Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar feadh scaithimh for a while
" Chaith sé tamall ina chonstábla freisin agus bhí teach tábhairne aige ar feadh scaithimh.
Fan go fóill beag Just wait a while
" "Fan go fóill beag," arsa Nuala.
Cá bhfuil an bolg buí used when tickling (the stomach) while playing with a baby
" "Cá bhfuil an bolg buí, cá bhfuil? An bhfuil cigilt ionat go fóill, an bhfuil?" ar sí sa ghuth ard éadrom sin a úsáideann mná le páistí beaga.
ar na saolta deireanacha seo in the last while
" "Tá fuath na namhad agamsa ar an Nollaig ar na saolta deireanacha seo.
ó chianaibh a while ago
" Preit, a dhuine! Chonac Arabach uasal ó chianaibh agus a chroiméal breá dubh á shlíocadh aige lena chiotóg.
ar feadh scaithimh for a while
" B'fhéidir gurb é tábhacht na Féile seo ná go bhfuil muintir an domhain, nó cuid mhór díobh ar aon nós, dírithe ar rud éigin nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leis ar bhealach amháin ach a tharraingíonn daoine le chéile agus a thugann deis dóibh a gcuid fadhbanna agus cúraimí a chur i leataobh ar feadh scaithimh.
a fhad is while
" " "Seo, a Dhónaill," arsa máthair Áine, "bíodh píosa aráin agat a fhad is atá muid ag fanacht leis an bhéile.
le linn dóibh a bheith ar líne while they're online
" Deir céatadán suntasach de na daoine sin go mbíonn srian curtha ar úsáid an idirlín fhad is atá siad ag obair - nó go mbíonn an fostóir ag coimeád súil orthu i slí éigin le linn dóibh a bheith ar líne.
go ceann scaithimh for a while
" Ach níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar scéal an Chatalpa go ceann scaithimh.
píosa maith a good while
" In ainneoin iarrachtaí Nuna II agus a chomrádaithe, beidh sé píosa maith go dtarlóidh sé sin.
a fhad is atá tú ag fanacht while you're waiting
" Ansin dúirt sí liom: "Is féidir leat a bheith i do shuí a fhad is atá tú ag fanacht.
le deireanas in the last while
" Antaine Ó Faracháin: A Sarah-Jane, cén chaoi a bhfuil rudaí ag gabháil duit faoi láthair? Ar fhoghlaim tú aon tiún deas le deireanas? An bhfuil aon rud ar leith i dtiún a mheallann thú len é a fhoghlaim? Sarah-Jane Woods: Tá rudaí ag dul ar fheabhas, go raibh maith agat, a Antaine, cé go bhfuil mé gnóthach go leor.
agus tú ina cheann while you're at it
" " "Dúirt," arsa Emma, "ach níor mhol siad *migraine *a thabhairt don bhord agallaimh agus tú ina cheann.
ó chianaibh a while ago
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
Shuigh sí fúithi tamall she sat down for a while
" Shuigh sí fúithi tamall nuair a bhí sin déanta aici agus chaith sí greim bí.
ar baillín beag in a little while
" Bheadh feadóg mhór linn ar baillín beag.
le scaitheamh for the last while
" Má leanann páirtithe an fhreasúra leis an chur chuige a bhí acu le scaitheamh tá an baol ann go gcuirfear as feidhm go hiomlán iad an chéad iarraidh eile.
go ceann tamaill ar aon nós for a while at any rate
" De bharr na monaplachta atá acu, fágann sin nach mbeidh aon chruithneacht as an Astráil á cheannach ag an Iaráic go ceann tamaill ar aon nós.
Thost sé tamall beag. He was quiet for a little while.
ar feadh scaithimh for a little while
" Labhair Geldof mar a labhair sé riamh – bhí sé soiléir, greannmhar agus lán *fuck*anna! Níos déanaí, i dTeach an Ard-Mhéara, labhraíos leis ar feadh scaithimh ach bhí an iomarca daoine timpeall air, ag lorg grianghraf agus cúpla focal leis, le haon chomhrá fada a bheith againn.
ar feadh scaithimh for a while
" Buanna éagsúla Ar chaoi ar bith, d’imigh na blianta agus chuamar ó neart go neart mar fhoireann iomána agus ar feadh scaithimh ní raibh ár sárú i measc chlubanna sóisearacha agus idirmheánacha iomána Átha Cliath.
agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, and though I didn't warm to them for a while,
" I ngach teach bhí aisteoir éigin a raibh scéal suimiúil le n-insint aige nó aici faoin saol mar a bhí, agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, d'éirigh leo teacht timpeall orm lena mblúirí beaga staire.
Labhraíodar le chéile ar feadh tamaillín. They spoke for a while.
" Labhraíodar le chéile ar feadh tamaillín.
is mór is fiú do chách it is worth everyone's while
" D’fhiafraigh sé de, suas lena bhéal, an raibh aon mheas aige ar an Ghaeilge, agus seo mar a d’fhreagair Enda: “Ó a Bhaloir, a chara, is mór is fiú do chách meas a bheith acu ar an Ghaeilge, nó is í teanga ár sinsir í, gan dabht, gan amhras, gan bhréag, gan aon agó.
théis tamaillín a chaitheamh ag breathnú air. having looked at it for a little while.
" *No*, ní maith liom an pinc théis tamaillín a chaitheamh ag breathnú air.
chúns atá ar na Poblachtánaigh an nimh a shlogadh. while the Republicans have to swallow the poison.
" Tá na Daonlathaigh ionaclaithe anois in aghaidh an chogaidh, chúns atá ar na Poblachtánaigh an nimh a shlogadh.
ar feadh scaithimh for a while
" Tá a fhios agam go bhfuil gach rud ar fáil i Nua-Eabhrac, ach scoil mhaidí luascán? Sheasamar ar feadh scaithimh ag féachaint ar a dteicníc.
agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile. while listening to the football song of their university.
" Leanann an-chuid alumni na n-ollscoileanna a bhfoirne go deireadh a saoil, agus is minic go bhfuil iar-mhic léinn feicthe agam ag caoineadh agus iad ag éisteacht le hamhráin pheile a n-ollscoile.
agus é i mbun a ghnó. while involved with his business.
" “B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’” De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige agus é i mbun a ghnó.
Tar éis tamaill, after a while
" Tar éis tamaill, d’fhiafraigh Séamus de mo thuismitheoirí an mbeadh suim agamsa tosú ar an bhfidil.
agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, while they are seeking out customers,
" Ach tarlaíonn an rud céanna do bheoir is a tharlaíonn do pháirtithe polaitíochta - athraíonn na grúdlanna an táirge agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, agus éiríonn an táirge níos leimhe dá bharr.
nárbh fhiú dom that it wasn't worth my while
" I bhfaiteadh na súl, bhí an leaid óg fionn a bhí á mharcáil agam imithe ar ruathar aonair, chomh sciobtha sin nárbh fhiú dom iarracht a dhéanamh fanacht leis.
agus iad i mbun feachtais. while they were campaigning
" Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais.
agus é os comhair Bhinse Fiosraithe Mahon. while he was in front of the Mahon Tribunal
" I measc na bhfadhbanna eile a raibh ar an Rialtas dul i ngleic leo le sé mhí anuas bhí an fhianaise “dhochreidte” a thug an Taoiseach, Bertie Ahern, agus é os comhair Bhinse Fiosraithe Mahon.
agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige. while the ring was being placed on the bride's finger
" (ach) bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.
agus é ag tabhairt aghaidhe while he is facing
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
ag fanacht le tamall anuas waiting for a while
" Bhí daoine ag fanacht le tamall anuas ar thuarascáil teangeolaíochta dar teideal *Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
agus iad ag tarraingt amach while they are pulling out
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, while the Americans were exploding things
" Go deimhin, is gá béim a chur ar an bpointe seo: a fhad is a bhí na Meiriceánaigh i mbun pléascadh rudaí, bhí muintir na Seapáine ag cur satailít nua sa spás a chuirfidh seirbhís iontach tapa idirlín ar fáil do mhuintir na hÁise, mar aon le teilifís ardghléine ar bhonn trialach freisin.
le tamall anuas for a while now
" Aicíd eile atá ag éirí coitianta le tamall anuas ná an Easpazheimers.
le linn do lucht a gcruthaithe a bheith beo while it creators are alive
" An mbeadh cosc ar shaothair áirithe le linn do lucht a gcruthaithe a bheith beo agus ansin, an gceadófaí na saothair chéanna agus a n-údair sa chré? Níl mórán céille ag baint leis an gcaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam.
le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán while the film was in production
" Agus ní haon ionadh é sin mar gur thit an bheirt i ngrá lena chéile le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán.
Le linn dó a bheith ansin While he was there
" Le linn dó a bheith ansin, spreag sé leithéidí Damian Hirst.
agus iad i ngnáthéadach while they were in plain clothes
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin. while he was getting ready for that evening's show
" *” Bhuail mé le King ar an 28 Iúil agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin.
agus é ag teacht chun cinn. while it was emerging
" Níl aon dabht faoi ach gur feiniméan suntasach a bhí sa Tíogar Ceilteach, ach caithfidh gur cothaíodh é de thairbhe na tráchtaireachta uilig a rinneadh air agus é ag teacht chun cinn.
sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl so people wouldn't turn off their TV sets while its happening
" "Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl.
ar feadh seala for a while
" Fágadh an teaghlach in umar na haimléise ar feadh seala mar nach raibh sé ag saothrú airgid.
go ceann tamaill fhada eile for another long while
" Tá an choinne marcáilte ar an fhéilire ar an bhalla; is eol duit go bhfuil an choinne ann; ní bhíonn eagla ar bith ort roimh an choinne nach bhfuil le tarlú go ceann tamaill fhada eile ná faitíos ort go dtiocfaidh an choinne aniar aduaidh ort agus, ansin, go tobann, pléascann an choinne gan choinne agus sin tú ag streachailt amach an doras le málaí spóirt agus cótaí agus páistí agus gach “Beidh muid mall.
Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair after spending a while in the city
" Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair agus greim a ithe ansin, ar aghaidh liom go Cizur Minor.
seal a while
" Bhí sé seal ina Aire Stáit agus ina urlabhraí ar Thuaisceart Éireann 1987-1994, nuair ba chorrach an saol in Éirinn.
tráth while
" An Meánoirthear Agus é sa Mheánoirthear, bhuail Conor le fear i dteach tábhairne dtuaisceart Iosrael, tráth a raibh Arm na hÉireann mar chuid de UNIFIL i 1979.
uair an chloig a mheilt to while the time
" Ba bhealach iontach é le cúpla uair an chloig a mheilt tráthnóna fuar, fliuch i lár an gheimhridh i bhfochair cairde.
tréimhse ar an leaba chláir a while in jail
" Tháinig seisean go Meiriceá as Parma i 1910 agus, tar éis dó cupla bliain a chaitheamh i bpostanna beaga anseo agus ansiúd (agus tréimhse ar an leaba chláir a chur isteach i gCeanada), bhunaigh sé scéim ‘infheistíochta’, bunaithe ar chúpóin freagartha idirnáisiúnta, a bhí in ainm is a bheith ag tabhairt 20% ar ais don lucht infheistíochta.
Fiú amháin even while
" Dochar na heitilte Fiú amháin agus an geilleagar ag cúlú go géar, tá an scéal amhlaidh.
dreas a while
" An mbíodh air dul a chodladh chomh luath sin istoíche gur cuireadh isteach ar an saol sóisialta, gan trácht ar an saol teaghlaigh? “Ní théinn a chodladh go luath istoíche, ná geall leis! D’fhaighinn tuairim is cúig uair an chloig de chodladh san oíche agus chodlaínn dreas i rith an lae.
ar ball later on, in a while
" Mar sin de, ba chaillte an mhaise dhúinn é agus ba mhór an dearmad é obair na hAithbheochana do leigean ar ceal nó í do chur ar leathtaoibh go dtí ‘go mbeidh deireadh leis an gcogadh’ nó ‘go dtí am éigin ar ball is fearr deis agus faill’.
le linn cuartaíochta while searching
" Fear óg gléasta mar a bheadh Ché Guevara ann, gruaig chatach, féasóg mhór dhubh agus cóta míleata air i gcuideachta cúpla ógánach ón cheantair na Lorgan agus Craigavon a bhí ag gearán go raibh an PSNI “heavy-handed" le linn cuartaíochta sa cheantar.
scagadh á dhéanamh while teasing out
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
le mo linn during my while
" Tá níos mó ceachtanna saoil foghlamtha agam le mo linn anseo ná mar a d’fhoghlaim mé i mo shaol ar fad roimhe, b’fhéidir.
seal a while
" Ar scor ar bith, as go brách le Balor chun seal a chaitheamh ag súilnimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh atá fós beo ar fhód glas na hÉireann.
tréimhse a chaitheamh to spend a while
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
ar feadh seala for a while
" Bhog sé go dtí An Spáinn ar feadh seala chun an giotár clasaiceach a fhoghlaim agus nuair a d'fhill sé ar Learpholl, mhúin sé an uirlis do dhaoine eile.
ar ball a while ago
" Is é mo mheas go bhfuil na nascanna a luamar anseo ar ball, go bhfuil siad sin réitithe, go bhfuil muintir na tíre ar tí tabhairt faoina gceistiú féin ina dtaobh.
seal a while
" Déanta as meascán de bhainne gabhair agus bainne bó, tá an bainne galaithe thar teas íseal go dtí go gcomhdhlúthaíonn agus go gcaramalaíonn na siúcraí, agus go bhfágfar saghas ime, nó cáise, atá beagnach inbhealaithe.
tréimhse while
" Agus bhí an t-ádh orainn an tréimhse a chaith muid ann, nó bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
scathaimhín a while
" Ach, don chuid eile den daonra, is é tús an tsamhraidh é agus cuireadh cúraimí an tsaoil i leataobh ar feadh scathaimhín agus tugadh aghaidh ar na tránna.
Ba ghearr a short while
" Na Sluaite Isteach ag Bá Mhuintir Batwa Ba ghearr gur líonmhaire i bhfad na pobail socraithe nua ná na Batwa agus ba ag bun na sochaí nua a bhí áit na Batwa.
seal a while
" Chaith Ella seal i ngéibheann i Sasana as a bheith ag tabhairt dídine do phoblachtaigh, agus theith Charlie go dtí an Coireán le cónaí ansin a fhad agus a bhí Ella ar an bpláta beag.
i do bheatha while still alive
" Dul ar lár, i do bheatha! Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré.
seal a while
" Dá bhrí sin beidh muidne ag triall ar thuaisceart na tíre i mbliana, mar is gnáth, le seal a chaitheamh ar an gcósta thuaidh le héalú ón bhfuacht sa deisceart.
tamall a while
" org/) agus an National Cowboy Hall of Fame, ach thógfadh sé tamall ar an mbóthar, mar gheall ar bhroidtráth.
a fhad while
" Bhí feachtas fuilteach na mbuamaí cairr faoi lán seoil a fhad is bhí Sealadaigh an IRA ag díriú ar "spriocanna eacnamaíochta" mar dhea - pubanna, siopaí, bancanna, etc.
seal while
" B’fhiú duit seal a chaitheamh i St Germain-en-Laye mar a bhfuil ceangal láidir na blianta siar le stair na hÉireann.
seal gairid a short while
" SMM: Cén tslí gur oibrigh sé amach gur i Quebec a tháinig tú ar an saol - An raibh do mhuintir seal gairid nó fada thiar ansin? BNC: Bhí mo mhuintir i gCeanada ar feadh deich mbliana.
ar ball in a while
" Ní gá ach breathnú ar leathanach Facebook Futa Fata agus feicfidh tú go bhfuil siad ag cothú pobail, ach ní dóigh liom gur ar phobal custaiméaraí is abhcóidí branda a bhí an tOireachtas ag smaoineamh nuair a chum siad an critéir ‘cothú pobail’! Níl sé soiléir cé leis a mbeadh an blag seo in iomaíocht (níl mórán soiléir ar shuíomh an Oireachtais, ach tuilleadh faoi sin ar ball) mar a thuigimse é le duais €1,000.
achan seal every while
" Bhí sé ann – i measc an tseanmhuintir mar sin féin – mar sin bhí gáire beag agam domh féin achan seal anois ’s arís.
agus sinn while we were
" Thug Dáithí ardmholadh ag an bpointe seo do *Percy Sledge* mar dhuine agus mar amhránaí agus sinn ag caint de leataobh ó na ceisteanna.
i luí seoil while giving birth
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
scaitheamh while
" Fanfaidh tú ar feadh scaitheamh fada fá choinne ceann amháin agus tiocfaidh cúpla ceann ansin sa mhullach ar a chéile.
fad is a while
" Nach aisteach an bhliain a bhí i 2009? Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Barack Obama as a chuid focal deas i gCairo, fad is a bhí sé ag géarú ar an gcogadh in aghaidh na Moslamach san Afganastáin agus sa Phacastáin.
seal a while
" Tarlaíonn scliúchais fhoréigneacha idir dreamanna Imazigh is Arabacha agus tá roinnt Imazighen, idir uasal is íseal, curtha den saol ó 2005 a bhfuil Ioslamaigh dhíograiseacha freagrach as, de réir an rialtais.
seal a while
" Dúirt sé go raibh praghas íseal san áireamh i sainiú na huirlise chomh maith leis an liosta mianta eile.
seal a while
" Cé nach bhfuil i mBaile an Fhéirtéaraigh dar le *Lonely Planet* ach baile beag le roinnt siopaí is tithe tábhairne (“*all the essentials really*”), rachaidh an turasóir fiosrach caol díreach go Tigh Uí Mhurchú ar an bhaile, áit a bhfuil madra rua i gcás gloine agus piasún ina ghob aige agus é ag breathnú síos ar chainteoirí Gaeilge atá ag ithe béilte bunúsacha an tigh! Moltar go mór do thurasóirí seal a chaitheamh ar na hoileáin Ghaeltachta.
seal a while
" Pat O Donnell SMM: Bhí tú seal ar an leaba chláir i Muinseo mar gheall ar chur i gcoinne obair Shell ag Muing na Bó.
achar fada a long while
" Is dóigh gur fhoghlaim mé ceacht éigin faoi bhás agus bheatha an lá sin, ach ba dheacair dom agus mé im’ ógánach an íomhá thruamhéalach úd den chapall básaithe a chur as mo cheann go ceann achar fada ina dhiaidh.
seal a while
" Bhí siad seal ar sodar, seal ar cosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus ghleanntáin sléibhe, seal ar an N5 agus seal ar an M50, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí i dtuairisceoirí polaitiúla ó stáisiúin raidió agus ó stáisiúin teilifíse agus ó stáisiúin de gach sórt agus aicme, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
dreas short while
" Suite i lár na cathrach, tagann muintir na háite ann gach maidin le bia blasta a cheannach agus le dreas beag comhrá a dhéanamh.
scaithimh a while
" Craobhscaoileann sí soiscéal an ghrá neamhchoinníollaigh, ach cailleann sí an cloigeann le Haru nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil Haru le filleadh ar feadh scaithimh ar a hógfhear.
is mé díomhaoin while I relax
" Sínim mo dhá spág os comhair na tine is mé díomhaoin istigh im’ bhothán.
i mbun seilge while hunting
" Cé go bhfuil siad an-mhór, bogann siad go han-tapa thar achar gairid agus iad i mbun seilge.
seal a while
" Chaith Mandelbrot seal i bPáras sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá i 1958.
scaithimh a while
" Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016.
leaba chláir na carcrach a while in jail
" Dá mba duine thú a bhuail bob ar lucht leasa shóisligh, is í leaba chláir na carcrach a bheadh i ndán duit!
tréimhse ghairid a short while
" Cuireadh an Dáil ar fionraí ar feadh tréimhse ghairid.
nach fiú dúinn it’s not worth our while
" Tarrtháil nó Pianseirbhís? ========== Deir roinnt daoine nach fiú dúinn an t-airgead seo d’fháil toisc go gceapann siad go bhfuil an ráta úis, 5.
agus mé i mbun méarchláir while I write
" Gan ach seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air.
fad is while
" I bhfocal eile níl siad ach ag dréim le 25% de mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar ina bhfuil an teanga fós á labhairt ar bhonn laethúil, fad is atáthar ag súil le méadú de os cionn 300% san áit nach bhfuil! Tá lúb ar lár éigin sa mhéid sin.
seal a while
" Bíonn na hamhráin le cluinstin i mblúiríní taibhsiúla, a imíonn uait seal agus ansin a thagann ar ais chugat, rud beag cosúil le tuile agus trá na taoille.
ar feadh tamaillín for a while
" Táim an-shásta a bheith anseo dá bhrí sin, ach ar ndóigh, is breá dul ar ais abhaile agus a bheith ann i rith an tSamhraidh ar feadh tamaillín agus i rith na Nollag.