Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith they couldn't be accused of being two-faced
" D'fheicfí go raibh an Lucht Oibre ag tabhairt teachtaireacht shoiléir don phobal agus ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith.
nuair a chuir sé i leith na dteifeach when he accused the refugees
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
Cuirtear ina leith they are accused
" Cuirtear ina leith go minic sna meáin go bhfuil siad cúlráideach agus paróisteach ach má théann tú isteach i gclubtheach de chuid an CLG aon oíche den tseachtain tá seans go mbeidh cluiche ón *Premiership* ar siúl ar scáileán mór sa tsólann.
cad a bhí á chur in a leith what he was being accused of
" Ach níor insíodh dó riamh cad a bhí á chur in a leith.
nuair a chuirtear clúmhilleadh ina leith when they are accused of defamation
" I go leor tíortha eile, tá reachtaíocht ann chun iriseoirí agus foilsitheoirí a chosaint nuair a chuirtear clúmhilleadh ina leith ach iad a bheith ábalta a chruthú go raibh siad i ndáiríre ar thóir na fírinne agus go ndearna siad gach iarracht a chinntiú go raibh a bhfíricí cruinn.
chuir siad i mo leith they accused me
" Tháinig póilíní agus chuir siad i mo leith go raibh mé ag iarraidh airgid ar dhaoine.
chúisí accused
" Bíonn an bhéim uilig ar an chúisí.
bean ar cuireadh ina leith go héagórach a woman who was wrongly accused
" Tá cur síos beacht ar an chultúr seo le fáil sa leabhar *Charades *a scríobh Karen McGlinchey faoina deirfiúr Adrienne, bean ar cuireadh ina leith go héagórach gur brathadóir de chuid an IRA a bhí inti.
bean ar cuireadh ina leith go héagórach a woman who was wrongly accused
" Tá cur síos beacht ar an chultúr seo le fáil sa leabhar *Charades *a scríobh Karen McGlinchey faoina deirfiúr Adrienne, bean ar cuireadh ina leith go héagórach gur brathadóir de chuid an IRA a bhí inti.
cúisithe as accused of
" Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.
Rinneadh thú a cháineadh agus a lochtú agus a chiontú, you were criticised, blamed and accused,
" Rinneadh thú a cháineadh agus a lochtú agus a chiontú, a Charlie, ach is beag duine de lucht do cháinte agus do lochtaithe agus do chiontaithe nach raibh snag lena slogadh nuair a bhí tú ag dul faoin fhód i gCill Fhiontáin.
nuair a cuireadh coireanna ina leith. when he was accused of crimes.
" Bhí ar aire eile éirí as nuair a cuireadh coireanna ina leith.
Cuireadh seicteachas ina leith he was accused of sectarianism
"Cuireadh seicteachas ina leith tar éis dó an t-alt sin a scríobh, líomhain nach nglacann sé léi ar chor ar bith.
tá sé curtha i leith an Dalaí Láma the Dalai Lama has been accused
" **Naitsithe**Bhí a chaidreamh leis an CIA tromchúiseach go leor, ach tá sé curtha i leith an Dalaí Láma go raibh caidreamh ní bá chonspóidí fós aige roimhe seo – le beirt Naitsithe.
tá sé curtha i leith Kagame Kagame has bee accused
" Anuas ar na líomhaintí maidir lena bhaint le feallmharú na n-uachtarán, tá sé curtha i leith Kagame gur mharaigh a fhórsaí cuid mhaith de na 800,000 duine – idir phobal na Bahutu agus phobal na Batutsi – a ndearnadh sléacht orthu sa bhliain 1994.
Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, Drew is accused of setting up a false Bebo account,
" Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainm “Josh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith sí go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa.
Cuireadh ina leith He was accused of
" Cuireadh ina leith gur theip ar an rialtóir an maoirsiú ceart a dhéanamh ar na bainc agus go raibh caidreamh ródhlúth ag an rialtóir agus na bainc lena chéile.
ina leith accused
" ” An Frith-Sheimiteachas Nua Tuigeann Gates go maith go gcuirfear 'frith-Sheimiteachas' ina leith mar gheall ar a leabhar nua, mar a tharlaíonn d’éinne a labhraíonn amach faoi choireanna Síónacha.
cinedhíothú ina leith accused him of genocide
" Ba chuma leo gur chuir na Náisiúin Aontaithe cinedhíothú ina leith.
cuireadh ina leith accused of
" Mar chuid den ‘chogadh domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ d’earcaigh an CIA tiarnaí cogaidh - cuid acu, fiú amháin, a raibh baint acu le marú na Meiriceánach i 1993 - le dul sa tóir ar Mhoslamaigh ar cuireadh ina leith go raibh baint acu le Al-Qaeda.
cúisithe stands accused
" Tá bun morálta an stáit agus an chreidimh, Chríostaíochta nó eile, cúisithe níos troime ag an scéal seo ná a bhí riamh.
cuireadh ina leith were accused
" ) Agus cuireadh ina leith go raibh siad ag tabhairt céad áit do Hiondúigh in earcaíocht do phoist rialtais agus riaracháin.
curtha i leith accused
" Bhí éigniú mná curtha i leith na beirte sin is bhí taifeadadh den bhás barbartha a imríodh orthu le feiceáil ar an idirlíon.
cuireadh ina leith accused
" Gabhadh Saro-Wiwa féin in éineacht le grúpa dá chomhthírigh i 1994 is cuireadh ina leith go raibh lámh acu i ndúnmharú ceathrar taoiseach Ogoni a bhí in iomaíocht le Saro-Wiwa maidir le ceannaireacht an phobail.
cúisíodh was accused
" Ach ansin chuirfí arís na ceisteanna: cé a chuir an buama ar Eitilt Pam Am 103, agus cén fáth? Sular cúisíodh al Megrahi agus Lamin Khalifa F’himah, nár ciontaíodh, ceapadh go forleathan gur earcaigh an Iaráin sceimhlitheoirí Palaistíneacha le díoltas a bhaint amach mar gheall ar an 290 duine a maraíodh ar Eitilt Aer Iaráin 655 nuair a shíob an USS Vincennes as an aer é “de thimpiste” ar 3 Iúil, 1988.
ina leith (accused) him
" Gabhadh Jean-Pierre Treiber, iarmhaor foraoise, sa bhliain 2004 agus cuireadh dúnmharú bheirt bhan óga ina leith.
cuireadh ina leith was accused
" com/watch?v=TD_1Nar7hsY) Ach tá Sean Murray, fear ar cuireadh ina leith go raibh sé ar Chomhairle Airm an IRA, ina bhall den choiste Athbhreithnithe.
cuireadh meisce i leith was accused of being drunk
" I ndáiríre ámh, ní raibh baint ag an tagairt a rinne an láithreoir, Jay Leno, leis an rí-rá a tháinig as Gaillimh i mí Meán Fomhair, nuair a cuireadh meisce i leith an Taoisigh agus é i mbun agallaimh ar chlár raidió.
Cuireadh ina leith they were accused
" Cuireadh ina leith go poiblí ag an am gur dream amadán iad a chuirfeadh tionscal mór seachadadh an ola i mbaol sa chuan.
Cuirtear ina leith go minic he’s often accused
" Cuirtear ina leith go minic, áfach, nach bhfuil sé ar a chumas feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa.
Cuireadh ina leith he was accused
" Cuireadh ina leith gur thug sé íde béil chiníoch d’imreoir sacair eile agus iad mbun imeartha.
atá ag cur inár leith we’re being accused of
" “Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta.
líomhaintí curtha ina leith accused
" Tá cliamhain an rí os comhair na cúirte le cúpla mí, agus líomhaintí curtha ina leith gur ghoid sé meall mór airgid ó charthanacht.
