Pota Focal Intergaelic
dóigh | do | D | dhó | dób | dól
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dlínse dlíodóir dlíthiúil dlúth dlúthdhiosca do do- dó dobharchú dobhareach dobhriathar dócha dochar dóchas dochloíte dochrach dochreidte docht dochtúir dochtúireacht dóchúil
♦
dó
MASCULINE NOUN
SEE ALSO: dhá
♦
two
♦
uimhir a dó
♦
number twelve
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
♦
dó
MASCULINE NOUN
♦
GENITIVE SINGULAR
♦
dó
♦
PLURAL
♦
dónna
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é dó an 362ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 4,130 focal.
Dó is the 362th most frequently used word in Irish. It occurs once in every 4,130 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
ba cheart dó bheith sa bhaile in áit bheith ag ól i dtithe tábhairne
♦
he should be at home instead of drinking in pubs
♦
ba chóir dó bheith sa bhaile in áit bheith ag ól i dtithe tábhairne
♦
he should be at home instead of drinking in pubs
♦
Cá mhéad a dó móide a trí?
♦
How much is two plus three?
♦
Seo an duine ar tugadh an t-airgead dó.
♦
This is the person to whom the money was given.
♦
Micheál is ainm dó.
♦
His name is Micheál.
♦
Tá mé i mo chónaí in uimhir a trí, Sráid Mhór, árasán a dó.
Diarmuid Ó Sé, Joseph Shiels: Teach Yourself Irish, Teach Yourself Books, 1998
♦
I live in number three, High Street, apartment two.
♦
Níl sé ach bloc nó dhó ón amharclann.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
It's only a block or two from the theater.
♦
Casaim amhrán nó dhó.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I sing a song or two.
♦
Tá sé sin imithe cheana féin, ach tá ceann eile ann ag ceathrú chun a dó dhéag.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
That one [a bus] has left already, but there is another one at 11.45.
♦
Tá a fhios agam gur ag a dó a chlog atá m'agallamh ar siúl.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I know that it is at two o'clock that my interview is to take place.
♦
Imeoidh sé ag a dó a chlog sa tráthnóna agus beidh sé i Nua-Eabhrac thart ar cheathrú tar éis a ceathair, am Nua-Eabhrac, ar ndóigh.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
It leaves at two o'clock in the afternoon and it will be in New York about a quarter past four, New York time, of course.
♦
Diúltaíodh faoi dhó é.
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
He was refused twice.
♦
An dtugann sí cabhair dó?
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Does she help him?
♦
Bíonn mo lón agam idir a haon agus a dó.
'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I have my lunch between one and two.
♦
Bím an-tuirseach tar éis na hoibre ach téim amach oíche nó dhó.
'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I'm very tired after work but I go out one or two nights.
♦
Tháinig sé aniar aduaidh uirthi! Ba ghránna an mhaise dó é.
♦
He surprised her! That was nasty of him.
♦
Gheall sí dó é – ní fhéadfadh sí dul siar air sin anois.
Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
She had promised it to him – she couldn't back out now.
♦
Caithfidh gur bhuail mé leo uair nó dhó, ó d'ith muid sna bialanna céanna.
'Beo!', beo.ie
♦
I must have met them once or twice because we ate in the same restaurants.
♦
Bhí a uncailí ag teagasc matamaitice dó.
'Beo!', beo.ie
♦
His uncles were teaching mathematics to him.
♦
De bharr na bhforbairtí seo bhí bosca uirlisí cumarsáide ag an saoránach a thug deis dó feidhmiú mar iriseoir ar bhonn domhanda agus ar bheagán costais.
'Beo!', beo.ie
♦
Because of these developments, the citizen now had a toolbox that gave him the chance to function as a journalist, globally and at little cost.
♦
Ar a dhul isteach go teach na scoile dó d'amharc sé go scaollmhar ar gach taobh de.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
Upon entering the schoolhouse he looked around him in panic.
♦
Tháinig sé fá fhad cainte dó.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
He got close enough to him to talk.
♦
Ach ní raibh cur suas aige dó.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
But he did not resist. He obliged a request even though he didn't want to.
♦
Níor chuala mé gadaíocht curtha síos dó riamh.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
I've never heard him being accused of stealing.
♦
Dar leis gur cheart dó glór a chinn a aithne.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
He thought he should recognize his voice.
♦
B'éigean dó luí ar phutóga folmha go maidin.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
He would have to go to sleep on an empty stomach.
♦
Tamall beag i ndiaidh a ghabháil ó sholas dó...
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
A little while after it got dark...
♦
tabhair breis ama dó
♦
give him more time
♦
tá buíochas ag dul dó
♦
he deserves thanks
♦
thug mé cead dó suí síos
♦
I gave him permission to sit down
♦
shiúil sí céim nó dhó
♦
she walked a step or two
♦
tá moladh ag dul dó as a fheabhas a d'oibrigh sé
♦
he deserves praise for how well he worked
♦
chuir sé ceist orm, ach níor thug mé freagra dó
♦
he asked me a question but I didn't answer him
♦
cé dó a bhfuil tú geallta?
♦
who are you engaged to?
♦
a dó móide a trí
♦
two plus three
♦
uimhir ochtó a dó
♦
number eighty two
♦
an duine ar tugadh an t-airgead dó
♦
the person to whom the money was given
♦
ar imeacht dó dúirt Fionn go mbeadh sé ar ais
♦
when he was leaving, Fionn said he would be back
♦
tar éis dó cónaí sa Ghearmáin ar feadh dhá bhliain, tháinig feabhas mór ar a chuid Gearmáinise
♦
after he had ben living in Germany for two years, his German improved a lot
♦
chuir siad a gcomhairlí i dteannta a chéile agus dúirt siad gurbh fhearr an duais a thabhairt dó
♦
they put their heads togerther and said that he should be given the prize
♦
thairg siad dó a chostais taistil a íoc
♦
they offered him to pay his travel costs
♦
uimhir a dó dhéag
♦
number twelve
♦
tá an t-agallamh ar siúl ar a dó a chlog
♦
the interview is at two o'clock
♦
dhíol na leaids an Mercedes dó
♦
the lads sold him the Mercedes