Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fá cheann míle dúinn within a mile of us
" "Duine ná deoraí," arsa Lillian "agus ina mhullach sin tá scoil bhreá fá cheann míle dúinn.
i bhfoisceacht deich míle dínn within ten miles of us
" Bheadh a fhios ag chuile dhuine sa gceantar gur ciúin onórach a bheadh an ceiliúradh sa Lodge ach ó tharla nach raibh aon teach ósta eile i bhfoisceacht deich míle dínn, shíl mé go mbeadh cúpla seanriadaire eile cosúil linn féin ag triall air.
Bois cois 'The palm is like the sole'. Used to indicate similarity in looks or behaviour, usually within a family
" "Bois cois," arsa sise léi féin agus í ag tarraingt ar dhoras an tseomra.
i bhfoisceacht within
" Tá nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Cairn agus cuireann siad cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.
fá cheann cúpla mí de phósadh within a couple of months of marrying
" "Cha ndéanfadh sí a leithéid sin agus í fá cheann cúpla mí de phósadh.
fá fhad siúil dúinn within walking distance
" Phill Frank agus dúirt, "Tá an teach ósta fá fhad siúil dúinn.
fá scread asail within an ass's roar
" "Anois, a Áine," ar seisean, "má chluinim go bhfuil an marlachán de dhuine sin fá scread asail den teach, nár aifrí Dia orm é, cuirfidh mé amach ar an tsráid thú.
atá istigh leis féin who is happy within himself
" " In ainneoin gur beag airgead atá á shaothrú aige, tá Colm breá sásta leis an saol atá á chaitheamh aige, agus is léir gur duine é atá istigh leis féin.
fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn within an ass's roar of the Isle of Man
" Maíonn sé gur fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn a bhí seisean ag an am ar polladh an Cabin Fever.
fá cheann cúpla slat within a couple of yards
" D'éirigh leis sa deireadh cibé agus tharraing sé an veain suas fá cheann cúpla slat de dhoras tosaigh an tí.
fá fhad sínte duit within reach
" " "Féadann siad a bheith fá fhad sínte duit agus tú ag iarradh scarbhileoga a fhoghlaim cibé," a dúirt Máire.
fá fhad scread asail within an ass' roar
" "Ní rachaidh mé fá fhad scread asail do *flat pack *go ceann bliana.
i ngiorracht cúpla míle within a few miles
" " Cé go raibh sí i ngiorracht cúpla míle don scoil, is mar chailín cónaithe a chaith sí a tréimhse meánoideachais, ag freastal ar an scoil iomráiteach a mbíodh tarraingt chomh mór sin ag muintir Chonamara uirthi, Coláiste Mhuire.
laistigh de thamall gearr within a short period of time
" Anois is arís cloisfidh tú daoine freisin ag rá nach mbeidh in oscailt Pháirc an Chrócaigh ach an tosach agus, laistigh de thamall gearr, go mbeidh áiseanna uile an CLG ar fud na tíre á roinnt le lucht sacair agus rugbaí.
fá leath troighe within half a foot
" "Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m'éadain!" Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh.
atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar which is within 7-10 kilemetres
" Cosnóidh an bóthar féin €680 milliún - é sin á chaitheamh agus caoi á cur ar an M2 atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar den M3 nua.
faoi cheann cúig bliana within five years
" faoi cheann cúig bliana aimsíodh ceimicí a bhain an aidhm chéanna amach agus ní raibh suim ag na feilméaraí sa mbuaf níos mó.
fá cheann deich mbomaite within ten minutes
" " Rinne Deirdre mar a iarradh uirthi agus bhí sí ag doras an tí ósta fá cheann deich mbomaite.
laistigh den phósadh within marriage
" Ar an ábhar sin, mhol an coiste go gcuirfí isteach clásal nua in Alt 41 a neartódh cearta an pháiste agus a dhéanfadh soiléir go bhfuil na cearta céanna ag an bpáiste a bheirtear lasmuigh den phósadh agus atá ag an bpáiste a bheirtear laistigh den phósadh.
laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn within the boundaries of the Iron Curtain
" I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír.
i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait within a few points of the Cats
" Ní den chéad uair, choinnigh pocanna fada saora Sheáinín Mhic Mhathúna na Cláirínigh i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait, ach níor leor sin agus Annraoi Siobhláin i mbarr a réime agus a chumais agus é ina rí ar Pháirc an Chrócaigh.
in achomaireacht sé mhíle dá chéile within six miles of each other
" Tá TG4, Raidió na Gaeltachta agus *Foinse* lonnaithe in achomaireacht sé mhíle dá chéile.
faoi cheann uair a chloig. within an hour.
" Ar ndóigh tá siad i bhfad ó bhaile agus airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta agus tá a fhios acu nach féidir a bheith san Eoraip faoi cheann uair a chloig.
gach aon duine fá scread asail dínn everyone within a stone's throw of us
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
fá bhúir asail den Eargail! Within urination of Earsteam Mt.
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
laistigh de within
" “Bhí mé ar chlár raidió Eamon Keane ar Newstalk 106 le déanaí agus laistigh de nóiméad i ndiaidh dom a bheith ar an aer, bhí fiche cinn de na hainmneacha cleite a leanann mé tar éis logáil isteach ar politics.
ar a gcumas within their ability
" Ní hionann é sin is a rá go bhfuil sé ar a gcumas leigheas a fháil orthu.
taobh le tithe within the housing sector
" Dá bhfanfadh an fhadhb seo taobh le tithe amháin, ámh, níor lá an luain é do ghéilleagar na tíre, ach bhí na bancanna tar éis infheistíocht ollmhór a dhéanamh i dtithíocht.
i ngiorracht within
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
ionam féin within myself
" Locht, admhaím, go gcaithfead leigheas ionam féin.
i ngiorracht scread asail within a donkey's roar
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
laistigh within
" Fuair muintir na hOllainne amach, sa bhliain 2001, go raibh pobal ina measc nár thuig siad agus nár thuig iadsan – sochaí laistigh den tsochaí.
fá scread asail within an asses roar
" ) Cnap Gael ag Féile na nGael ============ Ar scor ar bith, bhí dea-spionnadh ar Éamó agus bhí sé ag cur in iúl don domhan is dá mháthair nach raibh dualgas ar bith ní ba mhó air, cionn is nach raibh sé ina Aire Gaeltachta ní ba mhó, dul fá scread asail de Ghaeltacht Milwaukee.
laistigh de within
" É sin, nó fanacht laistigh de ghaol neamhchothrom, mí-úsáideach le fear óg - gaol éigniúil ó am go chéile fiú, a fhágann míchompordach, neamhchomhlíonta í.
laistigh de within
" Agus caithfear an scéal a bheith in-inste laistigh de na teorainn ama sin.
laistigh de within
" Bhí air imeacht as láithreach laistigh de bhliain, nuair a tháinig Ma Tse Tung i gcumhacht.
laistigh within
" Oibríonn siad i dtithe príobháideacha agus is gnách leo teagmháil a bheith acu lena gcomhthírigh laistigh dá gcomhphobail féin nuair nach mbíonn siad ag obair.
laistigh within
" **“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
de chumas within the power
" Is léir nach bhfuil sé de chumas ag an chóras pholaitiúil daoine a bhfuil bua na ceannaireachta agus eagna chinn acu a mhealladh chuig príomhoifigí an stáit.
i bhfoisceacht within
" De thaisme a cailleadh Empress of Ireland ar 29ú Bealtone 1915 nuair a bhuail sí bád guail ‘Storstad’ as an Iorua, agus í i bhfoisceacht ceithre míle de chósta Quebec, Ceanada.
laistigh within
" Bhí go leor daoine cáinteach fosta nach raibh spriocóg faoi leith leagtha síos don Ghaeltacht sa Dréachtstraitéis laistigh den 250,000 sin.
laistigh within
" Mar a chimse é, i ndáiríre, cé acu laistigh nó taobh amuigh den €uro, is é an córas athá lochtach agus a fhaid agus a bheidh an córas caipitleach agus an córas airgeadais faoi mar athá, beidh na tíortha úd i ngéarchéim.
faoi Cheann Bliana within a year
" Teip faoi Cheann Bliana nó Dhó =============== **SMM: Ní dóigh leat go mbeadh an comhrialtas athá ann faoi láthair chomh cliste sin agus go loicfidh siad ar na bannaí go gairid roimh an gcéad ollthoghchán eile, rud a chiallódh deireadh leis an €uro agus ar an tslí sin, go bhfaighfidís a lán dá gcuid vótóirí ar ais ar a dtaobh?** SÓhU: Ní dóigh liom go dtarlódh sé sin.
ar acmhainn within the resources
" Toisc nach mbíonn sé ar acmhainn na mbochtán – tá 56 mhilliún duine sa tír ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanais – áitreabh ceart, pleanáilte in áit oiriúnach a cheannach, thóg siad féin a dtithe ar an drochthalamh a bhí fágtha, ar leitreacha cnoic, ar riascanna agus mar sin de.
laistigh within
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
fá bhúir asail di within an asses roar of her
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
aimsíonn Mija laistigh di féin finds within herself
" Aisteoireacht Éachtach =========== In umar na haimiléise, fiú, aimsíonn Mija laistigh di féin modhúlacht agus samhlaíocht an chailín bhig óig inmhéanaigh nár fhás suas riamh.
fá scread asail daofu within their grasp
" Bhí na daoine ó dheas míshásta leis na daoine dalba ó thuaidh a bhí in éad leis an tsaoirse a bhí fá scread asail daofu ach é i dtólamh doshroichte - go dtí lá amháin, bhris an ceannaire ba mhó amach as an stáitin ó thuaidh agus fuair tacaíocht mhór ó Laighinibh agus rún aige an smúitín draíochta a ghoid.
laistigh de within
" An Duais ===== **Charades as Gaeilge ó Ghlór na nGael** Is cluiche geamaireachta é Charades ina gcaithfidh baill foirne aisteoireacht a dhéanamh le leideanna a thabhairt dá chéile ionas go mbeidh siad in ann focail a thomhas laistigh de thrí nóiméad.
laistigh d’fhithis within the realm
" De réir mar a théann oíche na bainise ar aghaidh, feicimid Justine ag bá i ndúlagar nach bhfuil neart aici air - dúlagar atá chun gach éinne laistigh d’fhithis a ciorcal caidrimh a scrios.
socair iontu féin impassive within themselves
" Rinne an saineolaí Corcaíoch béaloidis Gearóid Ó Crualaoich scrúdú ar an dtraidisíun seo ina léacht Uí Chadhain i 1988, agus mhaígh “Is fearr is dóigh liom a thuigfimís gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha againn féin i dtéarmaí seo na gcultúr ceannais agus na gcultúr íochtarach ná i dtéarmaí an rud dúchais Gaelach versus an nuashaol Bhéarla mar nach mbíonn cúrsaí dúchais agus cúrsaí an nuashaoil socair iontu féin ach iad ag malartú de réír mar atá comórtas ar cheannas, ar údarás agus ar ghradam.
bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair no settlement within reach
" Léirigh fear Newsnight go glinn an fhreagracht atá ar an Bhreatain as síoraighneas marfach na Palaistíne nach bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair 64 bliain i ndiaidh an *Balfour Declaration*.
laistigh within
" I *‘Repulsion’*, *‘Rosemary’s Baby’* agus *‘The Tenant’*, tá sinne, an lucht féachana, gafa chomh maith céanna i dteannta na foirne aisteoirí laistigh den árasán.
ar chumas an duine within human grasp
" Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.
dhúisíonn ionainn an mothúchán awakens the feeling within us
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
go domhain inti féin deeply within herself
" Tá lasracha na loiscneoirí mar mheafar ar an fhearg agus brón a mhothaíonn sí go domhain inti féin agus tugann an feachtas, agus na mná atá bainteach leis, an mhuinín di dul ar ais chuig an oideachas, cor ina saol a spreagann go mór í agus a chuireann tús le saol úr san Eolaíocht Comhshaoil.
fá mhíle within a mile
" 20% de na daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí - dhá dtrian acu ina gCaitlicigh - tharla siad fá mhíle de Girdwood.
go domhain istigh ionam féin deep within myself
" Ach éirím ciúin, thar a bheith ciúin: táim go domhain istigh ionam féin.
i gceann within
" Ba scéal gáifeach é agus bhí an láithreán campála ag cur thar maoil leis na meáin i gceann cúpla lá.
fá bhúir asail d’áit within an ass’s roar of the place
" An duine a mbeadh smidín céille aige, dhéanfadh sé gach iarracht gan a bheith fá bhúir asail d’áit mar sin ag am mar seo, dá mbeadh neart aige air.
a chlisfeas laistigh which shall fail within
" - ii) Priondálaí de chuid HP ar íocadh €60 air a chlisfeas laistigh de bhliain agus an t-athphriondálaí mar a chéile, clisfidh sé amhlaidh.
i bhfoisceacht within
" In imeacht ceithre bliana go leith, ní raibh ach cruinniú amháin idir feidhmeannaigh ón dá eagraíocht faoin ábhar cé go raibh a gcuid ceannáras lonnaithe i bhfoisceacht cúpla céad méadar dá chéile.
aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh any youngster who lived within
" ) Níl sé chomh fada sin ó bhíodh riail ann nach n-íocfaí deontas na mban tí as aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta.
laistigh den Aontas within the Union
" Ós rud é go bhfuil cearta saorghluaiseachta ag saoránaigh ó bhallstáit an AE laistigh den Aontas, ní áirítear iad mar chuid de cheist na hinimirce neamhdhleathaí san AE.
taobh istigh d’achar gearr within a short period of time
" Ar nós Uí Ifearnáin, thug Mac Géibheannaigh misneach agus féinmhuinín d’fhoireann a bhí in ísle brí go mór ó thaobh na peile de, agus taobh istigh d’achar gearr bhí Corn Mhic Uidhir ina seilbh acu.
a bhfuil sé ar a chumas who has it within his ability
" Is cineál duine é Felix Baumgartner a bhfuil sé ar a chumas an eagla is dúchasaí don duine a shárú.
an lucht a bhí faoi ghlas istigh those in captivity within
" Is cuimhin liom a bheith i measc an tslua taobh amuigh d’Óstán na Sceilge, nuair nach ligfí isteach muid i ndiaidh Chorn Uí Riada; an lucht a bhí faoi ghlas istigh ag seoladh piontaí amach trí na fuinneoga chuig na daoine bochta a bhí faoi ghlas amuigh.
faoi fhad urchar cloiche dá theach within a stone’s throw of his own house
" Anois deir Seán liom go bhfuil iarratas pleanála curtha isteach chuig an Chomhairle Chontae d’fheirm gaoithe a bheidh faoi fhad urchar cloiche dá theach.
an-bhrón go deo taobh istigh orthu a great sadness within them
" An amhrán dírbheathaisnéisiuil atá ann, a d'fhiafraigh mé de Julie? Daoine a Mhisniú ====== "Bhuel, san amhrán sin, bhí mé ag iarraidh sprid an tsóláis, sprid an fhaoisimh a chruthu agus tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil an-bhrón go deo taobh istigh orthu, agus chum mé an t-amhrán seo mar mhuirniú, mar chineál barróige ar dhuine le iad a shuaimhniú.
taobh istigh de within
" Mar is léir ó leabhar John Bowman* faoi 50 bhliain den teilifís, ba chnámh spairne ceist na Gaeilge taobh istigh de RTÉ ón tús.
ní bheadh sé de chumhacht ag an Rialtas the government wouldn’t have it within their power
" Fiú dá bhfaighfí amach nach mbeadh Gaeilge ag breitheamh faoi leith a bhí ag obair i gceann de na limistéir sin, ní bheadh sé de chumhacht ag an Rialtas é a aistriú.
taobh istigh d’achar gearr within a short period of time
" Is ceart aird na nAirí Cultúir a dhíriú ar an gcontúirt mhór atá ann go bhfaighfidh an Ghaeilge bás mar theanga bheo pobail, taobh istigh d’achar gearr, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosaint cheart a dhéanamh ar na ceantair ina bhfuil sí fós in úsáid i measc an phobail.
laistigh within
" Ní thiocfaidh aon mhórathrú ar an ‘futur’ intuartha seo toisc go bhfuilimid fós teanntaithe laistigh den seanpharaidím tuisceana seanchaite.
laistigh within
" Gach aon bhean, nach mór, ar cuireadh striapachas ina leith agus a d’éalaigh thar an bhfalla, bhí sí ar ais arís laistigh de dhá lá.
laistigh d’uair aonaránach within one single hour
" Tugann an meán sin an deis dúinn éachtaí na mblianta a thuiscint laistigh d’uair aonaránach an chloig.
laistigh de thréimhse ama áirithe within a certain period of time
" Má theipeann ort na hionaid seo a bhaint amach laistigh de thréimhse ama áirithe, déanfar tú a dhícháiliú.
in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste within an ass’s roar of the Irish language medium secondary school
" Anuas ar sin, níl aon chinnteacht ann go mbeidh an Ghaelscoil sin in achomaireacht scread asail don Ghaelcholáiste.
mar nach bhfuil cónaí orthu laistigh d’achar faoi leith because they don’t live within a certain distance
" An bhfuil an baol ann mar sin nach gceadófar do pháistí leanstan lena gcuid scolaíochta lán-Ghaeilge mar nach bhfuil cónaí orthu laistigh d’achar faoi leith? Dealraítear go gcuirfear deireadh fosta leis an riail go dtugtar tús áite do pháistí iarscoláirí na nGaelcholáistí sa chóras iontrála.
laistigh den charcair within the jail
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
laistigh den Chóras Scaipeadh Briotanach within the British dispersal system
" An leabhar seo, Special Category, cuireann sé lear mór faisnéise nua os ár gcomhair i leith ghníomhaíochtaí an IRA laistigh den Chóras Scaipeadh Briotanach.
Laistigh de within
" Laistigh de Doherty v The Referendum Commission, cás casta a bhain le rialacha sainiúla a chuireann srian ar obair an Choimisiúin le linn reifrinn, theip ar Hogan arís rabhadh Burke a aithint agus chrom sé fén adhradh arís.
laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach within a diverse philosophical discourse
" Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.
Uathu féin a thagann an spreagadh the inspiration comes from within themselves
" Uathu féin a thagann an spreagadh, ní ón bhfreasúra.
ach laistigh den chreideamh féin but within the religion itself
" **SMM: Ar bhun seicteach?** RM: Ar bhealach, ach laistigh den chreideamh féin.
i bhfoisceacht trí mhí dá chéile within three months of each other
" Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach ============= Deineadh an dá chinneadh sin i bhfoisceacht trí mhí dá chéile agus léiríonn siad go paiteanta easpa chomhsheasmhachta na n-údarás pleanála ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe.
i bhfoisceacht 50 slat within fifty yards
" B’fhéidir nach mbeadh an port céanna ag an Aire dá mbeadh sé beartaithe tuirbíní móra a thógáil i bhfoisceacht 50 slat dá theach féin i gCluain Dolcáin.
go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe particularly within the UN
" Iarrachtaí Idirnáisiúnta chun Cúrsaí Imirce is Forbartha a Chomhordú ======================= Mar thoradh ar iarrachtaí ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe, eagraíodh an chéad Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA i 2006 d’fhonn gnéithe ilchineálacha den imirce is an fhorbairt a chíoradh.
i líon áirithe focal within a certain amount of words
" Mar gheall ar struchtúr na nuachtán clóite, is éigean scéal a inse i líon áirithe focal, 400-500 focal go minic.
Faoi Pholl Cnaipe de within an ace of it
" Faoi Pholl Cnaipe de ======== Má shílimid go mbaineann an chontúirt eithneach le lár na haoise seo caite, áfach, tá dul amú orainn.
bancbhriste taobh istigh de bankrupt within
" Íoctar airgead aisteach leis na peileadóirí ach ní maith a théann sé dóibh go minic mar is cosúil go mbíonn 60% de na himreoirí peile bancbhriste taobh istigh de chúig bliana tar éis dóibh éirí as an imirt.
Taobh istigh within
" com) Taobh istigh d’eaglais St Lukes a bhí siad, i lár na cathrach.
laistigh den Aontas within the Union
" I gcás tíortha saibhre an Aontais Eorpaigh tá srianta suntasacha ar an údarás atá acu chun gluaiseacht daoine, earraí is capitil trasna teorainneacha laistigh den Aontas a rialú.
Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair men within a mile distant
" Tógann sí a guthán amach as póca a gúna, cuireann Tinder ar siúl agus athraíonn na socruithe: Fir laistigh d’aon mhíle amháin achair.
laistigh de mhí amháin within one month
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
taobh istigh den soláthar airgid within the financial constraints
" Ní raibh ach trí leathanach ins an mheamram a chuir Aire na Gaeltachta le chéile i mí Márta de na spriocóga a measadh a bheadh indéanta taobh istigh den soláthar airgid a bhí leagtha amach do na ranna éagsúla.
laistigh nó lasmuigh within or outside
" Níl breith agam féinig ar an easpa tuisceana ar chultúr atá le fáil sa phub, sa tacsaí, sa tsráid nó i ndorchlaí na cumhachta - laistigh nó lasmuigh d'Éirinn.
a chuir mé taobh istigh de which I planted within
" D’fhág sé sin mé le (A) gearrthóga a chuir mé taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is sé seachtaine nó breis sular chuir mé iad.
gach lá faoi cheann céad bliain every day within a hundred years
" Cé a chreidfeadh nuair a thuirling Alcock agus Brown ar an Chlochán sa bhliain 1919 go mbeidh 100,000 eitilt ar fud an domhain gach lá faoi cheann céad bliain (beagnach 37 milliúin eitilt in aghaidh na bliana ar a dtaistealaíonn thart ar 3 míle milliúin paisinéir).
taobh istigh de bhearta cosanta dhochta within strictly protected policies
" Thabharfadh an bille cead do lia-chleachtóirí leigheas a ordú agus/nó é a thabhairt d’othar ar leaba a bháis a chuideodh leis lámh a chur ina bhás féin, taobh istigh de bhearta cosanta dhochta.
taobh istigh within
" Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh.