♦
the beginning of the week
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
cad a rinne tú ag an deireadh seachtaine?
♦
what did you do at the weekend?
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
bhí seachtain amháin deas te, ach bhí an dara seachtain beagáinín fuar
♦
one week was nice and warm, but the second week was a little cold
♦
bhí mé ann ar feadh seachtaine
♦
beidh mé as baile go ceann seachtaine
♦
cad a rinne tú ag an deireadh seachtaine?
♦
what did you do at the weekend?
♦
chaith muid seachtain i nDún na nGall
♦
we spent a week in Donegal
♦
beidh cóisir againn an tseachtain seo chugainn
♦
we'll have a party next week
♦
lá éigin an tseachtain seo chugainn
♦
beidh an t-eagarthóir ag freastal ar chomhdháil sa Iodáil an tseachtain seo chugainn
♦
the editor will be attending a conference in Italy next week
♦
tá mé ag dul go Corcaigh go ceann seachtaine
♦
I am going to Cork for a week
♦
tá mé ag dul go dtí an Iodáil i gceann seachtaine
♦
I am going to Italy in a week
♦
seacht lá in aghaidh na seachtaine
♦
ní raibh mé anseo an tseachtain seo caite mar bhí mé tinn
♦
I wasn't here last week because I was ill
♦
Tá mé anseo le seachtain. Diarmuid Ó Sé, Joseph Shiels: Teach Yourself Irish, Teach Yourself Books, 1998
♦
I've been here for a week.
♦
Tá muid ar saoire agus ní bheidh muid ach trí seachtaine sa Spidéal. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
We are on vacation and we will be in An Spidéal for only three weeks.
♦
Ba mhaith liom teach a thógáil ar cíos ar feadh seachtaine i mí Aibreáin. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I would like to rent a house for a week in the month of April.
♦
Ina dhiaidh sin, is breá liom dul go dtí an phictiúrlann i nGaillimh uair sa tseachtain. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
After that, I love to go to the cinema in Galway once a week.
♦
Cén lá den tseachtain ab fhearr libh taisteal? Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
What day of the week would you prefer to travel?
♦
Agus beidh muid ag casadh sna tithe tábhairne Tír na nÓg agus Sláinte i Manhattan an deireadh seachtaine seo. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
And we will be playing in the Tír na nÓg and Sláinte pubs in Manhattan this weekend.
♦
Bhí seachtain gheal againn. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Bhí sé fíordheas cúpla seachtain a chaitheamh anseo, ach beidh mé sásta a bheith ar ais sa mbaile mar sin féin. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
It was really nice to spend a few weeks here, but I will be happy to be back home all the same.
♦
Tá cúpla teach tábhairne ann, agus bíonn seisiúin cheoil ar siúl ag an deireadh seachtaine. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
There are a couple of pubs there, and there are often music sessions on at the weekend.
♦
tá an scéal sna nuachtáin le seachtain
♦
the story has been in the newspapers for a week
♦
is é an Luan an lá is measa den tseachtain
♦
Monday is the worst day of the week
♦
an tseachtain seo chugainn
♦
Beidh an t-eagarthóir ag freastal ar chomhdháil san Iodáil an tseachtain seo chugainn.
♦
The editor will be attending a conference in Italy next week.
♦
Céard a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine de ghnáth? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
What do you usually do at the weekend?
♦
Inis dom faoin gcaitheamh aimsire a bhíonn agat ó cheann ceann na seachtaine. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Tell me about the pastimes you have from one end of the week to the other.
♦
Agus céard faoin gcuid eile den deireadh seachtaine? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
And what about the rest of the weekend?
♦
Dé Domhnaigh, bím ag obair - ag déanamh réidh don tseachtain úr. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Sundays, I work - getting ready for the new week.
♦
An dtéann Maria go Baile Átha Cliath gach deireadh seachtaine? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Does Maria go to Dublin every weekend?
♦
Céad euro an duine sa tseachtain. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
One hundred euro per person per week.
♦
Dhá chéad euro an duine sa tseachtain. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Two hundred euro per person per week.
♦
Téim chuig scannán uair sa tseachtain. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I go to a film once a week.
♦
Téim ar shiúlóidí fada de ghnáth ag an deireadh seachtaine; is breá liom bheith amuigh faoin aer. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I usually go for long walks at the weekend; I love being out in the open air.
♦
Go dtí an tseachtain seo chugainn, slán agus beannacht.
♦
Until next week, good-bye and God bless.
♦
Thit báisteach throm níos deireanaí an tseachtain sin agus tharla tuilte san áit.
♦
Heavy rain fell later that week and floods happened in the place.
♦
Tosaíonn sí ag obair ag 7.30 ar maidin agus críochnaíonn sí ag 11.00 istoíche seacht lá in aghaidh na seachtaine. 'Beo!', beo.ie
♦
She starts working at 7.30 in the morning and finishes at 11.00 at night seven days a week.
♦
Níor ceadaíodh ach correitilt sa tír go ceann seachtaine eile agus, ar ndóigh, ba bheag duine a bhí ag iarraidh eitilt ach oiread. 'Beo!', beo.ie
♦
For a whole week, flights were grounded in the country with only occasional exceptions and, of course, hardly anybody even wanted to fly.
♦
Ceithre seachtainí i ndiaidh na n-ionsaithe rinne fórsaí Mheiriceá ionruathar isteach san Afganastáin. 'Beo!', beo.ie
♦
Four weeks after the attacks American forces carried out an invasion i to Afghanistan.
♦
Anseo i Nua-Eabhrac bhí crith beag talún againn an tseachtain seo caite. 'Beo!', beo.ie
♦
Here in New York we had a small earthquake last week.
♦
Bhí an cás ina phríomhscéal ag na meáin fhadbhunaithe ar feadh breis is seachtaine. 'Beo!', beo.ie
♦
The affair was main news in the established media for over a week.
♦
beidh moill seachtaine ar an obair
♦
the work will be delayed by a week