Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clár ealaíne art programme
" Ceann de na portráidí atá le feiceáilar Shráid Rossville i lár chathair Dhoire Grianghraf: Ciara Nic Gabhann Tá clár ealaíne forbartha ag an Orchard Gallery i nDoire a bhfuil meascán suimiúil ann den ealaín nua-aimseartha idirnáisiúnta agus saothar ón cheantar féin.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Bíonn ceardlanna uirlisí, rince agus teangacha (an Ghaeilge san áireamh, le Pádraigín Ní Dhomhnaill ó Ghaoth Dobhair) i gceist; taispeántais ealaíne, fhoilsitheoireachta agus turasóireachta; scannáin; léachtaí agus comórtais mhóra idir-Cheilteacha don imreoir *pétanque* (bóláil sráide), don phíobaireacht aonair, do na píob-bhannaí agus do na grúpaí traidisiúnta.
íocón ealaíne artistic icon
" "Ní iontas ar bith é go bhfuil an fear céanna a thóg canna anraith Campbell's agus a rinne íocón ealaíne as i ndiaidh an rud céanna a dhéanamh do Absolut," arsa Marion Kahan, coimeádaí bhailiúchán Absolut, faoi Warhol.
ealaíne art
" An ceathrú rud a luafainn ná go bhfuil ardchaighdeán ealaíne agus dearaidh sna leabhair a fhoilsíonn Cló Mhaigh Eo, nós nach mbíodh i gcónaí i gceist le leabhair Ghaeilge ach atá ag leathnú go sciobtha.
ceardlanna ealaíne art workshops
" Lena chois sin, bíonn imeachtaí ar siúl i rith na bliana, ar nós ceardlanna ealaíne do dhaltaí scoile, a chuireann cúpla pingin sa chuntas chomh maith.
i gceardlanna ealaíne in art workshops
" Tháinig deis chun cinn dó áit a thógáil i gceardlanna ealaíne a d'eagraigh an Cork Community Artslink agus is ón seans seo a fuair John the Painter a ghlór mar ealaíontóir.
tinte ealaíne fireworks
" Ní luaitear buamáil pheitril agus, ar ndóigh, ba é amaidí phráinn an díchoimisiúnaithe, ná gur féidir foréigean a reáchtáil le cibé gléasra atá ar fáil - peitreal, leas, clocha, tinte ealaíne, táirní, aigéad, sceana, rudaí atá le fáil go furasta.
gluaiseachtaí iomlána ealaíne whole art movements
" Spreag cúrsaí sóisialta agus polaitiúla gluaiseachtaí iomlána ealaíne ar nós na *Dadists *agus na Mothúchánachaithe Gearmánacha.
tinte ealaíne fire works
" Is éard atá iontu ná tinte ealaíne, ach ní bhíonn siad seo dírithe ar an spéir mar a bheadh siad againne ach dírithe ar an slua! Ritheann fear i measc an tslua agus tarbh déanta as páipéar agus adhmad ar a cheann atá lán de *fire crackers, el torito*, agus pléascann bladhmanna tine thart ar an lucht féachana.
ghailearaí ealaíne art gallery
" com", tiocfaidh tú ar shuíomh an ghailearaí ealaíne Circle Elephant Art i Los Angeles.
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann Irish Museum of Modern Art
" Tá domhan rúnda mistéireach cruthaithe ag an ealaíontóir Spáinneach Cristina Iglesia sa saothar dá cuid atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i gCill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath.
láithreoir ealaíne art presenter
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
líon na saothar ealaíne the number of works of art
" Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.
ag athchóiriú saothar ealaíne restoring works of art
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
coimeádaithe ealaíne art curators
" Tá sé féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.
saothar ealaíne works of arts
" Sa 174ú taispeántas bliantúil, a bhí ar siúl san Acadamh Ríoga Ibéarnach ag tús an tsamhraidh, bhí suas le míle saothar ealaíne ó dhaoine éagsúla le feiceáil, agus go leor stíleanna difriúla.
ag déanamh ealaíne making art
" An rud a chuireann gliondar ormsa ná bheith ag cruthú, bheith ag déanamh ealaíne.
ealaíne físiúla visual art
" Agus, de réir rialacha na Comhairle Ealaíon, níl cead cur isteach ar mhaoiniú má tá an obair déanta agat cheana!" Spás agus solas ======= Is mór an tábhacht a bhaineann le spás agus solas i dtaispeántas ealaíne físiúla.
ghluaiseacht ealaíne art movement
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
gluaiseacht ealaíne an Íostachais the Minimalism art movement
" Tá mé ag caint faoi gluaiseacht ealaíne an Íostachais.
shaothair ealaíne works of art
" Tá sé furasta go leor smaoineamh ar shamplaí de shaothair ealaíne a spreag conspóid de bharr iad a bheith "caite le chéile" nó "gan mórán scile nó ceardaíochta a bheith ag baint leo" - *Brící *Carl Andre mar shampla, 120 bríce a cheannaigh an Tate i Londain i 1972.
taispeántas tine ealaíne fireworks display
" Nuair a thosaigh sé, le hionsaí ollmhór buamála ar chathracha mar Bhagdad, ar ar thug Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá *"shock and awe"*, shílfeá ón dóigh a labhair iriseoir de chuid an BBC faoin ionsaí ar an teilifis gur taispeántas tine ealaíne a bhí ann, rud a chuir déistin ormsa agus ar a lán daoine eile sa cheantar.
a céad taispeántas ealaíne her first art exhibition
" Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Bíonn ceol, taispeántais ealaíne, cainteanna poiblí agus imeachtaí eile ar siúl sa lárionad seo.
sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta six art and photography exhibitions
" Le cois na drámaíochta seo, tá sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta de shaothar ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí áitiúla tar éis bheith ar siúl san ionad le sé mhí anuas.
saothair ealaíne works of art
" Oifigí nua-aimseartha agus geala gan landairí atá iontu, saothair ealaíne ar na ballaí agus teacht ar an idirlíon acu siúd a bhíonn ag feitheamh ar choinne san fhorsheomra.
saothair ealaíne works of art
" Nuair a bhuail mé le hAnna Ní Ghallachóir, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha san ollscoil le linn na míosa seo caite, ceann de na chéad rudaí a thug mé faoi deara ná saothair ealaíne a cuid páistí ar crochadh ar bhallaí a hoifige gile.
phobal ealaíne an domhain the world art community
" Tugann an *Biennale*, a thosaigh breis is céad bliain ó shin agus a bhíonn ar siúl gach dara bliain, deiseanna, nach bhfuil a sárú le fáil in aon fhéile eile, d’ealaíontóirí a saothar a chur i láthair phobal ealaíne an domhain.
díoltóirí ealaíne art sellers
" I rith na féile seo beidh criticeoirí, stiúrthóirí agus díoltóirí ealaíne, agus an gnáthphobal ina mílte, ó gach cearn den domhan ann le freastal ar na himeachtaí éagsúla agus le breathnú ar shaothar scothealaíontóirí an domhain.
stádas na nua-ealaíne the status of modern art
" Déanfaidh *Biennale *na bliana seo scrúdú ar stádas na nua-ealaíne ó dhá pheirspictíocht.
Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann Irish Museum of Modern Art (IMMA)
" Is díol spéise é an chéad mhórthaispeántas de chuid an ealaíontóra Éireannaigh Dorothy Cross, a osclaíodh i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann ag tús na míosa seo caite.
na criticeoirí ealaíne art critics
" Ar chúiseanna pearsanta fosta, tá Brian míshásta le cuid de “mhóruaisle” an deiscirt, na criticeoirí ealaíne.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Ní fhaigheann ealaíontóirí faoi míchumas taispeántais ealaíne… Déanann muid (i.
léirmheastóir ealaíne art critic
" “This is an object that is so forthright, so plain, that it falls short of being art,” dar leis an léirmheastóir ealaíne Jonathan Jones.
staraí ealaíne art historian
" Ba é an staraí ealaíne / ainmhíchara an Dochtúir Peter Husard a bhunaigh an músaem in Chichester sna Stáit Aontaithe i lár na seachtóidí, agus ó shin i leith tá staidéar á dhéanamh ansin ar ainmhithe éagsúla agus ar a gcuid ealaíne, mar shampla: na patrúin a fhágann caocháin agus iad ag tochailt faoi thalamh; an dóigh a dtiteann cac staile i bhfoirm pirimide; na marcanna a fhágann cait ina dtimpeallacht féin nó an t-eagar a chuireann scaoth éan orthu féin ag eitilt sa spéir le titim na hoíche.
oidhreacht ealaíne artistic heritage
" Bhí impireacht trádála mara ag an dá chathair uair amháin agus tá oidhreacht ealaíne i gcoitinne acu go fóill.
gaiscí ealaíne artistic feats
" Nuair a fhéachann tú siar ar an stair, tá sé spéisiúil a fhoghlaim nach eaglaisí nó pátrúin shaibhre ba chúis leis na gaiscí ealaíne a rinneadh sa chathair seo le linn an 17ú haois – rud a bhí amhlaidh i dtíortha eile – ach an pobal mór meánaicmeach a raibh airgead le spáráil acu agus a bhí ag iarraidh pictiúir a cheannach le crochadh ina dtithe féin.
tinte ealaíne fireworks
" Ba thurasóirí iad an chuid is mó de na daoine a bhí thart timpeall orm, ní fhaca mé ach corrdhuine ag ól, agus nuair a tháinig meán oíche bhí an ceiliúradh ar fad thar a bheith béasach agus srianta! Tar éis dúinn breathnú ar na tinte ealaíne ar feadh píosa, d’éiríomar bréan den slua agus den síorbhogadh agus thugamar aghaidh ar an mbaile – ag 12.
tinte ealaíne fireworks
" Ní raibh sna tinte ealaíne, dála an scéil, ach blaiseadh ar na himeachtaí comórtha a bhí ar bun seachnóin na tíre.
tinte ealaíne fireworks
" Airím uaim na tinte ealaíne! *Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
seoda ealaíne art jewels
" 50 Ná déan dearmad i ndiaidh a mbeidh de shiúl déanta agat sa tóir ar na seoda ealaíne seo suíochán deas compordach a aimsiú i gcaife nó cearnóg, d’anáil a tharraingt agus sult a bhaint as an *dolce vita* chomh maith! *Salute!* *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
tinte ealaíne fireworks
" Ba thurasóirí iad an chuid is mó de na daoine a bhí thart timpeall orm, ní fhaca mé ach corrdhuine ag ól, agus nuair a tháinig meán oíche bhí an ceiliúradh ar fad thar a bheith béasach agus srianta! Tar éis dúinn breathnú ar na tinte ealaíne ar feadh píosa, d’éiríomar bréan den slua agus den síorbhogadh agus thugamar aghaidh ar an mbaile – ag 12.
tinte ealaíne fireworks
" Ní raibh sna tinte ealaíne, dála an scéil, ach blaiseadh ar na himeachtaí comórtha a bhí ar bun seachnóin na tíre.
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann Irish Museum of Modern Art
" D’oscail taispeántas suntasach grianghrafadóireachta in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath i rith na míosa seo caite a thugann ábhar machnaimh don té ar spéis leis an saol in Éirinn idir na caogaidí agus an lá atá inniu ann.
bailiúchán ealaíne art collection
" ” Athair na healaíne Ceiltí Sárbhailiúchán eile atá ag Groam House Museum ná bailiúchán ealaíne a rinne George Bain, a dtugtar “athair na healaíne Ceiltí” air.
tinte ealaíne fireworks
" Agus ní hamháin sin – beidh tinte ealaíne le feiceáil i ndiaidh an chluiche.
ó ghníomhaire ealaíne from an art agent
" Ainneoin go ndéanann sé a ghnóthaí féin a láimhseáil anois, le cuidiú ó ghníomhaire ealaíne, tuigeann sé chomh tábhachtach is atá dánlanna i gcás ealaíontóirí óga atá ag dul i mbun oibre den chéad uair.
dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar loyal to the art spirit and the Ainu spirit of his father
" Ach anocht tá mac Oki, a iníon, a bhean chéile agus roinnt dá theaghlach anseo chun éisteacht leis ag canadh i láthair spiorad a athar – é dílis do spiorad ealaíne agus spiorad Ainu a athar ach níos dílse fós dá theaghlach.
leis an bhailitheoir ealaíne to the art collector
" Sa bhliain 2000, mar shampla, d’íoc sé cúiteamh leis an dearthóir Norman Emms nuair a cuireadh ina leith go raibh a dhealbh *Hymn*, a dhíol sé leis an bhailitheoir ealaíne Charles Saatchi ar mhilliún punt, bunaithe ar bhréagán plaisteach a dhear Emms agus a bhí le ceannach ar £14.
ar ghearrliosta chomórtas bliantúil ealaíne an Turner on the short-list of the annual Turner art competition
" Is minic a spreagann na saothair a bhíonn ar ghearrliosta chomórtas bliantúil ealaíne an Turner conspóid agus, go deimhin, ní eisceacht é taispeántas na bliana seo.
foirmeacha ealaíne art forms
" ” D’fhiafraigh mé de ansin cén fáth a ndeachaigh sé le traidisiúin mar iad, foirmeacha ealaíne ó thíortha eile.
a shármhaitheas i gcúrsaí ealaíne. its excellence in arts matters.
" Tá iomrá ar an chomplacht as a shármhaitheas i gcúrsaí ealaíne.
i gciorcail ealaíne áirithe. in certain art circles.
" ” Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, rud nach mbíonn i gcónaí ina ábhar sásaimh i gciorcail ealaíne áirithe.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Ina measc beidh stallaí, ceardaíocht, péinteáil éadan, cluichí do pháistí, taispeántais ealaíne agus iarsmaí.
taispeántas ealaíne art exhibition
" Thaitin sé liom, áfach, go mór mhór a mháthair ag caint faoina óige, ach ba é an ní ba mhó a thaitin liom ná a dheirfiúr ag rá go raibh a chluasa chomh mothálach sin nach n-íosfadh sé calóga arbhair ar maidin don bhricfeasta – an SNAP, CRACKLE agus POP ró-ard dó! I lár na cathrach, ag seoladh taispeántas ealaíne de chuid Martin Egan, a bhuaileas leis den chéad uair.
taispeántas ealaíne art exhibition
" Bhí taispeántas ealaíne ar siúl ansin agus mná cairdiúla i mbun na háite.
déileálaí ealaíne art dealer
" ” Taispeántas i MeiriceáAgus muid ag caint lena chéile, fuair sé scairt ghutháin ó William Chamberlain, déileálaí ealaíne i San Francisco, agus é ag iarraidh dátaí taispeántais a dhearbhú.
lán ceoil agus ealaíne full of music and art
" ***** Teahlach lán ceoil agus ealaíne is ea muintir Mayock.
gluaiseachtaí ealaíne éagsúla various art movements
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
na caimiléirí ealaíne the art con men
" Baineadh preab uafásach as saol na healaíne nuair a tháinig sé chun solais go raibh na caimiléirí ealaíne John Drewe agus John Myatt i ndiaidh na milliúin punt a dhéanamh as dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain.
mar phíosaí suntasacha ealaíne, as prominent pieces of art,
" Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
i scannáin ealaíne. in art films.
" Bhí Donie Wallace ar an gcliathán le Cork Hibernians tráth, uair éigin sna seascaidí sular chuir mé spéis ar bith i scannáin ealaíne.
ina chuid ealaíne. in his art.
" I still feel that dizzy sense of magic of my childhood: in the darkness of the wardrobe, I slowly wind one frame after another, see almost imperceptible change, wind faster – a movement *The Magic Lantern*, 1987 DúcheisteannaNí haon ionadh go bhfuil an bás, an mhortlaíocht agus mistéir Dé agus na beatha i measc na ndúcheisteanna a threabhann Bergman ina chuid ealaíne.
tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar after the pieces of art were left in an old attic
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
institiúidí móra ealaíne big art institutions
" Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as dallamullóg a chur ar institiúidí móra ealaíne an domhain le beagnach fiche bliain anuas agus iad ag déanamh cóipeanna de phíosaí ealaíne agus de sheandachtaí luachmhara.
disciplín eile ealaíne other artistic disciplines
" Ach an mar sin atá sé? An cheart dúinne mar lucht éisteachta a bheith ag ceiliúradh freisin? Dá luafá an ráiteas thuas le Colm Ó Snodaigh le disciplín eile ealaíne – an litríocht – ní bheadh an scéal chomh dearfach céanna.
ar bhuanna ealaíne duine ar leith the artists talents of a particular person
" Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le hé a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil nó sóisialta a chur in iúl.
coireanna ealaíne artistic crimes
" Pionós dianGearradh pionós ar bheirt fhear óga, a raibh na *tags *Krek agus Mers á n-úsáid acu, as a gcuid coireanna ealaíne in Manchester ar na mallaibh – dhá mhí dhéag agus cúig mhí dhéag príosúnachta faoi seach.
atá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíne who is an art insurance expert
" Ba é úinéir an chomhlachta seo, Luti Fagbenle, a chuir an saothar ar an mhargadh, agus dar le Bobby Read – atá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíne – is íomhá “speisialta” é an graifítí seo, agus is é an saothar is mó dá chuid atá díolta ag Bansky go dtí seo.
ceantanna ealaíne art auctions
" Tá cónaí ar Michelle i ndíonteach lena peata beag Tiffy agus, nuair nach mbíonn sí ag obair, caitheann sí a laethanta ag dul chuig ceantanna ealaíne le saothair a cheannach dá hárasán agus ag ól Cristal lena cairde.
dánlann ealaíne art galleries
" Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás – ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
an cineál ealaíne the sort of art
" **Cúrsaí ealaíne** Is é an cineál ealaíne a bhíonn ar díol ar Second Life ná cóipeanna de shaothair ón fhíorshaol – is féidir iad a cheannach agus cuirfear sa phost chuig an cheannaitheoir iad.
an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, the value of a particular work will rise
" Bítear ag déanamh plé san iris maidir le cé acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nó nach dtiocfaidh.
saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta national and international works of art
" Thug Hugh Lane pátrúnacht fhial do na míndána agus chreid sé go paiseanta gur cheart go mbeadh saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in áiteanna a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu.
saothar ealaíne work of art
" Tugann saothar Opie dúshlán dóibh siúd a chreideann gur gá saothar ealaíne a bheith suite i ndánlann le measúnú a dhéanamh air mar is ceart.
cuid de shaothar ealaíne poiblí part of a public art work
" Dar ndóigh, ní bhaineann an ceathrar seo leis an fhíorshaol; is cuid de shaothar ealaíne poiblí iad atá cruthaithe go speisialta ag an ealaíontóir clúiteach Julian Opie le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín.
chuig an choláiste ealaíne at the art college
" “Bhí aithne agam ar Christy ó bhí mé ar scoil agus nuair a chuaigh mé chuig an choláiste ealaíne i mBaile Átha Cliath chónaigh muid le chéile in árasán beag ar Shráid an Phiarsaigh ar feadh bliana.
an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt. to suffer this art form.
" *Ok*, anois agus an méid sin ráite agam, sílim go gcaithfidh duine é féin a chur ar an eolas mar gheall ar an damhsa comhaimseartha le bheith in ann an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt.
saothair ealaíne artworks
" Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.
a chaint leis na húinéirí faoi chúrsaí ealaíne talking to the owners about art matters
" Tharla go raibh sé amuigh sa cheantar céanna ag lorg carbhait dó féin nuair a tháinig sé ar shiopa ina raibh cuimhneacháin agus *bric-a-brac* ar díol agus thosaigh sé a chaint leis na húinéirí faoi chúrsaí ealaíne.
thaispeántas tinte ealaíne fireworks display
" Chonaic muid an damhán alla "ag éalú" trí Thollán an Mersey ar an oíche dheireanach, le linn do thaispeántas tinte ealaíne agus solais a bheith ag cruthú radharc iontach osréalach os comhair na mílte duine a bhí sa slua.
phíosa ealaíne suiteála piece of installation art
" "15 Minutes" ba theideal don phíosa ealaíne suiteála a bhí aicise ag an taispeántas.
saothar ealaíne work of art
" Bhí an dá íomhá den Marianne ann: an banlaoch óg misniúil a shamhlaítear leis an réabhlóid agus a fheictear sa saothar ealaíne ‘La liberté guidant le peuple’ (Eugène Delacroix, 1830); nó an bhean atá níos staidéartha a bhíonn ar taispeáint i dtithe cúirte agus i hallaí cathrach na tíre a léiríonn ciall agus ceart.
ealaíne (of) art
" Táthar ann a deir nár cheart go mbeadh Comhaltas ag fáil maoiniú ó Chiste na Gaeilge ar chor ar bith mar gur eagraíocht ealaíne iad, go príomha, a bhfuil cur chun cinn an cheoil Ghaelaigh mar phríomhchuspóir acu.
taispeántais tinte ealaíne fireworks displays
" Bíonn réimse leathan siamsaíochta poiblí ar siúl leis an lá a cheiliúradh, fágaim, ceolchoirmeacha, cluichí spóirt agus taispeántais tinte ealaíne.
ealaíne art
" Deir an tOllamh Leon Schmidt, stairí ó Ollscoil Cottbus, go bhfuil sé dodhéanta an freagra ealaíne céanna a bheith agat ar mhothúcháín a bhí agat 10 mbliana ó shin, agus gur cheart ligint d’iarracht ealaíne fás go nádúrtha agus gan laincisí mar seo a chur air.
ealaíne artistic
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
ealaíne art
" Tá a lán cairde agam nach bhfuil bainteach le cúrsaí polaitíochta ach le cúrsaí ceoil agus ealaíne.
ealaíne art
" Bhí damhsa le fáil ann i gcónaí – bhí comhlacht bailé cónaithe san amharclann, ach ar an 19ú de Bhealtaine 1909, croitheadh comhluadar ealaíne Pháras nuair a tháinig an Ballet Russes chun na hamharclainne don chéad uair.
aos ealaíne artists
" Ní raibh eagla ar Diaghilev a bheith conspóideach agus tharraing sé le chéile aos ealaíne, cumadóirí agus lucht córagrafaíochta mar Benois, Stravinsky agus Fokine.
Ealaíne art's
" Labhraíos cheana, faoi cheolchoirm Martin Hayes agus Dennis Cahill ag Féile Ealaíne Chill Chainnigh, roinnt blianta ó shoin.
ealaíne art(s)
" Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá5.
tinte ealaíne fireworks
" Tabhair trí nó ceithre bliana breise aibíochta chuig Saoirse agus cuir an bheirt acu ar an aon scáileán amháin, leis an scriptscannán is leis an stiúrthóir ceart, agus d’ardófaí tinte ealaíne eatarthu, deirimse leat.
saothair ealaíne works of art
" Ní haon iontas, mar sin, go bhfuil níos mó saothair ealaíne bunaithe ar Veasúiv ná ar bholcán ar bith eile.
úrscannán ealaíne new art films
" * comhlucht nua i Londain Shasana a bunaíodh chun plúrscoth úrscannán ealaíne na hÁise a chur chun cinn.
ealaíne art
" Máthair shingil, úinéir dánlainne sa Toscáin, tugann sí a mac óg réamhdhéagóra léi chuig seoladh leabhair ealaíne faoin bhfíordheimhneacht.
shaothar ealaíne a work of art
" Tá carr, a scriosadh ina iomláine ag buama i mBaghdad roinnt blianta ó shin le feiceáil mar shaothar ealaíne san *Imperial War Museum* i Londáin faoi láthair.
saothar ealaíne gan sáru an unsurpassable work of art
" Is saothar ealaíne gan sáru – fuilteach, ach ealaíonta - bunscannán Alfredson.
ábhar ealaíne art material
" ie? Don tuismistheoir nach féidir leo tabhairt faoi na siopaí ar chor ar bith, tá catagóir líonmhar stocaí acu fiú amháin le hainmhithe beaga, cniotálaí francaise, ábhar ealaíne, liathróidí lonracha, téada scipeála agus cleasanna beaga eolaíochta.
gluaiseacht ealaíne an arts movement
" Féach gur dhúirt Na Stuckists, gluaiseacht ealaíne atá in éadan ealaíne coinceapaí, nach raibh an duais tuillte ag Philipsz mar nach fíorealaín a bhí ann ar chor ar bith agus nach raibh ann ach duine ag canadh i seomra folamh.