding in aice an chaibinéidbeside the cabinet ag siotgháiresniggering fá dtaobh deabout it aitstrange ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination searmanasceremony chóir a bheithnearly ag druidim liomapproaching dá freagairtanswering her go drúisiúillustfully ag teannadh liomgoing close up to me ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her fireannmale i dtólamhalways marcaíocht ar rudaíto ride things leasrachathighs de shíor dá mo leanstan thartalways following me around chomh tógtha sin liomso taken with me ghoillfeadh sí go dtí an croí ormit would really upset/bother me dá tochas féinscratching herself ag casachtáilcoughing dá mhacasamhail seolike this ag goillstean ortbothering you drochspionna bad mood bulógloaf corruairsometimes buanchairdefriends for life gliondarjoy faoi smachtunder control bosca na mbréagánthe toy box go dtí gur ghéill m'athairuntil my father gave in brionglóid ar dóigha great dream corroíchethe odd night smúitdust gníomhaction rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness dóighiúilgood-looking aibíripe a cuid murnán beag bánher little white ankles osnasigh ag barr a malaíat the top of her brows smigeadchin toradhfruit a scoilteadhwhich was split stán mé uirthiI stared at her mo chuid lochtannasamy faults íomháimage Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
go mbrúfar é until he is pushed
" Chomh luath is a bheidh siad sin thart, ní theastóidh ach an rud is lú le tabhairt ar gníomhú agus rogha a thabhairt don Uasal Ahern greadadh leis nó fanacht go mbrúfar é," arsa iaraire amháin le *Beo!.
ó mhoch maidine go dtí deireanach san oíche from early in the morning until late at night
" Tá réimse leathan cláracha sa sceideal agus nuacht ar fáil ar an uair chuile uair ó mhoch maidine go dtí deireanach san oíche.
go Lá Sheoin Dic until the end of time
" Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh mé ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Lá Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a rá go ndearna mé "ar mo bhealach féin é", mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, ná dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so má tá comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …! AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach? BNM: Tá trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla.
go ngéillfeadh sé gach rud dom until he would surrender everything to me
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
go dtiocfadh thiar aniar until kingdom come
" Bhí an biachlár Spáinnise ina shuí roimh Fhionntán agus dá mbeadh sé anseo go dtiocfadh thiar aniar ní thuigfeadh sé oiread agus focal amháin de.
go lá Sheoin Dic until the 12th of never
" Rinneadh mar a iarradh agus, cinnte go leor, dá mbeadh siad ansin go lá Sheoin Dic bhí a fhios acu nach dtiocfadh siad isteach air.
go ndearna an freastalaí grá Dé air until the waiter took pity on him
" Shuigh sé siar bomaite ag stánadh ar an rud go dtí go ndearna an freastalaí grá Dé air; tháinig seisean anall agus thug sé buille láidir don chaora idir an dá chluas agus scoilt an blaosc.
Ba ghearr gur frítheadh amach it wasn't long until it was found out
" * Ba ghearr gur frítheadh amach nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Ern Malley, ná a dheirfiúr Ethel, agus gur bheirt fhilí as Sydney, James McAuley agus Harold Stewart, a chuir saothar iomlán Ern Malley le chéile tráthnóna amháin le drochmheas a chaitheamh ar stíl na bhfilí nua-aoiseacha agus a lucht tacaíochta.
d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán he stayed on his hunkers until the dizziness eased
" Chroith Ciarán a cheann ach d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán.
go dtí gur eitil sé isteach until he flew in
" Ar an drochuair, bhí sonra beag amháin nár chuimhnigh sé air go dtí gur eitil sé isteach go dtí an chathair an mhí seo caite.
go bhfeicfinn until I'd see
" Bhí cónaí orm i nGlaschú (mar atá fós) agus rinne mé cuardach go bhfeicfinn cá háit a raibh ranganna Gaeilge ar fáil sa chathair nó an raibh ranganna Gaeilge ar bith á dtairiscint, mar nach raibh a fhios agam.
