Pota Focal Intergaelic
inar | nár | anáir | iar | ina
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
inár gcuid gníomhaíochtaí in our activities
" Inár dtuairim féin, tá muidne ag déanamh obair mhór leis an teanga seo a chaomhnú ar dhóigh straitéiseach agus tá gnéithe láidre trasteorann agus trasphobail le feiceáil inár gcuid gníomhaíochtaí.
in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan despite the prejudices that are against us
" Oibríonn muid in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan agus in éadan na teanga, agus tá muid gníomhach in obair thrasphobail chun dearcadh daoine a athrú agus chun rannpháirtíocht an phobail iomláin a éascú.
do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh for the generations that will follow us
" Tá praiseach déanta ag George Bush agus ag Tony Blair maidir leis an Iaráic; an fhadhb is mó ná go mbeidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí, ní hamháin dúinne ach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh for the generations that are coming after us
" Go ndéanfaí forbairt láidir bunaithe ar theanga agus chultúr na hÉireann sa tslí is go mbeadh obair as Gaeilge ar fáil do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh.
inár n-aonar alone
" "Fáilte go Alba" a deir an fógra nuair a théann tú thar an teorainn, agus cé gur siombail bheag é seo, tá sé tábhachtach domsa mar Ghaeilgeoir mar mothaím nach bhfuil muid go hiomlán inár n-aonar.
inár dtreo in our direction
" Caitheadh clocha agus barraí iarainn agus cúpla buama peitril inár dtreo.
inár bhfochair in our company
" Deich mbliana ó shin, gan trácht ar fhiche nó ar chaoga bliain, cé a chreidfeadh go mbeadh dráma nua Gaeilge á léiriú ag foireann dhíograiseach, ghairmiúil den scoth agus ag aisteoirí a bhíonn inár bhfochair sa seomra suite gach oíche beagnach tré mheán na teilifíse; go mbeadh ár mbealach teilifíse féin againn, ag craoladh chugainn cluichí na nGael agus spórt eile seachtain i ndiaidh seachtaine, "beo beathaíoch" mar a deir SBB! Tá an teicneolaíocht tar éis an mhíorúilt seo a chur ar fáil, agus daoine atá tar éis í a thabhairt chun blátha.
ag rith inár dtreo running towards us
" Ar scáileán amháin tá fear le feiceáil ag rith uainn trasna Dhroichead Craigavon i nDoire, agus ar scáileán eile tá sé le feiceáil ag rith inár dtreo.
inár n-ionchas in our expectations
" Bheadh scéal againn mar sin féin agus thiocfadh linn léamh air, dul amach air, féachaint cén cor a chuirfí inár n-ionchas de réir mar a léifimis linn.
d'fhan muid inár dtost we stayed quiet
" Ach níor dhúirt muidinne sin riamh mar go raibh a fhios againn go raibh daoine ag iarraidh síocháin a bhaint amach agus go raibh siad ag iarraidh na *"hawks" *a thabhairt leo, so d'fhan muid inár dtost.
inár n-aonar by ourselves
" Nuair a bhíodh an fonn tugtha linn againn, chanfadh muid an t-amhrán inár n-aonar.
Ní thig le duine ar bith cúngaigeantacht a chur inár leith. No-one can accuse us of narrow-mindedness
" Ní thig le duine ar bith cúngaigeantacht a chur inár leith.
inár mathshluaite in large crowds
" Nach fíor sin?” “Áááá, a Bhaloir, an síleann tú gur fíor? Caidé faoina soilse, an tUachtarán Íosa Mhic Giolla Mháire? Nach duine dár gcuid féin í? Ultach go smior! Agus nach dtugann sí cuireadh don Ord Glórmhar dul go hÁras an Uachtaráin gach bliain ar an *Twelfth?* Agus nach dtéann muid ann inár mathshluaite? Agus cén uair dheireanach a bhí an IRA san Áras? Ach bhí muintir an UDA ann, ag ithe agus ól.
faoin dóigh a léirítear daoine faoi mhíchumas inár sochaí about the way handicapped people are portrayed in our society
" An leor “ráiteas” agus “fiúntas” chun saothar ealaíne a bheith maith agus, in ainneoin go spreagfaidh an dealbh díospóireacht faoin dóigh a léirítear daoine faoi mhíchumas inár sochaí, tá roinnt daoine den tuairim gur géilleadh ealaíonta atá ann agus gur tábhachtaí sa chás seo an teachtaireacht pholaitiúil ná an teachtaireacht ealaíne.
inár ráiteas misin in our mission statement
" Tá an cur chuige atá i gceist ag Oisín leagtha amach inár ráiteas misin: “Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar a chuirfidh le sochaí in Éirinn atá iltheangach i ndáiríre”.
inár gcuideachta in our company
" Ní hé nach bhfuil go leor Éireannach sa tír seo a dtig leo an Ghaeilge a labhairt, ach is annamh a bhímid le chéile agus is fíorannamh nach mbíonn daoine eile inár gcuideachta nach mbíonn ach Béarla acu.
inár ráiteas misin in our mission statement
" Tá an cur chuige atá i gceist ag Oisín leagtha amach inár ráiteas misin: “Seirbhísí comhairleoireachta Gaeilge den chéad scoth a sholáthar a chuirfidh le sochaí in Éirinn atá iltheangach i ndáiríre”.
ár gcoinneáil inár ndúiseacht keeping us awake
" – Searbhas Bhleá Cliathach Chathail ár gcoinneáil inár ndúiseacht.
inár dteannta there with us
" Caint éasca agus Eoin inár dteannta.
inár gcuid tuairiscí. in our reports.
" Deir daoine áirithe nach dtugaimid dóthain airde ar an ghné logánta ach deir daoine eile go mbíonn muid chomh háitiúil sin go dtig leat do theach a fheiceáil inár gcuid tuairiscí.
ag bogadh isteach inár gceanncheathrú nua-chóirithe moving into our newly-refurbished headquarters
" AÓF: Cad í an uaillmhian is mó ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de gur mhaith leat a bhaint amach i 2007? TM: Smacht a fháil ar na diabhal *regulators* ar an bpíb uilleann! AÓF: Cad é an rud is mó go bhfuil tú ag súil leis i 2007? TM: Tá mé ag tnúth go mór leis an lá nuair a bheidh Na Píobairí Uilleann ag bogadh isteach inár gceanncheathrú nua-chóirithe i Sráid Henrietta.
sách coitianta inár sochaí. common enough in our society.
" Sa mbliain 2007 tá idir chiníochas agus réamhchlaonadh in aghaidh daoine dubha fós sách coitianta inár sochaí.
inár sochaí. in our society.
" Sa mbliain 2007 tá idir chiníochas agus réamhchlaonadh in aghaidh daoine dubha fós sách coitianta inár sochaí.
inár dtighne in our house
" Bhí seomra ag bun an tí ar cíos ag Pádraig inár dtighne agus muid ag fás aníos.
an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí the goodness and love that's in our hearts
" Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.
gach rud inár bpócaí everything in our pockets
" Ní rabhas róchinnte faoi seo, ach i ndeireadh báire ní raibh ann ach go raibh orainn gach rud inár bpócaí a fhágáil sa bhforhalla, cead a thabhairt do na bairdéirí cuardach trínár mbróga, agus cinntiú nach raibh gléas leictreonach farainn ar ár mbealach tríd an bpríosún.
tháinig sé isteach inár gcloigeann arís it came into our heads again
" Bhí muid ag smaoineamh air i ndiaidh an tórraimh ach tháinig sé isteach inár gcloigeann arís roimh an Nollaig.
inár scamhóga, in our lungs,
" php **An ceathrú míle** – aer úr inár scamhóga, sodar éasca go leor 19/6/07: Corcaigh agus gig i bPuball Spiegel.
Ní ann dóibh ach inár n-aigne! They only exist in our minds!
" Ní ann dóibh ach inár n-aigne! Leanann Dee ag seinnt an fhoinn agus a lámha ag éirí tuirseach.
go fíochmhar inár measc. ferociously amongst us.
" Is aoi dofheicthe é ag ár gcóisirí dinnéir, a mbíonn a chuid tuairimí á bplé go fíochmhar inár measc.
inár n-aigne in our minds
" I gcás na Gaeilge, caithfidh muid an teanga a bheith go mór inár n-aigne againn agus clár á chur le chéile.
inár lámhachadh é in which he was shot
" Bhí Sean Bell é féin ar meisce cheana féin, agus bhí sé ag tiomáint an chairr inár lámhachadh é féin agus a bheirt chairde.
Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, Even though it is far away in our minds
" Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre.
agus iad inár seilbh againn when we have them in our possession
" Dé réir na mbileog ildaite atá curtha ar fáil leis na cártaí "simplí" don bhus a mhíniú dúinn, tá gá leis na ticéid nua chun gur féidir linn taisteal ar an mbus agus ar an traein araon agus iad inár seilbh againn.
inár suí go te hunky dory
" Tá muid inár suí go te.
Lia na Linne inár nDiaidh tomorrow's physician
" Lia na Linne inár nDiaidh Agus na smaointe seo im cheann, smaoiníos siar ar agallamh leis an ndochtúir Francach, Alfred Tomatis, a léigh mé i leabhar dar teideal, Music – Physician for Times to Come (eag.
inár mbeirt like two
" Amach linn mar sin sa ghairdín inár mbeirt Ríordánach ar chúl an Tí agus tagaimid faoi dheireadh ar áit chiúin ar chéimeanna stroighne lasmuigh den tslí Dála.
cor inár gcinniúint affect our future
" Má tá an t-ádh orainn, cuirfidh an tubaiste uafásach i Murascaill Mheicsiceo cor inár gcinniúint: cuirfidh sé in iúl dúinn go gcaithfimid, sa deireadh, ár gcúl a thabhairt leis an ór dubh.
inár luí lying
" Ba nós linn an lá ar fad a chaitheamh ar an trá, inár luí faoi sholas na gréine faoi scáth na sléibhte ceannasacha i lár an oileáin.
inár suí out of bed
" Bhíomar uile inár suí go luath an lá arna mhárach, muid réidh don lá agus aimsir mhaith geallta.
inár slóite crowds
" Crochadh an Union Jack os cionn Halla na Cathrach agus thángamar amach inár slóite chun fáilte a fhearadh roimpi.
Inár mBéal gan Smid nothing to say
" Inár mBéal gan Smid ======== Ar an údar céanna, ní raibh fonn orainn treoir a iarraidh ar an gcorrfhear a shiúil tharainn sa dorchadas.
inár leith sna cosa in airde towards us at a mad dash
" D’fhéach mé amach as an mbus arís: bhí capall faoi charr ag teacht inár leith sna cosa in airde agus ribín dearg faoina cluais.
glúnta inár ndiaidh generations which shall follow us
" Is iad na glúnta inár ndiaidh a bheas thíos leis.
na glúnta a bheas ag teacht inár ndiaidh the following generations
" Is é an rud is tábhachtaí go mbeidh sé ansin do na glúnta a bheas ag teacht inár ndiaidh.
atá ag cur inár leith we’re being accused of
" “Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta.
tuairiscí aimsire inár gceannscríbe weather reports at our destination
" Caitheann a athair (m’fhear chéile) 10 nóiméad chuile oíche ag breathnú is ag léamh tuairiscí aimsire inár gceannscríbe.
a tharla inár leith that happened our way
" Is é an trua má shalaíonn an mionlach dea-theist an mhóraimh, óir is iad na hÉireannaigh Úra ceann de na imeachtaí is fearr a tharla inár leith le tamall.
inár fágadh an obair go léir faoi where all the work was left to
" Is siosmaideach an méid sin óir chonaic an scríbhneoir seo an méid sin go díreach le gaelscoil eile roinnt blianta roimhe sin inár fágadh an obair go léir faoi aon duine amháin, cé nach raibh gasúr aige féin.
agus ár gcroí inár mbéal holding our breathe
" Gach duine beo againn agus ár gcroí inár mbéal agus ár súile dírithe go géar ar an “gealt” sin.
tagtha inár láthair presented himself to us
" An Clár Tacaíochta Teaghlaigh: ============= Ar an gcéad dul síos bhí an tAire Stáit tagtha inár láthair chun an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, a bheadh ag tíocht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge a fhógairt.
fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh we shall leave to the next generation
" Ba chóir dúinn an dobrón a chur dínn agus dul i ngleic leis na ceisteanna móra a réiteoidh cén cineál tíre a fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh, ár gcuid páistí.
agus sinn inár n-óstaigh while we’re hosts
" Tá cáil na fáilte agus na féile orainn i measc go leor agus is eol do chuid mhaith tíortha an Céad Míle Fáilte a bheith rompu abhus, ach an féidir níos mó béim a leagan ar ár dteanga agus sinn inár n-óstaigh faoi láthair? Tar éis dom a bheith ag an ‘*Citizen Dialogue*’ i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, agus ag ‘*Ireland 40 Years On*’ in Óstán Chaisleán Cnucha, mar Gaeilgeoir, nílim róchinnte.
lena linn féin inár measc while he’s still alive
" net/2013/04/03/a-personal-statement-from-iain-banks/> Tá a leabhar deireanach á chló go tapa ionas go seolfar é lena linn féin inár measc.
inár n-aigne nach raibh súil againn leo in our minds which we didn’t expect
" Ní hamháin go n-ardaíonn siad ceisteanna inár n-aigne nach raibh súil againn leo ach is beag nach mbraithimid ciontach as na coireanna a chuirtear os ár gcomhair ar an scáileán – amhail is go bhfuil an tsochaí dar díobh muid ciontach as na gníomhartha seo agus go bhfuil freagracht áirithe orainne, an lucht faire, dá réir.
Nuair a thagann an chéad chruachás eile inár dtreo when the next predicament comes our way
" Nuair a thagann an chéad chruachás eile inár dtreo, agus tiocfaidh luath nó mall, tá an baol ann nach n-oibreodh an sceach sa bhearna agus beidh géarchéim eile coinsiasa ag an tír agus ag ár gcuid polaiteoirí, nach mbeifear in ann a réiteach de bharr Airteagal 40.
drong léirseoirí ag rith inár n-airricis a gang of demonstrators running towards us
" “Oíche amháin, b’éigean don ghrianghrafadóir a bhí liom u-casadh ar ardluas a dhéanamh ar Bhóthar Dhún na nGall agus drong léirseoirí ag rith inár n-airricis,” arsa Allison, a fuair bagairt bháis ón UVF ar na mallaibh.
inár gcomharsanacht in our region
" Tugtar an chuid is mó den chúnamh seo do thíortha beaga bochta inár gcomharsanacht.
na Luddaigh inár measc the Luddites among us
" B’fhéidir mar sin go bhfuil an ceart ag na Luddaigh inár measc: fan fada go leor agus fásfaidh fáth feidhme as an dúil.
teannas inár measc tension among us
" Bíonn an Brón Siúlach ======== I ndiaidh don mhórshiúl athraitheach dul isteach sa trádstóras ollmhór seo, chomh mór le páirc peile, thosaigh an scaoileadh agus aisteoirí in éide saighdiúra ag rith amach is isteach ón scaifte, scaoileadh ard bodhrach urchair le cluinstin agus teannas inár measc.
labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan spoke vigorously and venomously against us
" Fear meisce a labhair go hoscartha agus go nimhe neanta inár n-éadan agus má bhí meisce air féin, ní raibh ar fhear an tí ná ar na daoine eile, scata de mhuintir an bhaile, a thug cead a chinn dó.
inár gcuid aistear domhanda in our earthly journey
" ”* Ní chuirfeadh an cur síos sin isteach ar Hitchens ós rud é gur “single note” a chuid scríbhinní féin freisin, port muiníneach a rinne achainí ar gach éinne tábhacht na smaointí inár gcuid aistear domhanda a aithint agus a cheilúradh.
iomlán na bhfoirne inár n-ospidéil all the hospital staffs
" Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse uilig atá ag tabhairt aire dár muintir i gcaitheamh na saoire agus tríd an gcuid eile den bhliain freisin go deimhin – áirim orthu san An Garda Síochána, an tSeirbhís Príosúin, iomlán na bhfoirne inár n-ospidéil agus inár seirbhísí éigeandála, agus comhaltaí na bhFórsaí Cosanta atá ag cruthu nó ag tacú leis an tsíocháin thar lear.
inár seirbhísí éigeandála in our emergency services
" Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse uilig atá ag tabhairt aire dár muintir i gcaitheamh na saoire agus tríd an gcuid eile den bhliain freisin go deimhin – áirim orthu san An Garda Síochána, an tSeirbhís Príosúin, iomlán na bhfoirne inár n-ospidéil agus inár seirbhísí éigeandála, agus comhaltaí na bhFórsaí Cosanta atá ag cruthu nó ag tacú leis an tsíocháin thar lear.
gcaithfeá seal inár measc you’d spend a while with us
" 'B'fhéidir go gcaithfeá seal inár measc i do bhard of residence,' arsa seisean.
Gura fada buan inár measc iad good luck to them, long may they be with us
" Gura fada buan inár measc iad.
achan ghaoth a shéid inár dtreo every wind that came our way
" ‘An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh,’ dar leis an dán, ach is cosúil go bhfuil achan ghaoth a shéid inár dtreo le cúpla mí anuas crua agus fuar, feannaideach agus anfach.
thosaigh lucht an Bhéarla ag cur fúthu inár measc English speakers started living among us
" Tréimhse lenár linn féin nuair a thosaigh lucht an Bhéarla ag cur fúthu inár measc agus ag ceannacht na dtithe agus na talún.
An tsochaí a chuirtear inár láthair anseo the society presented here
" An tsochaí a chuirtear inár láthair anseo, is sochaí í nach bhfuil tuiscint cheart do bhrí na saoirse agus leanann na modhanna saoil dá réir i bhfeidhm aici go fóill.
spiorad an niachais beo inár measc the warrior spirit in our midst
" Ní bheadh Éire sa riocht ina bhfuil sí dá mbeadh spiorad an niachais beo inár measc; ní ligfí do na húdaráis Teamhair na Ríthe a réabadh; ní ligfí don Triúracht (Troika) cos a leagan ar thalamh bheannaithe na hÉireann.
deacair an áit a fhágáil inár ndiaidh hard to leave the place
" Bhí miongháire fáilteach ar gach duine thart timpeall orm agus mar sin, bhí sé deacair an áit a fhágáil inár ndiaidh nuair a tháinig an lá deiridh sin.
Nílimid inár n-aonar, más ea we’re not alone however
" Nílimid inár n-aonar, más ea.