Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag gníomhú acting
" Is féidir le Gluaiseacht na Gaeilge a bheith ina ghréasán ina bhfuil aithne againn uilig ar a chéile agus muid ag gníomhú taobh le taobh.
bua na haisteoireachta acting talent
" Tá sé sásta a rá amach go neamhbhalbh go bhfuil cuid de na haisteoirí sa chlár nach bhfuil bua na haisteoireachta acu.
geáitsíochta play-acting
" Is i mbun geáitsíochta a bhí na Liobrálaigh agus an t-olltoghchán ag druidim leo, rud a bhí soiléir ag an am, agus mar is eol dúinn uilig anois, d'inis John Howard agus a Airí bréaga chun buntáiste polaitiúil a bhaint as cás na dteifeach.
ag gníomhú acting
" Tá eagraíochtaí agus rialtais ag gníomhú i gcoinne *spam *anois, agus tá an chuma air go mbeidh cosaint dlí ag daoine ina choinne amach anseo.
ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart acting the ejit (messing about) and fawning over or pleasing people
" Beidh siad uilig ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart.
taithí aisteoireachta acting experience
" Chuir sé isteach chomh maith ar phost mar aisteoir leis an sobal "Ros na Rún" ar TG4, cé nach raibh aon taithí aisteoireachta aige.
ag feidhmiú acting
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Rúnaí ar an gCoiste Téarmaíochta (an CT) agus mar eagarthóir ar an téarmaíocht.
ag feidhmiú mar acting as
" Siocair Fear na Súile Nimhe bheith ar laethanta saoire, tá deirfiúr óg Bhalor, Balorina, ag feidhmiú mar sceach sa bhearna.
ag gníomhú mar acting as
" Idir an dá linn beidh David Cremin, atá ina easpag cúnta i Sydney agus gurb as Luimneach ó dhúchas é, ag gníomhú mar ardeaspag.
ag feidhmiú acting
" Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar bhainisteoir ó 1995.
tréadaí gníomhach acting pastor
" Roghnaigh Daily Shanley mar riarthóir agus tréadaí gníomhach i bparóiste Newton i 1984, áit a raibh ainteagmháil ghnéasach aige le buachaillí óga, de réir líomhaintí atá déanta.
ag feidhmiú acting
" Anois go bhfuil na póilíní ag feidhmiú go hidirnáisiúnta i gcoinne daoine atá ag ceannach pornagrafaíochta ina bhfuil páistí, tá roinnt comhlachtaí in Éirinn buailte toisc go raibh daoine ag úsáid a gcuid ríomhairí chun ábhar mídhleathach a cheannach.
ag feidhmiú acting
" Agus sin an argóint a bhí ag an dream atá in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh: má athraítear an stát ón taobh istigh, má bhíonn poblachtánaigh agus náisiúnaithe ag feidhmiú i Stormont, agus brú díreach éifeachtach ar Rialtas na Breataine, bainfear Éire aontaithe amach.
aisteoireacht acting
" Antaine Ó Faracháin: Cé go bhfuil aithne agamsa ort mar cheoltóir, tá taithí agat freisin ar obair raidió agus ar an aisteoireacht, a Chormaic.
Rógaireacht play-acting
" "Rógaireacht, gan dabht," arsa Ó Fiannachta agus é ag gáire.
ag feidhmiú acting
" Bhí cuid crúb Éamoinn dá shíorfháil i dtrioblóid i gcás ar bith, agus an sparán… B'éigean do dhuine inteacht aire a thabhairt dó, agus ós rud é gur mé féin a bhí ar an láthair, agus ós rud é gur mé féin a bheadh ag feidhmiú mar eagarthóir sealadach… mé féin a thug aire dó.
ag feidhmiú mar phóilín domhanda acting as a world police force
" Ba ghá ón tús gur comhghuaillíocht leathan a bheadh ag plé le ceist an Mheánoirthir agus nach mbeadh tír amháin ar bith ag feidhmiú mar phóilín domhanda.
