Pota Focal Intergaelic
ba | bab | babe | bac | bake
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ba shaothar in aisce dom é I was wasting my time
" Bhaineas triail as fón póca ach toisc gur scriosadh roinnt aeróg agus de bhrí go raibh cúpla milliún eile ag iarraidh scairt a chur ar a muintir féin, ba shaothar in aisce dom é.
Dá mba thimpiste é had it been an accident
" Dá mba thimpiste é b'fhéidir go bhféadfaimis ciall de shórt éigin a bhaint as, ach níorbh ea.
Ba chúis iontais é it would be surprising
" Ba chúis iontais é ar ndóigh mura mbeadh rian éigin fágtha ar an teanga dhúchasach ag an tionchar sin.
ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici as if she they thought she had one foot in the grave
" Bhí achan duine ag cur a tuairisce ionas dá mba é an rud é gur shíl siad go raibh leathchois san uaigh aici.
ba mhisniúil é it was encouraging
" Bhí mé ar thuras taighde leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, in éindí le mo chomhghleacaithe ó réigiúin eile san Aontas Eorpach ina bhfuil mionteangacha á labhairt agus ba mhisniúil é treallús daoine eile a fheiceáil agus iad ag obair leo ar son a dteangacha féin.
Ba dhoiligh é a shamhlú it would be difficult to imagine
" Ba dhoiligh é a shamhlú cúpla bliain ó shin ach an mhí seo caite, 13 Lúnasa, bhuail Ardmhéara Sinn Féineach Bhéal Feirste, Alex Maskey, leis an Ulster Political Research Group, grúpa atá ceangailte leis an UDA.
dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach if they thought he was guilty
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
dá mba mhian leis é a fhorbairt if he wanted to develop it
" Thuig an Céideach taobh istigh d'am gearr go gcaithfeadh sé a chuid fuinnimh ar fad a chaitheamh leis an chomhlacht dá mba mhian leis é a fhorbairt.
Cheapas go mba mhaith an rud é I thought it would be a good thing
" Cheapas go mba mhaith an rud é tréimhse a chaitheamh sna Stáit Aontaithe.
dá mba rud é if it was the case
" Bhí iontas agus fearg orainn faoi seo mar go raibh a fhios againn go mbrisfí muidne as ár bpost dá mba rud é go raibh mí-iompar mór mar seo curtha inár leith.
ba cheart é sin a chur san áireamh that should be taken into consideration
" Tá cearta thar an gcoiteann ag an bpíb uilleann aitheantas a bheith aici mar uirlis cheoil náisiúnta na hÉireann agus ba cheart é sin a chur san áireamh nuair a bhíonn tacaíocht stáit á lorg.
Ba é an ceann sé nó seachrán acu sin a fuair duine one only got one of those occasionally
" Ba é an ceann sé nó seachrán acu sin a fuair duine agus ní raibh sé sona a scaoileadh uait, agus níor i measc na gcnónna eile ina phóca a choinnigh sé an cailín sin ach i gcúinne beag slán léi féin.
ba gheall le réalta popcheoil é he was like a popstar
" Ní raibh súil ar bith aige leis an ngradam, ach nuair a d'fhill sé abhaile i ndiaidh na hócáide (ní raibh an fhoireann fógartha roimh ré) ba gheall le réalta popcheoil é ina shráidbhaile féin, an tAbhallort, agus bhí ceiliúradh ag muintir an bhaile ar feadh seachtaine.
Ba é an easpa muiníne seo ba chionsiocair le Triail na nArm this lack of confidence was to blame for the Arms Trial
" Ba é an easpa muiníne seo ba chionsiocair le Triail na nArm agus an cruachás ina bhfaigheadh Ó hEochaidh é féin.
ba phointe imeachta é d’eisimircigh it was a departure point for emigrants
" Sa naoú haois déag, d’éirigh sé iontach tábhachtach ó thaobh thógáil bád de, chomh maith le trádáil, agus ba phointe imeachta é d’eisimircigh a bhí ar a mbealach go Meiriceá Thuaidh.
Ba shaothar in aisce é. I was wasting my time
" Ba shaothar in aisce é.
ba cheart é a chúiseamh he should be charged
" Is cinnte go bhfuil ceisteanna go leor le freagairt ag Connolly agus má tá dóthain fianaise ann gur bhris sé an dlí ba cheart é a chúiseamh.
ba bheag an tsócmhainn di é it didn't do her much good
" Cé go ndearna an cailín úr gáire beag leo agus gur chlaon sí a ceann ina dtreo ar dhóigh iontach gnaíúil, ba bheag an tsócmhainn di é.
dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm if such a policy were implemented
" Measann sé gur buille tubaisteach a bheadh ann don teanga dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.
ba dhúshlán an-mhór é di it was a big challenge for her
" ” Tá sí tar éis canadh agus seinm ar thrí albam de chuid Danú sna trí bliana atá caite aici sa ghrúpa ach ba dhúshlán an-mhór é di an dlúthdhiosca aonair seo a chur le chéile.
ba é a mian it was her wish
" Rinne Altmann an cás, a bhí á throid aici ar feadh roinnt blianta, nach raibh an dara rogha ag a huncail ach an bailiúchán a thabhairt ar lámh do na Naitsithe agus nach ceangal dleathach a bhí i dtiomna Adèle Bloch-Bauer (ba é a mian go bhfágfadh a fear céile na pictiúir le huacht ag muintir na hOstaire – rud nach ndearna).
Ba ghairid go ruaigfí as an tír ar fad é. It wouldn't be long before he'd be totally driven from the country.
" Ba ghairid go ruaigfí as an tír ar fad é.
ba dhrocham é it was a bad time
" ” B’in mí an Aibreáin 2002 agus ba dhrocham é le post a thógáil le Fianna Fáil.
Ba thragóid é, dar liom, dá dtarlódh sin. I think it would be a tragedy if that happened.
" Ba thragóid é, dar liom, dá dtarlódh sin.
Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi. It was worse than disappointment; she was depressed.
" Ba mheasa ná díomá é; bhí lionn dubh uirthi.
gurbh é ba mhian leis ina shaol that what he wanted in his life
" Bob Geldof (an príomhamhránaí) sásta a rá le Gay Byrne ar an “Late Late Show” gurbh é ba mhian leis ina shaol ná “to get rich, laid and famous”.
Ba dhealg san fheoil é sin don uachtarán, ámh. That was a thorn in the flesh for the president, however.
" Ba dhealg san fheoil é sin don uachtarán, ámh.
ba ghá é a it needed to be filled
" Ní corn mór a bhí ann agus dá bhrí sin ba ghá é a líonadh (le fuisce agus líomanáid dhearg) níos mó ná uair amháin.
ba chóir é a stopadh láithreach. it should be stopped immediately.
" Níl a fhios agam an bhfuil aon chruthúnas ann go bhfuil baill CLG ag ól níos mó beorach de bharr urraíocht comhlachta áirithe, ach má tá seans ar bith ann go bhfuil daoine óga faoi thionchar na fógraíochta agus a ghabhann leis, ba chóir é a stopadh láithreach.
ba náireach an radharc é it was a disgraceful scene
" Dar liom, ba náireach an radharc é imreoirí gailf a fheiceáil ag caitheamh siar seaimpéin agus beorach ag deireadh Chorn Ryder i gClub Chill Dara.
go mba mhasla é that it was an insult
" Bhí daoine ag rá go mba mhasla é do chuimhne Mhíchíl Uí Ógáin, duine d’fhoireann pheile Thiobraid Árann ar an lá úd fadó, agus na ndaoine eile a dhúnmharaigh arm na Breataine i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola i 1921.
Ba churiarracht é sin áit ar bith ar domhan, that would be a record anywhere in the world,
" Ba churiarracht é sin áit ar bith ar domhan, déarfainn, ach i gcás na hÉireann de is údar iontais é, ag cur san áireamh gur tír bheag le daonra beag í Éire.
Ba dhéantóir fidleacha é he was a fiddle maker
" Ba dhéantóir fidleacha é siúd agus bhíodh muid go minic ag tabhairt cuairte air agus ar a cheardlann.
Ba é an rud ba dheacra a rinne mise riamh. It was the most difficult thing I ever did.
" Ba é an rud ba dheacra a rinne mise riamh.
Ba thréimhse thorthúil é it was a fruitful period
" Ba thréimhse thorthúil é an t-earrach i mbliana don ealaín áitiúil anseo i Learpholl; bronnadh duais mhór ar an phéintéir Derek Culley, agus fuarthas an dea-scéala go mbeidh saothar an dealbhóra Anthony Gormley, Another Place, ag fanacht sa cheantar (féach alt Chiara Nic Gabhann san iris seo an mhí seo caite).
agus go mba chalafort trádála é i lár cuain and that it was a trading port in the middle of a harbour
" Is minic a dhéanann turasóirí dearmad gur oileán atá i Manhattan, croílár Nua-Eabhrac, agus go mba chalafort trádála é i lár cuain i bhfad sular tógadh na droichid agus tolláin a lig don chathair leathnú amach thar uisce go dtí an mhórthír (agus, go deimhin, go dtí oileáin eile sa chuan, mar a tharla le Staten Island).
An fáth go mba éacht chomh tábhachtach é The reason it was such an important achievement
" An fáth go mba éacht chomh tábhachtach é ná go bhfuil Pádraig ar an gcéad Éireannach le 60 bliain anuas a bhuaigh ceann de mhórchomórtais ghailf an domhain.
Ba é an mheancóg ba dhéanaí The most recent mistake was
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é. it was an important naval base.
" Ach is cuan mór nádúrtha den scoth é Caolas Chrombaidh, agus i rith na gcogaí domhanda, ba bhunáit thábhachtach cabhlaigh é.
ba é a stiúir na linnte it was he who ran the pools
" Ba é an tUasal Mac Góráin céad Bhainisteoir Gael Linn agus ba é a stiúir na linnte a chuir maoiniú ar fáil do raon tionscadal nuálach.
ba bhaile ar leith é it was a separate town
" Cé gur cuid de chathair Learphoill é Walton anois, ba bhaile ar leith é go dtí gur tháinig borradh mór faoin chathair sa 19ú haois.
Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit This was the period during which state universities were establised and grew
" Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta.
ba é seo an tréimhse ba dheacra it was the most difficult period
" An galar crúibe is béil ba chúis leis na cealuithe seo, agus dar le hIrial, ba é seo an tréimhse ba dheacra i saolré an chomhlachta.
ba cheart é a choinneáil faoi rún! it should be kept secret
" AÓF: Agus chas tú corramhrán freisin agus tú ansin! TC: Sin eolas rúnda agus ba cheart é a choinneáil faoi rún! Ní amhránaí mé ar chor ar bith, ach chan muid chomh maith agus muid ansin.
Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith the longest period that he was in a specific conflict zone
" Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith ná na blianta a chaith sé i mBéal Feirste, 1971 go 1978, agus tuairisciú á déanamh aige ar na Trioblóidí mar iriseoir de chuid RTÉ i dtosach, agus ní ba dhéanaí mar fhostaí de chuid an *Observer* agus NBC.
Ba é aidhm na comhdhála it was the aim of the conference
" Ba é aidhm na comhdhála seo ná aird an phobail a tharraingt ar an drochshlí a gcaitear le dídeanaithe ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís.
Ba chraoltóir ceannródaíoch é Kieran, Kieran was a pioneering broadcaster
" Ba chraoltóir ceannródaíoch é Kieran, a chaith beagnach ceithre bliana is fiche ag soláthar scoth na gcláracha don lucht féachana ó thuaidh.
Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, later when he was a manager
" Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, agus le linn dó a bheith tinn, bhí sé i gceannas ar an Rannóg Idirghníomhaíochta agus Foghlama, áit a raibh sé freagrach as na meáin úra, as cúrsaí oideachais agus as cúrsaí Gaeilge agus Albainis Uladh.
ba chúis bhróin é it was a cause of sadness
" Ach ba chúis bhróin é céad mhór-eachtra na bliana nuair a fuair David Ervine, ball den PUP a raibh ardmheas air, bás ar an 8 Eanáir.
Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe he was nationalists' favourite loyalist
" Ba é an dílseoir ab ansa le náisiúnaithe agus b'fhearr leis focal fada ná focal gearr, ach ba mhinic a léirigh Ervine an fhirinne lom agus moilleadóireacht ag dul ar aghaidh i measc a chomhghleacaithe sna páirtithe aontachtacha.
amhail is dá mba é an fíorshaol é. as if it were real life
" Bíonn na rannpháirtithe ag dul i mbun cúrsaí an tsaoil fhíorúil seo amhail is dá mba é an fíorshaol é.
gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe that the reason for the US's decision
" Táthar i mbun tuairimíochta gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe ceann dá satailítí féin a scrios ná go raibh siad ag iarraidh a chruthú go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh le satailít namhad, dá mba ghá.
Ba é an chonclúid ar thángthas uirthi the conclusion that was reached
" Ba é an chonclúid ar thángthas uirthi ag deireadh na tuarascála ná gur tharla a leithéid i gcás idir páiste amháin as triúr agus páiste amháin as deichniúr ón líon iomlán páistí Bundúchasacha a bhí sa tír idir 1910 agus 1970.
ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan one of the biggest things that were bad about it
" Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh.
ba dhíol spéise é, it was interesting
" Nach iontach an rud é an fhoilsitheoireacht deisce?! **Feachtas**Shíl mé go mbeadh stuif mar seo mealltach do dhaoine leochaileacha, agus ba dhíol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Office of Fair Trading (OFT) i Sasana den tuairim chéanna – chuir siad tús le feachtas nua dar teideal Scams Awareness Month i mí Feabhra.
Ba grianghrafadóir maith é He was a good photographer
" Ba grianghrafadóir maith é agus ghlac sé pictiúr díom féin ar bharr na hEargaile.
ba mhíbhuntáiste mór é dó but it was a big disadvantage for him
" Bhí Mick Hanly go hiontach sa ghrúpa ach ba mhíbhuntáiste mór é dó go raibh daoine ag teacht chuig na ceolchoirmeacha ag súil go mbeadh sé ag canadh mar a chan Christy.
ba é a spreag fir óga what inspired young men
" ” Ach cén ról atá ag an síceolaí spóirt? An bhfuil gá leis, dáiríre? Go traidisiúnta, ba é a spreag fir óga – agus mná óga chomh maith, seans – lena ndícheall a dhéanamh ná an grúpa lenar bhain siad: an teaghlach, an chomharsanacht, an paróiste, an club áitiúil, an scoil, an coláiste, an contae.
dá mba rud é gur shíl siad nach mbeadh tóir ar na halbaim if they thought that the albums would not be popular
" Ach is comhartha é sin go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis; ní bheadh na lipéid cheoil buartha faoi na cúrsaí sin dá mba rud é gur shíl siad nach mbeadh tóir ar na halbaim nó mórán airgid le déanamh astu.
gurbh é ba chúis that it was the reason
" Agus tá siad ann a shíleann gurbh é sin an fáth a bhfuair RPF tacaíocht ó na Stáit Aontaithe ón tús agus gurbh é ba chúis le drogall rialtas Clinton stop a chur leis an gcinedhíothú i Ruanda.
Ba mhór an trua é dá dtiocfadh sé faoi bhláth. it would be a great pity if it flowered
" Ba mhór an trua é dá dtiocfadh sé faoi bhláth.
amhail is dá mba radharc ó scannán é. as if it were a scene from a film
" Maolaíonn an stoirm agus muid ag teacht gar don uaigh amhail is dá mba radharc ó scannán é.
Ba é bá thábhachtaí lena teaghlach the most important thing to her family
" Ceart sóisialtaBa é bá thábhachtaí lena teaghlach, áfach, ná ceart sóisialta, cé nach n-úsáididís an téarma sin.
Ba sine den slabhra é it was a link in the chain
" Ba sine den slabhra é a tharraing i dtreo Chomhaontú Aoine an Chéasta sinn.
ní mar ba mhian léi é not as she wanted it to be
" Tá Tuaisceart an lae inniu tógtha ag Margaret Thatcher, ach ní mar ba mhian léi é.
Ba shuarach an mhaise é it ill became him
" Ba shuarach an mhaise é, áfach, stop a chur le forbairt ionad uathachais trasteorann, de cheal airgid.
mba dheacair é it was difficult
" Bhí canúint láidir Shasana ag Charlie, ach bhí gnéithe de chanúint Bhéarla Chiarraí measctha tríthi agus ba dhraíochtúil éisteacht leis ag déanamh cur síos ar eachtraí Micko, cé go mba dheacair é a thuiscint ar uairibh.
mba aisteach an gnó é it was a strange carry on
" Ag deasú sconsa nó rud éigin mar sin a bhí Mac Uí Dhuibhir nuair a thángamar air agus is cuimhin liom gur cheap mé ag an am go mba aisteach an gnó é ag peileadóir cáiliúil a bheith ag deasú sconsa.
Ba mhór an gar é thanks be to jazus
" Ba mhór an gar é seo di, nó bhí sí ar airgead mór ó Colgate, a bhí ag déanamh urraíochta uirthi.
Ba mhinic é tuartha it was often foretold
" Ba mhinic é tuartha; ba mhinic an bhagairt ann; ba mhinic é séanta; ach tá sé i ndiaidh tarlú faoi dheireadh.
ba thréimhse throscaidh é it was a time of fasting
" De réir an traidisiúin, ba thréimhse throscaidh é an tréimhse idir Lá Fhéile Mártan ar an 11 Samhain agus an Nollaig.
Ba mheasa i bhfad é it was much worse
"Ba mheasa i bhfad é, dar leis an Choimisiún, mar gur le comhaontú roinn rialtais de chuid na hÉireann a tugadh an chomhairle seo.
ba threise go mór é it was a lot stronger
" Cuimhnímis gur chinneadh rialtais a bhí sa Phlean Chaipitil úd agus ba threise go mór é ná moltaí na dréachtstraitéise.
ba é an dála céanna é it was just the same thing
" Dhein mé gearán agus ba é an dála céanna é an bhliain ina dhiaidh sin arís.
nárbh é an scian ba ghéire sa chistin not the sharpest
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
Ba tharrthálaí óg é he was a young lifeguard
" Ba tharrthálaí óg é agus bhí sé féitheogach, aclaí agus folláin.
ba chliste an áis é it was a smart aid
" Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh sé go bhfuil an QuickGuide seo a sé nó ocht n-oiread níos mó ná é tharla gur i gcruth fillte atá sé, rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas tú teacht ar réim áirithe eolais.
ba é an locht ba mhó the greatest fault
" Ach ba é an locht ba mhó a bhí air mar scéim Ghaeilge, gur thosaigh sé ródheireannach i saol an ghasúir, le go mbeadh tionchar aige ar chinneadh tuismitheoirí faoin teanga a labhrófaí sa mbaile leis na gasúir.
ba é a dtuairim they were of the opinion
" Údar Imní ===== De réir an *Independent Police Complaints Commission* (IPCC) ba údar imni dóibh nach raibh suim ag na póilíní eile san eachtra, ach ba é a dtuairim, nach raibh aon chur i gcéill ann.
Ba é an chúis the reason
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
ba é buaicphointe an lae it was the highpoint of the day
" Níl a fhios agam an bhfuil an fhoighne agam chun na scileanna go léir a fhoghlaim áfach mar ba é buaicphointe an lae, facthas dom, ná an tseacláid te a fháil sa bheár!
nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín it wasn’t his greatest concern
" " An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil? =============== Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt sé gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh sé choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.
ba é a shantaigh what he desired
" Agus ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe d’Edna an Taoiseach Tréan ach a ghabháil ann agus an cleas seo a fháil dó féin agus do thír na hÉireann; nó ba é a shantaigh Edna ní ba mhó ná rud ar bith eile ar an domhan ná tírín beag iathghlas seo na hÉireann a bheith arís mar eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta don chuid eile den Domhan Thoir, mar a bhí faoi cheannas a dheargnamhad Bertie Borrach Bearránach.
ba chor tábhachtach é sin that was a decisive moment
" Níor tuigeadh go forleathan ag an am, ach ba chor tábhachtach é sin i stair mhaoiniú na scoileanna abhus.
Ba mhór an gaisce é sin that was a feat
ba é cion oibre it was the task
" agus ba é cion oibre Naomh Pádraig ná iad a eagrú.
Ba é ba mhó ba chúis le the biggest cause of
" Ba é ba mhó ba chúis le líon beag na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoin gcéad dá scéim ná na coinníollacha cáilitheachta agus a dheacra a bhí sé iad a chomhlíonadh.
ba é an sprioc a bhí againn the aim we had
" Ó bhog muid isteach anseo, ba é an sprioc a bhí againn ná 20 rang agus 400 dalta ach i mbliana tá muid chun tosaigh air sin ag mealladh suas le 450 duine.
Dá mba rud é gur dhiúltaíomar were we to refuse
" Dá mba rud é gur dhiúltaíomar, mar Gaeilgeoirí, dul faoi agallamh nó páirt a thógáil i gclár ar bith a dhéantar do TG4, mura mbeadh Gaeilge á húsáid agus an clár á dhéanamh, is gearr go bhfeicfí athraithe sa dearcadh i measc na gcomhlachtaí léiriúcháin.
amhail is go mba leithscéal é sin as if that was a (plausible) excuse
" Mar mhíniú dúradh liom go raibh na foirmeacha céanna á úsáid ar an gclár ‘Féilte’, amhail is go mba leithscéal é sin.
dúras leí go mba é an trua I told her it was a pity
" Thuig mé go maith nach í an tuairisceoir ba chúis leis an iompar náireach seo agus dúras leí go mba é an trua nár cuireadh ceamradóir le Gaeilge amach in éindí leí chun an scéal a thaifeadadh.
Ba é cáil shíoraí a phriomhchuspóir his primary aim was lasting fame
" Ba é cáil shíoraí a phriomhchuspóir, ach an cháil chéanna a bheith tuillte tar éis dó éacht éigin uilíoch a chur i gcrích.
ba é ba mhó a d’fhág a lorg ar he more than anyone left his mark
" Thar aon duine eile dá chomhghleacaithe peile ba é ba mhó a d’fhág a lorg ar shaol an phobail ar díobh é.
níorbh é sin an eachtra ba mheasa that wasn’t the worst incident
" Ach ar ndóigh, níorbh é sin an eachtra ba mheasa de na scliúchais a tháinig mar thoradh ar chinneadh Chomhairle Chathair Bhéal Feirste gan bratach na Breataine a bheith ar crochadh ar Halla na Cathrach ach ar laethanta réamhcheaptha.
Ba é téama na léachta the theme of the lecture was
" Ba é téama na léachta an Euro agus Geilleagar na hÉireann agus na Gaeltachta ach go háirithe.
ba é aidhm na cairte the purpose of the charter
" Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
Ba nuálaí oideachais é an Piarsach Pearse was an innovator in education
" Ba nuálaí oideachais é an Piarsach, d'aithin sé an t-idirdhealú idir oideachas cuimsitheach agus an scolaíocht thraidisiúnta a bhain leis an gcóras impiriúil.
Ba chéim ollmhór chun cinn é sin that would be a great advance
" Ba chéim ollmhór chun cinn é sin don ghluaiseacht Aerach, agus ba bhuille mór é dóibh siúd (lucht creidimh a bhformhór) a chreideann gur comhcheangal idir fir agus mná amháin é an pósadh.
ba bhuille mór é dóibh siúd it’d be massive blow to those
" Ba chéim ollmhór chun cinn é sin don ghluaiseacht Aerach, agus ba bhuille mór é dóibh siúd (lucht creidimh a bhformhór) a chreideann gur comhcheangal idir fir agus mná amháin é an pósadh.
Ba bhuaicphointe é san fhéilire sóisialta a high point on the social calendar
" Ba bhuaicphointe é san fhéilire sóisialta cuireadh a fháil chuig fáiltiú nó chuig tionól ina raibh Murphy ag canadh.