Pota Focal Intergaelic
ríd | trí | rid | téid | thrí
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tríd an idirlíon through the Internet
" D'fhiafraigh mé de faoin "chóras gréasáin teicneolaíochta eolais" agus dúirt sé nach raibh i gceist ach córas le hearraí a dhíol tríd an idirlíon.
tríd an dorchadas through the darkness
" Chonaic mé a choiscéimeanna ag an droim ar a cúig a chlog agus lean mé ar aghaidh tríd an dorchadas.
tríd an Tollán through the Tunnel
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
tríd an Tollán through the Tunnel
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
tríd an chlós feirme through the farmyard
" De réir an leabhráin eolais, chuaigh an tslí díreach tríd an chlós feirme ach bhí an geata faoi ghlas.
chun sinn a threorú tríd to guide us through it
" Shocraíomar an blár a thiomáint mar sin agus cheannaíomar dlúthdhiosca chun sinn a threorú tríd.
tríd an Ghréasán. through the Web.
" D'fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo the gusts of wind which blow through this high gap
" Ábhar iontais dom nach scuabann na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo chun siúil iad.
tríd an gcúldoras. through the backdoor.
" An fhianaise dó sin ná nár bhuaigh aon chontae an chraobh seachas na contaetha móra – Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann – ó 1998, nuair a bhuaigh Uíbh Fhailí í tríd an gcúldoras.
tríd an gCrannchur Náisiúnta through the National Lottery
" Bealach amháin a dtarlaíonn sé seo ná tríd an gCrannchur Náisiúnta – daoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais is mó a cheannaíonn ticéid chrannchuir ach is ar áiseanna, fhoirgnimh agus araile na gcumann gailf, seoltóireachta, rugbaí, cluichí Gaelacha is mar sin de a chaitear an t-airgead.
tríd an aclaíocht sin through that fitness
" Go bunúsach, dhéanfadh sé cinnte go mbeadh foireann Átha Cliath níb aclaí ná aon fhoireann pheile eile sa tír agus tríd an aclaíocht sin go mbeadh an fhoireann chomh láidir agus chomh bríomhar sna nóiméid dheireanacha den chluiche is a bhíodar ag an tús.
tríd an slua through the crowd
" D’amharc mé ar an triúr ar feadh bomaite, iad gléasta i raonchulaith de chuid Everton, agus ansin chuaigh muid tríd an slua le chéad chluiche an lae a fheiceáil.
leathbhealach tríd half-way through it
" com/Festival/ An tríú míle déag – leathbhealach tríd anois and na mílte fágtha go bhfaighimid codladh.
seachas tríd an bhfilíocht. except through poetry.
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
á stiúradh tríd go cúramach steering him through it carefully
" Lance agus Eoin á stiúradh tríd go cúramach le rithim an cheoil.
tríd an nGorta, tríd an mbochtanas. through the Famine, through poverty.
" Agus bhí oiread measa aige ar na glúnta a choinnigh beo é seo trí na Péindlíthe, tríd an nGorta, tríd an mbochtanas.
go mall tríd an trácht, slowly through the traffic
" Chomh maith leis sin, má shiúlann duine – duine beag ach go háirithe – amach díreach roimh thiománaí leoraí agus é ag tiomáint go mall tríd an trácht, tá seans ann nach mbeidh sé ábalta an duine a fheiceáil mar go bhfuil sé thuas sa chábán.
seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd. instead of going through due process
" Ach níl sé ceart, ach an oiread, saol duine a scrios agus é a athrú ó bhonn taobh istigh de thrí seachtaine mar gheall ar scannán uair an chloig a bheith déanta faoi seachas próiseas cuí a bheith dulta tríd.
is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte. it is through the music that an insight is gio ven on the feelings of the two people
" Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
go fairsing tríd an Eoraip widely throughout Europe
" Scaipeadh na scéalta faoi iad a bheith bainteach le polagamas go fairsing tríd an Eoraip – agus trí Mheiriceá féin, go deimhin – mar gheall ar leabhar dar teideal *A Study in Scarlet* ón tsraith *Sherlock Holmes* a scríobh ag Arthur Conan Doyle in 1887.
gan an chraic a bheith fite fuaite tríd. without the crack being an integral part of it.
" Bhíodh a chuid ranganna beoga agus léannta; agus ní raibh sé in ann ceacht a thabhairt gan an chraic a bheith fite fuaite tríd.
a scaip tríd an aer thar achar fairsing which dispersed through the air over a wide area
" Scaoileadh saor ón imoibreoir cleitín truaillithe radachuir a scaip tríd an aer thar achar fairsing.
briseadh tríd an gCuirtín Iarainn break through the Iron Curtain
" Le teann díograis, d’éirigh le Roche agus a buíon bheag briseadh tríd an gCuirtín Iarainn.
tríd an chladach through the shore
" Sa deireadh, thóg siad bóthar díreach tríd an chladach síos go dtí an ché.
tríd do chloigeann through your head
" Cérbh é, an fear ghiotáir a b'fhearr i Learpholl sna 1960's ? Is dócha go bhfuil na hainmneacha John, George agus Paul ó The Beatles ag rith tríd do chloigeann ag an phointe seo, ach de réir John Lennon féin, duine eile de bhunadh Éireannach a ba é an giotáraí ab fhearr.
tríd is tríd in general, mostly
" Pléascann an t-achrann siúd amach go fuilteach ó am go chéile, ach tríd is tríd, d’fheabhsaigh rudaí le blianta beaga anuas.
tríd síos throughout
" “Tá ocht mbliana aici orm, is geall le dara máthair í!” Ach is léir tríd síos an agallamh go bhfuil sí thar a bheith geanúil is ceanúil ar na deartháireacha chomh maith.
Tiocfaimid tríd we'll get over it
" Tiocfaimid tríd an ghéarchéim seo mar phobal is mar náisiún díreach mar a rinne na glúine Gael a d’imigh romhainn.
tríd is tríd in general
" Má bhí an freasúra ag easaontú go binbeach le chuile rud a dúirt Brian Lenihan ina ráiteas faoin staid airgeadais, bhíodar tríd is tríd ag aontú le gach rud sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tríd is tríd all in all
" Tríd is tríd, don té a bhfuil suim aige san iomáint nó i scéal fhoireann Phort Láirge le dhá bhliain déag anuas, ábhar léitheoireachta taitneamhach nach gcuirfidh stró ná dúshlán mór ar an léitheoir atá i ndírbheathaisnéis Dan Uí Sheancháin.
tríd an cheol through music
" An Tinfeadh ====== Chuir cuid den ghlúin sin a mianbhac in iúl tríd an cheol, ach fuair David Jacques inspreagadh i saothar an ealaíontóra Mheicsicigh Diego Rivera agus thosaigh sé féin ag péinteáil.
tríd is tríd entirely
" ie) Le dearadh agus le taithí úsáideora den chéad scoth agus faoi chruth atá sóisialta tríd is tríd, seo an múnla nua is ansa liom go fóill.
ba tríd it was through
" Fiche bliain ó shin bhí siad go mór ar son an Aontais – ba tríd an Aontas a d’éirigh leo a dtír féin a athaontú.
ar do thuras tríd on your passing through
" Ní dhealraíonn sé ar do thuras tríd gurb í Toronto an chathair is mó sa tír mar tá na sráideanna agus páirceanna glan néata.
Chuaigh deann tríd an slua a frissance swept through the crowd
" Chuaigh deann tríd an slua le linn na hiontróide ardáin.
tríd is tríd in general
" Mealladh na Sluaite =========== In ainneoin a bhfuil de chomhghéilleadh ag baint le cluiche na Rialacha Idirnáisiúnta, tá éirithe leis na himreoirí tríd is tríd leibhéal ard cumais agus máistreachta a bhaint amach agus tá cluichí lániomaíocha, coimhlintí géara agus cur chuige den scoth feicthe go minic.
anuas tríd na blianta down the years
" Lios Tuathail 07 ====== **CNíA**: Agus chuireas glaoch ar mhuintir na féile i Lios Tuathail, mar bhíos ag smaoineamh go díreach ar chéard é atá i Sunday Miscellany, cén cinéal scríbhneoirí, cén cinéal lucht éisteachta, cén cineál físe atá aige mar chlár agus is dóigh le léiritheoirí éagsúla anuas tríd na blianta, tá físeanna éagsúla i gceist cé go bhfuil an rud bunúsach céanna ag tarlú an t-am ar fad ó 1968.