aisteoireachta acting
" AÓF: Tá roinnt aisteoireachta déanta agat freisin.
ag feidhmiú acting
" Is fíor a rá freisin go bhfuil an tÁras ag feidhmiú mar lárionad do phobal na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
gheáitsíocht play-acting
" Chuaigh an t-iora píosa beag eile ansin gur stop sé arís, an gheáitsíocht nó an neamhgheáitsíocht chéanna ar bun aige.
ag priollaireacht thart acting in a silly way
" Tá mé dubhthinn duit, idir a bheith ag priollaireacht thart agus ag geabaireacht bomaite amháin, agus an chéad rud eile tá tú i do shuí suas áit inteacht agus aoibh an gháire ort mar a bheadh dundarlán ann a bhfuil cearr beag air.
gheáitseáil play-acting, posing
" Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.
ag aisteoireacht acting
" Caithfidh tú a bheith ag aisteoireacht agus tú ag múinteoireacht agus, dá bhrí sin, tá sé dian - ach tá sé suimiúil, ar a laghad.
ag feidhmiú acting
" Dé ghnáth, tar éis bliana sa bhunrang téann daoine áirithe atá meáite ar an teanga a fhoghlaim suas go dtí an t-ardrang agus, cé go mbíonn deacrachtaí go leor acu, tá cleachtadh ag na mic léinn eile ar a bheith ag feidhmiú mar chomhairleoirí dóibh.
aisteoireacht acting
" **An mhacántacht v an gheáitsíocht:** Ní hionann portaireacht agus aisteoireacht.
ag aisteoireacht acting
" AÓF: Cad iad na rudaí nach dtaitníonn leat nuair atá duine éigin ag gabháil fhoinn? Nó cad a mhilleann amhrán, dar leatsa? CÓCC: Ní maith liom nuair a bhíonn duine ag gabháil fhoinn agus ag aisteoireacht ag an am céanna.
gheáitsíocht play-acting
" Diomaite díobh sin atá róthraochta ag fanacht leis na haontachtaithe cumhacht a roinnt, tá an-phléisiúr á bhaint as an gheáitsíocht atá ar siúl ag an DUP agus an réaltacht réidh le hiad a bhualadh sa ghaosán.
aisteoireacht acting
" " Chuaigh Mairéad i mbun oibre le Comharchumann Cois Fharraige in Indreabhán nuair a d'fhág sí an aisteoireacht ina diaidh.
aisteoireacht acting
" "Ní féidir leat comhairle nó fírinne duine eile a ghlacadh," a deir sé, "Má dhéanann tú amhlaidh, beidh tú ag aisteoireacht.
ag aisteoireacht acting
" "Is é an coincheap atá agam ná go mbeidh duine amháin áitiúil ag aisteoireacht i ndráma thall i Nua-Eabhrac.
ag feidhmiú mar mhonaplacht acting as a monopoly
" De bharr athruithe sna Stáit Aontaithe i 1986 (nuair a tógadh AT&T os comhair na cúirte toisc go rabhadar ag feidhmiú mar mhonaplacht), tosaíodh ar athruithe a dhéanamh i dtreo dírialaithe timpeall na hEorpa.
ag geáitsíocht play-acting
" Níor ardaigh aon duine an cheist nuair a bhí Jerzy Dudek ag geáitsíocht mar a bheadh muileann gaoithe ann os comhair Shevchenko ach rith ceisteanna fá chúrsaí cultúir, Éire aontaithe agus an chiall atá leo fríd m’intinn le linn na gciceanna éirice.
ag gníomhú acting
" Níl míniú sásúil ach oiread tugtha ar a mhoille is a bhí sé ag gníomhú, fiú i ndiaidh do dhlíodóir mhuintir Rossiter an fhianaise nua a chur os a chomhair.
