Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomhaireamh na vótaí the counting of the votes
" Tá díomá air, mar shampla, nach raibh na daoine céanna le feiceáil agus le cloisteáil ar an dá stáisiún le linn chomhaireamh na vótaí sa toghchán, cé gur tharla sé seo i gcás na meán Béarla.
Méadóidh a vóta dá réir their vote will increase accordingly
chun na vótaí a chomhaireamh to count votes
" Go deimhin, bhí an méid sin daoine ag vótáil le déanaí gur theip ar an gcóras a bhí i bhfeidhm chun na vótaí a chomhaireamh agus gur cruthaíodh scannal beag go dtí gur tháinig RTÉ ar réiteach.
rud a bhainfidh vótaí don pháirtí which will win votes for the party
" Ligfidh sé seo dó cur ina luí ar vótairí gurb é polasaithe s'aigesan agus polasaithe an UUP a "shaothraigh" an comhghéilleadh seo (agus tuilleadh lena chois más fíor) ón IRA, rud a bhainfidh vótaí don pháirtí ag toghchán nuair a scairtear é.
Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh all the votes are counted
" Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh níos déanaí agus córas na hionadaíochta cionmhaire a bhíonn i gceist.
agus an vóta a tharrtháil and to save the vote
" Thug sé an-sásamh dó an míreanna mearaí sin a chríochnú agus an vóta a tharrtháil.
an vóta ab airde the highest vote
" Ar deireadh tugadh an suíochán do John Bonham, ar an ábhar gur aigesean a bhí an vóta ab airde ar an gcéad chomhaireamh.
an líon céanna vótaí the same number of votes
" Ar ndóigh, pearsantachtaí láidre iad an bheirt seo agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an bhfaighidh a gcomharbaí, Allister agus Martin Morgan ón SDLP, an líon céanna vótaí (192,762 a bhí ag Paisley agus 190,731 ag Hume) an iarraidh seo.
líon na vótaí the number of votes
" Mar sin, caithfidh tú féachaint air mar sin, agus ní ar líon na vótaí ná ar bhuachan suíochán.
a vótaí a chaitheamh to cast their votes
" Faoi láthair foilsítear formhór na mbileog vótála i Meiriceá go dátheangach, as Béarla agus as Spáinnis, chun spreagadh a thabhairt do chainteoirí Spáinnise a vótaí a chaitheamh i dtoghcháin.
vótaí le gnóthú votes to be earned
" Ach tá lámh na bpolaiteoirí le sonrú go soiléir ar an phróiseas anseo agus vótaí le gnóthú as cead pleanála a fháil don toghlach, beag beann ar an dochar a dhéanfadh an fhorbairt atá beartaithe don taobh tíre.
vóta frithbhunaíochta a mhealladh to attract an anti-establishment vote
" D’éirigh go holc leis an Chomhaontas Ghlas sna toghcháin Eorpacha ach, mar sin féin, éireoidh leis an pháirtí vóta frithbhunaíochta a mhealladh.
vótaí aistrithe transfers
" Go deimhin, níl líon na suíochán atá acu ag teacht leis an sciar den vóta atá á fháil acu, cé go mbíonn deacrachtaí acu vótaí aistrithe a ghnóthú.
ní fiú do vóta a chaitheamh. it's not worth voting.
" Muna féidir leat an tír a athrú, a cheapann go leor, ní fiú do vóta a chaitheamh.
aistriú vótaí votes transfer
" Ach cuireadh iontas ar go leor daoine an tseachtain seo nuair a foilsíodh pobalbhreith a thug le fios dá mbeadh toghchán anois ann, tar éis aistriú vótaí go mbeadh an rialtas in uachtar 57%-43%.
den vóta céad rogha of the first-preference vote
" Ní fhaca mé í ach uair amháin, a droim liom agus í ag imeacht lena lucht tacaíochta i ndiaidh di feiceáil nach raibh ach 2% den vóta céad rogha aici.
a vóta a mhéadú go mór to increase his vote greatly
" Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar an liosta agus tá seans go n-éireoidh leis, má éiríonn leis a vóta a mhéadú go mór ón uair dheireanach.
caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh. votes must be counted by hand.
" Mar nach bhfuilimid dulta leis an vótáil leictreonach, caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh.
go gcaithfidís vóta dó, that they'd vote for him,
" “Gheall gach aon duine acu istigh i Sráid Fhearchair go gcaithfidís vóta dó, ach is é an rud nár thuig Dáithí Bocht nach bhfuil an Ardteist féin ag an chuid is mó de na liúdramáin sin, gan trácht ar chéim ó Ollscoil na hÉireann.
mura gcaithfidís vóta dó. if they didn't vote for him.
