Pota Focal Intergaelic
beak | leak | peak | teak | tweak
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is laige weakest
" Ní hamháin sin ach bheadh an lá tugtha ag éisteacht agam leis an mbean seo atá chomh paiseanta sin faoina cuid oibre; chomh tógtha le maitheas a dhéanamh; lena gcearta a fháil do na daoine atá ar an imeall; le haird dhaoine a tharraingt ar na héagóracha atá á ndéanamh ar na daoine is laige sa tsochaí.
Ní raibh brí míoltóige i Rita Rita was as weak as water
" Ní raibh brí míoltóige i Rita anois i ndiaidh na casachtaí sin uilig agus cé go raibh a fhios aici go raibh Caitríona ar á dícheall í a chur ar a suaimhneas, bhí beaguchtach uirthi i ndiaidh comhrá na beirte eile a chluinstin.
súilín slim sleaiceáilte sleek, weak little eye
" "Agus tá mo shúilse níos glinne agus níos gangaidí, níos géire agus níos goimhiúla ná súilín slim sleaiceáilte Bhalor.
leithscéal lag a weak excuse
" Ba léir go raibh na póilíní ag baint úsáide as leithscéal lag chun cosc a chur ar pharáid Lá Fhéile Pádraig.
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír taking advantage of the weakest group in the country
" Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
is laige an iománaíocht hurling is weaker
" Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
lag weak
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Aonad? Laigí Déarfainn go bhfuil profíl Aonad na Gaeilge fós lag i measc na mac léinn.
lag weak
" Uíbh Fhailí v Loch Garman sa chluiche leathcheannais eile - dhá fhoireann iad seo atá lag faoi láthair agus i mbun atógáil foirne.
is i laige atá an teanga ag dul the language is getting weaker
" Bhí impleachtaí aige seo don teanga fosta; cé go bhfuil thart fá 60 % de bhunadh an oileáin ina gcainteoirí dúchais Gaeilge, is i laige atá an teanga ag dul.
i bhfad níos laige a lot weaker
" Creideann sé leis go ndearna an stocaireacht a rinne an rialtas le ceadúnas a fháil don Atlantic Dawn cás iascairí an stáit seo i bhfad níos laige.
an-lag very weak
" Mhol seisean deireadh sealadach a chur le foirne contae san iomáint i gcás na gcontaetha sin (Cúige Laighean atá i gceist) atá an-lag - An Lú, Longfort 7rl.
lagiarracht weak attempt
" Easpa maoinithe ón stát is cúis go pointe le lagiarracht na n-údarás aitiúil san obair seo, go háirithe nuair atá costas áiféiseach ar thalamh athchúrsáilte.
lag weak
" Agus d'insíodh sé dóibh cá bhfaighidís cuileann dearg na Nollag agus thugadh sé a díol cuilinn Nollag do Mháire Cháit.
ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr his influence on the match was weaker as a result
" (Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i '78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.
anbhann, fágtha feeble, weak
" Mheas sí go raibh cuma cinéal anbhann, fágtha air go dtí an lá inniu.
is laige weaker
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
lag weak
" Ní raibh taithí acu ar thuras báid ná ar chathracha móra agus bhí siad lag agus trína chéile.
lag weak
" Maidir le hÁth Cliath, chuir siad tús an-lag le tréimhse an bhainisteora nua, Amhlaoibh Ó Céileachair, ach chríochnaigh siad ar comhscór le hAontroim agus bhí bua an-sásúil acu i gcoinne Uíbh Fháilí.
ag lagan becoming weaker
" Má tá sí ag lagan i bpáirteanna áirithe tá sí ag neartú i bpáirteanna eile den tír.
lag weak
" Má bhíonn líon na bpicteilíní íseal, ní bhíonn an ceamara in ann na sonraí ar fad san íomhá a aithint óna chéile agus bíonn caighdeán an phictiúir lag.