Chuir an fhoireann chosanta ina leith the defence team accused him
" Chuir an fhoireann chosanta ina leith gur dhúnmharaigh seisean Bebensee agus go raibh sé ag iarraidh an locht a chur ar Stokes leis an luaíocht a fháil.
ar cuireadh brúidiúlacht síos dóibh who were accused of brutality
" Deir sé nár leasaíodh an an tSeirbhís Príosúin riamh agus go raibh daoine ann ar cuireadh brúidiúlacht síos dóibh nach bhfuarthas réitithe leo agus go bhfuil tacaíocht láidir acu i measc na bpolaiteoirí.
curtha i leith accused
" Le fada anois tá drochghníomhartha agus míchleachtais, ó thaobh spóirt de, curtha i leith Armstrong agus ar deireadh, agus gan an dara suí sa bhuaile aige dáiríre, d’admhaigh sé go raibh na líomhaintí fíor: gur bhain sé áirge as drugaí, cógais agus as cleachtais a bhí cosctha ag na húdaráis spóirt agus a chuidigh leis bua i ndiaidh bhua a bhaint amach i spórt na rothaíochta.
ar cuireadh striapachas ina leith who was accused of prostitution
" Gach aon bhean, nach mór, ar cuireadh striapachas ina leith agus a d’éalaigh thar an bhfalla, bhí sí ar ais arís laistigh de dhá lá.
Cuireadh i leith pheileadóra a player (… ) was accused
" Cuireadh i leith pheileadóra de chuid Átha Cliath gur bhain sé sclamh as imreoir de chuid Dhún na nGall i gcluiche sa tsraith náisiúnta peile.
a cuireadh ina choinne of which he was accused
" Shéan an t-imreoir go ndearna sé an gníomh a cuireadh ina choinne agus d’iarr sé achomharc.
atá curtha i leith of which (Ó B) is accused
" Is cosúil nach bhfuil an cineál gnímh atá curtha i leith imreoir Átha Cliath luaite go sonrach sna rialacha (ba dheacair gach cineál drochghníomh a shonrú is dóigh) agus dá bhrí sin níl tréimhse fionraíochta shonrach luaite.
cuireadh i leith Nike N. were accused
" Ísliú Costais go Bundún =========== Tháinig coinníollacha oibre i monarchana atá sna tíortha bochta chun cinn sna nóchaidí nuair a cuireadh i leith Nike go raibh cuid dá monarchana ina monarchana dúshaothair.
a chuir ciníochas i leith who accused of racism
" Faoi bhrú ollmhór ó ghníomhairí cultúrtha, a chuir ciníochas i leith Zimmerman agus póilíní an bhaile, ní raibh an dara rogha ag na húdaráis ach Zimmerman a chúiseamh i ndúnmharú.
nach bhféadfaí sin a chur ina leith who couldn’t be accused of such
" Bhí Fine Gael, faoi thionchar an Language Freedom Movement ag an am, dream a bhí nimhneach in aghaidh na Gaeilge ar an gcuid is mó acu, cé go raibh corrdhuine páirteach leo nach bhféadfaí sin a chur ina leith ar nós an scríbhneoir cáiliúil ó Lios Tuathail, John B.
Tá curtha i leith has been accused
" Tá curtha i leith FRONTEX, áfach, go bhfuil daoine díbeartha aige ó theorainneacha an AE agus tearmann á iarraidh acu, rud a thagann salach ar dhlí Eorpach is idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.
Cuireadh ina leith he was accused
" Cuireadh ina leith go ndearna sé trácht gairsiúil i leith mná a bhí ag obair ina oifig; shéan sé é seo go fíochmhar ach d’úsáid sé caint drochbhéasach le focail mhóra agus é á chosaint féin, rud a chuir déistin ar go leor.
chuir go leor daoine ina leith many people accused him
" (Mar chuir go leor daoine ina leith nach bhfuil san cheist ach imeartas nó cleasaíocht).
Cuireadh i gcoinne was accused
" Cuireadh i gcoinne Yanukovich, polaiteoir ó oirthear na tíre atá báúil leis an Rúis, gur chóirigh sé torthaí an toghcháin le go dtoghfaí é ina uachtarán.
ar cuireadh ina leith who was accused
" Mhaígh sé go raibh a fhios ag Rialtas na Breataine go dtitfeadh cás John Downey ar cuireadh ina leith go raibh sé freagrach as dúnmharú ceathrar saighdiúirí nuair a bhuamáil an tIRA buíon den Household Guard a bhí ag dul fríd Hyde Park a fhad le malartú an gharda i 1982.
a bhí cúisithe as who was accused of
" Maíonn fear eile “go bhfaca” sé duine sa reilig áitiúil maidin fhliuch amháin, duine a fuair bás cúpla lá ní ba luaithe agus a bhí cúisithe as ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa sráidbhaile.