Pota Focal Intergaelic
an | án | en | in | ín
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cé nach n-áirím mé féin Although I don't count myself
" Cé nach n-áirím mé féin ina measc siúd, is fíor a rá go gcuireann an samhradh spréach bhreise ionam.
a n-aird a dhíriú focusing their attention
" ie/)) tar éis a n-aird a dhíriú ar Éirinn.
nach n-áirítear go coiteann not commonly thought of
" Caithfidh sé gurbh ea? Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, nó mar a bheireadh sé air féin i ndeireadh achair, 'William Bonney'.
a n-iompar teanga their language behaviour
" Tá sé soiléir gur beag fonn a bheidh ar go leor daoine a n-iompar teanga a athrú muna bhfeiceann siad go bhfuil buntáiste ann dá gcuid pócaí.
na feachtais atá á n-eagrú acu the campaigns that they are organising
" ie/)) lán d'eolas faoi na feachtais atá á n-eagrú acu.
ag rith i ndiaidh a n-eireabaill chasing their tail
" Tá daoine ann a chaitheann an tseachtain ar fad ag rith i ndiaidh a n-eireabaill de bharr an dul amú intinne seo.
bíodh siad ar a n-aire they had better watch out
" Iad siúd sa tír a bhfuil páiste acu nach bhfuil cumas acadúil ard go leor aige/aici, bíodh siad ar a n-aire.
de réir na n-oideachasóirí gairmiúla according to the professional educators
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
lena n-anamchairde with their soulmates
" Ba iad a mharaigh John McCormack i gCúil Raithin an mhí seo caite, is iad atá ag eagrú an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste, ba iad a bhí ciontach as an iliomad ionsaithe buamaí peitril i lár Aontroma agus in áiteanna eile, agus tá siad ag ullmhú do Alamo Dhroim Cria lena n-anamchairde san LVF.
á n-oiliúint being trained
" Cé gur léir gur féidir an locht a chur ar dhrochphleanáil an cheardchumainn féin agus na Roinne Oideachais nach bhfuil go leor múinteoirí á n-oiliúint, tá seans ann gurb í an Ghaeilge a bheas thíos leis má éistítear le Joe O'Toole agus a leithéidí.
a n-iarratas their application
" Tá daoine cumasacha i saol na Gaeilge agus san earnáil ghnó, a bheadh ina gceapachán fiúntach mar phríomhfheidhmeannach ar an Fhoras; tá súil againn go ndéanfaidh siadsan a machnamh agus go seolfaidh siad a n-iarratas isteach.
n-iarchéim postgraduate degree
" Feicimidne i bhFiontar difríocht an-mhór sa réimse seo idir ár bhfochéimithe féin agus na céimithe a thagann ó na hollscoileanna traidisiúnta le freastal ar ár n-iarchéim.
n-áraslann blocks of flats
" Chuaigh siad thart ar an cheantar, timpeall na n-áraslann mór ard, agus thar na sraitheanna tithe.
n-ídíonn sé it wears out, expends
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
Go n-athróinn mo chraiceann that I would change my skin
" Dúirt sí liom, 'Cad é atá siad ag iarraidh? Go n-athróinn mo chraiceann?'" Ina dhiaidh sin, labhair Cora liom faoina saol agus faoin mhéid tarcaisne a bhíonn le fulaingt aici.
stair na n-inimirceach the history of immigrants
" Mar chuid di, eagraíodh lá eolais faoi stair na n-inimirceach sa chathair ó 1600.
a n-íobairt their sacrifice
" Mar gheall ar a n-íobairt, tá sé de dhualgas orainn anois cabhrú lena chéile agus domhan nua cothrom carthanach síochánta a chruthú do shliocht ár sleachta.
gaolta na n-íospartach the victims' relations
" Nuair a cuireadh tús leis an phróiseas síochána sa chéad chuid de na nóchaidí cuireadh brú ar an IRA deireadh a chur leis an bhriseadh croí a bhí á fhulaingt ag gaolta na n-íospartach.
