Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? what prompts you to write?
" AÓF: Cumann tú amhráin freisin, nach gcumann? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? DNíS: Is cumadóir mé ceart go leor.
céard ba ghá a dhéanamh what had to be done
" Agus é ina sheasamh ar 18ú tí don bhabhta deiridh, chuir sé ceist ar a ghiolla faoin staid ina raibh sé agus céard ba ghá a dhéanamh.
céard a d'fhéadfaí a dhéanamh what could be done
" Is iarracht a bhí ann taighde agus forbairt a spreagadh agus a thaispeáint céard a d'fhéadfaí a dhéanamh le carranna gréine.
céard a mhúscail do spéis what awoke your interest
" Antaine Ó Faracháin: A Terry, céard a mhúscail do spéis sa cheol ar an gcéad dul síos, nó cén chaoi ar thosaigh tú? Terry Moylan: Ba hiad na hamhráin i dtosach ba chúis leis.
céard a thitfeadh amach what would happen
" Ach céard a thitfeadh amach dá dtarlódh athrú tobann, thar deich mbliana? Sin an cheist a chuir *éminence grise *an Pentagon, Andrew Marshall, fear a bhí i gcroílár na pleanála míleata san áit ar feadh breis is 30 bliain.
céard a dhéanfaimis what would we do
" Uaireanta bím rud beag cráite ag an smaoineamh nach bhfuil ar siúl agam ach spraoi - ach caithfear an cheist a chur: céard a dhéanfaimis gan an ealaín? Muide an t-aon ainmhí amháin a chruthaíonn rudaí ar mhaithe le háilleacht.
Céard a chriog iad? What hit them?
céard a tharlóidh what will happen
" Athraíonn an clár féin ar bhealach nádúrtha, agus is dócha go mbíonn daoine ag breathnú air go bhfeicfidh siad céard a tharlóidh an tseachtain seo.
céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca what we wanted on the CD
" Is dócha gur thóg sé tamall orainn “fuaim” Líadan a aimsiú ar dtús ach faoin am a thosaigh muid ag taifeadadh bhí a fhios againn céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca.
Ní raibh a fhios agam beo céard a bhí romham. I had no idea what awaited me.
Céard a thugann orthu bogadh? What makes them move?
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta? what inspired him to become involved in entrepreneurship?
" Bhí sé sna daichidí faoin am sin – céard a spreag é le dul i mbun fiontraíochta? “Fuair mé an fhéinmhuinín a bhí de dhíth le gnó a thosú go neamhspleách ó bheith ag obair le Seán.
céard a tharlóidh what will happen
" Agus cá bhfios céard a tharlóidh nuair a chúlóidh Meiriceá, agus anois glacann gach polaiteoir, nach mór, leis an tuairim nach mbeidh an dara rogha acu, luath ná mall, ach cúlú.
tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, it is difficult to estimate what they played really,
" 138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, ach amháin go raibh rialacha i gceist.
céard a bhí romham what was in front of me
" Níor thuigeas céard a bhí romham go dtí gur tháinig an sliotar inár dtreo den chéad uair.
céard a bhí mar aidhm aige, what was his aim,
" Ach ní dóigh liom go raibh sé ríshoiléir dó féin céard a bhí mar aidhm aige, nó céard a theastaigh uaidh a bhaint amach.
céard a chuirfear ina áit. what will be put in its place
" Sula bhfágfaimid na lipéid cheirníní, áfach, caithfimid smaoineamh ar an mbéim a chuir na cinn ab fhearr ar an bpróiseas taifeadta, agus ceist a chur céard a chuirfear ina áit.
céard a bhí i ndán di what was ahead of her
" Bhí sí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus ní raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa.
Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: who knows what will emerge
" Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfidh daoine áirithe rompu an teanga a fhoghlaim de thoradh iad a bheith spreagtha ag an tsraith.
Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: but who knows what will emerge
"Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d'fhéadfadh sé tarlú go mbuafadh Hansard deilbhín órga eile ag an Kodak Theatre amach anseo.
is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais it doesn't matter what else come to light
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
Céard a tharla sa saol what occasioned
" **SMM: Céard a tharla sa saol gur bhog tú go hÉirinn?** SÓD: Nuair a bhí mé teacht abhaile go Meiriceá, stop mé isteach ag mo mhuintir in Árainn.
céard a dhéanfas muinn feasta gan adhmad song reference
" Tá an saibhreas fós sa nGaeltacht, ach ‘céard a dhéanfas muinn feasta gan adhmad’? – is é sin, gan an t-aos óg, má thréigeann siad an Ghaeilge.
céard a thiomáin thú what drove you
" Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?** RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile.
céard a bhí tarlaithe what had happened
" Ach, tar éis machnamh a dhéanamh ar an scéal, bhí sé soiléir céard a bhí tarlaithe.
a léireoidh céard which shall demonstrate
" **Samplaí** Tabharfaidh mé trí shampla a léireoidh céard tá i gceist agam.
céard a chiallódh sin what that would mean
" Tá a fhios agam go maith céard a chiallódh sin ó thaobh iompar teanga dhó agus caithfear cur ina aghaidh go tréan.
céard go díreach a chiallaíonn sé sin what exactly does that mean
" Má tá creidmheas ag dul d’fhoireann nó d’imreoir nó don réiteoir, céard go díreach a chiallaíonn sé sin? An é go bhfuil cineál liúntais tuillte ag tosaí mar shampla ó na coimisinéirí ioncaim toisc gur imir sé an-mhaith ar fad nó de bharr cúilín breá a aimsiú? B’fhéidir go mb’fhearr moladh mór a thabhairt dóibh – níl impleachtaí cánach ag baint leis sin.
céard fúthu siúd a mhealladh what about winning them over
" Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?** TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
céard a thitfeas amach what shall happen
" Ag an am sin, ní raibh aithne agam ach ar bheirt nó triúir eile a raibh seoladh r-phoist mar shampla! Is mór an trua nach mbeidh Banks linn don chéad fiche bliain eile go bhfeicfimid go léir in éineacht céard a thitfeas amach.
Céard a tharlófas what'll happen
" Céard a tharlófas anois meas tú? I bhfianaise an easaontais agus an smachtú a tharla i bhFine Gael, an mbeidh an bhris le tabhairt isteach ag páirtithe an rialtais amach anseo?** RM: Creidim go mbeidh an rialtas thiar leis ach ní fios go fóilleach céard go díreach a thiocfas as seo.
céard a thiocfas as an reachtaíocht seo what'll come from this legislation
" An chéad cheist a chuireann buaireamh orm, ná céard a thiocfas as an reachtaíocht seo? Tá sé deacair a thomhas cén dochar atá déanta.
Céard a déarfadh an fear aniar what would an ordinary guy say
" (Céard a déarfadh an fear aniar ach 'diabhal ar mhiste liom'.
nó tuar céard a tharlóidh nor foretell what can happen
" Is é sin go dtarlóidh an líon sin forbairtí teicneolaíochta, idir ríomhaireachta agus bithleighis, nach féidir tuiscint nó tuar céard a tharlóidh don chine daonna ina dhiaidh.
céard a d'éirigh den bhád what happened to the boat
" Agus sin í ansin a thug scéal abhaile, céard a d'éirigh den bhád ó thús deireadh agus tosaí.
Céard a dhéanfadh mac an chait it’s in the nature of the beast
" Céard a dhéanfadh mac an chait…”

 Ní hiontas mar sin é go ndearna Muireann staidéar ar an teanga ar an ollscoil Bhain sí céim sa Léann Ceilteach amach in OÉ Gaillimh áit ar thaithnigh an éagsúlacht mhór léi, an Ghaeilge, idir Shean-, Mheán- agus Nua-Ghaeilge, stair, seandálaíocht, teangacha Ceilteacha, Béarla na hÉireann agus bhí sí an-pháirteach sna cumainn Ghaelacha fosta, agus sheas an caidreamh agus cairdeas a bhain leo sin léi i gcónaí.
céard a spreag thusa what incited you
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.
céard a bhí ann féin an chéad iarraidh what it was at first
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.
céard a bheas ag titim amach what will be happening
" San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.