Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoin choróin Shasanach under the English crown
" Shíl na Protastúnaigh go raibh saol níos fearr i ndán dóibh faoin choróin Shasanach, agus go gcuirfí faoi chois iad dá mbeadh Éire aontaithe neamhspleách ann.
corn Sasanach cor Anglais
" Fiú má bhí aithne air mar cheoltóir cruite, bhí sé breá ábalta uirlisí eile a sheinm: an pianó, an corn Sasanach, an t-óbó agus, ar ndóigh, an tiompán, uirlis ársa Éireannach le céad agus fiche sreangán atá rud beag cosúil leis an dulcaiméir.
mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air because I didn't want to draw the attention of the English tabloids to him
" Sa deireadh, níor scríobh mé an scéal mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air.
ghabh na Sasanaigh é the English captured him
" Uair dá raibh Aodh Rua Ó Domhnaill ag tabhairt cuairte ar chlann Mhic Shuibhne, ghabh na Sasanaigh é agus chuir siad i bpríosún i mBaile Átha Cliath é.
faoi cheannas na Sasanach under the control of the English
" Bhí Fánaid anois faoi cheannas na Sasanach agus tugadh an talamh don Tiarna Liatroma.
a chroch na Sasanaigh whom the English hanged
" An duine stairiúil is clúití atá bainteach leis ná Piaras Feiritéar, an file agus saighdiúir a chroch na Sasanaigh i gCill Áirne sa bhliain 1653.
rudaí a deireadh mo mháthair phoblachtánach, fhrith-Shasanach linn-ne things that my republican, anti-English mother used to say to us
" Le fírinne, bhí baint mhór ag mo dhearcadh leis an tógáil a fuaireas agus le rudaí a deireadh mo mháthair phoblachtánach, fhrith-Shasanach linn-ne, na gasúir, agus muid ag fás aníos.
dá n-imreodh na Sasanaigh feall eile ar Éirinn if the English played false with Ireland again
" Dúirt Pádraig Mac Piarais i 1912 dá n-imreodh na Sasanaigh feall eile ar Éirinn, “there is a band in Ireland, and I am one of them, who will advise the Irish people never again to consult with the Gall, but to answer them with violence and the edge of the sword.
chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh the English drove out the Dutch
" Tar éis gur chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh i Nieuw Amsterdam (Nua-Eabhrac anois) i 1664, b’ag cainteoirí an Bhéarla a bhí an svae sna 13 choilíneacht a bunaíodh ar chósta thoir na mór-roinne nua seo, agus d’fhan an Béarla in uachtar thar na céadta tonn inimirce a bhris ar chóstaí na tíre seo ó shin i leith, bíodh na tonnta sin ó Éirinn, Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Pholainn, an Iodáil, nó an tSín.
i gcuimhne na dtreallchogaithe frith-Shasanacha in memory of anti-English guerrillas
" Le bliain nó dhó anois tá buíonta paraimíleatacha, a thugann "Minutemen" orthu féin, i gcuimhne na dtreallchogaithe frith-Shasanacha in aimsir na réabhlóide, ag dul ar patról ar an teorainn, beag beann ar na fórsaí armtha oifigiúla féin.
féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach a British political identity that is not English
" Is é an Preispitéireachas – a bunaíodh in Albain – an creideamh Protastúnach is mó sna Sé Chontae agus ofrálann Albain féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach, rud a mheallfadh aontachtaithe a mhothaíonn deighilt idir iad agus Westminster, dar le Mac Póilín.
cuairt na Sasanach the visit of the English
" Rud amháin a tháinig as cuairt na Sasanach ar Pháirc an Chrócaigh ná an t-ómós agus an urraim, an míniú agus an insint a tugadh sna meáin chumarsáide ar an méid a tharla ar Dhomhnach na Fola.
taiscéalaithe Sasanacha English explorers
" Níor thriail Sasanaigh le cur fúthu san Oileán Úr arís go dtí mí na Bealtaine 1607, nuair a chuaigh trí bhád ar ancaire i Jamestown (ainmnithe, ar ndóigh, as Rí Séamas) sa talamh ar thug taiscéalaithe Sasanacha "Virginia" uirthi, i gcuimhne na Banríona Éilís I, a fuair bás i 1603.
taiscéalaí Sasanach English explorer
" Ar feadh cúpla uair an chloig is féidir leat a shamhlú gur taiscéalaí Sasanach thú i dtír úrnua gan timpeall ort ach foraois agus treibheanna Indiacha.
rian láidir Sasanach strong English mark, trace
" Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
i gcoinne na Sasanach against the English
" B'ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Chorn Domhanda an Rugbaí i 1999 a canadh é i Maoiris amháin.
cuid de na Sasanaigh some of the English
" Thosaigh mé ag smaoineamh ar an dóigh a mbaineann cuid de na Sasanaigh úsáid as an fhocal Paddy.
nuachtán Sasanach English newspaper
" “Féach air seo,” a deir sé agus é ag taispeáint ailt ón nuachtán Sasanach *The Telegraph* dom a bhfuil “*The UK’s population could almost double within a lifetime to more than 100 million, new figures have shown*” mar cheannteideal air.
nuair a díbríodh na Sasanaigh when the English were driven out
" Tuigeann na hAlbanaigh nár thit an spéir anuas orainne nuair a díbríodh na Sasanaigh as deisceart na hÉireann, ach a mhalairt.
dearcadh na Sasanach the view of the English
" Ach tá cúis eile go bhféadfadh go n-éireodh leis an ghluaiseacht i dtreo neamhspleáchais an iarraidh seo – dearcadh na Sasanach ina leith.
féiniúlacht Shasanach an English identity
" Ceann de chomhthorthaí dheabhlóid na hAlban, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann ná go bhfuil féiniúlacht Shasanach ag teacht chun tosaigh go mór anois.
an oidhreacht Bhriotanach agus Shasanach the British and English identity
" Roimhe sin, bhíodh an oidhreacht Bhriotanach agus Shasanach inmhalartaithe ar a chéile nach mór.
a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha who represent English constituencies
" ” Mura bhfuil pobal na hAlban sásta leis an staid reatha, bíodh acu! Chuir iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, Sir Malcolm Rifkind, an lasóg sa bharrach ar na mallaibh nuair a mhol sé nach mbeadh cead ach ag Feisirí Parlaiminte a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha reachtaíocht a rith ar aon ní a bhaineann go sonrach le Sasana.
Sasanach English person
" Dar leis an Sasanach seo – a thug cuairt ar an Tibéid sa bhliain 1895 – bhí tíorántacht dhofhulaingthe i gceist sa tír, arbh iad na manaigh ba chúis léi.
ar maos i dtírghrá Sasanach. drowning in English love for country
" Agus i ndiaidh d'Altan an gníomh athmhuintearais áirithe sin a dhéanamh, bhí Cara O'Sullivan, soprán ó Chorcaigh na Reibiliúnach, ar an ardán agus í ag ceol "Jerusalem", amhrán atá ar maos i dtírghrá Sasanach.
corr-Shasanach an odd Englishman
" Bhí corr-Shasanach ar fhoireann *Man City*: Joe Hart, Gareth Barry, Micah Richards agus James Milner.
i gcoinne na Sasanach against England
" Tubaiste 9/11 nó cúl Ray Houghton i gcoinne na Sasanach b'fhéidir atá mar chlochmhílte do ghlúin níos óige.
an dealbhóir Sasanach the English sculptor
" Spreag feachtas Ai Weiwei an dealbhóir Sasanach Anish Kapoor agus cairde eile ó shaol na healaíne le físeán ‘*Gangnam Style*’ dá gcuid féin a dhéanamh mar thaca d’Ai agus d’fheachtasóirí cearta daonna eile timpeall an domhain.
tá cuid den mhilleán agam ar an Sasanach I blame some of it on the English
" Agus tá cuid den mhilleán agam ar an Sasanach.
a gcuid fostóirí Sasanacha their English employers
" Ba ghéire an iomaíocht ag bun an chairn ná an iomaíocht náisiúnta idir na Gaeil a théadh ar imirce agus a gcuid fostóirí Sasanacha.
de dhualgas ar na Sasanaigh the English were obliged
" Ba chomhartha é go raibh de dhualgas ar na Sasanaigh sinn a smachtú agus a bhéasú.
nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh barbarous British colonization was uncovered in the north
" Thagadh na feachtais seo, a raibh díchobhsú an chórais dhlíthiúil Bhriotanaigh a bhí fréamhaithe leis na céadta bliain mar aidhm acu, go buaicphointe i stailceanna ocrais na bliana 1980 nuair a nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh os comhair shúile an domhain mhóir den chéad uair, trí mheán na teilifíse ach go háirithe.
ghabh an Sasanach an tír the English took the country
" Ráiteas Balfour ===== Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917! Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.
chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach that cuckoo threw the English out
" Ráiteas Balfour ===== Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917! Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.
tinn tuirseach de dhearcadh na Sasanach ina dtaobh sick and tired of the English view of them
" Feiceann Súil Albannach Saol Albannach ===================== Maíonn Ascherson go bhfuil muintir na hAlbain tinn tuirseach de dhearcadh na Sasanach ina dtaobh.
an t-ealaíontóir Sasanach, the English artist,
" Tá bradaíl curtha i leith Damien Hirst, an t-ealaíontóir Sasanach, agus ní seo an chéad uair dá leithéid tarlú, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud of the work of the English artist Lucian Freud
" Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.