" “Is é an t-arm is géire in armlann Gharage, an bhagairt is mó a d’fhéadfadh Ó Mórghuth a chur ar dhuine ar bith, ná go gcaithfeadh sé uair a chloig ag caint leis nó léi mura gcaithfidís vóta dó.
ach é a atheisiúint a luaithe is a bhí na vótaí caite. and to re-issue it as soon as votes were cast
" Bhí ceisteanna fosta faoin chinneadh an ciorclán a eisíodh roimh an olltoghchán a tharraingt siar, ach é a atheisiúint a luaithe is a bhí na vótaí caite.
na vótaí comhairthe the votes are counted
" Tá an t-olltoghchán thart, na vótaí comhairthe agus, mar a bhíothas ag súil leis, tháinig athrú ar rialtas na hAstráile den chéad uair ón mbliain 1996.
a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta whose citizens will be casting a vote
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh to count the votes of the various states
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
vóta iomlán ceangailteach totally binding vote
" Ní hionann "cácas" agus toghchán tosaigh ó nach vóta iomlán ceangailteach vóta na gcácas.
le vóta a chaitheamh to cast a vote
" Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
go leor vótaí enough votes
" Is annamh a bhím buíoch de pháirtí polaitíochta ar bith, ach caithfidh mé a rá go bhfuilim buíoch den Pháirtí Poblachtánach, a chuir deireadh lena chuid réamhthoghchánaíochta go neamhoifigiúil ar an 4 Márta nuair a bhuaigh John McCain go leor vótaí lena chinntiú go bhfaigheadh sé ainmniúchán a pháirtí don toghchán uachtaránachta.
de vóta tromlaigh dhá thrian by a two thirds majority vote
" Mheas formhór na bpoblachtach gur chóir go ndéanfadh an rialtas an t-uachtarán a roghnú, is é sin, go ndéanfadh an pharlaimint náisiúnta cinneadh – de vóta tromlaigh dhá thrian – maidir leis an té a cheapfaí don uachtaránacht.
a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit which counts the votes by state
" Ba mar gheall ar an tuath a thug George Bush an toghchán leis i 2000 agus arís i 2004, a bhuíochas sin ar an gcóras "Coláiste Toghchánaíochta", a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit seachas de réir vótaí na dtoghthóirí féin.
gríosú vótaí canvassing votes
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
vóta muiníne vote of confidence
" Dá vótálfadh Mc Grath, Behan, Mc Daid agus Grealish in aghaidh an Rialtais ar vóta muiníne, nó ar vóta a bhainfeadh leis an gCáinaisnéis, chaithfí an Dáil a scor.
vóta agóide protest vote
" Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.
an vóta Easpáinneach the Hispanic vote
" Tá bliain toghcháin buailte linn agus meastar go mbeidh an vóta Easpáinneach tábhachtach i roinnt stát.
vótaí a mhealladh ó lucht láir entice votes from centrists
" Caithfidh saoithe an pháirtí fiafrái díobh féin ar mhaith leo cosmhuintir an pháirtí a bheith chomh antoisceach sin nuair is léir go gcaithfidh iarrthóirí an pháirtí vótaí a mhealladh ó lucht láir agus ó luasc-vótóirí na tíre freisin in aimsir an toghcháin.
le vótaí aistrithe a fháil ón mheánaicme to obtain preference votes from the middle class
" Tá seal i mbun rialtais (agus ceannaire úr b’fhéidir) de dhíth mar sin le cuma na measúlachta a ghnóthnú agus le vótaí aistrithe a fháil ón mheánaicme i dtoghcháin sa todhchaí.
ag cuartú vóta looking a vote
" Dá mba fostóir thú, b’fhéidir go mbeadh tú ag cuartú vóta i bpainéal ar a dtugtar Tionscal is Tráchtáil.
vóta múinine vote of confidence
" Is é seo an chéad uair riamh don Fleadh Cheoil Náisiúnta a bheith i dTuaisceart Éireann ó bunaiodh an fhéile i 1951 agus is mór an onóir agus vóta múinine don cháthair é agus dóibh súid a bhí taobh thiar den iarratas.
Cuireadh freagairt buamála chun vóta a bombing reaction was put to a vote
" Na hAirm Ollscriosúla ========= Ach tharla aisfreagra ó phobail an Iarthair nach raibh na rialtais ag súil leis: nárbh é eachtra mar seo a chur tús le cogadh na hÍaráice, nuair a d'inis rialtais Mheiriceá agus Shasana bréaga faoi ‘airm ollscriosúla' Saddam Hussein? Cuireadh freagairt buamála chun vóta i bParlaimint na Breataine, agus diúltaíodh di.
gcaithfidís vóta they’d vote
" Labhraíonn na buíonta seo Béarla don chuid is mó agus mar sin is beag seans go gcaithfidís vóta ar son páirtí gur mhaith leis neamhspléachas don Stát Francach a bhaint amach, agus cearta teangan daigne ar son na Fraincíse a chur i bhfeidhm.
gcaithfinn mo vóta would I use my vote
" Dá mbeinn in Albain ar an 18ú lá den mhí seo chugainn cén chaoi a gcaithfinn mo vóta sa reifreann? Leis an fhírinne a rá níl a fhios agam, agus ag amharc ar na hargóintí ar son agus in aghaidh na cúise, is léir go bhfuil an scéal fíorchasta agus is dóiche, sa deireadh thiar thall, gur mó an tionchar a imreoidh cúrsaí staire ná cúrsaí geilleagair, agus gur i gcroí na ndaoine a bheidh an freagra in áit ina gcloigne.
Sileadh Vótaí Anonn a leaking of votes across
" Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear ===================== In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh.
chun vótaí a mhealladh to attract votes
" Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
vótaí breise extra votes
" Measann Carmen Rodríguez gur ag lorg vótaí breise a bhí Príomh-Aire Thír na mBascach nuair a chuir sé moltaí mar gheall ar thodhchaí an réigiúin faoi bhráid na Parlaiminte i mí na Nollag.
le linn chomhaireamh na vótaí during the counting of votes
" Bhí Pat Butler ar dualgas i ndáilcheantar Dhún Laoghaire le linn chomhaireamh na vótaí ansin in olltoghchán mhí na Bealtaine.
le vóta a chaitheamh to cast a vote
" Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas.