Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
glóraí vocal
" D'iarr duine den dream is glóraí a bhí i láthair, atá ina ball de Mary's Center le breis is deich mbliana, ar na baill eile luí isteach ar mhaoiniú a fháil don chlinic.
níos glóraí more vocal
" Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.
glórach vocal
" Dúirt John Howard nárbh eol dó go bhféadfaí tuairim an phobail a oibriú amach ó léirsithe den tsórt sin agus go raibh cuid mhaith den phobal a d'aontaigh leis féin ach nach rabhadar chomh glórach sin.
is callánaí most vocal
" Is é FAIR (*Families Acting for Innocent Relatives*) ceann de na grúpaí is callánaí ina measc seo agus Willie Frazer mar cheann feadhna orthu.
níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise more vocal defending the teachings of the church
" Is beag duine a bhí níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise ná an tEaspag Eamon Casey agus an tAthair Michael Cleary.
thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh I would take into consideration the vocal range of a church choir
" Agus mé ag cumadh píosaí mar sin thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh.
an fhonnadóireacht taca, the backing vocals,
" ” Níor bhuail siad leis an amhránaí Natacha Atlas, a rinne an fhonnadóireacht taca, mar shampla, ach is léir go bhfuil Spillane an-tógtha leis “an bhanríon Éigipteach” seo.
ba bhinbí agus ba ghlóraí most catty and vocal
" Bhí roinnt ministrí eaglasta i measc na ndaoine ba bhinbí agus ba ghlóraí i gcoinne na Manainnise.
amhránaí cúnta vocal backing
" com/watch?v=P66j6e1xEC0 agus déanann siadsan amhránaí cúnta di go minic.
guthaíochta vocals /vocalization
" Bhí mo dheartháir Rossa díreach fillte freisin ó chúrsa guthaíochta in ionad Roy Hart (sa bhFrainc leis) inar deineadh canadh an lá ar fad.