Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an grá ar bharr a gcuid méar acu wearing their love on their sleeve
" Tá siad ag dul thart ansin agus an grá ar bharr a gcuid méar acu.
bairéadach cap-wearing
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
nósanna caite fo-éadaí undergarment-wearing habits
" In ainneoin go raibh an oíche brónach go leor, bhí an slua sna tríthí ag gáire agus iad ag éisteacht leis ag léamh as cuid de na litreacha a sheol a athair as an Iaráic, agus d'fhoghlaim siad faoi chuid de na mionsonraí a bhain leis na nósanna caite fo-éadaí a bhí ag a athair.
tuilleadh creimthe more wearing away
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
tuilleadh creimthe more wearing away
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
ag caitheamh bairéad gorm wearing blue berets
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
ag caitheamh sciorta éadrom wearing a light skirt
" Bhí sé fuar agus fliuch taobh amuigh ach bhí mise ag caitheamh sciorta éadrom agus *flip-flops*.
ag caitheamh na mbróg mícheart wearing the wrong shoes
" Tógann sé dhá uair, agus is minic a chas mé ar dhaoine a bhí ag caitheamh na mbróg mícheart agus iad ar strae ar lorg an chosáin seo.
seachas creimeadh rather than a wearing down
" Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.
meathlú wearing down
" Ní bheidh deireadh tobann leis na taiscí, meastar, ach ina áit sin, tiocfaidh meathlú de réir a chéile, agus as sin amach beidh tíortha ar fud an domhain in iomaíocht lena chéile, iad ar tóir acmhainne a bheidh ag éirí níos gainne in aghaidh na bliana.
á chaitheamh (she) wearing
" An chéad uair eile, agus í amuigh i lár an gheimhridh gan ach muinchillí gearra á chaitheamh aici – ‘*I’ve forgotten how to be cold*’.
chaitheamh wearing
" Rinne rialtas áitiúil amháin iarracht cosc a chur ar chaitheamh cheannbhirt agus tá, mar mhacalla de stair na hÉireann, cosc ar chroiméal sa státseirbhís.
ag criogadh wearing down
" Gach duine acu ag criogadh a chéile.
hataí babhlaera á gcaitheamh wearing bowler hats
" Tá léaráidí ann d’fhir a bhfuil hataí babhlaera á gcaitheamh acu agus de mhná a bhfuil scáthanna fearthainne ar iompar acu.
lagar ag sníomh orainn le hocras hunger wearing us down
" Lean muid orainn cúpla coiscéim eile, agus lagar ag sníomh orainn le hocras agus le heaspa compóird.
gan ach fobhriste snámha á chaitheamh aige wearing only short swimming trunks
" (I measc na scéalta greannmhara ab fhearr a d’úsáideadh Gore tar éis dinnéir ná an ceann a bhaineas leis an lá a threoraigh Gore óg a sheanathair isteach go dtí urlár an tSeanaid gan ach fobhriste snámha á chaitheamh aige, rud nár thuig Senator Gore dall.
lámhainn dhubh orthu wearing black gloves
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
Mionsciorta míchiallmhar á chaitheamh wearing a crazy-hot miniskirt
" Mionsciorta míchiallmhar á chaitheamh aici.
ag caitheamh ceamaraí cinn wearing cameras
" Buanú na Meancóige ======= Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.
ag creimeadh a dhóchais wearing down his hope
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
ag caitheamh crios slándála wearing a seat belt
" Ní raibh sé ag caitheamh crios slándála.
ar chaitheamh na croise móire the wearing of the large cross
" Maíonn an rialtas PQ go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh le beartas seo na cairte, a chuirfeadh cosc ar chaitheamh na croise móire, an burqa, an hijab, agus an yamalke d’éinne a oibríonn sa chóras poiblí - státsheirbhísigh, múinteoirí, altraí agus dochtúirí san áireamh.
a bhí ag caitheamh who was wearing
" Tuairiscíodh go ndearnadh ionsaí ar bhean a bhí ag caitheamh an hijab in ionad siopadóireachta i mBaile Québec go gairid tar éis don rialtas an chairt a chur os comhair an phobail.
ag caitheamh léinte bándearga wearing pink shirts
" Bhí neart rothaithe de chuid na hÉireann ag caitheamh léinte bándearga agus iad ag rothaíocht chun aird a thabhairt ar an Giro.
ag caitheamh éadaí glasa wearing green clothes
" Mheall ceiliúradh San Patricio na sluaite - bíodh baint acu le hÉirinn nó ná bíodh - agus d’fheadfá a bheith in áit ar bith in Éirinn - mura raibh gach duine ag caint i Spáinnis! Lá na Féile Pádraig féin, chuaigh mé chuig Colegio Santa Brigidia, scoil ghalánta ar Avenida Gaona a bhunaigh an Asociación Católica Irlandesa in 1899 ach bhí ceol agus craic, pinsinéirí súgacha agus tachráin ghealgháireacha ag caitheamh éadaí glasa agus teaghlaigh ag baint suilt as a n-oidhreacht chultúir faoi sholas na gealaí.
caitheamh an 'nazar wearing the evil eye
" **4 An Briocht 'Nazar'** Ceann de na nósanna is tábhachtaí ná caitheamh an 'nazar' nó 'an tsúil nimhe', nó mar a deir an Béarla, an 'evil eye'.
molaim gúna dubh I advise (wearing) a black dress
" Má théann tú chuig na Gradaim Chumarsáide, molaim gúna dubh a chaitheamh.
chaitheamh an chlogaid wearing the helmet
" Athrú suntasach a bheas i riail chaitheamh an chlogaid i gcluichí iomána a tháinig i bhfeidhm céad lá na míosa.
Más stócach gorm thú a chaitheann cochall if you’re a black hood wearing youth
" Más stócach gorm thú a chaitheann cochall, tá tú ag siúl ar thanaí i roinnt áiteanna i Meiriceá.