ag gníomhú ar a son acting on their behalf
" Deir sé, ‘Chuala mé sibh’ agus leanann sé ar aghaidh mar a bhí sé roimhe!” Sin fadhb mhór atá ag dul in olcas sa Bhreatain, dar le Fisk: an dóigh a mothaíonn daoine nach bhfuil rialtas na tíre ag gníomhú ar a son agus go bhfuil an bhearna idir an saoránach agus an córas polaitíochta ag méadú.
ag gníomhú acting
" Níl míniú sásúil ach oiread tugtha ar a mhoille is a bhí sé ag gníomhú, fiú i ndiaidh do dhlíodóir mhuintir Rossiter an fhianaise nua a chur os a chomhair.
ag gníomhú acting
" ) Cad é an fhianaise? An bhfuair siad an fhianaise ó spíodóir poblachtánach atá ag gníomhú ar son na Breataine? “The feeling is” – cad é an chiall atá leis sin? Cé a mhothaíonn é? “Could” – aimsir chomh héiginnte is atá ar fáil sa Bhéarla.
ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí acting on behalf of specific groups
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
ag feidhmiú acting
" Tá mé ag feidhmiú sa ról seo ó bhí mí na Bealtaine 2005 ann.
ag feidhmiú go sealadach acting on a temporary basis
" Deirtear go mbeidh sé ag feidhmiú go sealadach in áit an fhíor Joe Mac Donagh go dtí go gceaptar comharba Joe.
ag aisteoireacht acting
" Bíonn muid ag comhrá agus ag aisteoireacht, ag athrú rólanna go minic.
ag feidhmiú go lánaimseartha acting on a full-time basis
" Cén ról atá agat féin in Feachtas agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú go lánaimseartha mar dhuine d’Oifigigh Forbartha Feachtas agus tá mé sa phost ó chríochnaigh mé mo chéim le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 2004.
ag feidhmiú acting, functioning
" Ceann de na smaointe atá ann ná go mbeidh Oifigeach Gaeilge ag feidhmiú taobh istigh de gach comhlacht, agus tá an tÚdarás ag féachaint ar bhealaí chun spreagadh a thabhairt don duine sin (cúiteamh airgid, seans, a thiocfaidh ón Údarás agus ón gcomhlacht féin) ionas go dtógfaidh sé an post go dáiríre.
geáitsíocht play-acting
" Tá an sorcas polaitíochta ar ais sa sráidbhaile; geáitsíocht a chuirfeadh aoibh gháire ar do bhéal, eachtraí a chuirfeadh eagla ort agus cleasanna a d’fhágfadh ag scríobadh do chloiginn tú.
bhí Stone ina chadhan aonair, Stone was acting on his own,
" Mar a bhí nuair a mharaigh sé triúr ag tórramh na ndaoine a maraíodh i nGiobráltar, bhí Stone ina chadhan aonair, ach in 2006 tá an chomhthéacs athraithe ar fad.
i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, engaged in acting on small stages,
" Bhí siad i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, ag scaipeadh bileog nó ag seinm ceoil.
ag gníomhú mar liathróid dornála acting as a punchbag
" Má fhanann Meiriceá san Iaráic gan buanú na síochána, is ag cruthú naimhde a bheas siad, agus ag gníomhú mar liathróid dornála do na naimhde céanna.
ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid acting for big rail companies
" Bhí scéim eile ag an Pharlaimint a raibh sé mar aidhm aici iomaíocht a cheadú ar iarnróid intíre na hEorpa ó 2017, ach chuir brúghrúpaí a bhí ag feidhmiú ar son comhlachtaí móra iarnróid (SNCF na Fraince, mar shampla) deireadh leis sin.
ag gníomhú ar son a cuid balleagraíochtaí acting on behalf of its member organisations
" Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag gníomhú ar son a cuid balleagraíochtaí faoi láthair le neart phobal na Gaeilge a chur taobh thiar d’éilimh éagsúla agus olltoghchán mhí na Bealtaine ag druidim linn.
ag feidhmiú mar chomhordaitheoir acting as co-ordinator
" Bím ag feidhmiú mar chomhordaitheoir idir Comhairle Ealaíon na hÉireann agus na Comhairlí Ealaíon ar fud an domhain, na hambasáid agus na hinstitiúidí cultúrtha.
aisteoireacht acting
"aisteoireacht é seo ach oiread.
