Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thapaigh an IRB an deis the IRB seized the opportunity
" "Ollscoil na Réabhlóide" a tugadh air mar gur thapaigh an IRB an deis atheagrú a dhéanamh ar an eagraíocht taobh istigh den champa, atá suite ceithre mhíle ó Bala.
thapaigh Diarmuid an deis Diarmuid seized the opportunity
" " Nuair a thosaigh "Ros na Rún", thapaigh Diarmuid an deis le bheith páirteach ann.
Thapaigh sé an deis he grabbed the opportunity
" Thapaigh sé an deis agus in earrach bhliain a chéime fuair sé seans an iris a chur in eagar nuair a d'fhág an té a bhí ag déanamh na hoibre sin go tobann.
thapaigh an Coileánach an deis Collins seized the opportunity
" Meancóga ======= Rinne Rialtas Londain meancóg, ár ndóigh, nuair a chuir siad beagnach 2,000 réabhlóidí le chéile i gcampa amháin i 1916, mar thapaigh an Coileánach an deis leis an IRB a atheagrú ann.
thapaigh sé an deis he seized the opportunity
" B'in an seans do Ghascar féin agus thapaigh sé an deis críoch a chur le clampar an fhathaigh shalaigh; sháigh sé a chlaíomh go feirc ina cheann agus thit an Broím Soghluaiste marbh go doicheallach.
thapaigh Pól Ó Cuimín a dheis Pól Ó Cuimín seized his opportunity
" Nuair a rinne an tÚdarás cinneadh straitéiseach infheistíocht a dhéanamh sa tionscal closamhairc, thapaigh Pól Ó Cuimín a dheis.
Thapaigh sé an deis sin he seized that opportunity
" Thapaigh sé an deis sin, fiú agus gan í sa cheantar is ansa leis, Brooklyn.
thapaigh siad an deis they seized the opportunity
" Bhí cúpla deis acu le tamall anuas dul thar fóir agus thapaigh siad an deis.
Thapaigh sí an deis she seized the opportunity
" Thapaigh sí an deis le dul ar ais chuig an stáisiún; chuir sí isteach ar phost an taighdeora agus d’éirigh léi é a fháil.
thapaigh Neill an deis Neill seized the opportunity
" Bhí báirse ag dul trí loc ansin agus thapaigh Neill an deis síob a fháil dúinn.
thapaigh mé an deis I seized the opportunity
" Ní rabhas riamh san Eoraip agus thapaigh mé an deis chun cuairt a thabhairt ar “an seanfhód” ag an am céanna.
thapaigh mé gach deis I seized every opportunity
" Le scéal fada a dhéanamh gearr, thar na blianta thapaigh mé gach deis chun cur le mo chuid eolais ar an nGaeilge.
a thapaigh an deis who seized the opportunity
" Ba léir go raibh coirpigh ann a thapaigh an deis sa bhroid oibre a ngnó féin a dhéanamh, rud a chuir brú breise orainne sa bheár.
thapaigh siad an deis. they seized the opportunity.
" Chuala siad go raibh ospidéal i Stoke-on-Trent ag fógairt ciorruithe agus thapaigh siad an deis.
thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile I seized the opportunity to escape from home
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
thapaigh mé an deis I grasped the opportunity
" Bhí briseadh idirsheimeastar againn anseo in Auckland, agus thapaigh mé an deis chun filleadh ar an Eoraip le freastal ar dhá bhainis de chuid mo mhuintire.
thapaigh sé an deis he seized the opportunity
" Saoithiúil go leor, d’fháiltigh Alex Salmond roimh an mholadh agus thapaigh sé an deis dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais.
thapaigh sé an deis he seized the opportunity
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
Thapaigh SAM an deis the USA took the advantage
" Thapaigh SAM an deis ansin teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana.
thapaigh took (the opportunity)
" Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
thapaigh availed
" ” Ceist mhór thromchúiseach Leanadh leis an díospóireacht ag cruinniú den Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, áit ar thapaigh cinnirí ghluaiseacht na Gaeilge a moltaí faoin dréachtstráitéis a chur in iúl.
Thapaigh took advantage
" Thapaigh Benjamin Netanyahu an deis, agus é ag fáiltiú roimh Silvio Berlusconi go hIosrael ar na mallaibh, leis an Iaráin a dhamnú uair amháin eile.
thapaigh siad an deis they availed of the chance
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
thapaigh sé he availed
" Uirlis le faobhar a bhí sa bheartas seo i lámha urlabhraí oideachais an pháirtí, Brian Hayes, sna blianta beaga ina dhiaidh sin agus thapaigh sé gach deis lena chur chun cinn.
thapaigh availed, used
" SAM Imeallaithe ========= Anuas ar sin, thapaigh ceannairí Iosrael gach deis na hArabaigh agus na Moslamaigh a bhriogadh ó shin i leith.
thapaigh roinnt Briotánach an deis some Bretons availed of the opportunity
" Nuair a tháinig na Gearmánaigh chun an Fhrainc a chur faoi chois i 1940, thapaigh roinnt Briotánach an deis chun tacaíocht a fháil dá dteanga.
Thapaigh siad an deis they availed of the chance
Thapaigh mé féin an deis I used the opportunity
" Thapaigh mé féin an deis le dul ar sciuird.
Thapaigh mé an deis I used the opportunity
" Thapaigh mé an deis le tús a chur leis an gcuardach nuair a thosaigh stócach ón áit ag caint liom ar an tsráid.
Thapaigh availed of
" Thapaigh Roger Allam rógaireacht Falstaff le flosc.
Thapaigh availed of
" Thapaigh beagnach 30,000 duine an deis le hábhair éagsúla a chur ar an suíomh.
thapaigh availed of
" Le briseadh amach an Earraigh Arabaigh ag tús na bliana seo, thapaigh naimhde Tehran go léir an deis iontach fáil réidh le príomhchomhghuaillí Arabach de chuid na Poblachta Ioslamaí.
thapaigh mé an cuireadh I jumped at the invitation
" Bhí an-fhonn orm bainis Pholannach a fheiceáil agus thapaigh mé an cuireadh.
Thapaigh availed
" Thapaigh an Conchubharach an deis, agus seoladh go hoifigiúil a leabhar Twisted Truths, cnuasach nua-ghearrscéalta as Gaeilge aistrithe go Béarla agus curtha i gcló ag Cló Iar-Chonnacht.
thapaigh mé an deis I grasped the opportunity
" Nuair a fuair mé cuireadh ann, thapaigh mé an deis.
thapaigh availed of
" Dála na mílte Éireannach i Learpholl, thapaigh Seán Mac Con Mara agus Proinsias Mac Íomhair deis an bád farantóireachta as an chathair go Baile Átha Cliath ó aois óg.
thapaigh mé an deis freastal air I used the opportunity to attend
" Tharla go raibh mé sa cheantar nuair a bhí an tórramh ar siúl agus thapaigh mé an deis freastal air.
Thapaigh mé an deis I availed of the opportunity
" Thapaigh mé an deis ceithre lá a chaitheamh ag breathnú ar na mná a áirítear ar na galfairí is fearr ar domhan.
An aicme a thapaigh an deis those people who availed of the opportunity
" An aicme a thapaigh an deis lena dtuairim a chur in iúl, caithfear a rá go raibh siad go deas, urramach agus béasach lena chéile ar feadh i bhfad.
Níor thapaigh didn’t avail of
" Níor thapaigh Thatcher an deis rud éigin úsáideach a dhéanamh leis na dleachtanna ón ola.
an chaoi ar thapaigh an rialtas an deis how the government grabbed the opportunity
" Ach ní maith liom an chaoi ar thapaigh an rialtas an deis, agus botún an mhionlaigh a úsáid chun éalú ó lár na ceiste agus míchlú a chaitheamh ar lucht an fheachtais ar son na mbeo.
nár thapaigh an Garda Síochána an deis the GS didn't avail of the opportunity
" Ag eascairt as na hagallaimh sin d'éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go ndéanfaí fiosrúchán a thionscan mar gur léir, dar leo, nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.
thapaigh availed (of the opportunity)
" Go deimhin chiúnaigh cúrsaí ar feadh achair, agus thapaigh Meiriceá an deis seo a dtrúpaí a tharraingt siar.
Thapaigh mé an deis castáil leis I availed of the opportunity to meet him
" Thapaigh mé an deis castáil leis agus isteach liom sa dteach tábhairne ar teampall Fine Gaelach é: na ballaí brataithe aige le pictiúirí éagsúla den laoch Michael Collins.