go dtig sé amach until it is revealed
" Bhí scéala mór aige nár chuala riamh neach Ach ní bheidh suaimhneas riamh aige go dtig sé amach.
go raibh a chuid réidh until his meal was ready
" Thiocfadh Feargal isteach tráthnóna agus chuirfeadh sé a shoc sa pháipéar go raibh a chuid réidh, agus ní thabharfadh sé faoi deara gur chaith sí am agus saothar ag glanadh.
go dtiocfadh thiar aniar until kingdom come
" Ní thabharfaidh sé an bás chugat cúpla punt breise a dhíol ar áit dheas, anois an dtabharfaidh?" Mhol Colm léi nó chonaic sé go raibh na súile ag éirí tintrí aici agus dá ndiúltódh sé í, bheadh sí á chaitheamh suas dó go dtiocfadh thiar aniar.
go bhfeicfidís until they'd see
" An iománaíocht ======= B’in cúrsaí peile, ach céard faoin iománaíocht? Fad agus a bhí an argóint faoi Phurgóid agus araile ag dul ar aghaidh bhí lucht iománaíochta ag faire agus ag fanacht go bhfeicfidís cén chaoi a n-oibreodh an córas i gcomhthéacs na hiomána.
níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias it wasn't long until everything was a mess
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
go seolfaidh mé until I send
" Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?! A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh … Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
ní fada go bplúchfar an Ghaeilge it won't be long until Irish is suffocated
" "Má scaoiltear le forbairt tithíochta i gceantair ar nós an Spidéil, gan cúrsaí teanga a bheith á gcur san áireamh, ní fada go bplúchfar an Ghaeilge in áiteanna mar é,” a deir sé.
níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias it wasn't long until everything was a mess
" Cumadh scéalta agus ceileadh an fhírinne agus níorbh fhada go raibh an phraiseach ar fud na mias.
go dtí go mbeidh an craiceann is a luach acu until they have it both ways
" Ach tá an síol curtha anois agus ní ghéillfidh na feirmeoirí go dtí go mbeidh an craiceann is a luach acu.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
go dtí go sroichfidís an Astráil until they had reached Australia
" Tá cuid den phobal ag rá nár chóir don AFP an t-eolas a roinnt leis na póilíní thall mar go bhféadfaí pionós báis a ghearradh orthu má chiontaítear iad agus nár chóir iad a ghabháil go dtí go sroichfidís an Astráil.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
go dtí gur fógraíodh until it was announced
" Agus an deatach ag néalú os cionn na cathrach, taispeánadh na híomhánna beo ar an teilifís go dtí gur fógraíodh nach raibh taobh thiar den eachtra ach gasphíopa briste.
ní fada go mbeidh a phort seinnte it won't be long until he is finished
" Ach má fhéachann sé lena chomhairle féin a dhéanamh, ní fada go mbeidh a phort seinnte.
go dtí le gairid until recently
" Maidir leis an rialtas, tá siadsan ag rá nach raibh a fhios acu go dtí le gairid go raibh breabanna i gceist agus níor cuireadh fianaise os comhair an bhinse a thaispeáin go dearfach go raibh, ach tá go leor daoine nach gcreideann iad.
gur nocht Fowler a theachtaireacht until Fowler revealed his message
" Iarracht eile de chuid an rialtais Choimeádaigh a bhí ann na ceardchumainn a scriosadh sa tír seo agus ba bheag an tsuim a bhí ag na meáin chumarsáide sa scéal go dtí gur nocht Fowler a theachtaireacht beo ar an teilifís.
go dtí go n-airíonn tú an phlaic until you feel the bite
" Tógann sé tamall go dtí go n-airíonn tú an phlaic.
go dtiocfadh thiar aniar until Doomsday
" Bheadh sí anseo go dtiocfadh thiar aniar de réir cosúlachta.
