Pota Focal Intergaelic
ear | swear | war | weak | weal
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheirteach clothes, worn items
" Sa chéad bhailiúchán seo charn muid suas na focail agus frásaí sin is féidir a úsáid agus tú ag caint faoi éadach nó do cheirteach.
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
cheirteach clothes, worn items
" Sa chéad bhailiúchán seo charn muid suas na focail agus frásaí sin is féidir a úsáid agus tú ag caint faoi éadach nó do cheirteach.
nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh that no-one ever wore
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
n-ídíonn sé it wears out, expends
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
seanchaite well-worn
" Focal seanchaite ======= Sin rud amháin fá stair na Sé Chontae - tá sé stairiúil.
seanchaite worn
" " Sochaí fholláin? Agus tá an seanphort seanchaite céanna ag na polaiteoirí.
an grá ar bharr a gcuid méar acu wearing their love on their sleeve
" Tá siad ag dul thart ansin agus an grá ar bharr a gcuid méar acu.
seanchaite worn
" Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999: Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil.
tugtha traochta worn out
" Fuair sí bás ar ghlúin a máthar agus ní raibh a fhios ag an bhean bhocht, a bhí tugtha traochta i ndiaidh oícheanta gan chodladh a chaitheamh ag faire go himníoch ar an pháiste, go raibh sí caillte.
phlota seanchaite well-worn plot
" Ainneoin an phlota seanchaite, a bhfaca muid a mhacasamhail go mion minic roimhe, is dul chun cinn mór é go bhfuil an dráma áirithe seo ar an ardán ar chor ar bith.
bairéadach cap-wearing
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise being driven by worn-out right-wing ideology
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
Éadan síonchaite rocach weather-worn wrinkled face
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself Éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
Ní bhíonn a dhath thuas ar a dhroim ach dubh he wears absolutely nothing else but black
" Ní bhíonn a dhath thuas ar a dhroim ach dubh.
nósanna caite fo-éadaí undergarment-wearing habits
" In ainneoin go raibh an oíche brónach go leor, bhí an slua sna tríthí ag gáire agus iad ag éisteacht leis ag léamh as cuid de na litreacha a sheol a athair as an Iaráic, agus d'fhoghlaim siad faoi chuid de na mionsonraí a bhain leis na nósanna caite fo-éadaí a bhí ag a athair.
á chreimeadh being worn away
" Agus bunaíodh iad ar na cúiseanna céanna freisin, ina measc, go raibh dúchas na nGael á chreimeadh go síoraí ag Gaill, go raibh na seanteangacha ag saothrú an bháis agus go raibh na daoine thíos leis.
Diomaite díobh sin atá róthraochta apart from those who are too worn out
" Diomaite díobh sin atá róthraochta ag fanacht leis na haontachtaithe cumhacht a roinnt, tá an-phléisiúr á bhaint as an gheáitsíocht atá ar siúl ag an DUP agus an réaltacht réidh le hiad a bhualadh sa ghaosán.
seanchaite well-worn
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
a chaiteá that you would wear
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
tuilleadh creimthe more wearing away
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
tuilleadh creimthe more wearing away
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
a chaithfinnse that I would wear
" Má bhí an Bhanríon Éilís ag na Sasanaigh, bhí Charlie ag na hÉireannaigh agus ba é a aghaidh siúd a chaithfinnse, ní ceann *Garret the Good*.
geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh the jersies of the various counties being worn
" D’fheicfeá geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh ag na scoláirí mar léiriú ar an tsuim mhór sna cluichí agus coinníonn an clúdach teilifíse gach duine ar an eolas.
éide a chaitheamh to wear a uniform
" Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stad leosan fosta.
ag caitheamh bairéad gorm wearing blue berets
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
spíonta worn out
" An tionscal seo, shúfadh sé an t-anam asat dá dtabharfá do shaol ar fad dó agus is iomaí duine a bhí spíonta agus é ag an aois a bhfuil mise aige anois.
chaith muid ár mbuataisí we wore our boots
" Le dul i ngleic leis an fhadhb, chaith muid ár mbuataisí agus, mar sin de, bhí cuma ait orainn sa scuaine in Aerfort Learphoill i measc na ndaoine eile agus iad gléasta le haghaidh laethanta saoire sa “chathair rómánsach”.
go fir thuirseacha thraochta, to tired worn-out men,
" D’athraigh baill an bhanna ó fhir óga fhuinniúla fhiáine, go fir thuirseacha thraochta, bréan den ghnó agus den cheol.
tolg caite glas a worn green couch
" Teilifís agus tolg caite glas sa chistin/seomra suí suarach.
caiséad caite a worn-out cassette
" Sheinn Rossa, mo dheartháir, caiséad caite blianta fada ó shin sa charr ar an mbealach abhaile ó Ghaillimh agus thit mé i ngrá leis an bhfuaim.
a thurban a chaitheamh to wear his turban
" Agus an chúis a bhí lena chinneadh? Cuireadh in iúl dó nach mbeadh cead aige a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas.
an nath seanchaite the well-worn adage
" Goilleann an nath seanchaite ar an gcluas istigh, rud nach fíor ar chor bith faoin leabhar féin.
ag caitheamh sciorta éadrom wearing a light skirt
" Bhí sé fuar agus fliuch taobh amuigh ach bhí mise ag caitheamh sciorta éadrom agus *flip-flops*.
ag caitheamh na mbróg mícheart wearing the wrong shoes
" Tógann sé dhá uair, agus is minic a chas mé ar dhaoine a bhí ag caitheamh na mbróg mícheart agus iad ar strae ar lorg an chosáin seo.
dubh dóite worn out, tired
" Seans maith go mbeidh sibh dubh dóite agam le halt eile fá dtaobh de sin amach anseo.
seachas creimeadh rather than a wearing down
" Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.
tromchaiteach well worn
" Tosaíonn an pléisiúr i mo chuid ladhracha agus cuireann sé an sú ag sciurdadh fríd mo chuid féitheacha; cuireann sé dinglis ar mo chraiceann agus crith i mo chorp; cuireann sé lasair i mo shúile agus casacht i mo chliabhrach; osclaíonn sé na píobáin agus cuireann sé mé ar crith; ach is fearr crith maith ná droch-chasacht, a Bhaloir,” a dúirt an Taoiseach tromchaiteach, tromaigeantach, trombhríoch, tromchroíoch.
cinéal caite ag amharc looking the worse for wear
" Éadaí atá, i mo bharúilse (má tá muid ionraic linn féin), cinéal caite ag amharc agus chomh ‘*last season*’ iontu féin, gur masla don lipéad é féin, an lipéad a chrochadh orthu ar chor ar bith.
meathlú wearing down
" Ní bheidh deireadh tobann leis na taiscí, meastar, ach ina áit sin, tiocfaidh meathlú de réir a chéile, agus as sin amach beidh tíortha ar fud an domhain in iomaíocht lena chéile, iad ar tóir acmhainne a bheidh ag éirí níos gainne in aghaidh na bliana.
chaitheamh go humhal wear it humbly
" Tá an t-am tagtha, is cosúil, más faoi Rolex (agus an Patek Philippe agus an Breitling) thú, é a chaitheamh go humhal feasta agus sotal is gáifeacht an tsaibhris a chaitheamh de leataobh!
traochta exhausted, worn out
" Nuair a bhínn ag imirt ana-chuid sacair ní raibh aon ní níos fearr le mo chorp traochta a chneasú tar éis cluiche crua ná folcadán, lán go béal le uisce deargthe, a ghlacadh.
á chaitheamh (she) wearing
" An chéad uair eile, agus í amuigh i lár an gheimhridh gan ach muinchillí gearra á chaitheamh aici &ndash; ‘*I’ve forgotten how to be cold*’.
spíonta worn out
" Bhí an slua sásta - iad chomh spíonta céanna is a bhí sinne.
níos caite ag amharc looking more worn out
" Fiche Bliain ag Cromadh? An tuar féinchomhlíontach seo de a bheith ní ba mhoille, níos boige mar fhear, níos caite ag amharc, is féidir seo a sheachaint.
chaitheamh wearing
" Rinne rialtas áitiúil amháin iarracht cosc a chur ar chaitheamh cheannbhirt agus tá, mar mhacalla de stair na hÉireann, cosc ar chroiméal sa státseirbhís.
smolchaite the worse for wear
" Bhí clúdach crua ar an leabhar, é beagáinín smolchaite, agus cló mór ar gach leathanach.
shíorchreimeadh constant wear
" Nuair a thug mise faoi Chorrán Tuathail don chéad uair breis is scór bliain ó shin bhí féar is nóiníní ag fás go flúirseach ar an dréimire, ach níl ann ach clabar deargtha is carraigeacha amha anois, mar thoradh ar shíorchreimeadh agus ar an ró-úsáid.
ag criogadh wearing down
" Gach duine acu ag criogadh a chéile.
nathanna seanreicthe old worn clichés
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
nár chaith sí fós she hasn’t worn yet
" Dar le Mary Bhaile Átha Cliath Theas nach bhfuil fágtha aici anois ach trí chéad twin-set bréidín nár chaith sí fós, agus go bhfuil sí ag súil go mór le iad a chaitheamh agus í ar ais sa seomra ranga arís.
ghnáthchaitheamh general wear
" Bristear cnámha agus tarraingítear matáin go rialta a d’fhéadfaí dochar trí ghnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt a thabhairt air.
sáraithe worn out
" Éiríonn daoine tuirseach, sáraithe den chuardach agus cuirfidh siad an milleán ar an teanga.
mbím sáraithe I'm worn out
" Sin an fáth a mbím sáraithe nó a mbíonn frustrachas orm agus mé ag foghlaim na Gaeilge.
ghúna na tuirlingte the dress worn when landing
" Gan dabht, ba chuirtéis chliste dath ghúna na tuirlingte ag Baile Dhomhnaill roimhe sin.
hataí babhlaera á gcaitheamh wearing bowler hats
" Tá léaráidí ann d’fhir a bhfuil hataí babhlaera á gcaitheamh acu agus de mhná a bhfuil scáthanna fearthainne ar iompar acu.
chaitheann wears
" Shiúil sé go mall i leith ardán na léachta, an leathshúil ghonta druidte, an leathlámh a leathshíobadh de clúdaithe le léine ildaite den chineál a chaitheann Mandela.
tá a dteanga caite acu ag trácht they’re worn out talking
" An dream céanna tráchtairí, tá a dteanga caite acu ag trácht ar dhreamanna armtha an NTC a bheith ag 'drawing closer', 'approaching', 'on the outskirts', 'at the East Gate', 'at the South Gate' of Sirte, Bani Walid, ‘surrounded’ srl.
lagar ag sníomh orainn le hocras hunger wearing us down
" Lean muid orainn cúpla coiscéim eile, agus lagar ag sníomh orainn le hocras agus le heaspa compóird.
Chaithidís they wore
" Chaithidís éadaí bunúsacha gan dath, níor nigh siad iad féin ach cúpla uair sa bhliain, d’ithidís bia diúid a dhéanaidís nó a chuiridís féin – arán, pasta, glasraí, cáis.
ag creimeadh is being wore away
" "Tá tionchar na Dála ag dul i méid ó thuaidh," a dúirt sé agus dá bhrí sin, tá an deighilt ag creimeadh de réir a cheile.
gan ach fobhriste snámha á chaitheamh aige wearing only short swimming trunks
" (I measc na scéalta greannmhara ab fhearr a d’úsáideadh Gore tar éis dinnéir ná an ceann a bhaineas leis an lá a threoraigh Gore óg a sheanathair isteach go dtí urlár an tSeanaid gan ach fobhriste snámha á chaitheamh aige, rud nár thuig Senator Gore dall.
bhí aghaidheanna fidil sciála á gcaitheamh acu they wore ski helmets
" Bhí siad gléasta i gcasóga cochaill dubh agus bhí aghaidheanna fidil sciála á gcaitheamh acu.
Chaith Norman suaitheantas N. wore a badge
" Chaith Norman suaitheantas de chuid OPHR le linn an tsearmanais lena dhlúthpháirtíocht leo a thaispeáint.
lámhainn dhubh orthu wearing black gloves
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
is féidir chaiteamh ar do chloigeann you can wear on your head
" Seo ceamara beag bídeach le sonraí ardchaighdeán is féidir chaiteamh ar do chloigeann agus beoshruthú a dhéanamh ar d’imeachtaí láithreach.
an Poppy a chaitheamh wear a poppy
" Má tá siad diúltach faoi, nach acu atá an fhadhb! Níor mhaith liom go mbeadh iachall á chur ar aon chraoltóir go gcaithfidís an ‘cúpla focal’ a úsáid ó am go ham sa gclár, nuair a théann sé ina n-aghaidh, ach an oiread is gur maith liom go bhfuil sé mar dhúnghaois sa mBBC go gcaithfidh na láithreoirí an Poppy a chaitheamh mí na Samhna.
Mionsciorta míchiallmhar á chaitheamh wearing a crazy-hot miniskirt
" Mionsciorta míchiallmhar á chaitheamh aici.
caite críon worn and spent
" Is léir do Raifteirí agus do Shéamas Dall faoin dtráth seo, go bhfuil an seanchóras lofa a bhí i dtreis anseo in Éirinn caite críon agus nach bhfuil aon mhuinín ag an bpobal as feasta.
Argóint thraochta a worn out argument
" Argóint thraochta na bpolaiteoirí is na meán, dar le Tarantino.
don chaitheamh agus don chuimilt for the wear and tear
" * Le linn duit a bheith ag scrúdú an chairr ar an taobh istigh, bí ag faire amach don chaitheamh agus don chuimilt.
ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha the steering wheel ought not to be too worn in appearance
" Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe.
Ná culaith leathair a chaitheamh or wear a leather suit
" Ná culaith leathair a chaitheamh agus mo shainbhéic a ligean le laochra an ghrúpa.
ag caitheamh ceamaraí cinn wearing cameras
" Buanú na Meancóige ======= Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.
de thoradh caithimh agus cuimilte as a result of wear and tear
" Tá sé chomh simplí sin – agus, de thoradh caithimh agus cuimilte, pléascann an t-umar seo.
Tá a teanga caite ag is worn out talking about
" Tá a teanga caite ag Susan George (sna naisc ar dheis) le daichead bliain anuas ag míniú do chách faoin éagothroime tráchtála a fhágann tuaisceart an domhain ag alpadh agus ag tarraingt gach saibhris aneas chucu féin ar chonarthaí nár athraíodh ó ré mhíleata an chos ar bolg.
ag creimeadh a dhóchais wearing down his hope
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
chun nach meilfí tú mín mín to prevent your being worn down completely
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
róchaite le léamh sílim too worn to be read I think
" Céard atá sa scríbhinn? Tá sí róchaite le léamh sílim.
Leánn an t-amhras the doubt wears off
" Leánn an t-amhras le himeacht ama .
ag caitheamh crios slándála wearing a seat belt
" Ní raibh sé ag caitheamh crios slándála.
smál ar a cuid gloine a worn appearance on its glass
ar chaitheamh na croise móire the wearing of the large cross
" Maíonn an rialtas PQ go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh le beartas seo na cairte, a chuirfeadh cosc ar chaitheamh na croise móire, an burqa, an hijab, agus an yamalke d’éinne a oibríonn sa chóras poiblí - státsheirbhísigh, múinteoirí, altraí agus dochtúirí san áireamh.
a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo who wear these religious symbols
" Deirtear go bhfuil cur i gcéill leis sin, áfach, mar gur mhaith leis an rialtas mionlaigh na grúpaí a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo a dhíbhirt as an gcúige.
a bhí ag caitheamh who was wearing
" Tuairiscíodh go ndearnadh ionsaí ar bhean a bhí ag caitheamh an hijab in ionad siopadóireachta i mBaile Québec go gairid tar éis don rialtas an chairt a chur os comhair an phobail.
a chaitheann suaitheantas mar seo who wear symbol(s) like this
" D’éisigh cúige mór eile i gCeanada, Ontario, an áit a bhfuil Toronto agus Ottawa, poiblíocht ag mealladh dochtúirí óga Québec a chaitheann suaitheantas mar seo chun obair ann leis an ráiteas *‘We don’t care what’s on your head, but what’s in it’*.
ag caitheamh léinte bándearga wearing pink shirts
" Bhí neart rothaithe de chuid na hÉireann ag caitheamh léinte bándearga agus iad ag rothaíocht chun aird a thabhairt ar an Giro.
ag caitheamh éadaí glasa wearing green clothes
" Mheall ceiliúradh San Patricio na sluaite - bíodh baint acu le hÉirinn nó ná bíodh - agus d’fheadfá a bheith in áit ar bith in Éirinn - mura raibh gach duine ag caint i Spáinnis! Lá na Féile Pádraig féin, chuaigh mé chuig Colegio Santa Brigidia, scoil ghalánta ar Avenida Gaona a bhunaigh an Asociación Católica Irlandesa in 1899 ach bhí ceol agus craic, pinsinéirí súgacha agus tachráin ghealgháireacha ag caitheamh éadaí glasa agus teaghlaigh ag baint suilt as a n-oidhreacht chultúir faoi sholas na gealaí.
caitheamh an 'nazar wearing the evil eye
" **4 An Briocht 'Nazar'** Ceann de na nósanna is tábhachtaí ná caitheamh an 'nazar' nó 'an tsúil nimhe', nó mar a deir an Béarla, an 'evil eye'.
molaim gúna dubh I advise (wearing) a black dress
" Má théann tú chuig na Gradaim Chumarsáide, molaim gúna dubh a chaitheamh.
chaitheamh agus leas a bhaint as to wear and use it
" Ní do pháistí amháin atá comhaireamh céimeanna bíodh a fhios agat! Is féidir le chuile dhuine ríomhaí céime a chaitheamh agus leas a bhaint as.
tnáite worn out
" Rómhinic dá bharr sin go bhfágann siad foirne eile fann, lag, tnáite, brúite, briste faoi dheireadh cluiche.
a thurban a chaitheamh to wear his turban
" Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le siombailí reiligiúnacha.
chaitheamh an chlogaid wearing the helmet
" Athrú suntasach a bheas i riail chaitheamh an chlogaid i gcluichí iomána a tháinig i bhfeidhm céad lá na míosa.
Más stócach gorm thú a chaitheann cochall if you’re a black hood wearing youth
" Más stócach gorm thú a chaitheann cochall, tá tú ag siúl ar thanaí i roinnt áiteanna i Meiriceá.