An-chuid gleacaíochta agus geáitsíochta a lot of acrobatics and play-acting
" An-chuid gleacaíochta agus geáitsíochta ar bun timpeall ar an cheol.
mo thaithí aisteoireachta my acting experience
" Shíl mé go bhfeadfainn tairbhe a bhaint as mo thaithí aisteoireachta .
cad é a spreag a shuim san aisteoireacht? what aroused his interest in acting?
" Ach cad é a spreag a shuim san aisteoireacht? “Agus mé ar an meánscoil, bhí an ghráin agam ar pheil.
ag aisteoireacht acting
" ” Níl Darach ag aisteoireacht sna seónna a thuilleadh, rud a laghdaíonn an t-ualach oibre atá air.
shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith. you would think that they weren't acting at all
" Tá rud éigin ar leith le brath idir na príomhcharachtair sa scannán seo - shílfeá nach aisteoireacht a bhí ar siúl acu ar chor ar bith.
faoin gcaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht about the way that he got into acting
" Céard a deir sé faoin gcaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht?
ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo acting as spokesperson for this group
" Den chéad uair riamh, bhí baill den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid, agus dúirt duine a bhí ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo gur chóir do na heaglaisí Críostaí leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach sa tír as ucht an leithcheala a rinne – agus atá á dhéanamh – ag na heaglaisí orthu.
bua na haisteoireachta a talent for acting
" Tugadh faoi deara ag an triail, áfach, go raibh bua na haisteoireachta aici agus d’éirigh léi post a fháil mar aisteoir sa tsraith.
an aisteoireacht acting
" ” Is í an aisteoireacht an phríomhghairm a bhfuil Carrie ag díriú uirthi le dornán blianta anuas agus tá sé i gceist aici cloí leis an obair sin san am atá romhainn fosta.
ag feidhmiú ar a shon acting for it
" Is é an páirtí is mó i gComhairle Bhéal Feirste é Sinn Féin agus anuas ar na daoine tofa, tá arm *apparatchik* ag feidhmiú ar a shon – ach ní thig leo a dhath a dhéanamh fán ainriail atá ag scrios cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste nó infheistíocht fhiúntach a mhealladh go hiarthar na cathrach.
ag gníomhú acting
" Tá sé ríshoiléir nach le leas na bhfeirmeoirí ná le leas lucht déantúsaíochta na hÉireann na moltaí céanna, ach níl an rialtas ag gníomhú agus sin *roimh* athruithe a thiocfadh de bharr Chonradh Liospóin.
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil acting as general secretary of the conference
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, acting as general secretary of the conference,
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
compántais (acting) companies
" De réir mar a bhog na compántais aisteoirí ó thír go tír, in áit na sceitseanna seo a aistriú ó theanga go teanga, bhaineadh siad úsáid as mímeoireacht chun an scéal a chur i láthair agus chuirtí béim chomh maith ar an amhránaíocht, ar cheol agus ar rince.
aisteoireacht acting
" Bhí an-suim a’m in aisteoireacht.
aisteoireachta acting
" SMM: Fuair tú féin agus foireann an chláir Aifric an-taithí aisteoireachta le blianta beaga anuas.
gníomhach acting
" Toghadh Arlene Foster ina Céad Aire gníomhach agus seo leis Peter ar shiúl le haire a thabhairt dá bhean bhreoite.
cur i gcéill acting, playing
" Ach tuigtear faoi láthair gur féidir leis an pháiste dhá bhliain d’aois idirdhealú a dhéanamh idir cur i gcéill agus an réaltacht – nó idir an súgradh agus an dáiríre! Léiríonn Alison Gopnik ina leabhar cáiliúil ‘The Philosophical Baby’, go dtuigeann an naíonán nach bhfuil ach cur i gcéill i gceist nuair a bhíonn siad ag súgradh.
chur i gcéill acting, letting on
" Údar Imní ===== De réir an *Independent Police Complaints Commission* (IPCC) ba údar imni dóibh nach raibh suim ag na póilíní eile san eachtra, ach ba é a dtuairim, nach raibh aon chur i gcéill ann.
Aisteoireacht Éachtach wonderful acting
" Aisteoireacht Éachtach =========== In umar na haimiléise, fiú, aimsíonn Mija laistigh di féin modhúlacht agus samhlaíocht an chailín bhig óig inmhéanaigh nár fhás suas riamh.
foirfeacht na héalaine ardáin the perfection of acting on the stage
" Bhain foirfeacht na héalaine ardáin na cosa díom.
complacht aisteoirí áitiúla local acting company
" Chomh maith le siamsa Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Scoil Rince Mhic Fhearghusa, d'inis complacht aisteoirí áitiúla scéal faoi dhídeanaí ón Drochshaol a tháinig i dtír sa chathair i 1847, dráma a bhí an-fhóirsteanach mar labhair Séamas Ó Duineacháin ag Cuimhneachán ar an Drochshaol an tráthnóna sin i lár na cathrach.
gcompántas acting company
" As sin, bhraith Joe go mba cheart mé a thabhairt isteach sa gcompántas agus fuair mé conradh agus tugadh isteach sa gcompántas mé.
in áit gníomhú air instead of acting on it
" Chuir siad tuarascáil ghonta le chéile le moltaí maithe ach in áit gníomhú air, bunaíodh coiste le comhairle a chur ar an rialtas.
bhí sé fiáin he was crazy (about acting)
" Imeacht ó Phost ======= **CF: Caithfidh go raibh dúil mhór aige san aisteoireacht ón chéad lá, an raibh?** PNC: Á, bhí sé fiáin agus sa deireadh, bhí Áine óg, is dóigh liom, bhí obráid croí aige, *murmur*, ach níor chuir sé isteach air in aon chor… Bhí sé ag obair sa *Bonding Company*, ach bhí *The Full Shilling* (dráma le Lee Dunne, Joe McPartland sa phríomhpháirt) ar siúl i 1971.
taispeántas na príomhbheirte the lead characters acting
" ’Sí an insint mar sin, agus taispeántas na príomhbheirte, bun agus barr an scannáin.
Is mó go mór ná éacht aisteoireachta é seo this is surpasses extreme acting
" Is mó go mór ná éacht aisteoireachta é seo.
an chomhlacht aisteoireachta agus amharclannaíochta iontach the wonderful theatre and acting company
" Is trua nach bhfuair an claonbholscaire sin an deis oíche a chaitheamh i gcuideachta le Corcadorca, an chomhlacht aisteoireachta agus amharclannaíochta iontach a shíolraigh as an ithir chéanna cois Laoi i 1991.
fiú ar aisteoireacht spleodrach even the explosive acting
" Cúpla bliain i ndiaidh dráma na Páise seo, fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar fiú ar aisteoireacht spleodrach D’Aughton.
aisteoireacht acting
" Ní luaitear go minic gur thug sé deis do dhaoine a raibh Gaeilge acu a gcuid scileanna a fhorbairt agus as sin d'fheabhsaigh gnéithe eile: an aisteoireacht i nGaeilge, an scríbhneoireacht i nGaeilge, forbairt na craoltóireachta i nGaeilge.