go scairtfeadh an bairdéir m’ainm until the warder called my name
" Chuaigh mé tríd an bhrathadóir miotail, geata slándála agus mar sin de agus d’fhan mé go foighdeach sa seomra feithimh leis na cuairteoirí eile, mná agus páistí a bhformhór, ag fanacht go scairtfeadh an bairdéir m’ainm.
go nuige sin until then
" Ach rinne muidne rud nach raibh déanta go nuige sin – chuir muid eagar ar na pobail.
go dtí go n-admhóidh siad until they admit
" Cén fhad a bheidh orainn fanacht go dtí go n-admhóidh siad gur ó mhoncaithe atá an cine daonna síolraithe agus ní ó Ádhamh agus Éabha? Dhá eachtra Níl aon dabht ach nach ionann an eaglais a bhí ann le linn aimsir Galileo agus an eaglais sa lá atá inniu ann.
sula raibh mo dhóthain piléar agam until I had enough bullets
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.
nó gur phléasc an ghloine until the glass shattered
" Le bairille an ghunna bhuail mé arís agus arís nó gur phléasc an ghloine—ina chíréib a bhí sé agus an slua ag teitheadh—agus sháigh amach é.
gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca until it touched a CD
" Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann? Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile.
Conas a mhairfidh muid go deireadh an lae? How will we last until the end of the day?
" An cheist chéanna ag gach éinne: Conas a mhairfidh muid go deireadh an lae? I dTóiceo a bhuaileamar le hOki den chéad uair.
go dtí go gcruthaítear a mhalairt until the opposite is proven
" Go deimhin, thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo – go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
go dtí gur chlúdaigh sí barr an chnoic ar fad until it covered the whole top of the hill
" Thóg sé ardeaglais mhór ar an suíomh, a méadaíodh le linn na mblianta go dtí gur chlúdaigh sí barr an chnoic ar fad.
go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú until they receive recognition and funding
" Cén obair a dhéantar i gCnaG ó lá go lá? Tá oifigigh forbartha ann atá ag cuidiú le scoileanna neamh-mhaoinithe forbairt a dhéanamh go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais – earcaíocht daltaí, margaíocht, eagrú grúpaí agus araile.
go bhfaighidh tú do sheans until you get your chance
" “Fiú muna nglactar leat an chéad uair, is fiú leanúint ort go misniúil le do chuid oibre agus dul ar ais is ar ais go dtí go bhfaighidh tú do sheans.
go ndeachaigh sé ar scor until he retired
" ” Chaith Risteard beagnach tríocha bliain san Institiúid ar fad go dtí go ndeachaigh sé ar scor trí bliana ó shin.
ó mhaidin go faoithin from morning until night
" Tá soilse na Nollag ag lonrú ó mhaidin go faoithin i mbailte ó cheann ceann na tíre ó thús mhí na Samhna ar aghaidh.
go dtí gur chnagamar ar an doras until we knocked on the door
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
go dtí gur gabhadh é until he was caught
" Throid sé sa Spáinn go dtí gur gabhadh é i mí an Mhárta 1938.
gur athraigh mé beagáinín é until I changed it a little
" Thosaigh mé ar amhrán amháin trí bliana shin agus níor bhraith mé go raibh sé réidh go dtí gur athraigh mé beagáinín é cúpla mí ó shin.
Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe. I'll be going downhill from now until my destination.
" Imeacht le fána atá romham anois go ceann scríbe.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
go dtí gur cloíodh Doire until Derry were beaten
" Gá le himreoirí láidreThosaigh an tSraith Náisiúnta agus bhí Áth Cliath arís ag buachan cluichí gan stró go dtí gur cloíodh Doire sa chluiche ceannais i 1976.
go dtí gur nochtadh until it was uncovered
" Mhaígh sé go raibh PhD aige san fhisic agus fuair sé post ag obair leis an British Atomic Energy Authority ar feadh cúpla bliain go dtí gur nochtadh gur cáilíocht bhréagach a bhí inti.
go deireadh an chéid seo caite. until the end of the last century.
" D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maoiris don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite.
go dtí gur éalaigh an fear ionaid faiteach until the frightened substitute disappared
" Diaidh ar ndiaidh, bádh a ghuth sa ruabhéic a bhí ag éirí d’aonghuth aníos ón scaifte: ‘Éamó is our Aire – we shall not be moved!’ – iad á ghlaoch arís agus arís eile, go dtí gur éalaigh an fear ionaid faiteach isteach sa Mother Macree Pretzel Cottage.
go dtí go gceapfar scáileán until a screen is invented
" Ach táthar ann a deir go mbeidh nuachtáin linn i gcónaí go dtí go gceapfar scáileán a thig a chrapadh faoi d’ascaill, sceallóga a bhurláil ann agus tine a lasadh leis! Bíodh sin mar atá, tá fianaise ann lena léiriú go bhfuil teacht aniar áirithe sna meáin fhadbhunaithe.
nár insíodh go dtí seo which hasn't been told until now
" Seo scéal nár insíodh go dtí seo faoin sruth imirce sin agus faoin uaigneas a lean é, agus atá ag tarlú go fóill i measc na mílte imirceach ón Liotuáin, ón Pholainn agus ón tSín.
Go dtí sin, Up until then,
" Go dtí sin, níor imir mé riamh ach peil Ghaelach agus iománaíocht.
go dtí gur éirigh eatarthu until they fell out
" Réitigh an dá dhrong go maith lena chéile go dtí gur éirigh eatarthu in 2004 agus thosaigh siad ag scaoileadh urchar lena chéile go rialta.
go dtí lá a bháis. until the day of his death
" Bhí sé fós ag plé leis an iománaíocht go dtí lá a bháis.
nár chualathas mórán faoi go dtí seo. about whom not much has been heard up until now
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
gur dtí gur chas Shea chugam, until Shea turned to me
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
go dtí go bhfuair sé amach until he found
" Ní raibh m’athair ag gabháil a bheith sásta go dtí go bhfuair sé amach gur Prod a bhí ionam.
go dtí nach raibh an dara rogha ag Mormannaigh na háite until the Mormons of the place had no choice
" Go deimhin, faoi stiúir leifteanant Smith, Brigham Young, d'éirigh cúrsaí ní ba mheasa, go dtí nach raibh an dara rogha ag Mormannaigh na háite ach éalú arís.
go bhfaigheadh muid síob until we'd get a lift
" Ní raibh aon bhád farantóireachta ann 20 bliain ó shin agus b’éigean dúinn fanacht i Machaire Rabhartaigh go bhfaigheadh muid síob ar bhád iascaireachta.
go dtí go bhfeicimid until we see
" Táthar ag tuar gurb í seo "bliain an bhua" ó thaobh na nDaonlathach de, ach ní chuirfinn McCain as an áireamh go dtí go bhfeicimid an dtabharfaidh na Daonlathaigh ar fad tacaíocht dá n-iarrthóir.
go mbainfear sraith oighreata amach until an icy stratum is reached
" Leanfar den tochailt go dtí go mbainfear sraith oighreata amach.
go dtí go n-íocadh siad fíneáil until they would pay a fine
" Nuair a thagtaí ar Shasanaigh nó ar Éireannaigh a raibh cónaí orthu i measc na Sasanach agus an Ghaeilge a á labhairt acu, bhaintí an talamh díobh agus chuirtí i bpríosún iad go dtí go n-íocadh siad fíneáil agus go ngealladh siad go labhródh siad Béarla.
go dtí go mba léir dúinn until it was clear to us
" Níorbh fhada muid ar an *Boardwalk* go dtí go mba léir dúinn nár áit teaghlaigh í Atlantic City.
Idir an dá linn until then
" Idir an dá linn, tá lucht an fhreasúra ag cur fógraí in airde in aghaidh Ioslaim ar bhusanna i Siceagó, Nua-Eabhrac, agus i San Francisco.
go gcloise an mada rua iad until the fox hears them
" Beidh an sneachta mar phluid teasa acu, mura miste leat, go gcloise an mada rua iad! Bíonn tolláin déanta acu agus bíonn siad suas síos tríd na tolláin faoin mbrat mór sneachta.
go ndéarfar until it’s said
" Ní maith le daoine a chloisteáil gur chruthaigh siad cuid de thubaiste, gur mháthair iad féin ar chuid dár thit amach, ach go dtí go ndéarfar le daoine an méid nár mhaith leo a chloisteáil, 'tarlóidh na timpístí' seo chomh fairsing is a tharla cheana.
go dtí go gcruthófar a mhalairt until the opposite is proved
" Is cosúil go bhfanfaidh cáil an ainm Baile an Tí Mhóir le ceantar Dhún na Séad, go dtí go gcruthófar a mhalairt go paiteanta! Talamh Mháire ======== Ní raibh Calvert sásta le droch-chás na gCaitliceach i Sasana, ámh, agus rinne sé iarracht cóilíneachtaí a bhunú i Meiriceá Thuaidh dóibh.
gur fada leo they can't wait until
" Tugann sé armlón don dream a bhfuil an ghráin dearg acu ar an dteanga agus gur fada leo í a bheith chomh marbh leis an Manannais.
go mbaine tú 18 bliana d'aois amach until you reach 18
" "* Tugann siad aird ar aimhrialtacht sa Ríocht Aontaithe mar seo: de réir an dlí anseo, níl tú i do dhuine fásta go dti go mbaine tú 18 bliana d'aois amach.
idir an dá linn until then
" Agus idir an dá linn, ag aois 18 bliana, caithfidh siad dul go dtí an líne tosaigh, más gá.
go bhfaighe tú amach until you find out
" ”* Tá cuma mhaith air sin, ar ndóigh, is é sin, go bhfaighe tú amach cé a dúirt é.
go dtige siad aniar until they arrive from the west
" Is cosúil nach stadfaidh Arm an Atlantaigh Thuaidh go dtige siad aniar ar an Teiscinn Chiúin.
nó go mb’éigean dom casadh ar ais until I had to turn back
" Shiúil mé céad slat go glúin san uisce glégeal ar deireadh, na beanna scáfara chaon taobh díom, nó go mb’éigean dom casadh ar ais.
gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh until he stepped ashore all in one piece
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
go dtí go raibh muid ar an pláta bheag until we were in jail
" Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.
gur léir rud neamhghnách dom until I noticed something unusual
" Ní fada gur léir rud neamhghnách dom.
le cúram go dtí sin by taking care of it up until them
" Mar sin ní féidir bailiúcháin cheoil is ar uile a fhágáil mar chuid ded uacht, cé gur íoc tú as, ní hamháin le hairgead, ach le cúram go dtí sin.
níorbh fhada gur it wasn’t long until
" Má ba ea, ba é an 18ú haois ‘ré na stuaime’ freisin, agus níorbh fhada gur thosaigh feachtais in aghaidh na sclábhaíochta.
go mbí na rialtais s’acu in ann until their governments are able
" Mar sin, ní thiocfaidh feabhas mór ar choinníollacha oibre sna tíortha bochta go mbí na rialtais s’acu in ann córais chearta rialacháin agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm.
níorbh fhada gur áitigh sé ar it wasn’t long until he’d convinced
" Bhí trí ríomhaire glúine ag Snowden, agus in ainneoin chomh hóg is a bhreathnaigh sé, níorbh fhada gur áitigh sé ar Greenwald go raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo go raibh rialtas Mheiriceá ag spiaireacht ar eachtrannaigh agus ar a shaoránaigh féin ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis.