Pota Focal Intergaelic
ara | calra | camra | caora | car
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cara cáinteach critical friend
" Is "cara cáinteach" den cheannaire é anois, duine a bhíonn ag tabhairt amach go rialta sna meáin chumarsáide faoin treo a bhfuil an páirtí ag dul sa lá atá inniu ann.
ag stocaireacht dí ar a cairde cadging drinks off her friends
" Is gnách gur ag stocaireacht dí ar a cairde a bíos sí.
ag stocaireacht dí ar a cairde cadging drinks off her friends
" Is gnách gur ag stocaireacht dí ar a cairde a bíos sí.
an líon mór cairde the great number of friends
" Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
seanghréasán na gcarad old pals network
" Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, ní mór dúinn saol poiblí a chruthú ina dtugtar tús áite don smaoineamh cruthaitheach seachas seanghréasán na gcarad.
ní féidir é a roinnt le do chairde you can't share it with your friends
" Ní féidir leat an ceol a sheinm ach ar thrí ríomhaire éagsúla (mar sin ní féidir é a roinnt le do chairde), agus ní féidir leat albaim phearsanta de do chuid féin a chur ar dhlúthdhiosca ach deich n-uaire.
cairde rachmasacha wealthy friends
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
cara thar chairde ab ea Barra Barra was a friend above friends
" Mar cara thar chairde ab ea Barra agus Gael thar Ghaeil.
cairde dílse loyal friends
" Bhí spiorad na ndaoine a chuaigh romham i gcónaí mar sholas in aice liom; bhí cantaireacht m'fhear céile, Len Graham, "Sure, you're nearly there", i gcónaí i mo chluasa agus bhí cairde dílse agam - leithéidí Dhónaill Mhic Dhónaill - fear mór eolaíochta as Coláiste na Tríonóide; Diarmaid Ó Doibhlin as Ollscoil Uladh agus Antain Mag Shamhráin, seanchara atá anois sa Ghúm - bhí siadsan iontach dílis don obair a bhí idir lámha agam.
neart cairde plenty of friends
" Cé go mbíodh sé leis féin, bhí neart cairde ina thimpeall, mar bhí aithne ag gach duine air agus ní bhíodh sé gan chomhluadar.
mo chuid cairde mar dhea my supposed friends
" oops! fia!" arsa Ian, "Agus b'fhearr liom tusa ag cur agallaimh orm, a Bhalor, ná roinnt de mo chuid cairde mar dhea, ó dheas, ar nós lucht lite tóna sin an *Irish Dependent*, nó Kevin Myarse ón Irishman's Dairy sa *Times*.
ar thús an tslua ag déanamh cairde first in the queue to make (new) friends
" Thit a croí nó bhí sí faiteach agus ní raibh sí ariamh ar thús an tslua ag déanamh cairde.
Cumann na gCairde The Quakers
" Bhain muintir Bewley le Cumann na gCairde agus bhí clú agus meas orthu mar theaghlach a thug tacaíocht go fial do na bochta.
gortaíodh cara leis go dona a friend of his was seriously injured
" Mar atá a fhios ag an tsaol mhór anois, maraíodh Bert McCartney (33) (agus gortaíodh cara leis go dona) ar an 30 Eanáir i ndiaidh scliúchais a tharla idir é féin agus baill de chuid an IRA i dteach tábhairne i lár Bhéal Feirste.
a chairde béalfhliucha his wet-mouthed friends
" Chroch Bertie suas a threabhsar agus a mhisneach, d’fhág slán ag a chairde béalfhliucha i dTigh Fagan’s, agus as go brách leis siar an bealach.
cairde gaoil friends
" Má bhíonn garrán ológ agat, téann do theaghlach iomlán amach leis na torthaí a phiocadh, agus na cairde gaoil uilig freisin.
An cara is dlúithe the closest friend
" An cara is dlúithe atá agam, Suzanne Breen anseo i mBéal Feirste, feicimse an t-ualach oibre a dhéanann sise chun scéal a aimsiú, an obair a chuireann sí isteach.
Cairde bréige false friends
" Cairde bréige iad an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, dar ndóigh.
ar cairde on credit
" Thig le hathruithe i gcúinsí pearsanta duine a chuid caiteachais a chur bun os cionn agus tá sé rífhurasta airgead a fháil ar cairde, bíodh sé ó na hinstitiúidí airgeadais nó ó iasachtóirí neamhscrupallacha na cúlsráide.
ónar gcairde from our friends
" Beidh le feiceáil cé acu a bhfuil an bua sin sna páirtithe polaitíochta ó thuaidh ach tá go leor le foghlaim againn ónar gcairde in Albain.
óna chara charthanach chomhbhách from his charitable and sympathetic friend
" Chuir an priompallán sin Éamonn Ó Doornail, *an t-eagarthóir*, mar a thugann sé air féin, chuir sé mé ar fionraí as siocair gur shíl sé nach dtiocfadh le *<ainm ag an eagarthóir>* cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara charthanach chomhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
ár gcairde dílse our loyal friends
" *Londonderry* a thugann ár gcairde dílse ar an áit, agus iad ag iarraidh a bheith dílis do na daoine nach bhfuil ag iarraidh a bheith dílis dóibh, ach atá ag iarraidh na dílseoirí dílse a fhágáil sa chac.
dá gcairde. for their friends.
" Dealraíonn sé, mar shampla, nach mbíonn ach an tsiocair ó dhaoine anseo le bláthanna a cheannach dá gcairde.
dá gcairde mná for their female friends
" Ar ndóigh, faigheann mná bláthanna ó fhir ach ceannaíonn mná bláthanna dá gcairde mná chomh maith.
i dteannta mo chairde in the company of my friends
" Ach i ndiaidh dúinn bheith tagtha abhaile go dtí ár dteach féin, chuaigh mé i dteannta mo chairde go dtí reilig ár mbaile chun iontas a dhéanamh de na coinnle go léir ag lonrú dhorchadas na hoíche.
gaolta nó cairde thar lear relatives or friends abroad
" Chomh maith leis sin, tá gaolta nó cairde thar lear ag go leor acu cheana féin.
airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta they miss their friends and relatives
" Ar ndóigh tá siad i bhfad ó bhaile agus airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta agus tá a fhios acu nach féidir a bheith san Eoraip faoi cheann uair a chloig.
Crothnóidh a chlann agus a chairde é his family and friends will miss him
" Crothnóidh a chlann agus a chairde é ach mairfidh sé ina chuid oibre.
a chairde cnis his bosom buddies
" Agus, a Bhaloir a chroí, éist leis seo: ní raibh caill ar bith ar na himreoirí ach oiread! Ach, a Bhaloir, nuair a smaoiním ar Bhertie agus ar a chairde cnis ina seasamh ansin roimh an chluiche ar Ardán Uí Ógáin.
i ndiaidh Chogadh na gCarad after the Civil War
" Leoga, b’fhéidir gur mó an deighilt a bhí idir Éireannaigh sna deich mbliana i ndiaidh Chogadh na gCarad ná mar atá inniu.
de réir cara óna óige, according to a friend from his youth
" Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige, bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
ar nós chara na mbunmhúinteoirí like the friend of the primary school teachers
" Cluintear caoineachán ciamhair i dteach gach aon Ghaeil ar son fhear na Gaeilge Gaelaí a bhí ag iarraidh bheith ina sheanadóir ar nós chara na mbunmhúinteoirí Joe Soap Ó Toole agus chara na siopadóirí Fergal Beag Ó Superquinn.
suaitheantas mo charad my friend's badge
" Sin ráite, bhí mé féin ag siúl síos Bóthar Grosvenor le cara Protastúnach de mo chuid agus mé cúig bliana déag nuair a chruinnigh scaifte thart orainn i ndiaidh iad suaitheantas mo charad – a bhain le foireann cruicéid a scoile! – a fheiceáil agus tugadh gríosáil domsa as siocair mé a bheith i mo Phrotastúnach, mar dhea.
dá chairde for his friends
" Nó sin a chloisim ó chairde mar gur mó an taithí atá agam ar Éireannaigh um an dtaca seo agus tuigim sa chás sin go mbíonn an caidreamh níos réchúisí; bíonn am ag an mbuachaill dá chairde agus déanann an cailín roinnt aimsire a mheilt i dteannta a cairde chomh maith.
coincheap na buíne cairde concept of the gang of friends
" “Is é mana na lads ná ‘all for one, one for all’, agus bhí coincheap na buíne cairde an-tábhachtach sa scéal ach bhí sé millteach fosta – ní dhearna an bhuíon aon dul chun cinn ina saol.
ar chothrom lae bhás a charad, on the anniversary of his friend's death,
" Deirtear gur cara de chuid Smith, a bhí ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar chothrom lae bhás a charad, a mharaigh Rhys Jones de thaisme.
cara dá chuid a friend of his
" Stopann cara dá chuid a charr in aice leis.
mar scaradh na gcarad as the parting of friends
" D’fhág sé an *Times* anuraidh – i gcúinsí nach bhféadfaí cur síos orthu mar scaradh na gcarad – agus tá sé anois ag scríobh don *Irish Independent*.
na cairde singile the single friends
" Ansin thosaigh mo chairde ar fad ag pósadh agus bhí páistí acu agus an chuid is mó de na cairde singile a bhí agam, bhí cónaí orthu i mBaile Átha Cliath.
tuairimí aisteacha a charad the strange opinions of his friend
" Is cosúil nár cháin an Dalaí Láma tuairimí aisteacha a charad riamh.
i measc cairde amongst friends
" Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann ann – gan trácht ar dhiabhlaíocht! Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus ní iarrfadh sé aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.
cairde cumhachtacha powrful friends
" cairde cumhachtachaAch, ar ndóigh, bhí cairde cumhachtacha ag Strong.
Dála a chara the same as his friend
" Dála a chara Bernhard agus cheannairí eile CFD, tá dúil mhór ag Diúc Dhún Éideann i seilg ainmhithe móra – tíogair, eilifintí, agus araile; na hainmhithe sin uilig ba chóir dóibh a bheith ag caomhnú.
Aithnítear cara i gcruatan a friend in need is a friend indeed
" Aithnítear cara i gcruatan Tá fianaise eile ann áfach, a léiríonn go gcomhoibríonn pobail áirithe lena chéile nuair a bhuaileann géarchéim mhór iad.
i bhfochair cairde in the company of friends
" Ba bhealach iontach é le cúpla uair an chloig a mheilt tráthnóna fuar, fliuch i lár an gheimhridh i bhfochair cairde.
chairde friends
" Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
cairde of friends
" Bhí cuid mhaith de mo chuid cairde ar Bhebo, Myspace agus ar a leithéid le tamall, agus bhí brú dochreidthe orm próifíl a chur suas ar cheann acu.
cairde friends
" Tá ana-chuid cairde déanta anso agam.
cairde friends
" Cuireann na hoícheanta fada ag machnamh mé ar na rudaí is tábhachtaí liom: dáimh muintire is cairde.
Chogadh na gCarad Civil War
" Ba shin Cathlán na nGaibhlte agus bhí cuimhne láidir go maith agus bhíodh plé go fóill faoi Chogadh na nDubhchrónach agus faoi Chogadh na gCarad.
chara carad a friend of a friend
" Tá cluinte agam faoi chara carad de mo chuid a thiomáineann bus agus a chlaonann a anam le hobair lá Sabóide anois is arís.
cairde a chothú to organize friends
" Má bhí sé mar phunann acu cairde a chothú i rialtas Mheiriceá, níor éirigh leo.
cara as Críost godfather
" Nuair a rugadh Úna Ó Callanáin, b’í baintreach Austin Stack a bhí ina cara as Críost aici.
Chogadh na gCarad the Civil War
" Ar an drochuair, cailleadh go leor de na seanchuntais Éireannacha nuair a cuireadh na ceithre cúirteanna trí thine le linn Chogadh na gCarad.
cara mór sa chúirt a great ally on the inside
" ”* Ar an taobh eile den Teach, tá cara mór sa chúirt ag Netanyahu chomh maith.
gcairde friends
" Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanrá, ach céard a dhéanann ár gcairde i ríocht na n-ainmhithe is na n-éan sa drochshíon? Tá ceithre rogha acu: - A) Caithfidh siad dul i dtaithí ar na cúinsí agus iad féin a ‘oiriúnú chun maireachtála; nó - B) Rachaidh siad ar imirce; nó - C) Titfidh codladh an gheimhridh orthu, faoi thalamh go hiondúil, go dtí go mbogfaidh an aimsir ar ball; nó - D) Siocadh síos faoi uisce sa phuiteach nó ina leithéid.
mo charad my friend’s
" Chuaigh mé amach maidin amháin le deartháir mo charad agus é ag baint oisrí.
i measc cairde amongst friends
" Tá a fhios ag Rialtas Shasana go bhfuil a lán daoine de bhunadh Éireannach ar Mersyside agus go bhfuil a lán dífhostaíochta anseo fosta agus tá siad breá sásta iad a earcú sna *Irish Guards*, áit a mbeidh siad ‘i measc cairde’, de réir na bolscaireachta.
cairde friends
" Is ionann sin agus ceithre mhilliún duine a mhothaíonn scoite amach ón gcuid eile den phobal nó ina n-aonar, nach mbíonn ach fíorbheagán caidrimh acu le daoine muinteartha leo, le comhghleacaithe oibre, le cairde nó le comharsana.
scaradh na gcarad separation of friends
" Is léiriú é an scéal seo ar cheann de na gnéithe míthaitneamhacha, díomácha a bhaineann le spórt ag gach leibhéal agus is é sin scaradh na gcarad nó an t-easaontas a tharlaíonn rómhinic idir dhaoine a bhí tráth den saol ina ndlúthchairde.
gcarr mo charad my friend’s car
" Thrasnaigh mé an droichead i gcarr mo charad ar an bhealach ar ais, tar éis lá spéisiúil de bhlaiseadh na staire.
cairde Meiricéanacha na Fraince France's American friends
" Nuair a foilsíodh tuairisc John Marshall ar an gcuairt, áfach, nochtadh cairde Meiricéanacha na Fraince mar ghníomhairí thír eachtrannach shotalach, agus bualadh páirtí Thomas Jefferson go dona sa toghchán i 1798.
cairde of friends
" Tá cuid mhaith cairde aici ach, ar an drochuair, tá rud amháin faoi Chiara nach maith le duine ar bith… tá sí iontach cainteach! Ansin cuireann sí aithne ar Laura agus cloiseann sí teanga nach bhfuil sí in ann aon rud a rá inti… go fóill beag! 'Bronntanais agus Féiríní Eile': ============= Imíonn Ben le gaoth agus é ag spraoi lena bhronntanas breithe.
cairde dá gcuid their friends
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
gcairde míchlúiteacha infamous friends
" ”* Is Bách Lucht Aon Cheirde =============== I measc na gcairde míchlúiteacha atá ag Soros, tá Mikhail Khodorkovsky, iarcheannasaí Ola Yukos, a raibh sócmhainní arbh fhiú níos mó ná $30 billiún carntha aige ag aois 32 sa ‘phríobháidiú’ iarshóivéadach de mhaoin faoi úinéireacht an stáit i gceantanna rigeáilte.
aimsir chogadh na gcarad the civil war era
" Nuair a theip go holc ar Fhine Gael sa bhliain 2002, shíl daoine go leor go raibh deireadh ag teacht leis an pholaitíocht a bhí bunaithe ar an deighilt a mhair ó aimsir chogadh na gcarad.
cairde friends
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
chairde friends
" Do mo chairde agus do mo mhuintir go léir in Éirinn, tá cónaí orm in Sopranoland, ó tá cónaí orainn i Nua-Gheirsí.
cairde friends
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
a chara its friend
" Tá níos mó rónta glasa ná rónta beaga againn anseo, agus is dócha mar thoradh ar sin, go bhfeicfimid an rón glas níos minice sa tearmann ná mar a fheicimid a chara an rón beag.
chairde friends
" Ní Dominique Strass-Kahn atá mar ábhar na ngearán seo – nó tá seisean ag stopadh in áit nach bhfuil chomh galánta céanna – ach Richard Brutal agus a chairde sa Rialtas atá ag iarraidh an cúpla €uro sa bhreis a fhaigheann na glantóirí as a bheith ag obair ar an Domhnach a bhaint díobh.
Chogadh na gCarad the Civil War
" Bhí aithne ag na seanóglaigh as Learpholl ar a chéile, agus ar na seanóglaigh eile a bhog anseo as Éirinn tar éis Chogadh na gCarad agus leithcheal an dá stát orthu ina dhiaidh sin.
cairde taibhriúla dream friends
" “Na grúpaí cairde taibhriúla” a thugann Balor an Bligeard ar na daoine seo.
Chogadh na gCarad the Civil War
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
gan mhórán cairde few friends
" Níl mórán firinne in íomhá thraidisiúnta den imreoir cluichí ríomhaire: déagóir fireann le cluasáin air, gan mhórán cairde taobh amuigh de shaol an chluiche.
charad friend
" Leis an eolas sin, fuair mé kayak amach ar cíos agus thug mé aghaidh ar an sráidbhaile beag ar thaobh eile an oileáin, ag lorg mo charad nua.
Chogadh na gCarad the civil war
" Do thagair Lincoln do Salmanna 19:9 agus 42:2 ina aitheasc féin agus téamaí na carthanachta, na freagrachta agus na faoistine á míniú aige tar éis Chogadh na gCarad.
cabhair roinnt cairde the help of some friends
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
mo chara nua le nós cniotála uafásach my newly acquired friend of the wool knitting addiction
" Rinneamar roinnt stangaireachta, shocraíomar ar luach agus gan aon ní seachas mo sheoladh r-phoist, sheol mo chara nua le nós cniotála uafásach $45 chugam trí *PayPal*.
cronaím mo chairde I miss my friends
" An raibh sé deacair air a theaghlach agus a bhaile a fhágáil ina dhiaidh?” “Bhí sé deacair, mar cronaím mo chairde agus an teaghlach, ach le *Skype* agus *Facebook* bím i dteagmáil leo i gcónaí,” a d’inis sé dom.
cabhair roinnt cairde the help of some friends
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
Le cabhair óna chara with the assistance of his friend
" Le cabhair óna chara, an rón, tagann sé ar a athair ach chun go ligfí ar ais chuig a theaghlach é bíonn ar Chillian margadh truachroíoch a dhéanamh le Banríon na Maighdean Mara.
Cogadh na gCarad the civil war
" Níor chuir Vidal saint phearsanta gheilleagrach i leith Lincoln ina úrscéal iontach ar a chuid uachtarántachta, ach feictear iarsmaí de Bheard in áiteanna, ach go háirithe nuair a thugann sé le fios gur cineál comhcheilge ab ea Cogadh na gCarad ó 1861-65 chun impireacht geilleagrach domhanda a dhéanamh de phoblacht bhocht Jefferson.
beidh fiche cairde aimsithe agam I’ll find 20 friends
" Nuair a bhím ina measc im’ aonar fiú, beidh fiche cairde aimsithe agam mura gcaithfidh mé ach uair an chloig ag cóisir leo.
Chuir sé sin teorainn le réimse na gcarad acu that limited their range of friends
" Chuir sé sin teorainn le réimse na gcarad acu.
cairde polaitiúla a cheapadh ar of appointing political friends to
" Is beag athruithe atá molta ag an Aire Phil Hogan ar údaráis áitiúla na tíre, cuirim i gcás, agus tá an rialtas ag leanstan leis an ghnás náireach cairde polaitiúla a cheapadh ar bhoird stáit.
roimis Chogadh na gCarad before the civil war
" Blas ar an nGontacht ======== Cá bhfuair an fear seo an fhéinmhuinín agus an íogaireacht mhórálta shainiúil seo? Cé go raibh an-chosúlachtaí idir Lincoln féin agus na daoine neamhoilte a phlódaigh prós tuaithe William Carleton in Éirinn roimis Chogadh na gCarad, d’éirigh leis an bhfear ait ó Springfield Illinois ceol ar leith a bhaint as an mBéarla le linn a shaoil.
seachas oifig dlí a charad rather than his friend’s law office
" Toisc ná fuar sé cead isteach in aon fhoras ardléinn seachas oifig dlí a charad Billy Herndon i Springfield, ba chuma le Lincoln mar gheall ar dhíospóireachtai claonta den chineál seo.
cuid mhór cairde maithe plenty of good friends
" 
Tá cuid mhór cairde maithe agam a mbíonn spraoi againn anseo sa cheantar ach tá cairde agam, idir chailíní agus bhuachaillí, i gceantracha eile sa chathair fosta.
cara mo ghasúir my lad’s friend
" Níor thaitin sé seo le cara mo ghasúir agus thosaigh sé ar racht maslaí.
deis do chairde mo ghasúir an opportunity to my boyfriend’s friends
" Tá a fhios agam go dtabharfaidh dúnmharú tubaisteach David Black deis do chairde mo ghasúir a bheith anuas orm.
Baineadh siar as an gcara géarshúileach seo this sharp-eyed friend was taken aback
" Baineadh siar as an gcara géarshúileach seo nuair a chonaic sé crú capaill os cionn phríomhdhoras an tí ag Bohr.
Mar urraim dá gcara as a mark of respect for their friend
" Oidhreacht na Cruinne ========= Mar urraim dá gcara, thairg scoláirí éagsúla aistí speisialta.
tréigthe fiú amháin ag a gcairde in ECAT forsaken even by their friends in NATO
" Tá SAM agus Iosrael tréigthe fiú amháin ag a gcairde in ECAT – NATO sa Chomhthionól Coitinn.
a chairde nerd my nerdy friends
" Tá an Late Late Toy Show buailte linn agus mé ag machnaimh go dian ar bhur mianta Nollag, a chairde nerd.
coimhlint na gcarad friendly rivalry
" Ach, coimhlint na gcarad a bhí ann dáiríre.
Cara sa Chúirt Thuas money spent in obtaining influence (in Heaven)
" Cara sa Chúirt Thuas ======== Is mór an imní a chuireadh an éagsúlacht dearcaidh seo i measc an phobail ar bhaincéirí agus mar leorghníomh aithreachais, dhéanadh siad infheistíochtaí móra sna heaglaísí.
lean Cogadh na gCarad the civil war followed
" Ar ndóigh, níor ghlac de Valera leis an Chonradh, lean Cogadh na gCarad agus tréigeadh an tuaisceart go deo na ndeor.
Ghlaoigh sí láithreach ar a cara she called out to her friend immediately
" Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla "A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!" Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra "Mí Stair an Chine Ghoirm" i Meiriceá.