lagiarracht weak attempt
" Tacaíonn an lagiarracht a rinne na Gardaí ar mhíniú sásúil d'fháil ar chuid de na rudaí aisteacha a tharla leis an tuairim nach bhfuil an fhírinne uilig ar eolas againn fós.
níos laige weaker
" Buntáiste eile ná go ndeirtear go maireann na grianghraif níos faide agus nach n-éiríonn na dathanna níos laige iontu.
lagiarrachtaí na nÉireannach the weak efforts of the Irish
" Chomh fada siar agus is cuimhin liom féin, tá lagiarrachtaí na nÉireannach ag na Cluichí Oilimpeacha (cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha ar nós Ronnie Delaney, Michael Carruth, John Treacy, Dr.
ba laige weakest
" Nuair a buaileadh cic ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níor thóg sé i bhfad ar an Taoiseach a rá go poiblí go gcaithfeadh an páirtí filleadh ar chuid dá sheanluachanna agus aire a thabhairt do na dreamanna ba bhoichte agus ba laige sa tsochaí.
i bhfad níos laige a lot weaker
" Tá cúpla cineál éin a bhfuil sé oibrithe amach acu gur fearr an bhuaf a iontú bunoscionn agus gan ach an leath íochtair a ithe, áit a bhfuil an nimh i bhfad níos laige.
leamhgháirí weak smiles
" Fiú na leamhgháirí a bhíonn ar ghnúiseanna Joe Mac Dunno agus Maggie Martin, ní bhogann siad riamh ón doichte chéanna agus muid ag fuirseadh fríd leathanaigh *Saol *gach mí: Joe agus Maggie; Maggie agus Joe; Joe gan Maggie; Maggie gan Joe.
bíonn gach tosach lag every beginning is weak
" Ní teanga shimplí í an Ghaeilge agus bíonn gach tosach lag.
ba laige weakest
" Ba rialtas é seo a raibh an sotal caillte aige agus rialtas as seo amach a chuirfeadh an-bhéim ar chabhrú leo siúd ba laige sa tsochaí - b'in an teachtaireacht ba mhian leis an Uasal Ahern a thabhairt.
fíorlag very weak
" "Nuair a bhí mo mháthair óg, agus tá sise 71 bliain d'aois anois, bhí an Ghaeilge fíorlag ar ár dtaobhna den oileán.
measartha lag quite weak
" " Measann Anna go bhfuil an caighdeán i measc na bhfochéimithe atá ag plé le teangacha "measartha lag".
lag weak
" Cleachtadh ======= Bhí mé féin ar ais i bhFrongoch tar éis na Nollag, ag sléibhteoireacht sa sneachta agus ag cleachtadh mo chuid scileanna geimhridh roimh mo thuras go dtí Na Garbh Chriochan in Albain.
ní bheidh brí míoltóige ionat you'll be as weak as water
" Beidh tú cráite ag tuirse aerthaistil agus ní bheidh brí míoltóige ionat,” arsa Aindí.
i bhfad níos laige much weaker
" Cinnte, maireann traidisiún na peile Gaelaí agus na hiomána i gceantair éagsúla tuaithe ar fud na tíre, ach sna bailte agus sna cathracha (agus tá os cionn 50% de dhaonra na hÉireann iontu sin) tá traidisiún i bhfad níos laige agus roghnaíonn daoine óga slite éagsúla chun a gcuid ama a chaitheamh.
grianghraif laga weak photographs
" Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga a scrios.
grianghraif laga weak photographs
" Tá an fhadhb seo furasta go leor a réiteach le treoir, b’fhéidir, ach cad a dhéantar leis na céadta grianghraf seo ansin? An fiú iad uilig a choinneáil? Gan amhras tá cartlann pictiúr tábhachtach agus is stór luachmhar atá ann ar go leor cúiseanna, ach tá sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar chartlann agus grianghraif laga a scrios.
