Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlúdach cover
" Go fiú an pictiúr ar chlúdach an leabhair seo, insíonn sé a lán faoin gcineál brú a bhíonn ar réiteoirí uaireanta agus an teannas a bhraitheann siad agus iad i mbun cluichí móra a réiteach.
chlúdach cover
" Agus tá ainm an chláir sin fóirsteanach go maith, mar an chéad uair a chas Caitlín agus Alan ar a chéile, san Eilvéis in 2001, caithfidh sé gur cheol an triúr againn achan amhrán atá sa leabhar sin Abair Amhrán ó chlúdach go clúdach agus ar ais arís.
ar chlúdach an albaim on the cover of the album
" AÓF: Caithfidh mé a rá go dtaitníonn an pictiúr atá ar chlúdach an albaim go mór liom.
ar chlúdach na nuachtán on the coverage of newspapers
" Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua a colourful vibrant hardback book
" Leabhar dathannach beoga faoi chlúdach crua is ea *Aniar *a bhfuil dánta ó réanna éagsúla le fáil ann.
ar an chlúdach litreach. on the envelope
" Bhí stampa agus postmharc na Spáinne ar an chlúdach litreach.
chlúdach covering
" Ní faoi chrann na Nollag ná i stoca ná faoi chlúdach deas a fuair mé féin m’fhéirín féin, ach ó mhuintir Ghael Linn cúpla seachtain roimh Nollaig.
chlúdach plaisteach a plastic cover
" Cónaíonn siad pé áit is féidir leo – i mbotháin trá nó i dtithe tréigthe, nó sa ‘dufair’ – an ceantar foraoise timpeall ar bhaile Calais – ar phailléid adhmaid faoi chlúdach plaisteach.
chlúdach cover
" Tá leabhar scríofa aige fosta: *‘Titanic and Liverpool’*, le grianghraf den bhád ag seoladh as Cóbh i gcuan Chorcaí ar 11ú Aibreán 1912, ar an chlúdach.
cearnóigín de chlúdach litreach a little envelope corner
" Is cuimhin liom gur shínigh sé cearnóigín de chlúdach litreach dem’ chuid, atá fós agam, i mbosca éigin, in áiléar mo thuistí.
aon chlúdach amháin one cover
" ** Sa leabhar seo tá an chéad dá chnuasach le Nuala Ní Dhomhnaill, An Dealg Droighin (1981) agus Féar Suaithinseach (1988) le fáil faoi aon chlúdach amháin.
chlúdach cover
" Ar chlúdach na hirise ‘Nós’ i mí Bealtaine, ‘Ceol na Coiribe’ a bhí mar phríomhscéal.
ar an chlúdach on the cover
" Bhí ar an chlúdach: ‘*Published by Amadorn*’, agus bhí an méid seo sa réamhrá: ‘Tá an gleann atá i lár na siúlóidí, ar a bhfuil cur síos sa leabhar seo, ainmnithe i ndiaidh an dea-dhuine sin, Naomh Pádraig.
chlúdach leanúnach continuous coverage
" Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.