cé nach n-aontaím although I don't agree
" Dar liom féin caitear an t-airgead den chuid is mó ar nithe praiticiúla agus ar chur chun cinn na gcluichí, cé nach n-aontaím le gach bealach ina ndéantar é sin.
i gcosaint ár n-oidhreachta in the protection of our heritage
" Is í an Ghaeilge ceann de na gnéithe is bunúsaí inár gcultúr agus tuigeann mórán daoine, anseo in Éirinn agus ar fud an domhain araon, an tábhacht atá le húsáid na teanga sa ghnáthshaol tráchtála agus an pháirt mhór atá aige sin i gcosaint ár n-oidhreachta.
scoth na n-iománaithe óga the best young hurlers
" Is é an cuspóir ná deis a thabhairt do scoth na n-iománaithe óga as Baile Átha Cliath imirt i gcoinne na n-imreoirí is fearr sna coláistí is láidre i gCúige Laighean ar nós Choláiste Naomh Ciarán, Cill Chainnigh, Coláiste Naomh Peadar, Loch Garman, Coláiste na Dea-Chomhairle, Ros Mhic Thriúin, etc, agus ar an gcaoi sin caighdeán na himeartha i mBaile Átha Cliath a ardú.
aiseolas na n-othar feedback from patients
" Tá mise i láthair chun aiseolas na n-othar a chloisteáil.
agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon may you last and work on the net
" Gura fada buan seasmhach sibh agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon seo go ceann píosa maith eile de bhlianta.
ag éileamh go n-íocfaí iad demanding that they be paid
" Tá an Gaelic Players' Association cheana féin ag éileamh go n-íocfaí iad as a gcuid costaisí agus ama agus iad mbun traenála.
a n-airgead fuillimh their invested money
" Chaill níos mó ná míle duine a phost agus chaill na mílte duine eile a n-airgead fuillimh, go háirithe daoine ar pinsean.
nach n-ardófaí na caighdeáin that the standards wouldn't be raised
" Mhaígh siad go mbeadh na hathruithe a bhíothas ag cur i gcrích ina míbhuntáiste acusan, go mbeadh an córas i gcoitinne thíos leis, nach n-ardófaí na caighdeáin, agus go mbeadh nithe níos casta ná riamh do na daltaí agus do na múinteoirí.
dhrochstaid na n-ionad coinneála the bad state of the holding centres
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
stádas a n-iarratas víosa the status of their visa applications
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
go n-admhódh sí that it would acknowledge
" I bhfianaise an mhéid atá tarlaithe, tá fiú na Caitlicigh is goilliúnaí páirteach anois sa gháir cháinteach seo atá ag éileamh go mbéarfadh an eaglais greim uirthi féin, go n-admhódh sí an méid atá fulaingthe ag na híospartaigh, agus go dtabharfadh sí cléirigh atá tugtha do mhí-iompar gnéasach os comhair cúirte.
ár n-anam a dhíol to sell our souls
" Bheimis ana-shásta ár n-anam a dhíol ar mhaithe le hairgead ar feadh cúpla bliain dá mbeadh sé ann, ach níor tharla sé.
go dtabharfaidís thar n-ais dom é that they would give it back to me
" Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin.
go n-aontóidh that he'll agree
" " Aon duine a éisteoidh leis an albam nua, tá mé cinnte go n-aontóidh sé leis an tuairim sin.
go n-oibreodh sé sin that that would work
" *Nah*, níor mheas sé go n-oibreodh sé sin ach an oiread.
a n-eagla anama their deadly fears
" Déanann daoine a ndícheall míniú éigin réasúnach a fháil agus bíonn sé mar aidhm acu leis an síorphlé a n-eagla anama a roinnt le daoine eile agus bac a thógáil i gcoinne rud éigin nach bhfuil daonna, dar leo.
a n-aturnae their solicitor
" "Did they say which army?" a d'fhiafraigh a n-aturnae agus phléasc na daoine a bhí i láthair amach ag gáire.
gur measa go mór a n-iompar that their behaviour is much worse
" Mar dá olcas mhí-iompar na nGardaí in áiteanna poiblí, is féidir a bheith cinnte gur measa go mór a n-iompar laistigh de bhallaí sábháilte teolaí an stáisiúin.
a n-uigeacht their texture
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
comhardú na n-íocaíochtaí the balance of payments
" Rinne an comhrialtas airgead a infheistiú san infrastruchtúr, i gcúram sláinte agus san oideachas tar éis blianta fada de chiorruithe buiséid na ndaonlathaithe Críostaí agus, den chéad uair le cúig bliana is fiche, tá comhardú na n-íocaíochtaí cothrom.
ceiliúr na n-éan the song of the birds
" Ní raibh trácht ann, gan fuaim ar bith le cluinstean ach ceiliúr na n-éan.
Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle toadying to the gentry
" Cad é eile a dtiocfadh libh bheith ag dúil leis ach amháin teip, agus sibh ag gabháil do chluichí na nGall!!'" Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle agus na nGall atá lucht seirbhíse na tíre seo dar le Balorina na Súile Glinne Nimhe.
a n-oidhreacht their heritage
" Sa limistéar seo ina raibh na daoine bródúil as a n-oidhreacht ó thaobh na teanga Gaeilge agus cúrsaí cultúrtha, tá an chosúlacht air go bhfuil meath ag teacht orthu seo de bharr brú ón tsaol taobh amuigh.
nach n-aontódh an INTO that the INTO wouldn't agree
" Ach dúirt sé nach n-aontódh an INTO go ndéanfaí seiceáil ar na múinteoirí atá ag múineadh faoi láthair.
a n-oidhreacht their heritage
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh an ghlúin óg bródúil as a n-oidhreacht agus gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga chumarsáide pháistí na Gaeltachta.
a bhíonn á n-úsáid acu that they use
" Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.
a bhí á n-iompar which were being carried
" Thosaigh sé leis na léirithe a bhí ar na drumaí móra a bhí á n-iompar ag an Strabane Memorial Flute Band, a tháinig ó Thír Eoghain go speisialta don ócáid.
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht because they're turning their back on their heritage
" Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
go n-éisteodh siad liom that they would listen to me
" Is é ábhar bróid do mo mhacasamhailse go n-éisteodh siad liom.
ceardchumann na n-iriseoirí the journalists' trade union
" Ach in ionad áthas a bheith ar lucht na meán go bhfuil leasuithe breise á mbeartú tá ceardchumann na n-iriseoirí ag clamhsán mar gheall ar roinnt de na moltaí eile a chreidtear a dhéanfaidh an tAire iarracht a shleamhnú isteach sa bhille.
go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí that the size of the payments be decreased
" Moladh go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí agus go gcuirfí bealaí ar fáil le leithscéal a ghabháil seachas airgead a íoc.
a nochtadh ina n-iomláine dúinn to reveal them in their entirety to us
" Tá an dlí á cur ag Éirinn ar an mBreatain faoi Choinbhinsiún OSPAR toisc nach bhfuil rialtas na Breataine sásta dhá thuarascáil speisialta faoin monarcha MOX ag Sellafield a nochtadh ina n-iomláine dúinn.
ghaolta na n-íospartach relatives of the victims
" Bhí a lán de ghaolta na n-íospartach ansin," a dúirt sé liom.
ag crochadh na n-éadaí le triomú hanging the clothes to dry
" "Smaoinigh mé ar na mná ag comhrá leo agus iad ag crochadh na n-éadaí le triomú," arsa Fenster, "agus go mbeadh na glórtha seo mar fhuaim fho-thairseachúil.
a n-iompar their behaviour
" Tá siadsan i gcruachás anois chomh maith, agus grinniniúchadh á dhéanamh ag Binse Fiosraithe Morris ar a n-iompar.
á n-íoc being paid
" Ní dóigh le Mícheál Ó Grádaigh go mbeidh imreoirí gairmiúla á n-íoc sa CLG toisc nach bhfuil an t-airgead ann chuige.
theaghlaigh na n-íospartach the victims' families
" Agus na laethanta saoire ag teannadh linn, ní raibh scéalta ar bith le cloisteáil faoin 11 Meán Fómhair ach amháin cinn faoi chúiteamh do theaghlaigh na n-íospartach nó faoi thógáil foirgnimh ar láthair an Ionaid Trádála Domhanda i Manhattan.
formhór na n-áitreabhach most of the inhabitants
" Bhí tráth, nach fada ó shin é, a raibh daoine sa pharóiste nach raibh aon Bhéarla acu ach anois tá formhór na n-áitreabhach sa pharóiste dátheangach agus nuair a thagann an chrú dtín dtairne is é an Béarla is fearr leis an ndream óg a labhairt.
gach n-aon dár n-áitreabhaigh all of our inhabitants
" Ó thaobh na feirmeoireachta de, tá titim ana-mhór i líon na ndaoine atá ag brath ar an dtalamh mar shlí bheatha agus tá tamall ann ó bhí an fheirmeoireacht ag cur aráin i mbéalaibh gach n-aon dár n-áitreabhaigh.
ina n-iomláine in their entirety
" Tar éis 70 noiméad, thug Ian Farmer cead don rúnaí tagairt a dhéanamh do na ráitis sna miontuairiscí, ach ní na ráitis ina n-iomláine.
a ghéillfeas go héasca d'éilimh na n-iascairí who will easily give in to the demands of the fishermen
" ) Agus ní ceart go bhfágfaí dréachtú an chomhpholasaí nua i lámha ionadaithe an tionscail, státseirbhísigh sa mBruiséil agus polaiteoirí a ghéillfeas go héasca d'éilimh na n-iascairí má cheapann siad go bhfuil vótaí ann.
ag meá na n-impleachtaí síceolaíocha weighing the psychological implications
" Ag meá na n-impleachtaí ======= Bhí gach tráchtaire ag meá na n-impleachtaí síceolaíocha a bheadh a baint lena leithéid de thoradh don phobal Protastúnach.
is beag nach n-admhaíonn sé he nearly admits
" Glacann **Séamus Aldridge** cuid den fhreagracht as an gcúl is cáiliúla a scóráladh riamh sa pheil Ghaelach, cúl Mikey Sheehy do Chiarraí i gcoinne Átha Cliath i 1978 - is beag nach n-admhaíonn sé nár chóir dhó an cic saor a bhronnadh ar Chiarraí as ar scóráil Mikey Sheehy an cúl clúiteach úd.
go n-admhódh sé that he would admit
" Tugtar an t-uafás drochíde dóibh uaireanta nuair a dhéanann siad botún ach an té a léifeadh an leabhar seo seans go n-admhódh sé go bhfuil ómós níos fearr tuillte ag réiteoirí na tíre ná mar a fhaigheann siad de ghnáth.
á n-eagrú organizing them
" Ní raibh díol ceart déanta ar chuid de na ceolchoirmeacha, de bharr nach raibh cur amach rómhaith acu siúd a bhí á n-eagrú ar chuid ceoil an ghrúpa.
a n-iaróibh their descendants
"a n-iaróibh le feiceáil go sóileir ar an bhaile go fóill ach sílim gur lean níos mó acu Seán.
a n-aturnae their solicitor
" "Agus má ghabhann na póilíní na gadaithe, beidh a n-aturnae ábalta scrúdú iarbháis neamhspleách a fháil agus cuirfidh sin moill eile ar an tsochraid," arsa Jimmy liom.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
scoth na n-údar the best of writers
" Is é is sprioc do *Transcript *ná lucht léitheoireachta a aimsiú do scoth na n-údar ar fud na hEorpa nach mbíonn díol an-mhór ar leabhra ina dteanga dhúchais.
a n-am luachmhar their precious time
" Tá Cummiskey, mar aon le go leor daoine eile, ag súil go dtiocfaidh maolú ar an bhagairt seo, sa dóigh is gur féidir leis an páistí ó Bhéal Feirste agus iad siúd atá ag tabhairt aire dóibh sult a bhaint as a n-am luachmhar le chéile.
ár n-iníon uchtaithe our adopted daughter
" "Tugann muid 'ár n-iníon uchtaithe' uirthi," a deir Cummiskey, a bhfuil ceathrar clainne agus seisear garpháistí aige, agus a bhfuil cónaí air i New Dorp Beach.
ár n-aird our attention
" Díríonn muid ár n-aird ar rudaí eile.
a n-uireasa their lack
" Ós ag caint dúinn ar mhagairlí agus ar a n-uireasa, bhí léirsiú mór i mBaile Átha Cliath ar an mhí seo caite.
líon na n-oibrithe the number of workers
" Rinneadh athstruchtúrú ar an eagraíocht agus tá líon na n-oibrithe agus réimse na seirbhísí Gaeilge i ndiaidh fás ó shin.
ónár n-urraí from our sponsors
" Ba dheas, cinnte, dá mbeadh méadú ar mhéid na ndeontas seo ach tá muid buíoch as an tacaíocht atá á fáil againn ónár n-urraí.
in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan despite the prejudices that are against us
" Oibríonn muid in ainneoin na gclaontachtaí atá inár n-éadan agus in éadan na teanga, agus tá muid gníomhach in obair thrasphobail chun dearcadh daoine a athrú agus chun rannpháirtíocht an phobail iomláin a éascú.
ár n-ionracas a cheistiú to question our honesty
" Tá sé ráite acu ina bhforógra gurb é ról an ealaíontóra luachanna a choinneáil beo atá bunúsach agus daonna, agus nach mór seasamh in aghaidh na bhfórsaí a dhéanann iarracht ár n-ionracas a cheistiú.
i gcoinne na n-ionróirí against the invaders
" Tá na daoine ag teacht le chéile agus tá dream de bhunadh na hIaráice atá ag cur fúthu i dtíortha eile ag pilleadh abhaile le seasamh i gcoinne na n-ionróirí.
dár n-easpórtáil dhomhanda of our exports throughout the world
" Sin, áfach, níos lú ná 1% dár n-easpórtáil dhomhanda agus níos lú ná 1% dár n-olltáirgeacht náisiúnta don bhliain chéanna.
inár n-aonar alone
" "Fáilte go Alba" a deir an fógra nuair a théann tú thar an teorainn, agus cé gur siombail bheag é seo, tá sé tábhachtach domsa mar Ghaeilgeoir mar mothaím nach bhfuil muid go hiomlán inár n-aonar.
a n-aird their attention
" Ach is ar thuarascáil an choimisiúin faoi HIH a dhírigh cuid mhaith de na meáin chumarsáide anseo a n-aird le píosa.
go n-abódh an barr iomlán that the whole crop ripens
" An sprioc a bhíonn ann ná go n-abódh an barr iomlán ag an am céanna.
Ní móide go n-aithneodh í he probably wouldn't recognise it
" Ní móide go n-aithneodh í dá mbeadh tuilleadh cos scoite caite thart ann ach nuair nach raibh ann ach í agus gan éinne eile den chomhluadar callánach ar leathchois bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé gurb í a bhí ann.
a thug dúshlán na n-údarás who challenged the authorities
" Daoine a thug dúshlán na n-údarás, a d'éiligh seirbhís do lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta; daoine a bhí sásta dul chun príosúin ar son a gcearta.
a n-íobartha of their sacrifice
" Tá toradh a saothair agus a n-íobartha le feiceáil inniu.
go n-aimsíonn siad they find
" Siúlann na mná ar deiseal agus na fir ar tuathal, timpeall na cearnóige, agus iad ag déanamh géarstaidéir ar a chéile go dtí go n-aimsíonn siad an duine a bhfuil dúil acu ann.
a n-aird their attention
" Nuair a bheas an obair sin curtha i gcrích ag an RPA, beidh siad ag díriú a n-aird ansin ar sheirbhís a fhorbairt idir lár na cathrach agus an t-aerfort.
