♦
bhí sé ag fanacht ag doras an tí
♦
he was waiting at the house door
♦
tá muid inár suí ag an tábla
♦
we are seated at the table
♦
chonaic mé an siopadóir ag an chuntar
♦
I saw the shopkeeper at the counter
♦
buailfidh mé leat ag an aerfort
♦
i'll meet you at the airport
♦
bhí mé ag an stáisiún róluath
♦
I was at the station too early
♦
stad an carr ag an choirnéal
♦
the car stopped at the corner
♦
an raibh tú ag an chóisir?
♦
chuir mé páipéar i láthair ag an chomhdháil
♦
I presented a paper at the conference
♦
bhí na céadta daoine ag an chruinniú poiblí
♦
there were hundreds of people at the public meeting
♦
[somebody] has [something]
♦
tá teach, carr agus a lán airgid ag an fhear seo
♦
this man has a house, a car and a lot of money
♦
tá [buntáiste] ag [A] ar [B]
♦
[A] has [advantage] over [B]
♦
you are three years older than me
you are three years ahead of me
♦
ag deireadh an tsamhraidh
♦
alt scríofa ag an uachtarán
♦
an article written by the president
♦
tá tuilleadh eolais iarrtha againn
♦
we have asked for more information
♦
beidh cruinniú againn amárach
♦
we'll have a meeting tonmorrow
♦
an bhfuil Gaeilge mhaith agat?
♦
can you speak Irish well?
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
♦SINGULAR, THIRD PERSON, MASCULINE
♦SINGULAR, THIRD PERSON, FEMININE
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
tá [rud] ar aigne ag [duine]
♦
[somebody] has [something] in mind
♦
what do you have in mind?
♦
an bhfuil aithne agat ar Phól?
♦
tá aithne agam ar do bhean chéile
♦
tá aithne agat ar gach éinne, mar sin?
♦
you know everybody, then?
♦
bhí aithne acu ar a chéile
♦
níl agam air ach ríomhaithne
♦
I only know him through the Internet
♦
tá seanaithne agamsa uirthi
♦
beidh sé ag cur báistí amárach
♦
tá sé ag saothrú an bháis
♦
he is in the throes of death
♦
fágann [X] an bealach ag [Y]
♦
[X] gets out of [Y's] way
♦
ceart go leor, fágfaidh mé an bealach agat!
♦
alright, I'll get out of your way!
♦
is [A] brí le [B] ag [duine]
♦
[somebody] means [A] by [B]
♦
cad is brí leis sin agat?
♦
what do you mean by that?
♦
tá sé de cheart ag [duine] [rud a dhéanamh]
♦
[somebody] has the right [to do something]
♦
tá sé de cheart agat dlíodóir a fháil
♦
you have the right to get a lawyer
♦
beidh de cheart ag an pharlaimint an buiséad a leasú
♦
the parliament will have the right to amend the budget
♦
tá col ag [duine] le [rud]
♦
[somebody] dislikes [something]
♦
bhí col aici láithreach liom
♦
she disliked me immediately
♦
tá col ar leith aige leis dóibh
♦
he particularly hates them
♦
tá [A] faoi chomaoin ag [B] (as [rud])
♦
[A] is indebted to [B] (for [something])
♦
tá mé go mór faoi chomaoin agat as an tacaíocht a thug tú dom
♦
I am much indebted to you for the support you've given me
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é ag an
6ú focal
is minice úsáid sa Ghaeilge.
Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 51 focal.
Ag is the
6th
most frequently used word in Irish.
It occurs once in every 51 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
bhí sé ag breathnú ar an doras amhail is go bhféadfadh an t-áibhirseoir féin teacht isteach nóiméad ar bith Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
he was looking at the door as if the devil himself could come in any minute
♦
an focal ag tús na habairte
♦
the word at the beginning of the sentence
♦
gheobhaidh tú clár na n-ábhar ag tús an leabhair
♦
you will find the table of contents at the beginning of the book
♦
músclaím ag a hocht achan mhaidin
♦
I wake up at eight every morning
♦
bhí mé ag gearradh adhmaid
♦
tá siad á n-adhradh ag an bpobal inniu ach déanfar dearmad glan orthu amárach
♦
people worship them today but they will be all fogotten tomorrow
♦
tá trí aerárthach ag an rialtas
♦
the government has three aircraft
♦
an bhfuil tú ag an aerfort?
♦
are you are you at the airport?
♦
tá mé ag dul go dtí an t-aerfort
♦
I am going to the airport
♦
an mbeidh tú ag eitilt ó Aerfort na Sionnaine?
♦
will you be flying from Shannon Airport?
♦
tá sí ag obair mar aeróstach le haerlíne idirnáisiúnta éigin
♦
she is working as a stewardess with some international airline
♦
bhí uibheacha agam ag bricfeasta
♦
nuair a chuireann tú ceist orthu, cad chuige a bhfuil siad ag léirsiú, ní bhíonn siad in ann freagra a thabhart duit
♦
when you ask them why they're protesting, they can't give you an answer
♦
ná labhair leis an tiománaí agus an bus ag gluaiseacht
♦
do not talk to the driver while the bus is moving
♦
ní féidir a shéanadh go bhfuil áilleacht ag an matamaitic
♦
it cannot be denied that mathematics has a beauty
♦
is ag dul i ndonacht a bhíonn an aimsir ón lá seo amach
♦
from this day on the weather usually worsens
♦
bhíothas ag malartú spiairí anseo aimsir an chogaidh fhuair
♦
spies were being exchanged here during the cold war
♦
thosaigh daoine ag filleadh ar ais abhaile
♦
people started returning home
♦
bhí an saol difriúil ag an am sa mhéid nach raibh áiseanna na linne seo againn
♦
life was different then in the sense that we didn't have modern-day facilities
♦
bhí mé ag aistriú troscáin agus tá mo dhroim nimhneach ó shin
♦
I was moving furniture and my back is sore since then
♦
tá an fear singil seo ag lorg bean álainn le pósadh
♦
this single man is looking for a pretty woman to marry
♦
beidh sé ag cur báistí amárach
♦
tá na páistí ag fanacht amuigh
♦
the children are waiting outside
♦
an mbeidh tú ag teacht anocht?
♦
will you be coming tonight?
♦
tá sé ag teacht anuas ón stáitse
♦
he's coming down from the stage
♦
lean siad ar aghaidh ag spiaireacht
♦
chuir mé an ríomhaire ag obair athuair
♦
I started the computer again
♦
ba cheart dó bheith sa bhaile in áit bheith ag ól i dtithe tábhairne
♦
he should be at home instead of drinking in pubs
♦
ba cheart Gaeilge mhaith a bheith ag an té atá ag iarraidh poist ar Raidió na Gaeltachta
♦
anybody looking for a job in Raidió na Gaeltachta should speak good Irish
♦
ba cheart go mbeadh Gaeilge mhaith ag an té a chaith an oiread sin ama sa Ghaeltacht
♦
anybody who spent so much time in the Gaeltacht should speak good Irish
♦
ba chóir dó bheith sa bhaile in áit bheith ag ól i dtithe tábhairne
♦
he should be at home instead of drinking in pubs
♦
ba chóir go mbeadh Gaeilge mhaith ag an té a chaith an oiread sin ama sa Ghaeltacht
♦
anybody who spent so much time in the Gaeltacht should speak good Irish
♦
bádh é agus é ag snámh san fharraige
♦
he drowned while swimming in the sea
♦
bhí siad ag bailiú bruscair
♦
they were collecting rubbish
♦
chaith siad an lá ar fad ag baint móna
♦
they spent the whole day cutting turf
♦
tá deacrachtaí ag baint leis
♦
there are problems with it
♦
bhí sé ina sheasamh ag an bheár
♦
he was standing at the bar
♦
bígí ag obair i mbeirteanna
♦
broadcasting live from...
♦
thosaigh sí ag dul ar scoil nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois
♦
she started going to school when she was seven years of age
♦
tá muid inár suí ag an bhord
♦
we are seated at the table
♦
cén brabhsálaí a úsáideann tú agus tú ag scimeáil ar an Idirlíon?
♦
what browser do you use when surfing the Internet?
♦
ní féidir bheith ag brath air
♦
cad a rinne tú ag an deireadh seachtaine?
♦
what did you do at the weekend?
♦
at the beginning of the chapter
♦
is breá liom bheith ag caint le daoine
♦
beidh mé ag fanacht i gcarbhán
♦
I'll be staying in a caravan
♦
ag deireadh an chéid seo caite
♦
at the end of the last century
♦
tá mé ag obair san áit chéanna le cúig bliana
♦
I've been working in the same place for five years
♦
níl na cearta céanna ag na hinimircigh agus atá ag na saoránaigh
♦
immigrants do not have the same rights as citizens
♦
cén t-am a bheidh muid ag bualadh le chéile?
♦
what time will we be meeting?
♦
an bhfuil tú ag dul chuig ceolchoirm REM anocht?
♦
are you going to the REM concert tonight?
♦
an bhfuil sibh ag imeacht cheana féin?
♦
an bhfuil tú ag dul chuig an cheolchoirm?
♦
are you going to the concert?
♦
tá tú ag dul amach sa bháisteach? níl aon chiall agat!
♦
you are going out in the rain? you have no sense!
♦
tosaíonn sí ag cíoradh a cuid gruaige
♦
she begins to comb her hair
♦
chaith sí an chuid eile den tráthnóna ag cniotáil
♦
she spent the rest of the evening knitting
♦
an itheann tú i mbialanna nó an mbíonn tú ag cócaireacht sa bhaile?
♦
do you eat in restaurants or do you cook at home?
♦
tugann siad comhairle do chailíní a bhíonn ag súil le páiste
♦
they give advice to girls who are expecting a child
♦
feicfidh mé thú ag a ceathair a chlog
♦
I'll see you at four o'clock