Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Déanfar Raidió na Gaeltachta a dhí-bhodú Raidió na Gaeltachta will be castrated
" Déanfar Raidió na Gaeltachta a dhí-bhodú, ach ós fada ó bhain righneas nó teannas leis, ní thabharfar an t-easnamh fá deara.
an Ghráigis the Irish spoken in an Ghráig in the Kerry Gaeltacht!
" (Plibín rubair an Ghráigis a chuala air sin sula raibh an t-earra féin coitianta).
fíor-Ghaeltachtaí true Gaeltacht regions
" Tá daoine ann a deir gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt sa chaoi nach mbeadh fágtha ach fíor-Ghaeltachtaí, cibé atá i gceist acu leis an téarma sin.
go sealbhóidh páistí na Gaeltachta that Gaeltacht children will acquire
" Caithfear a chinntiú go sealbhóidh páistí na Gaeltachta ach go háirithe an teanga sula dtéann siad chun na bunscoile.
Ceathrú Gaeltachta Gaeltacht quarter
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh Ceathrú Gaeltachta anseo i mBéal Feirste mar a mbeadh dlúthphobal ag labhairt na Gaeilge i rith an ama.
Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan to show Gaeltacht life to the world
" Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan agus, ag an am céanna, ceangail chultúrtha, agus go háirithe ceangail teanga, a dhaingniú idir daoine gur suim leo cultúr agus teanga na Gaeilge.
mionchampas Gaeltachta small Gaeltacht campus
" Ach tá talamh agus foirgnimh ceannaithe ag an ollscoil i lár na Ceathrún Rua, agus creidtear go bhfuil sé i gceist mionchampas Gaeltachta a thógáil ann.
fíor-Ghaeltacht a true Gaeltacht
" Agus, ar ndóigh, is ceist oscailte í, cad is "fíor-Ghaeltacht" ann - beidh gach glúin inár ndiaidh in ann a rian féin a fhágáil ar ár saothar.
Gaeltacht Shamhalta Thóibín the Tóibín Virtual Gaeltacht
" Le cois na ranganna, tá muintir na scoile seo i mbun tionscadail a dtugann siad "Gaeltacht Shamhalta Thóibín" air.
i gceartlár na Gaeltachta in the heart of the Gaeltacht
" " Ar na laigí a mheasaim féin atá sa staidéar seo - agus sílim go bhfuil cuid mhaith laigí ann - tá an bhuncheist seo, nár freagraíodh: céard a tharlaíonn nuair a chuireann tú grúpa, ina bhfuil an ceathrú cuid ina gcainteoirí Béarla, ina gcónaí le chéile ar eastát tithíochta leis féin? An gcruthaíonn tú "oileán an Bhéarla" i gceartlár na Gaeltachta, oileán a imríonn tionchar ar an bpobal thart timpeall air? Sin a tharla, deirtear, i gcás an eastáit eile ar an gCeathrú Rua.
meath na nGaeltachtaí the decline of the Gaeltachtaí
" Dá bhrí sin, agus ag machnamh dó ar stair a chlainne féin, tá meath na nGaeltachtaí feicthe cheana aige i gcás trí cheantar acu.
Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta Minister for the Arts, Culture and the Gaeltacht
" Higgins ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus bhreathnaigh sé, cosúil linne, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha.
hatarraingt teorainneacha na Gaeltachta the redrawing of the Gaeltacht boundaries
" Seasamh conspóideach glactha aige maidir le hatarraingt teorainneacha na Gaeltachta agus é go láidir den bharúil nár cheart aon cheantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht.
teorainneacha Gaeltachta the Gaeltacht boundaries
" SUSAN: Taobh istigh de na teorainneacha Gaeltachta atá sé.
díothú na Gaeltachta the wiping out of the Gaeltacht
" Ní bheadh ach toradh amháin ann dá leanfaí leis an phatrún seo – díothú na Gaeltachta.
agus ligean orthu gur chás leo todhchaí na Gaeltachta and to pretend that they were concerned about the future of the Gaeltacht
" Deis a bhí iontu ligean don rialtas na caoirigh a chur thar abhainn agus ligean orthu gur chás leo todhchaí na Gaeltachta.
a chaillfeadh stádas Gaeltachta that would lose Gaeltacht status
" Lena chois sin, mhol an Coimisiún go mbeadh deis ag limistéir a chaillfeadh stádas Gaeltachta é a fháil ar ais ach critéir faoi leith a shásamh.
lárionad riaracháin na Gaeltachta the administrative centre of the Gaeltacht
" Chiallódh sé sin gur sa Ghalltacht a bheadh Na Forbacha - lárionad riaracháin na Gaeltachta, áit a bhfuil a gceannáras ag Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta.
i gcroílár na Gaeltachta in the heart of the Gaeltacht
" Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.
go leor de bhunadh na Gaeltachta many of the Gaeltacht people
" B’fhéidir dá dtuigfeadh siad an tairbhe a bhaineann go leor de bhunadh na Gaeltachta as na cúrsaí samhraidh go mbeadh orthu athmhachnamh a dhéanamh!
níl aon phribhléidí ag teastáil ó phobal na Gaeltachta the Gaeltacht community doesn't want any privleges
" Níl aon bhuntáistí breise ná níl aon phribhléidí ag teastáil ó phobal na Gaeltachta.
a dhéanfadh aimhleas na Gaeltachta which would harm the Gaeltacht
" Ní bheadh aon ghá leis dá mbeadh muinín againn nach dtabharfadh na húdaráis áitiúla cead d’aon fhorbairt a dhéanfadh aimhleas na Gaeltachta.
ag bleán a n-anama as na Gaeltachtaí eile milking the soul from other Gaeltachtaí
" Mar thoradh air seo, tá an chontúirt ann go bhfuilimid ag cruthú “Super-Gaeltacht” i gConamara agus ag bleán a n-anama as na Gaeltachtaí eile.
sruth Gaeltachta Gaeltacht strand
" Bhí sruth Gaeltachta sa gcoláiste, cinnte.
blas na Gaeltachta agus na Gaeilge a Gaeltacht and Irish language flavour
" ” “Sílim go n-aontódh aon duine réasúnach go bhfuil an soláthar nuachta a chuireann RTÉ ar fáil dúinn, go bhfuil sé éagsúil ón rud a bhíonn ar a gcuid cainéal eile, go bhfuil an fhoireann lonnaithe sa gceannáras againne i mBaile na hAbhann, go bhfuil an smacht eagarthóireachta atá ansin, go bhfuil sé go háitiúil ann agus go bhfuil blas na Gaeltachta agus na Gaeilge go láidir ar an soláthar sin.
nach dtig leo taisteal chun na Gaeltachta who can't travel to the Gaeltacht
" Is acmhainn iontach é; tugann sé deis do dhaoine nach dtig leo taisteal chun na Gaeltachta nó a mbeadh cineál scátha orthu dul chuig imeachtaí Gaeilge sna sé chontae an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Gaeltacht fhíorúil virtual Gaeltacht
" D'fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
toise Gaeltachta a Gaeltacht dimension
" Ach is féidir toise Gaeltachta a aimsiú i go leor scéalta.
faoi thodhchaí na Gaeltachta. about the future of the Gaeltacht.
" Seo mar a dúirt Balor an Fáistineach Fáidhiúil: “Tarlóidh in earrach na bliana sin go ndéanfar tuar agus tairngreacht faoi thodhchaí na Gaeltachta.
bunú na Ceathrún Gaeltachta. the establishment of the Gaeltacht Quarter.
" Measann sé, cuir i gcás, gur forbairt an-chorraitheach é an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú na Ceathrún Gaeltachta.
i roinnt ceantar Gaeltachta in some Gaeltacht areas
" Rith sé liom agus mé ag léamh chuntas Uí Chanainn nach raibh a chur síos ar ré Uí Earáin chomh héagsúil sin lena bhfuil ag tarlú i roinnt ceantar Gaeltachta sa lá atá inniu ann.
muintir na Gaeltachta the people of the Gaeltacht
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, which are areas in the Conemara Gaeltacht
" * Tugann an leabhar léargas dúinn ar shaol Barbara agus í ag éirí aníos i gCamas agus ar an gCeathrú Rua, ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí.
sna pobail Ghaeltachta in the Gaeltacht communities
" *Foilsíodh an tuarascáil seo ag tús mhí na Samhna agus rinneadh anailís inti ar staid na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta ar fud na tíre.
go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de that the Gaeltacht communities which are strong in language terms are fortified, strengthened
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
i gceantair Ghaeltachta in Gaeltacht areas
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
do dheontas tithíochta Roinn na Gaeltachta. for the Department of the Gaeltachta's housing grant.
" Chinn comhairlí contae éagsúla go mbainfí úsáid as an tslat tomhais chéanna is a bhí ann cheana féin do dheontas tithíochta Roinn na Gaeltachta.
go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne. that language conditions laid down by themselves for new houses in the Ring Gaeltacht were being ignored.
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
" An mhí seo caite léirigh mé nach raibh oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
ó Bhearna go Carna most of the Galway Gaeltacht
" ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
Bhreac-Ghaeltachta semi-Gaeltacht
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
Deontas Galltachta grants in non-Gaeltacht areas
" An Deontas Galltachta Ba mheasa i bhfad, áfach, an tionchar a bheadh ag an mholadh go gcuirfí deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, is é sin an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh.
Galltachtaí ex-Gaeltacht
" Cé nach bhfuil a fhios againn cad é atá muid á lorg, beidh a fhios againn go cinnte nuair a bheas sé faighte againn, nó tosóidh Pat Kenny agus a chairde ag caitheamh anuas go trom agus go leatromach ar na múinteoirí arís!” Ar Son na Drúise Beidh ar gach fíor-Ghael fíorghaelach sna Gaeltachtaí fíorghaelacha agus sna Galltachtaí breacghaelacha éirí as an Irish Star agus an Irish Sun agus an Irish Mirror a cheannach gach Céadaoin feasta, agus tosú ar an Irish Indo a cheannach ina n-áit.
Galltachta non-Gaeltacht Ireland
" Ina dhiaidh sin arís, sheas mé ag cúl halla ag fanacht le Deaidí na Nollag (’09) agus ag éisteacht le Gaeilge na Gaeltachta, chuile fhocal chomh glan soiléir, ó ghasúir ghaelscoile na Galltachta! Dá mhéid mo ghean ar an ghaelscolaíocht roimhe seo, níor shamhlaigh mé riamh go dtí Nollaig 2009 go n-oibreodh an córas chomh ceart críochnúil is atá ag éirí le gaelscoil amháin ar m’eolas.
Gaeltacht na dTreabh Galway city Gaeltacht
" Gaeltacht na dTreabh Má bhí na teorannacha as riocht 13 bliain ó shin tá an scéal chomh háiféiseach anois is gur oilbhéim anois é, im’ thuairimse.
breac-Ghaeltacht semi-Ghaeltacht
" Is ar éigean a áiríodh é ina breac-Ghaeltacht nuair a leagadh amach teorainn na Gaeltachta don chéad uair, mar go raibh 121 as 479, a dúirt go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh speisialta a tógadh sa bhliain 1926.
iar-Ghaeltacht ex-Gaeltacht
" Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh ================== **SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?** BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.
ná bí ag iarraidh an dual droinne ‘Gaeltacht’ a ghoid don’t try to steal the seal of G.
" Ach i gcead dóibh, ná bí ag iarraidh an dual droinne ‘Gaeltacht’ a ghoid uainn sa mhéad den Ghaeltachta atá fanta, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga pobail go fóill agus ina labhrann daoine Gaeilge mar gurb í a dteanga áitiúil nádúrach í.
chinnteofar cinniúint na Gaeltachta the fate of the G. shall be determined
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
idir Ghaeltacht is Ghalltacht everywhere in Ireland
" Is cuma mura bhfuil siad in innimh míniú don domhan mhór cén fáth nár labhair tuismitheoirí teanga a ndúchais lena gclann, nó cén fáth nach labhraíonn muintir na Gaeilge, idir Ghaeltacht is Ghalltacht, a dteanga go neambalbh agus le mórtas, nó cad chuige nach mbeidís bródúil as a gceol féin anuas na blianta go dtí gur thosaigh Ó Riada, na Dubliners, na Clancy Brothers, Horslips, agus buíonta eile, agus mheall iad leis an cheol cheart a athbheochaint ar ball, - is cuma! Is cuma mar go bhfuil an ceol níos forbartha agus níos fairsinge ná mar a bhí riamh.
ná iomlán na gceantar Gaeltachta than the entirety of the Gaeltacht districts
" Déarfainnse go bhfuil na hoileáin a bhfuil Gaeilg á labhairt go fóill orthu, in Albain, níos mó san iomlán ná iomlán na gceantar Gaeltachta in Éirinn in éineacht.
iar-Ghaeltacht ex-G.
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
réamh-Ghaeltacht pre-G.
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
ath-Ghaeltacht re-G.
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
fhíor-Ghaeltacht G. proper
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
mná tí Gaeltachta hostesses
" Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge fós ann ar ndóigh, is é sin an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh.
nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer when TnaG was put on the air
" An Fhís 25 Bliain ó Shin ======== Sa bhfís a bhí againne, 25 bliain ó shin, nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, samhlaíodh dúinn gurb í an Ghaeilge a bheadh in uachtar i ndéantús na gclár don stáisiún teilifíse a bhí á éileamh againn.
bunaíodh Raidió na Gaeltachta RnaG was founded
" Is mar gheall ar gur theip ar Raidió Éireann freastal ceart a dhéanamh ar an nGaeltacht a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus mar gur theip ar an RTÉ freastal ar riachtanais na dteaghlach a bhí ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge a troideadh an feachtas le TG4 a chur ar bun.
as ceantair Ghaeltachta éagsúla from various G. areas
" Tá an-spéis agam féin ann ach bhí mé ag ceapadh nach mbeadh aon spéis ag éinne eile ann, ach an rud a chur ionadh orm ná an méid sin daoine a tháinig aníos chugam níos déanaí nach raibh aon aithne agam orthu ó cheann ceann na tire, as ceantair Ghaeltachta éagsúla, na hoileáin, muintir Bhaile Átha Cliath.
annus horribilis na Gaeltachta a terrible year for the G.
" Ní fhéadfadh an bhliain atá romhainn a bheith chun dona leis an mbliain atá imithe tharainn, annus horribilis na Gaeltachta, im’ thuairimse.
Teorainneacha na Gaeltachta G. boundaries
" B’é an rud ba mhó a bhí le fógairt ag an Aire ná go mbeadh pacáiste tacaíochta á scaipeadh ar thuismitheoirí a bheadh ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge, ina mbeadh leabhrán le comhairle inti agus an dlúthdhiosca Rabhlaí Rabhlaí! Teorainneacha na Gaeltachta 2012: ============== Ag ócáid seolta a chuid *‘bounty bags’*, mí Aibreáin seo caite, d’fhógair an tAire Stáit go raibh sé chun Teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú ar bhonn teangeolaíochta.
sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe in the newly defined G.
" Mar shampla, tá na bruachbhailte ar imeall Chathair na Gaillimhe fágtha sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe’.
bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta na sála dá chéile Irish speakers throughout Ireland vied with each other
" B'in an 11 Samhain 2005 agus idir sin agus teacht i gcumhacht Fhine Gael bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta na sála dá chéile ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfadh bhláth ar an bheartas seo.
hiar-Ghaeltacht ex-G.
" ) Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain.
hath-Ghaeltacht re-G.
" ) Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain.
húr-Ghaeltacht a new-G.
" ) Léiríodh ag an Tóstal chomh maith nach dtuigeann an sách an seang, is go n-amharcann cuid de mhuintir na Galltachta, bíodh sé ina hiar-Ghaeltacht, ina hath-Ghaeltacht, nó mar is fearr a sheachaint, ina húr-Ghaeltacht, ar dhíothú teanga na Gaeltachta mar dhíothú teanga ar bith, ní hionann is briseadh slabhra saíochta na mílte bliain.
d’ealaíona na Gaeltachta G. arts
" Ina measc beidh Stair na gCeilteach i nGaillimh a thabharfaidh ardán d’ealaíona na Gaeltachta agus beidh Guthanna na nOileán i gCorcaigh a dhíreos ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeltachta.
mar stócach a fuineadh agus a fáisceadh sa Ghaeltacht as a youth born and bred in the G.
" Cén fáth gur i mBéarla a bhí sé ag cumadh mar stócach a fuineadh agus a fáisceadh sa Ghaeltacht? “Is ag déanamh aithrise a bhí mé ar na ceoltóirí mór le rá ag an am.
gníomhaithe eile ag bunú Gaeltachta other activists founding a G.
" "Taobh amuigh bhí gníomhaithe eile ag bunú Gaeltachta agus bhunaigh siad an chéad scoil lán-Ghaeilge ó thuaidh.
faoinar bronnadh stádas Gaeltachta by which G. status was granted
" Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
sna ceantair Ghaeltachta in the G. areas
" Cheaptaí nach mbíodh tada ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ach bás seanchaillí is mná óga ag pósadh.
tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin to see with their own eyes the benefit of the Gaeltacht for the children
" Is í seo Tír na hÓige! Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin.
na turasanna chun na Gaeltachta the trips to the G.
" Tá deimhniú faighte anois acu den tábhacht a bhaineann leis na turasanna chun na Gaeltachta sa samhradh.
Is de Ghaeltacht na cruinne ar fad sinn we are part of the greater global G.
ar nós comhluadar Gaeltachta like a G. community
" Braithim féin go bhfuil Na Gaeil Óga ar nós comhluadar Gaeltachta.
mar thuismitheoir Gaeltachta as a G. parent
" Ach ba dheas liom a cheapadh gurb é mo dhualgas mar thuismitheoir Gaeltachta é sin a dhéanamh.
Iar-Ghaeltacht an ex-Irish speaking area
" (Ní hionann Galltacht is Iar-Ghaeltacht, ná Réamh-Ghaeltacht.
Réamh-Ghaeltacht a pre-Irish speaking area
" (Ní hionann Galltacht is Iar-Ghaeltacht, ná Réamh-Ghaeltacht.
sna ceantair Ghaeltachta in the G.
" Ba é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a bhunaigh Airdeall in éindí le roinnt againn sna ceantair Ghaeltachta.
thuairimí pobal na Gaeltachta the people’s opinion
" “Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.
Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge if things are bad in Anglo-Ireland the G. and the Irish speakers are worse
" *" Cad tuige gur tugadh oiread sin suntais don eagarfhocal seo? ’Sí freagra na ceiste ná go raibh ríméad orainn deimhniú oifigiúil a fháil ónar gcomharsain béal dorais ar an rud atá soiléir do chách - gur cluiche maith í an iománaíocht! Mar a dúirt an té a dúirt: "*Arise Knocknagoshel, and take your place among the nations of the earth!*" Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge ===================== Dá olcas an tír frí chéile, is measa i bhfad cíocras phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta stampa aitheantais a fháil ón taobh amuigh go bhfuil tábhacht ag baint lena n-oidhreacht.
thar cheantair Ghaeltachta eile beyond other G. area
" Admhaím go bhfuil fuinneamh ar leith i muintir Chonamara, go fiú thar cheantair Ghaeltachta eile.
as ceantar breac-Ghaeltachta from a semi-Irish speaking area
" **CMacS: Cé as a dtáinig do shuim sa Ghaeilge?** AÓC: Is as ceantar breac-Ghaeltachta do mo mháthair agus bhí an-spéis sa Ghaeilge i gcónaí sa bhaile; bhíodh cuairteoirí ag teacht chuig an teach agus Gaeilge acu.
nochtadh scéal Gaeltachta being informed of G. matters (like that)
" Léiríonn nochtadh scéal Gaeltachta mar sin ag na Gradaim Chumarsáide a lárnaí is atá tionscal na físe i saol na Gaeilge.
Toghcháin Údarás na Gaeltachta the G. authority election
" Deireadh le Toghcháin Údarás na Gaeltachta:** Chuir Acht na Gaeltachta, 2012 deireadh le hionadaíocht tofa ar bhord Údarás na Gaeltachta.
de gheilleagar na Gaeltachta of the Gaeltacht's economy
" Tá na coláistí samhraidh ina gcuid thábhachtach de gheilleagar na Gaeltachta.
ag dul i dtaithí ar Eorpachas na Gaeltachta becoming acclimatized to the G. Europeanism
" Bhí Balor ag dul i dtaithí ar Eorpachas na Gaeltachta, ar ghliogar na gramadaí tábhairne agus ar cheol gaelach na Mór-Roinne in Éirinn lá breá te sa tsamhradh.