Pota Focal Intergaelic
ae | ag | aged | ague | aige
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Chlochaois the Stone Age
" "Gabhaigí níos faide siar fós, a phluaiseoirí, 'fhad leis an Chlochaois óna dtáinig sibh," a chomhairlíonn Balor don bheirt.
ré seo an ábharachais this age of materialism
" Caithfimid seasamh do rud éigin difriúil, rud éigin a mbeidh baint aige le saol daoine i ré seo an ábharachais.
ré órga golden age
" Agus daoine ag tagairt don chluiche ceannais sin 40 bliain ó shin, is minic a deirtear go bhféadfadh ré órga a bheith ag an iománaíocht i mBaile Átha Cliath, faoi mar a tharla ar ball in Uí bhFháilí agus i nGaillimh, dá mba rud é gur rug báireoirí na hardchathrach Craobh na hÉireann agus Corn Liam Mhic Cárthaigh leo an bhliain áirithe sin.
ar comhaois le the same age as
" "Tá tú ar comhaois le Miss Gulliver, nach bhfuil?" "Is fíor sin," ar sise.
sa Chré-Umhaois in the Bronze Age
" Cad é faoin chat? Bhí an cat fiáin ann sa Chré-Umhaois nuair a bhí na feirmeoirí luatha anseo, ach chuaigh sé i léig ina dhiaidh sin.
ar comhaois leo the same age as they are
" Is minic a deirtear nach mbíonn deis ag an aos óg daoine eile ar comhaois leo féin, atá ina gcónaí taobh amuigh dá gceantar féin, a chloisteáil ag canadh.
ré órga golden age
" Ní hamháin sin ach chuir siad tús le ré órga i stair an chumainn mar, ag deireadh na seachtóidí agus tús na n-ochtóidí, bhuaigh an cumann gach cineál comórtais, idir shraithchomórtais, chraobhchomórtais agus choirn, i ngrád na sóisear, idirmheánach agus sinsear, ach amháin an ceann mór, is é sin an craobhchomórtas sinsear.
ar comhaois léi the same age as she was
" Bhí aithine mhaith ag Joyce Taylor ar a lán daoine a mharaigh sé, mar gur mhná a bhí ar comhaois léi ab ea an chuid is mó acu.
ar comhaois leo féin of the same age as themselves
" **Antaine:** Cén fhís atá agaibh nó céard ba mhaith libh a bhaint amach le Cumar? **Neansaí:** Deis a thabhairt do na ceoltóirí óga castáil le daoine eile ar comhaois leo féin agus ceol maith a chloisteáil agus a fhoghlaim.
uile-aoiseach all ages
" De réir an Bhille, beidh cead cosc a chur orthu ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag a bheith in aon áit in aice leis an áitreabh inar tharla an trioblóid as ar cúisíodh iad Is é an chaint is deireanaí ón rialtas ná go bhfuil siad chun bille nua a thabhairt isteach a thabharfaidh cead do thábhairneoirí páistí a choimeád amach, seachas cultúr nua uile-aoiseach a chothú inár dtithe tábhairne, mar atá le fáil i gcaifí na Mór-roinne.
Chré-Umhaois The Bronze Age
" Measann an seandálaí Barry Raftery go mb'fhéidir gur tógadh dúin mar seo sa Chré-Umhaois, sular tháinig na Ceiltigh.
Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh He who is reported to be dead will live to a great age
" Go bhfaighe siad seacht míle deis! Tá seanfhocal againn sa Ghearmáin: Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh.
sna meánaoiseanna in the middle ages
" Le linn mo chuid siúil bhí neart ama agam le smaoineamh ar chruatan shaol na ndaoine úd a shiúil an camino sna meánaoiseanna.
trí bliana déag agus ceithre scór eighty-four years of age
" Agus tá sí trí bliana déag agus ceithre scór! "Bhí sé d'ádh orm ansin go raibh Caitlín Ní Dhomhnaill, a bhfuil clú agus cáil uirthi sa lá atá inniu ann, sa darna doras domh.
ar comhaois liom the same age as I was
" Beo!: Cé hiad na daoine is mó a chabhraigh leat agus tú i mbun fhoghlaim na Gaeilge? AH: Daoine ar nós Liam Uí Chuinneagáin ó Oideas Gael agus Pheadair Mhic An Iomaire ó Ollscoil na Gaillimhe, a chinntigh go bhfuair mé árasán i mbloc na Gaeilge (a bhí ann ag an am sin) ar champas na hollscoile, áit ar chaith mé bliain i mo chónaí i measc daoine ar comhaois liom a labhair Gaeilge.
ag teannadh amach sna blianta of an advanced age
" Ní fada go mbeidh barr slaicht dá chur ar an bhfoirgneamh breá seo a thabharfaidh ciúnas agus tearmann do dhaoine atá ag teannadh amach sna blianta.