ndrumaí 'gus dord bass 'n' drums
" Is breá liom Steely Dan, Crowded House, David Kitt, Radiohead (na halbaim dheireanacha) agus tá an-suim agam i "ndrumaí 'gus dord" agus *hip hop *agus a leithéid.
go n-oibreodh an teicneolaíocht that the technology would work
" Léirigh sé go n-oibreodh an teicneolaíocht agus nach amaidí a bhí ann.
dá n-éistfeadh sí a béal if she had kept quiet
" An raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa as ordú nuair a tharraing sí anuas ceist na pótaireachta i measc na nÉireannach agus í ag tabhairt oráide ag an chomhdháil "Reimagining Ireland" i Charlottesville, NC na Stát Aontaithe an mhí seo caite? Mhaígh daoine áirithe go raibh treisiú á dhéanamh aici ar íomhá na nÉireannach mar dhream atá tugtha don deoch agus gurbh fhearr i bhfad dá n-éistfeadh sí a béal, go háirithe agus í thar lear.
gan a n-éide oifigiúil without their official uniform
" Lena chois sin, beidh cead ag na Gardaí dul isteach i dtábhairní gan a n-éide oifigiúil a bheith á caitheamh acu agus fianaise a bhailiú le tábhairneoir a tharraingt os comhair cúirte, agus rachfar ar ais go dtí an seanam dúnta ar an Déardaoin, is é sin 11.
líon na n-aeróg the number of aerials
" Braitheann cruinneas an chórais seo ar líon na n-aeróg atá sa cheantar - dá bhrí sin, bíonn sé i bhfad níos cruinne i gceantracha uirbeacha ina bhfuil a lán ceall ná amuigh faoin dtuath.
ag cur i gcoinne na n-aeróg seo objecting to these aerials
" Seirbhísí den tríú glúin ======= Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin le teacht ar an bhfód.
ár n-iarratas our application
" Tá Foras na Gaeilge tar éis diúltú dár n-iarratas.
sícé na n-aontachtóirí the psyché of unionists
" Tá an séanadh go domhain i sícé na n-aontachtóirí.
ag teitheadh lena n-anam astu rushing from them
" org) den tuairim go gcaithfear cuimhneamh ar na hoibrithe tarrthála a bhrostaigh isteach sna túir agus iad trí thine, agus daoine eile ag teitheadh lena n-anam astu.
dá n-íobairt to their sacrifice
" Agus go mbeadh foclaíocht le fáil ar an leacht a thabharfadh aitheantas dá n-íobairt.
ag cur na n-eitiltí in áirithe booking the flights
" Seo an tríú bliain, mar a dúirt mé, agus tá muid ag cur na n-eitiltí in áirithe faoi láthair.
deich n-uaire ten times
" Ní féidir leat an ceol a sheinm ach ar thrí ríomhaire éagsúla (mar sin ní féidir é a roinnt le do chairde), agus ní féidir leat albaim phearsanta de do chuid féin a chur ar dhlúthdhiosca ach deich n-uaire.
as ucht a n-ionsaithe leanúnacha because of their continuous attacks
" An mhí seo caite, cuireadh triúr ball sinsearach - Uachtarán an pháirtí Martin Smyth, an leas-Uachtarán Jeffrey Donaldson agus an feisire David Burnside - ar fionraí as ucht a n-ionsaithe leanúnacha ar pholasaithe an cheannaire David Trimble.
go n-imreoidís that they would play
" - agus ina áit sin an t-airgead agus an fuinneamh a chaitheamh ar na clubanna sna contaetha sin atá ag saothrú ar son na hiomána; go n-imreoidís i gcomórtais speisialta chlub idir-chontae, agus nuair a bheadh caighdeán sách ard bainte amach acu go bhféadfaidís filleadh ar an iomaíocht foirne idir-chontae.
lig siad a n-anáil they took a breather
" " Chuir Seán a thóin le leic na fuinneoige agus shuigh Máire ar leic an dorais agus lig siad a n-anáil ar feadh cúig nó deich mbomaite.