Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scriosta exhausted
" "Tar éis na cigireachta, bhí muid ar fad scriosta, bhí *Transit Van* lán páipéir agus cáipéisí againn agus mhothaigh muid uilig gur am agus airgead amú a bhí ann.
scriosta destroyed
" D'ordaigh an breitheamh Geoffrey Eames i gCúirt Uachtarach Victoria go gcuirfí cosaint an chomhlachta ar ceal mar go raibh cáipéisí a bhain leis an gcás scriosta d'aon turas acu agus nach mbeadh triail fhéaráilte ann dá bharr.
cumas scriosta an duine man's destructive capability
" Cad is carraig ann? Cad is cloch ann? Táimid chun aghaidh a thabhairt inniu ar Hiroshima chun cumas scriosta an duine a mheabhrú dúinn féin.
scriosta in ruins
" "Bhí dhá acra is caoga, ó Broad Street go South Street, agus ó Wall Street go ceantar ar a tugadh Coenties Slip, scriosta.
ag déanamh scriosta orthu destroying them
" Cé gur throid na Bleá Cliathaigh go cróga an lá sin, dar le Mícheál ba í taithí Chill Chainnigh a sheas dóibh agus a chabhraigh leo teacht ar ais sa chluiche nuair a bhí Áth Cliath ag déanamh scriosta orthu.
scriosta exhausted
" Bhí siad scriosta agus gan chodladh i rith na Nollag agus gach seans go mbeidh cúrsaí chomh dona céanna go ceann cúpla mí go fóill.
scriosta destruction, damage
" Tá na mílte duine óg ag tréigean a gceantracha féin de bharr an scriosta atá déanta ag cuid cuótaí an Aontais Eorpaigh ar thionscal na hiascaireachta agus na talmhaíochta.
scriosta destroyed
" Tá ráite ag Tommy Kirkham, ball den Ulster Political Research Group, páirtí polaitíochta an UDA, go bhfuil a raibh acu de na buamaí seo scriosta cheana féin.
scriosta destroyed
" Tá daoine ag fáil bháis agus á ngortú mar gheall orthu, sibhialtaigh agus páistí san áireamh, agus na mílte foirgneamh scriosta acu.
scriosta spoilt
" Is é fírinne an scéil ná nach amháin go raibh an Nollaig scriosta ar lucht leanúna Chorcaí ach tá seans ann go bhfuil an samhradh seo chugainn agus mórán samhraí eile scriosta leis.
scriosta destroyed
" Ach cé chomh fada is a bheidh sé go mbeidh sé sin scriosta fosta? An bhfuil imní ar dhuine ar bith sa Roinn Turasóireachta nó i gComhairle Contae Dhún na nGall mar gheall ar an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul in olcas i nGleann Cholm Cille? *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
scriosta ruined
" Dá mba rud é nach bhfuair tú pas, bhí tú scriosta – ní bhfuair tú an Ardteistiméireacht.
ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin showing conflict, destruction and violence
" Is leis na Trioblóidí céanna a bhaineann formhór na bpictiúr ó na seachtóidí agus na hochtóidí, go leor acu ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin agus, ar ndóigh, is iad na híomhánna is truamhéalaí na cinn a léiríonn na gnáthdhaoine: páistí ag súgradh, déagóirí ag fánaíocht thart timpeall na sráideanna briste brúite.
scriosta ruined
" Bhí an Ghearmáin fós scriosta agus bhí bochtanas i go leor tíortha eile san Eoraip.
scriosta nó díghrádaithe destroyed or degraded
" De réir na Náisiún Aontaithe, beidh 98% d’fhoraois bháistí na tíre sin scriosta nó díghrádaithe roimh 2022.
scriosta destroyed
" Ach faraor, nuair a bhí muid ansin ag tús mhí Iúil bhí an tobar scriosta agus na clocha móra briste.
scriosta wrecked
" Táthar ag súil go gcuirfear an cosc i bhfeidhm de bharr go mbíonn go leor imreoirí scriosta ag aois óg.
lucht scriosta wreckers
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
as ucht a gcultúr a bheith scriosta for their culture being ruined
" Mar chéad mhír ar chlár gnó an tseisiúin, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile as ucht a gcultúr a bheith scriosta ag muintir gheal na hAstráile.
scriosta ag an aclaíocht destroyed by the exercise
" Ach ní bhíonn daoine ag éisteacht leat! Caithfidh tú ól go maidin! Tá tú ar laethanta saoire, nach bhfuil? Bíonn an corp scriosta ag an aclaíocht cibé, agus ní bhíonn tú ag iarraidh a bheith ag déileáil leis an cheann chomh maith – go háirithe mar go mbeidh ort na *flippin’* buataisí, nach féidir leat siúl iontu, a chur ort an mhaidin dár gcionn.
scriosta destroyed
" “Bhí brón orm nuair a fuair mé amach go raibh mo chuid breagán scriosta,” a dúirt sé liom.
scriosta wrecked
" Nuair a bhain muid Díseart Aoidh Mhic Bhricne amach, chonaic muid go raibh an tobar beannaithe scriosta go fóill.
scriosta. ruined
scriosta flat broke
" Bhí na seomraí bídeach agus bhí mé scriosta ag díol ar shon deochanna agus bia iontu.
scriosta in ruin
" Tá an tír scriosta tar éis fhorghabháil bhrúidiúil a mhair dhá bhliain.
a scriosta to their destruction
" Sochaí a thiomáineann Roman agus Maru, friothlaochra an scéilín áiféisigh seo, go himeall a bpléascaithe, agus, eirbeall in airde, thar aill a scriosta ar deireadh.
scriosta amach torn out
" " Mo dhála féin, bhí an Casaideach míshásta faoin dóigh a bhfuil ár gcultúir féin scriosta amach as an stair.
scriosta deleted
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
scriosta ruined
" Tá leath na tíre scriosta ag an díle agus an leath eile scriosta ag Thierry Henry, a bhfuil LÁMH agus focal idir é agus muintir FIFA.
scriosta ruined
" Ó na hochtóidí ar aghaidh, tá moscanna agus scoileanna creidimh scriosta agus ní annamh a chuirtear cosc ar dheisiú na bhfoirgneamh seo.
scriosta ruined
" Tá Údarás na Gaeltachta scriosta aige.
scriosta ruined
" Gadaíocht ó na daoine is boichte le tabhairt don dream a bhfuil an geilleagar scriosta agus an todhchaí curtha i mbaol acu fríd an chaimiléireacht nó fríd an neamhinniúlacht.
scriosta ruined
" Má tá Nóra ag fulaingt as siocair a laige féin, feicimid an bród mar laige mhór i gcás athair Nóra, agus saol Nóra agus saol na dtuismitheoirí scriosta dá chionn.
gléasanna scriosta means of destruction
" De réir mar a bhí na hinnill chogaíochta agus na gléasanna scriosta ag éirí níos cumhachtaí agus níos tréamanta, is amhlaidh is mó a bhí ealaíontóirí an tsaoil ag tiontú in éadan an dearcaidh seo ar an chogaíocht.
scriosta ruination
" Tiocfaimid tríd an duibheagán seo agus cuirfimid an tír ar a seanléim arís, ach má theipeann orainn athleasú a dhéanamh ar an phoblacht, fágfar síolta an scriosta faoi thalamh agus gan aon amhras fásfaidh siad aníos faoi chosa na glúine eile inár ndiaidh.
scriosta decimated
scriosta ruined
" Agus na hearnálacha geilleagracha a bhí láidir go maith faoin tuaith le linn aimsir an téagair, tá siad scriosta ar fad anois nó beidh srian orthu ar feadh i bhfad.
ar chonar ár scriosta on an orbit which shall destroy us
" Más crann taca í an deirfiúr chiallmhar le linn na bainise, nuair a cheaptar go dtiocfaidh an domhan slán, ’sí Justine (atá imithe soir ar fad fán dtráth seo) is fearr atá in ann deighleáil leis an mbagairt ar ball nuair is léir nach ‘ar eitilt tharainn’ ach ar chonar ár scriosta atá Melancholia chugainn ar ardluas.
ar imeall a scriosta about to be destroyed
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
as ucht a saíocht a bheith scriosta for the destruction of their culture
" Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008).
i mbaol a scriosta in danger of being ruined
" Is léir chomh maith go dtuigeann sciar maith de phobal na Gaeltachta go gcaithfear seasamh a thógáil nó go bhfuil oidhreacht teanga agus féiniúlacht na gceantar Gaeltachta i mbaol a scriosta.
a bhí scriosta which was torn
" > “Bhí orm dul faoin scin agus baineadh úsáid as mo bhallnasc bairnigh san obráid le cur in áit an phíosa a bhí scriosta.
scriosta ag ruined by
" Tá an Iodáil scriosta ag an chaimiléireacht agus an mhífheidhmiú leis na blianta.
ar bhealach a scriosta to rack and ruin
" Tar éis an tsaoil, má chuaigh an rialtas seo amú in amanna, agus má bhí sé míchumasach go minic, ní féidir a rá faoi gur chuir sé an tír ar bhealach a scriosta.
scriosta wrecked
" Bhí an áit ar fad scriosta, bhí oiread cumhachta ag baint leis.
tír scriosta a country in ruins
" Is é scéal na Rómáine atá á chíoradh anseo, conas a thagann tír scriosta chuici féin arís agus fulaingt dho-inste na mblianta a chur di ag an am céanna.
i mbaol a scriosta endangered
" Is léir gur fiche eagraíocht atá i mbaol a scriosta ag Foraois an fhill.