Chré-Umhaois The Bronze Age
" * Bhí (agus tá) mórán staire agus beáloidis ag baint le Loch an Iúir, go háirithe le háiteacha mar an tOiléan Séanta, Ailt Mhín an Úcaire, Mín na Scamháil, Reilig na bpáistí gan bhaisteadh, Bealach Cheallaigh, Rinn Uí Dhónaill, An Leachach, Poll an Dubhthaigh agus an seandún ón Chré-Umhaois (deirtear).
an Chlochaois The Stone Age
" Tá daoine ag bogadh suas síos ar imeallbhord an Aigéin Atlantaigh ó tháinig na céad fhiagaithe cnuasaitheoirí aníos ón Afraic roimh an Chlochaois.
an aois ina maireann muid the age in which we live
" Léargas beag eile ar an dóigh a mbraitheann an dearcadh atá againn ar an áit ina bhfuil muid agus an aois ina maireann muid.
ar comhaois the same age
" Bhí lúcháir orm fosta nuair a fuair mé amach go raibh na páistí ansin a bhí ar comhaois liom féin an-chairdiúil.
san Oighearaois Dheireanach in the Late Ice Age
" Is cinnte gur mar seo a bhí sé timpeall 10,000 bliain ó shin, san Oighearaois Dheireanach.
cosc aoise age ban
" Tá an UDA ag dul a chur cosc aoise ar ógánaigh atá ag iarraidh dul isteach sa Ulster Young Militants, eite óige na heagraíochta - is léir go bhfuil siad ag pleanáil don todhchaí.
cruthú aoise proof of age
" Má iarrtar orthu an cruthú aoise a thaispeáint ní gá dóibh ach a mhaíomh nach bhfuil a leithéid acu mar nach bhfuil siad faoi bhun bliain is fiche! Iad siúd nach bhfuil ocht mbliana déag slánaithe acu ní miste dóibh bheith glanta amach as an tábhairne faoina hocht a chlog feasta.
aois an ríomhaire the computer age
" "Táimid in aois an ríomhaire anois, a chairde, ach tá sibhse sa chlochaois," a dúirt duine den dream, Pádhraic Mac Cormaic, oíche amháin.
sa chlochaois in the stone age
" "Táimid in aois an ríomhaire anois, a chairde, ach tá sibhse sa chlochaois," a dúirt duine den dream, Pádhraic Mac Cormaic, oíche amháin.
mheánaoista middle-aged
" Fir mhóra mheánaoista a bhí iontu agus iad cairdiúil cainteach.
litríocht na meánaoiseanna the literature of the middle ages
" Ba cheart do na hollúna rudaí mar sin a chur chun tosaigh, chomh maith le nualitríocht agus litríocht na meánaoiseanna.
teorainn aoise age limit
" Rinneadh athsheoladh air i 1991 agus cuireadh teorainn aoise (50 bliain) i bhfeidhm i gcás na n-ainmnitheach.
ré an tomhaltóra the consumer age
" ) Tháinig ré an tomhaltóra, agus leis sin tháinig forbairt agus fás ar na meáin chumarsáide agus fuair siad tús áite i saol na healaíne.
ag maireachtáil in aois na frithealaíne living in the age of the anti-art
" An bhfuil muid ag maireachtáil in aois na frithealaíne? Agus cad a spreagann daoine chun saothar a scriosadh? Dar leis an síceolaí David Freeberg gur cuartú airde, iompar atá imithe ó smacht agus seasamh diúltach in éadan údaráis atá taobh thiar de na gníomhartha seo.
ón chlochaois from the stone age
" Tá taispeántas ann a léiríonn stair na háite ón chlochaois ar aghaidh.
ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna one of the most important countries in the middle ages
" