Bhí briseadh idirsheimeastar againn anseo in Auckland, agus thapaigh mé an deis chun filleadh ar an Eoraip le freastal ar dhá bhainis de chuid mo mhuintire.
Níl an bhainis seo luaite i leabhar Belchem, cé go bhfuair sí a lán poiblíochta nuair a nocht Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht cuimhneachán i Meán Fómhair 1993 san eaglais inar phós siad.