Pota Focal Intergaelic
A | aga | agá | age | agh
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag déanamh margaíochta engaged in marketing
" Tá Virgin ag déanamh margaíochta ar fud an domhain - bhí sin de dhíth orainne.
ag toiseacht starting
" 'Níor mhaith liom a bheith ag toiseacht inniu,' a deir sí, 'nó tá oiread ceoltóirí agus grúpaí óga amuigh ansin.
ag tochailt digging
" Admhaíonn Mairéad go bhfuil sé deacair amhráin thraidisiúnta a aimsiú i nGaeilge nár chan Clannad nó Clann Uí Dhomhnaill (Tríona, Maighread agus Mícheál) cheana féin ach deir sí go mbíonn sí i gcónaí ag tochailt.
go raibh moladh mór tuillte ag Altan that Altan deserved a lot of praise
" Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
ag brath ar depending on
" I gCumbria, cuir i gcás, áit a bhfuil an Lake District, tá 60,000 post ag brath ar an turasóireacht.
ag cur béime ar placing emphasis on
" Gan amhras, bhí freagairt an rialtais i Londain an-lag ag tús na géarchéime, i gcomparáid le rialtas na hÉireann, ach níl an chúis deacair a thuiscint nuair a amharcann tú siar ar bheartas an Campaign for the Countryside: ag cur béime ar fhiach sionnach mar shampla, in ionad na ndeacrachtaí atá ag feirmeoirí beaga.
ag sodar i ndiaidh trotting after
" Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.
ag marcaíocht go hardnósach riding pompously
" Nuair a fheiceann muintir na mbailte móra daoine faoin tuath ar an teilifís ag sodar i ndiaidh lucht na gcótaí dearga agus iad ag marcaíocht go hardnósach trasna na tíre (cosúil le radharc as úrscéal de chuid Thomas Hardy), ní bhíonn mórán suime acu sna fiorfhadhbanna atá le fáil faoin tuath.
ag brath rómhór ar fhostaithe depending too much on employees
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
ag fógairt announcing
" Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra "cu cúú… cu cúú…" á theilgean aici go hard san aer.
ag úthairt pottering
" Bhí mé ag úthairt liom sa bhaile tráthnóna Dé Sathairn amháin agus gan beann agam ar an teilifís a bhí ar siúl sa chúlra.
ag brath barraíocht depending too much
" An margadh dubh ======= Ní bhfuair mé féin agus mo chairde mórán deiseanna a bheith ag taisteal le linn ar dtréimhse ansin de bharr go raibh báisteach throm ann ar feadh ceithre lá (an t-aon cheithre lá sa bhliain a bhíonn fliuch, dar leis na Cúbaigh ar labhair muid leo!) agus de bharr go raibh muid ag brath barraíocht ar an mhargadh dubh.
go rabhthas i gcónaí ag faire ort that you were always being watched
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
ag feidhmiú functioning
" Is carranna príobháideacha iad seo a bhíonn ag feidhmiú mar thacsaithe, ach iad i bhfad níos saoire ná na gnáth-thacsaithe.
ag glinniúint spakling
" Tá claíomh solais na Saoirse ag soilsiú, ag glinniúint i gcroí an fhile.
ag siosarnaigh hissing
" Shamhlófá go raibh nathair nimhe ag siosarnaigh agus ag slabhrú istigh i ngach ceann acu.
ag buanú perpetuating
" " *Cathal Ó Searcaigh, Aibreán 2001* Mórtas na Mná Palaistíní ======= (i gcead do Tawfiq Zayyad) Anseo i Lidda, i Ramla, i nGaililí, fanóidh muid ag buanú ár gcineáil is ár ndlí.
ag friotháladh serving
" Fanóidh muid go buan ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan; ag scuabadh agus ag sciúradh go béasach in bhur dtithe bodaigh; ag freastal agus ag friotháladh go dúthrachtach in bhur dtábhairní; Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh, géilliúil agus cuideachtúil, sa chruth go dtig linn, mall agus luath, greim bídh a ghoid go tráthúil, deaslámhach, d'ár gcuid páistí gortacha ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
ag déanamh angaidh rankling, festering
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
ag léirsiú demonstrating
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
tá ag éirí leo they're succeeding
" Tá na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
ag táirgeadh bainne producing milk
" Éiríonn siad bacach, cailleann siad meáchan agus stopann siad ag táirgeadh bainne.
ag baint smeacha as a liopaí smacking their lips
" Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.
ag foluain fluttering
" Nuair a amharcaim amach ar mo chuid fuinneog ar thaobh amháin chím bratach na hÉireann ag foluain ar bharr áraslainne.
ag beartú a chlaímh brandishing his sword
" Tá an rí ag beartú a chlaímh inár dtreo.
ag déanamh tríligh twittering
" Dúirt Peadar liom: "An bhfaca tú na héin sna crainn sa reilig?" D'amharc mé suas agus chonaic mé a lán éan beag sna craobhacha agus iad ag déanamh tríligh gan stad, gan staonadh.
ag díriú a mhéire pointing
" "Tháinig siad anseo mar gur maith leo na caora dearga ar na toim sin," arsa éaneolaí, agus é ag díriú a mhéire i dtreo an bhóthair mhóir.
ag diabhlaíocht making mischief
" Tá siad measartha ard agus tiubh, agus téann daoine óga isteach iontu le bheith ag diabhlaíocht - ag ól, ag smúradh gliú, agus a leithéid.
ag smúradh gliú sniffing glue
" Tá siad measartha ard agus tiubh, agus téann daoine óga isteach iontu le bheith ag diabhlaíocht - ag ól, ag smúradh gliú, agus a leithéid.
ag feidhmiú functioning
" Cé go bhfuil Napster ag feidhmiú go fóill, tá gach rud a bhí faoi chóipcheart air á bhaint de réir a chéile agus is beag amhrán nó píosa ceoil atá fágtha.
á faire ag faire: watching
" Bhíodh sé á faire go laethúil agus í ag teacht ón scoil, í ag pocléimnigh léi go gealgháireach i gcomhluadar na bpáistí glóracha eile i gciorcal a saoil féin.
ag pocléimnigh buck-jumping, frolicking
" Bhíodh sé á faire go laethúil agus í ag teacht ón scoil, í ag pocléimnigh léi go gealgháireach i gcomhluadar na bpáistí glóracha eile i gciorcal a saoil féin.
ag siobáil pottering
" Agus in imeacht na mblianta fadálacha rinne sé nós rialta dó a bheith ag siobáil leis amuigh i ngarraí an bhóthair le linn am dúnta na scoile.
ag biorú an chlaí replenishing the stone wall
" Bhíodh sé ag cur cruógaí beaga air féin, ag freastal ar lao nó ag réiteach ar ghamhain, ag coinneáil súil ar an mbó nó díreach ag biorú an chlaí mar dhea, ag socrú cloch chorrach anseo is dhá chloch ansiúd ar a barr.
ag tuar athruithe bunúsacha predicting basic changes
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
Táthar ag dúil It is expected
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
ag moladh do dhaoine recommending to people
" Náisiúnaithe ar bís ======= Den chéad uair i mbliana, áfach, tá na páirtithe polaitíochta, go háirithe Sinn Féin agus an SDLP, ag moladh do dhaoine agus do náisiúnaithe go mór mhór, foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
ag brath ar depending
" Cé go raibh agus go bhfuil siad ag brath ar chomhlachtaí Meiriceánacha, d'éirigh leo fréamhacha 3Com a dhoimhniú sa tír agus sa Ghaeltacht féin.
ag méadú increasing
" Tá líon na nGaelscoileanna agus líon na ndaltaí sna scoileanna sin ag méadú gach bliain; ar an taobh eile den scéal, áfach, bheadh sé deacair teacht ar bhunscoil Ghaeltachta arb í an Ghaeilge teanga chumarsáide fhormhór na bpáistí sa chlós imeartha.
státchóras ag infheistiú investing
" Níl aon easpa acmhainní ag pobal Gaeltachta an lae inniu; tá an státchóras ag infheistiú go trom i seirbhísí éagsúla: leithéidí TG4, Raidió na Gaeltachta, Foinse, Lá, www.
ag feidhmiú functioning
" An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
ag srannadh snoring
" "Beo ar Éigean" is cóir a thabhairt air, dar le fear na súile nimhe, agus é i ndiaidh a bheith ag srannadh a bhealaigh fríd altanna ar Dhaonáireamh na Sé Chontae (méanfach!), ar Infheistíocht Mheiriceánach in Éirinn (méanfach eile!) agus ar chuid hataí Philip Treacly (buicéad de dhíth!).
ag bronnadh bestowing
" Gaeltacht in aghaidh na míosa a mhaíonn siad!! Cá mhéad Gaeltacht sa tír? Cúis dóchais faoi dheireadh? Beag an baol - nó tá "Beo ar Éigean" ag bronnadh stádas Gaeltachta ar áiteanna thar lear anois: Gaeltacht Mhinnesota, Tír na Gaeilge Reoite! Dar le Balor go bhfágann seo mearbhall ar a shamhlaíocht bhocht.
ag béal an tolláin at the end of the tunnel
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
ag scréachach screeching
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
ag gobadh protruding
" Is leithinis í Corca Dhuibhne atá ag gobadh siar amach san Aigéan Atlantach in iarthar Chiarraí.
ag feidhmiú functioning
" Tá gach saghas coiste, cumann, agus eagras ag feidhmiú san áit agus iad gníomhach i mbun oibre agus críochnúil i mbun beartais.
ag fanacht thar fhad na fáilte overstaying my welcome
" Ach nuair a rinne seanbhean mhór mhantach iarracht mé a mhealladh chun a leapa, bhraith mé go raibh mé ag fanacht thar fhad na fáilte.
ag riaradh managing
" Tá an comhlacht IE Domain Registry ag riaradh an raoin d'Éirinn, ach ní féidir déileáil leo go díreach agus is gá dul trí chomhlacht idirlín chun seoladh ".
ag cothú sustaining
" Tá sé íorónta gur meáin chumarsáide "náisiúnta" na hÉireann atá ag cothú na deighilte thuaidh/theas seo.
ag cur amach vomiting
" Bhí muid ag cur amach agus bhí an bhuinneach orainn.
go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce that a drain had been blocked by water treatment works
" Fuarthas amach go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin.
ag déanamh tríligh le chéile twittering away with one another
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
ag déanamh léirmheasa reviewing
" " Fuair Neasa post le Raidió na Gaeltachta ar fhilleadh di - í ag éirí ag a ceathair ar maidin ag déanamh léirmheasa don stáisiún ar na scéalta nuachta a bhí i mbéal an phobail.
ag dul i ngleic le tackling
" "Ba mhór an dúshlán agus ba mhór an pléisiúr dúinn an tréimhse sin ar 'Cúrsaí', ag dul i ngleic le scéalta go laethúil.
ag roghnú choosing to
" " Measann sí go bhfuil toil an phobail i bhfad níos mó laistiar den Ghaeilge inniu agus an cruthúnas is mó atá ann di ná an méid daoine a d'fhéach ar an gclár "Léargas" gach Máirt - "suas leis an gceathrú cuid de lucht féachana na tíre, a raibh rogha go leor stáisiún ag a lán acu, ag roghnú féachaint ar chlár as Gaeilge.
ag treabhadh le chéile working together
" " An cheist a chuirfeadh sí ná "an bhfuil na polasaithe stáit go léir agus an bhfuilimid féin mar phobal ag treabhadh le chéile sa tslí is éifeachtaí ar mhaithe leis an teanga?" Tá obair mhór ar siúl ag an mbean ghníomhach seo, i mórán réimsí den saol.
ag ceapadh thinking
" Ná lig duit féin a bheith i gcónaí ag ceapadh go bhfuil seisiún níos fearr ag tarlú in áit éigin eile seachas an áit a bhfuil tusa.
ag rith i ndiaidh a n-eireabaill chasing their tail
" Tá daoine ann a chaitheann an tseachtain ar fad ag rith i ndiaidh a n-eireabaill de bharr an dul amú intinne seo.
ag spalpadh aisti rattling away, rambling
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
ag cur thairsti giving off
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
ag iomarscáil wrestling
" Is dual duit a bheith ag iomarscáil le ball éadaí ag iarraidh tú féin 'a dhéanamh suas' le dhul amach.
Beidh an saol ag caint ort everyone will be talking about you
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
ag bagairt ar threatening
" Cén fáth? An raibh an foirgneamh i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh.
ag fulaingt suffering
" Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile ag fulaingt slán.
ag tacú leis an argóint seo supporting this argument
" Deir na múinteoirí agus an Roinn Oideachais nach bhfuil fianaise ar bith ann ag tacú leis an argóint seo.
ag leagan amach making out
" Is ionann 'llifo' eile na Breatnaise (= llifanu), tá mé ag leagan amach, agus an 'líomhadh' s'againne, agus 'livery' an Bhéarla chomh maith le 'liver' ('geir' le haghaidh snasú).
ag rianadh tracing
" Nuair a bhíothas ag sainiú leasainm agus ag rianadh ghinealach Choirpri Liphechair, is é an cuntas a rinneadh ar an 'Liphechair': a Liphu dia m*áthair* (= don/ón Life dá m*háthair?*) ara mbét rochar Liphe, nó **il**-Liphe a m(h)áthair (= ar an méid a ghráigh sé an Life, nó a mháthair, 'il-Liphe') Amhail sin, gona fhleiscín, a breacadh arís é sa dán 'A Brigit **il**-Life Luirc'.
ag spalpadh aisti rattling away, rambling
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
ag cur thairsti giving off
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
ag iomarscáil wrestling
" Is dual duit a bheith ag iomarscáil le ball éadaí ag iarraidh tú féin 'a dhéanamh suas' le dhul amach.
Beidh an saol ag caint ort everyone will be talking about you
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
ag ceannach na bróige buying the shoe
" I measc na n-abairtí a bhreac sé síos ar an chlár an oíche sin bhí "Tá an fear ag ceannach na bróige".
ag titim amach happening
" Táimid inbhreathnaitheach agus gan mórán airde againn ar an mhéid atá ag titim amach san oideachas go ginearálta.
ag comhoibriú cooperating
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
ag fíorú na híomhá sin verifying that image
" Tá na Sé Chontae ag fíorú na híomhá sin atá ag an tsaol taobh amuigh gur duine mire achan uile chréatúr againn.
ag géilleadh surrendering
" "Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás," a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.
ag eagrú organising
" Ba iad a mharaigh John McCormack i gCúil Raithin an mhí seo caite, is iad atá ag eagrú an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste, ba iad a bhí ciontach as an iliomad ionsaithe buamaí peitril i lár Aontroma agus in áiteanna eile, agus tá siad ag ullmhú do Alamo Dhroim Cria lena n-anamchairde san LVF.
ag feidhmiú functioning
" Agus tú á leamh seo, seans mór nach mbeidh an Tionól ag Stormont ag feidhmiú níos mó.
ag toiseacht starting
" Tá an iomaíocht fhuilteach stairiúil fá thalamh, fá chearta agus fá shiombailí ag toiseacht arís.
ag diúl piontaí supping pints
" Tá aithne ag fear an bheáir ar an bheirt acu le seo nó is iomaí oíche agus tráthnóna atá caite acu ag diúl piontaí agus ag ragairne san áit seo.
ag ragairne revelling
" Tá aithne ag fear an bheáir ar an bheirt acu le seo nó is iomaí oíche agus tráthnóna atá caite acu ag diúl piontaí agus ag ragairne san áit seo.
ag déanamh thinking
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
ag stocaireacht dí ar a cairde cadging drinks off her friends
" Is gnách gur ag stocaireacht dí ar a cairde a bíos sí.
ag díriú ar concentrating on
" Tá Gaillimh le Gaeilge ag díriú ar lucht gnó na cathrach den chuid is mó.
ag cleachtadh practising
" Na huaireanta a chloig a chaitheamh i mbun báire, ag cleachtadh le comhghleacaithe, nó cluiche dian a imirt in aghaidh foirne eile, sin é an pléisiúr is mó ag an iománaí díograiseach.
ag mallachtaí linn cursing at us
" Is cuimhin liom na *paratroopers* a bheith ag rith thart ag mallachtaí linn.
ag dul i bhfeidhm making an impression on
" Tá an páipéar ag déanamh cúpla punta agus ag dul i bhfeidhm ar an phobal.
ag tréigean abandoning
" Cuireann sé díomá air go bhfuil aos óg na Gaeltachta ag tréigean na teanga ach deir sé nach bhfuil sé ag brath a chuid ama a chaitheamh ag caoineadh faoi seo - is fearr, dar leis, bogadh ar aghaidh agus rudaí dearfacha a dhéanamh.
ag eascainí swearing
" Cuireadh ina leith go raibh sé ag eascainí, gur nocht sé é féin go poiblí agus go raibh sé ar meisce.
ag screadaíl screaming
" Seo an chéad uair ina saol a bhfuil daoine ag caint leo, gan a bheith ag screadaíl, agus sásta éisteacht leo.
ag brath depending
" " Iomaíocht ghéar Deir Rachal nach féidir a bheith ag brath ar thacaíocht stáit ach oiread.
ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír struggling to make a living
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
ag athrú de shíor forever changing
" Tá na gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ag athrú de shíor agus is é an t-idirlíon is cúis leis seo.
ag clárú registering
" Faoi láthair, tá thart ar 67,000 duine ag clárú in aghaidh an lae chun an córas WAP a úsáid, sin chóir a bheith duine gach soicind.
ag diúl piontaí supping pints
" Tá aithne ag fear an bheáir ar an bheirt acu le seo nó is iomaí oíche agus tráthnóna atá caite acu ag diúl piontaí agus ag ragairne san áit seo.
ag ragairne revelling
" Tá aithne ag fear an bheáir ar an bheirt acu le seo nó is iomaí oíche agus tráthnóna atá caite acu ag diúl piontaí agus ag ragairne san áit seo.
ag déanamh thinking
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
ag stocaireacht dí ar a cairde cadging drinks off her friends
" Is gnách gur ag stocaireacht dí ar a cairde a bíos sí.
ag comhlíonadh ár ndualgais fulfilling our duty
" Tharla sé gach áit ar glacadh le roinnt mhaith eachtrannach, mar sin tuige nach dtarlódh sé in Éirinn? Muna nglacaimid leis na hinimircigh, áfach, ní bheimid ag comhlíonadh ár ndualgais sa domhan, dualgas atá orainn de bharr go bhfuil rath eacnamaíoch ar an tír faoi láthair.