do na contaetha laga for the weak counties
" In ainneoin grád a dó agus a trí a bheith i gceist, chonaiceamar caighdeán ard scile agus imeartha ó na himreoirí agus ní mór dúinn comhghairdeas agus buíochas a ghabháil leis an gCoiste a mhol agus a chuir tús leis na comórtais nua do na contaetha laga.
a laige is atá an eite chlé the weak nature of the left wing
" An eite chlé ======= Fadhb eile a bhaineann leis an Mheánoirthear is é a laige is atá an eite chlé, dar le Fisk.
lag weak
" Ach an mbeidh sé sásta dul i ngleic le híomhá nua Fhine Gael agus dúshlán Enda Kenny a thabhairt, seachas seasamh siar agus glacadh leis na hionsaithe mar gheall ar chur amú airgid, an córas sláinte agus an t-ardú sa choireacht? Tuigeann Bertie go bhfuil páirtí an Lucht Oibre lag faoi cheannaireacht Pat Rabbitte agus gur fearr an seans atá aige i mbliana ná fanacht go Bealtaine na bliana 2007.
rólag too weak
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
lag weak
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go mbeadh níos mó acmhainní ar fáil do na ceantair láidre dá ndíbreofaí na ceantair laga.
dá ndíbreofaí na ceantair laga if the weak areas were thrown out
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go mbeadh níos mó acmhainní ar fáil do na ceantair láidre dá ndíbreofaí na ceantair laga.
rólag too weak
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
comhartha lag weak signal
" Bíonn fadhbanna teicniúla leis an tarchuradóir, rud a chiallaíonn go mbíonncomhartha lag i gceantair áirithe sa chathair.
ar dhúshraith lag on a weak foundation
" Tá a fhios ag an tógálaí is bómánta nár cheart teach a thógáil ar dhúshraith lag.
lag go maith weak enough
" An ceol lag go maith ach lán le sprid, lán le dóchas, lán leis an tsuim agus an cur chuige a thugann saorchead don cheol gluaiseacht ó ghlúin go glúin beagnach i ngan fhios do dhaoine.
an taidhleoir ba laige the weakest diplomat
" Agus é ag labhairt in agallamh leis an BBC i ndiaidh a cuairte ar Bhéarút, chuir polaiteoir sinsearach de chuid na Liobáine síos uirthi mar “an taidhleoir ba laige a sheol Mheiriceá go dtí an Meánoirthear ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda amach”.
lag agus mí-éifeachtach weak and ineffective
" Ciarraí lag agus mí-éifeachtach Maidir leis an bpeil Ghaelach, chuir sé ionadh orm chomh lag agus mí-éifeachtach is a bhí Ciarraí i gcoinne Chorcaí.
chomh lag is a bhí iarracht na Gaillimhe how weak Galway's effort was
" An t-aon iontas, is dóigh, ná chomh lag is a bhí iarracht na Gaillimhe tar éis dul chun cinn sásúil na bliana seo caite.
na contaetha laga the weak counties
" Ardaíonn sé an cheist arís: an bhfuil deireadh ré ag druidim le Craobhchomórtas Peile na Mumhan nó an bhfuil córas an chúldorais ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh seachas na contaetha laga a thabhairt chun cinn? Bealach éasca a fuair foireann Átha Cliath tríd go dtí an leathchraobh, gan aon fhoireann taobh amuigh de Chúige Laighean le himirt acu.
imreoirí maithe na gcontaetha laga the good players of the weak counties
" Bhí deis iontach ag imreoirí maithe na gcontaetha laga imirt ar stáitse mór agus bonn an-luachmhar ó thaobh onóra de a bhuachaint – iománaithe as Laois, Áth Cliath, Ciarraí, peileadóirí as Fear Manach, Liatroim, Tiobraid Árann (Babs Céitinn, mar shampla) agus araile.
ní ba laige weaker
" Ceann acu sin ná go ndéanfadh sé dochar do na coláistí atá ann faoi láthair agus go ndéanfadh sé an Ghaeilge ní ba laige iontu.
an t-iarrthóir is laige, the weakest candidate,
" Den triúr, is í Hillary Clinton an t-iarrthóir is laige, cé gur aici atá an méid is mó airgid.
lag weak
" “Tá siad lag maidir le cúrsaí geilleagair.
lag agus díchobhsaithe. weak and destabilised.
" Ba mhithid a gcúlú as an tír sin ach mharaíodar na milliúin sular imigh siad, agus d'fhágadar ceantar Vítneam lag agus díchobhsaithe.
caife lag agus bia leamh. weak coffee and dull food
" Díolann Starbucks caife lag agus bia leamh.
a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí thanks to the weak play of the Cork team
" Ba léir tar éis cuid ghearr a bheith imeartha go mbeadh an bua ag foireann Chiarraí, a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí níos mó ná ar shár-imirt na gCiarraíoch.
sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, often a tide of weak respect or disrespect,
" In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin, sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo.
lag weak
" Dúirt sí leis go gcaithfí freastal chomh maith orthu sin gan Ghaeilge nó go raibh a gcuid Gaeilgle chomh lag sin nach dtiocfadh leo foghlaim i ranganna a bheadh go hiomlán i nGaeilge.
bhain sin leis an gclár a bheith lochtach, that was because of the programme being weak
" Ach bhain sin leis an gclár a bheith lochtach, ní liomsa a bheith lochtach.
bainistíocht lag weak management
" Nár chuige sin atá cumann na n-imreoirí, an GPA? Maidir le Coiste an Chontae, bhí bainistíocht lag – mar bharr ar dhrochbhainistíocht – i gceist, dar liomsa.
dheineas mo mhachnamh ar an lagcheangal I thought about the weak tie
" Ní fheadar ar shamhlaigh Dolly Parton riamh go mbeadh a hamhrán “Jolene” mar amhrán aitheantais ag dream mar seo? Tar éis na hoíche dheineas mo mhachnamh ar an lagcheangal atá ann idir Éire agus ár gcomharsa Cheilteach, an Bhriotáin.
lag weak
" Tréimhse neamhchoitianta réamhthoghchánaíochta atá ann, ámh, nó tá an Páirtí Poblachtánach chomh lag sin go nglactar leis go forleathan anois go ngnóthóidh an Páirtí Daonlathach an t-olltoghchán i mbliana.
lag ó thaobh teorannacha a chosaint weak in terms of border protection
" Mhaígh sé go dtabharfadh gáinneálaithe faoina ngnó uafásach arís de bharr go bhfuil an rialtas “lag ó thaobh teorannacha a chosaint.
lag weak
" Tá beirt ghardaí óga ina seasamh ag cúinne na háirse agus iad ag caint go gasta, níl spéis dá laghad acu in aon rud thart timpeall orthu.
is leochaillí weakest
" Cuireann an chomhairle contae stiall phéint dhearg ar chuid de lána bus agus sin lána rothair?! Tchím i mo cheann na cruinnithe ann a bpléitear a leithéid – “Cá gcuirfidh muid an dream is leochaillí ar na bóithre?” “Caidé fá brúite isteach i mbóithríní atá fá choinne beathaigh d’fheithicil a chuirfeas suas ar an chosán iad?” Cúis gháire amach atá sna lánaí rothaíochta; tagann siad chun deiridh go tobann gan chúis ar bith; bíonn carranna páirceáilte orthu cuid mhaith den am; bíonn siad i dtólamh mar chuid de lána na mbusanna; agus tá sin níos contúirtí ná a bheith amuigh i lár bealaigh.
leochailleacha delicate, weaker
" Is mithid dóibh uilig (idir pháirithe an rialtais agus an fhreasúra) cinnireacht a léiriú sula n-iarrfar ar ghrúpaí leochailleacha den phobal ualach míchothrom a iompar.
lagcheannaireacht weak leadership
" Tá ceannaire láidir de dhíth go mór ar Mheiriceá anois i ndiaidh ocht mbliana den lagcheannaireacht a chuaigh roimhe, agus tuigeann an té beag ar mealladh a mhorgáiste agus a mhaoin uaidh go bhfuil sé in am rialú a thabhairt ar ais.
rólag too weak
" B’amhlaidh go raibh an teanga rólag le go bhféadfaí a bheith cinnte go mbeadh sí fós slán nuair a bheadh deireadh leis an ghéarchéim: “Is mór ar fad an difríocht atá idir Aitbheochaint na Gaedhilge agus obair ar bith eile dá bhfuil le déanamh againn.
croí lag a weak heart
" (Foláireamh agus Fógra Fainice ón Eagarthóir: Níl an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le brú fola nó le croí lag.
lag weak
" Cháin ceannaire an Pháirtí Liobrálaigh an beartas nua anuraidh de dheasca gur léirigh sé go raibh Páirtí an Lucht Oibre ‘lag ó thaobh teorannacha a chosaint’ a dúirt sé.
Lagchosaint weak defence
" Lagchosaint na Mac Léinn Tharla an chuid ba mhó de na hionsaithe agus na robálacha seo i Melbourne, príomhchathair Victoria, agus de réir Gautam Gupta, urlabhraí de chuid an Federation of Indian Students of Australia (FISA), ní raibh na póilíní sa stát ag déanamh go leor leis na mic léinn a chosaint.
lag weak
" Ó shin i leith, tá a stádas íseal, laghad a lín agus scaipeadh a gcomhphobal ag cur go mór lena laige pholaitiúil agus leis na deacrachtaí atá acu a gcearta a éileamh.
lag weak
" Agus tá gluaiseacht na Gaeilge sa tír seo lag dá bhrí sin.
lag weak
" Uaireannta eile is ar éigin go dtagadh gíog asaim – corrchrónán lag.
lag weak
" ‘Stócach lag cúthaileach ba ea é,’ a deir Maupassant.
laga weak
" com/watch?v=kk8foQOQVk0&feature=related) Ach chuir an Tiogar Ceilteach (nach maireann) agus dlithe pleanála laga na seantithe i mbaol i dTír Conaill fosta.
rólag too weak
" Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.
laigí weak
" Ar na laigí sa dréachtstraitéis a bhfuil deis ann fós lena leasú, tá ceist na hOifige Comhordaithe Clár i Roinn an Taoisigh, córas monatóireachta neamhspleách d'fheidhmiú na straitéise, múineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal agus dúnghaois earcaíochta a chinnteoidh foireann dhátheangach sa tseirbhís phoiblí.
ar beagán bunúis on a weak basis
" Lena chois sin, níor mhór idirdhealú a dhéanamh idir na staitisticí a phléitear sa tuarascáil seo agus an chuid eile den staidéar nach bhfuil ann ach tuairimíocht, ar beagán bunúis dar liom.
lagbhrí weak
" Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Bhí Dáil Éireann an-leamh agus tite i lagbhríAch ansin tháinig fear agus mhúscail sé í;Ba é Willie dum daighdeal dum diddle O Dea.
lagbhríoch weak
" Thugadh sé le fios, ar bhealach neamhbhalbh go minic, go raibh rialtas Jean-Pierre Raffarin, rialtas lenar bhain sé féin, ina stad agus go raibh Chirac féin tuirseach lagbhríoch.
laige weaker
" Is é bun agus barr an scéil gur laige a bheas foireann na hAirgintíne d’uireasa Cambiasso agus Zanetti.
cuma fíorlag a really weak appearance
" Ar an bhonn sin, caithfear glacadh leis gur chéim chun tosaigh é an plean seo, cé go bhfuil cuma fíorlag air le hais a bhfuil i bhfeidhm in Éirinn.
bhall lag weak link
" Caithfear díriú ar an bhall lag thall is abhus agus cuidiú leis nó léi ón chéad lá a chraolfaidh sé/sí.
a laige how weak
" Gabhaim pardún ó chroí le muintir na hÉireann, chan amháin as an tréimhse sin ach as a laige a bhí an páirtí mar fhreasúra le dornán blianta anuas.
Leagan níos laige a weaker version
" Leagan níos laige den mholadh sin a bhí ins an dréachtstraitéis a d'fhoilsigh an rialtas breis is bliain ó shin agus iad ag moladh go bhfágfaí faoin Roinn Airgeadais agus faoin Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí an 'cohort' (mar a tugadh air) do dhaoine le Gaeilge sa státseirbhís a mhéadú.
lag lofa weak and rotten
" Nó mura mbeadh acu ach Gaeilge lag lofa -- sa gcaoi go mbeadh Gaeilgeoirí níos fearr ag teacht amach as an nGalltacht sa todhchaí! Caithfidh muinn breathnú, mar sin, ar an dá réimse -- is gan faillí a dhéanamh i gceachtar acu! An Saothar Mór ======== **SMM: An taighde mór atá curtha i gcrích agat ar chanúintí Oileáin Árann, cén tuairisc a thabharfas tú ar an taighde?** SÓD: Baineann an taighde leis na difríochtaí cainte idir fir agus mná, agus leis na difríochtaí idir na glúine chomh maith leis na difríochtaí idir na bailte fearainn ó oileán go hoileán.
geilleagar lag a weak economy
" An Ghéarchéim a Tuaradh ============ **SMM: An €uro mar athá, an gcaithfidh sé titim mar airgeadra agus an gcaithfear córas airgid na dtíortha éagsúla teacht i bhfeidhm an athuair, an punt inár gcás féin?** SÓhU: Dúramar ins an eite chlé sular tháinig an €uro i bhfeidhm in aon chor nach n-oibreodh sé agus nárbh fhéidir le tíortha a raibh geilleagar lag, cosúil leis an tír seo, cosúil leis an bPortaingéil agus leis an nGréig, a bheith ar an mbóthar céanna leis na geilleagair siúd a bhí thar a bheith láidir cosúil leis an nGearmáin agus go mbeadh géarchéim dá bharr san.
laga weak
" An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.
is laige weakest
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
lucht an lagmhisnigh the weak-hearted
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
lag weak
" Ach más gá don ghobharnóir comhréiteach a dhéanamh, breathnóidh sé lag agus caillfidh sé meas an phobail, gan ach sé seachtainí caite aige in oifig.
an-lag very weak
" Tuigtear go maith fosta nár tharla réabhlóid an tionscail in Éirínn mar ar tharla sí in áiteanna eile, rud a d’fhág fréamhacha an lucht oibre an-lag ar bhonn náisiúnta anseo.
Lag weak
" Mholfainn go dtabharfaí dóibh na critéir theangeolaíochta a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach (2007) chun go ndéanfaí gach pobal Gaeltachta a aicmiú A, B, nó C: Gaeltacht Láidir (A), Measartha (B) nó Lag (C).
fíorleochaileach very weak
" Fuair siad beannú na ndaoine fad is a bhí an t-airgead flúirseach ach bhí an bhunsraith tacaíochta a bhí fúthu fíorleochaileach.
lag weak
" Gan a dhath a dhéanamh nuair a bhíonn an geilleagar lag agus maoiniú a thabhairt do corrthionscnamh ealaíne nuair atá an t-airgead ar fáil, sin dearcadh contúirteach, seanaimseartha, amaideach.
lag weak
" Beag beann ar an gcaoi a scarann eán an róin ghlais nó eán an róin bhig lena mháthair, tagann siad chugainn nuair a bhíonn siad gortaithe nó lag mar gheall ar an deighilt sin.
níos laige weaker
" Éiríonn siad níos laige.
cad é chomh lag how weak
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
leochaileacha weak
" Tá sé deacair a mheas cén “réiteach” atá níos míthrócairí ar dhaoine leochaileacha atá ag éalú ó chruatan ina dtíortha féin.