ag aisteoireacht le compántas acting with a drama group
" Cén dóigh ar thosaigh sí ag obair sna meáin, a d’fhiafraigh mé di? “D’oibrigh mé mar mhúinteoir bunscoile ó 1985-1988, ag aisteoireacht le compántas drámaíochta san oíche.
go leor acu aitheanta ó chompántais ardáin many of them well known from stage acting
" Forbairt Earnála ======= Cé gurb é an chéad uair don stiúrthóir a bheith ag obair le haisteoirí (go leor acu aitheanta ó chompántais ardáin), measann Daniellou go bhfuil gaol faoi leith idir an fhinscéalaíocht agus faisnéis: “is dhá thaobh den chur chuige céanna iad d’fhonn teagmháil a dhéanamh leis an lucht féachana.
post mar aisteoir a job acting
" (Fuair sí post mar aisteoir ag an BBC leis an táille a íoc ach sin scéal eile!) Ag Taibhléiriú an Imill =========== Mar chuid den chúrsa, rinne Úna taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann, (the boundaries of Irish Traditional Music Performance), go háirithe an tobchumadóireacht agus fuaimeanna beo leictreonacha (live electronics).
gan trácht fiú ar chaighdeán na haisteoireachta without even mention of the standard of acting
" Bheartaigh an bhainistíocht an clár a chur ar ceal áfach cúpla seachtain ó shin, gan trácht fiú ar chaighdeán na haisteoireachta agus na drámaíochta sa tsraith speisialta seo.
mír amharclannaíochta a piece of acting
" Níl a fhios agam an raibh an ealaín ag déanamh aithrise ar an saol nó a mhalairt ach chonaic mé mír amharclannaíochta an tseachtain seo caite a d’aistrigh isteach sa saol réadúil lá nó dhó ina dhiaidh.
Príomhfheidhmeannach Gníomhach acting chief executive
" An Trédhearcacht ======= Dar le Loretta Dignam, Príomhfheidhmeannach Gníomhach le Fundraising Ireland, “is ábhar buartha é titim na síntiús, tráth go bhfuil níos mó éilimh ar sheirbhísí ann.
ar an ardán on the stage, acting
" Bhí mé ar an ardán ó bhí mé ceithre bliana d’aois.
ag feidhmiú go mídhleathach acting illegally
" Tá oiread fianaise bailithe le chéile ag Fiosrúchán Barron go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag feidhmiú go mídhleathach i bPoblacht na hÉireann, a deir Dónall Ó Maolfabhail, go mbeidh ar Rialtas na hÉireann fiosrúchán ceart cuimsitheach a bhunú.
ag feidhmiú acting, functioning
" Níl Pádraig Ó hAoláin ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ach le bliain anuas ach tá go leor pleananna curtha le chéile aige cheana féin chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht.
aisteoireachta acting
" Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse.
aisteoireacht acting
" Molann Pat Butler go mór script, aisteoireacht agus scéal anamreoiteach an scannáin Astrálaigh, Animal Kingdom.
aisteoireacht acting
" Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach.
súil a chaitheamh ar aisteoireacht take a look at the acting
" Tá Pat Butler ag dul in aghaidh lucht na géarmheastóireachta an iarraidh seo arís agus molann sé dúinn súil a chaitheamh ar aisteoireacht François Damiens agus Audrey Tautou in ‘La Delicatesse’.
scoth d’ealaín na haisteoireachta the best of the art of acting
" Chaith Pat Butler súil ar scannán a bhfuil grá domhain dochloíte agus scoth d’ealaín na haisteoireachta ann, ‘Amour’ le Michael Haneke.
Tá moladh nach beag ag dul don chompántas great praise is due to the acting troupe
" Tá moladh nach beag ag dul don chompántas Corcadorca dar le John-Paul Mc Carthy as an gcomaoin mhór a chuireann siad ar shaol a chathrach máthardha féin ó dheas, Corcaigh.