Pota Focal Intergaelic
mo | óm | aom | boo | com
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó chríochnaigh mé mo chéim since I finished my degree
" Cén ról atá agat féin in Feachtas agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú go lánaimseartha mar dhuine d’Oifigigh Forbartha Feachtas agus tá mé sa phost ó chríochnaigh mé mo chéim le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 2004.
ó mo thaithí féin from my own experience
" Ach ná téigh ann chun blaiseadh a fháil den Afraic, mar ó mo thaithí féin, tá áiteanna níos fearr ná an Namaib chun é sin a dhéanamh.
ó mo thuismitheoirí from my parents
" Fuair mé tacaíocht ó mo thuismitheoirí – ainneoin go raibh m’athair buartha go mbeadh sé an-dian slí bheatha a bhaint amach dom féin sa phéintéireacht.
ó mo thaithí féin from my own experience
" **Comaitéireacht **Anseo sa Tristate (ceantar Nua-Eabhrac), caitheann daoine ar an meán 38 nóiméad ag comaitéireacht gach lá agus, ó mo thaithí féin, geallaim duit go gcaitheann go leor i bhfad níos mó ama ná sin sa charr.
ar mo bhealach ó dheas on my way south
" Is dócha gur bhuail an smaoineamh mé den chéad uair nuair a stop mé i stáisiún seirbhíse gar do Lyon agus mé ar mo bhealach ó dheas.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin I’ve really polished up my Spanish in the meantime
" Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
Is é mo thaithí féin ann ó thús my own experience from the start is
" Is é mo thaithí féin ann ó thús, go bhfuil níos mó Gaeilge cloiste agam ó chuairteoirí ná mar atá agam ó na Éireannaigh.
Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair that’s a phrase of my granny’s
" Bhí mé ag scríobh faoi dhuine a bhí ag iarraidh dul go Meiriceá ar thóir saoil nua – agus ar ndóigh ag iarraidh a bhean a mhealladh anonn leis! Síleann sé go mbeidh sé ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann! Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair, a chaith blianta i Meiriceá.
Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann I’ll never ever cry over there
" Ní aithneoidh mise uaimse tír ná trá ann Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann i Meiriceá.
is iondúil ó mo thaithí féin it's usual from my own experience
" Tá scór bliain ann ó mhaígh an t-iar-Thaoiseach John Bruton go mbeifí ag rialú na tíre ‘trí phána gloine’ ach is iondúil ó mo thaithí féin go mbíonn na dallóga tarraingte ar an phróiseas chinnteoireachta.