Tríd is tríd in general
" Tríd is tríd, is saibhre é an duine a bhfuil teach mór aige ná an duine nach bhfuil aige an teach beag.
Tríd an ngail through the steam
" Tríd an ngail, chonaic mé nach raibh mórán ban sa seomra romham.
gcoilíneachas agus tríd an gcos ar bolg colonialism and through imperialism
" Tuigimid gur scaipeadh na cluichí sin timpeall an domhain tríd an gcoilíneachas agus tríd an gcos ar bolg.
ag rith tríd running through it
" Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.
tríd an luaithreach through the ash
" Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te.
N’fheadar aoinne cad a chuadar tríd no one knows what they went through
ag rith tríd running through it
" Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.
ag treabhadh tríd ploughing through
" Agus mé ag treabhadh tríd na haithisc fhada dar fhoilsigh Áras an Uachtaráin le déanaí, tháinig cúpla taibhse aniar aduaidh orm gan choinne.
tríd an cheadúnas through the license
" Íocann siad ar shon na seirbhíse, tríd an cheadúnas, ceadúnas an cháiníocóra, dar ndóighe, ach is páirt lárnach de RTÉ muid.
tríd is tríd all in all
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine, ‘tá an iomarca spóirt agaibh’, nó ‘bíonn an iomarca ceoil agaibh’, ‘bíonn an iomarca cainte agaibh’, tá a dtuairimí féin ag daoine, ach tríd is tríd, agus gan ach an tsracfhéachaint déanta go fóill, tá sé thar a bheith dearfach.
tríd an bhonn through the sole
" Áireoidh mé na hearraí seo leanas ina measc: - i) Buataisí de chuid Bose London a bhí ar díol ar €140 agus a ceannaíodh faoi cheant in Éirinn ar €70, scaoileann siad uisce aníos tríd an bhonn a luaithe a sheasfaidh tú amach ar chosán fliuch.
a brúdh tríd which was pushed through
" Achainí ar Aontas na hEorpa: ============ Níl aon dóchas agam as an gcomhrialtas, de bharr an Acht Gaeltachta a brúdh tríd an Oireachtas faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh.
hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd attempts to rejuvenate the language through
" Ina leabhar siúd, *Compulsory Irish: Language and Education in Ireland (Irish Academic Press, 2002)*, chuir an Dr Adrian Kelly an teoiric chun cinn go léiríonn na hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd an chóras oideachais an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do *“ideology to win over pragmatism in the formulation of policy.
tríd na meáin mórchostais by use of costly means
" Taispeánann Ghirlandaio saibhreas a phatrúin Tornabuoni tríd na meáin mórchostais, lapis lazuli nó leac neimhe, ór agus ruaim an chachtais a úsáideann sé i bhfreascó ’s aige Díbirt Joachim ón Teampall.
D’éalaigh gáire beag tríd an tslua a laugh went through the crowd
" Cumas an chainteora dúchais a bhaint amach sa Ghaeilge D’éalaigh gáire beag tríd an tslua nuair a chonaic siad an méid sin, ach tuigeadh go paiteanta as an chaint a cuireadh leis gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla áit ar bith in Éirinn.
tríd an sprioctheanga amháin through the target language only
" An cuspóir atá acu ná, Gaeilge a thabhairt dá bpáistí, trí thumoideachas nó córas ina múintear gach ábhar tríd an sprioctheanga amháin.
leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn a half hour of slipping through muck ahead of us
" Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin.
tríd na cnoic agus an doineann through the hills and bad weather
" Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas to put legislation through the houses
" Vótáil na daoine i reifreann chomh fada siar leis an mbliain 1979 chun a chur ar chumas an rialtais reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas le go dtabharfaí an vóta sna painéil ollscoileanna do na céimithe ó na coláistí tríú leibhéal ar fad.
tríd an chóras bainc through the banking system
" Daoine nár leo an t-airgead in aon chor a fuair an biseach as tríd an chóras bainc.
rinneadh tríd an gcomhlacht made through the business
" Pléascadh an rúndacht seo ar an 5ú Meitheamh nuair a thug an Guardian le fios go raibh seirbhísí rúnda Mheiriceá tar éis sonraí gach taifid teileafóin a rinneadh tríd an gcomhlacht Verizon a bhailiú, agus gur mó is dóichí go raibh sé seo ar siúl le blianta fada.
uaslódáladh tríd an idirlíon uploaded through the net
" ’Sé sin, tá gach ríomhphost a sheol éinne ar *Yahoo, Hotmail, Outlook*, nó *Gmail* ariamh, agus gach glaoch teileafóin a rinne éinne ar Skype nó Google ariamh, bailithe agus scagtha ag an NSA cheana féin, gach comhad a sheoladh nó a uaslódáladh tríd an idirlíon, cuma an saoránach de chuid Mheiriceá nó na hÉireann an seoltóir.
tríd is tríd for the most part
" Is é an bua atá ag Brian Mac Óda agus lucht Cill Chainnigh i gcoitinne go bhfuil éirithe leis agus leo an intinn a bheith dírithe i gceart tríd is tríd roimh gach cluiche.
Tríd is tríd all in all
" Titim Staidrimh ar Fud an Bhaill =============== Tríd is tríd léiríonn na staidrimh go bhfuil feabhas ag teacht ar na rátaí coiriúlachta ó thosaigh an cúlú geilleagair.
leath bealaigh tríd an mbliain halfway through the year
" Is é an coincheap atá taobh thiar de ná go mbeidh fonn ar níos mó daoine an pláta ‘is déanaí’ a cheannach leath bealaigh tríd an mbliain.
tríd is tríd all in all
" Is léir gur tharla sé cúpla uair gur beag nár baineadh úsáid as na hairm uafásacha seo d’aon ghnó, cuirim i gcás Géarchéim Diúracán Chúba sna seascaidí, ach tríd is tríd, ba lia ar fad na himeachtaí a raibh fadhbanna teicniúla nó cumarsáide i gceist.
tríd an bpeil Ghaelach through Gaelic football
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
tríd is tríd in general
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
tríd na meáin cumarsáide via the mdedia
" In ainneoin na mbagairtí ó Airí Rialtais, lá i ndiaidh lae tríd na meáin cumarsáide nuair a bhí an vótáil ar bun, níor glacadh le socrú Pháirc an Chrócaigh II, rud a bhain creathadh as Breandan Howlin go háirithe.
beidh ort treabhadh tríd you’ll have to plough through
" Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu cé a bhronn croí orthusan.
bhí á reáchtáil tríd which was organized through
" Tá sí ag lorg ainmneacha, seoltaí agus gairmeacha beatha na ndaoine a léirigh spéis i gcomhaltacht trí phróiseas poiblí a bhí á reáchtáil tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
tríd a chuid turgnamh féin with his own experiments
" Léiríonn Kahneman tríd a chuid turgnamh féin agus na céadta eile a rinne taighdeoirí ar fud an domhain a lochtaí is atá réasúnaíocht, nó eagna, an duine.
brúdh tríd was pushed through
" “Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.
déantar an lucht féachana a threorú tríd the audience is lead through
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
a chur tríd atriail eile to retry it again
" Míníonn Fergus, “ní hé go bhfuil ort an ‘Maglia Rosa’ a dhearadh as an nua” ach go mbreathnódh sé ar a ról féin mar “an ‘Maglia Rosa’— an meafar spóirt cáiliúil seo a chur tríd atriail eile agus tagairt a dhearadh air do ‘Grande Partenza’ na bliana seo in Éirinn, m’áit dúchais.
leathshlí tríd halfway through
" Insíonn siad scéalta púcaí dá chéile i rith na hoíche, agus ritheann sé leis an lucht féachana leathshlí tríd an gcomhrá idir eatarthu nach scéalta greannmhara iad siúd ach an oiread, ach iarrachtaí fíorphearsanta greim a dh’fháilt ar a gcuid díomá agus a gcuid tubaistí éagsúla.
na hairm sin tríd the weapons through (Shannon Airport)
" Na cogaí agus na cogaí seachadta sa Mheán-Oirthear inniu, sa tSiria, san Iaráic agus go háirithe an t-ionsaí fíochmhar anuas sa mhullach na gasúir i nGáza, ar geall le cinedhíothú é, tháinig na hairm sin tríd an tSionainn nó trí aerspás na hÉireann a cuireadh ann iad.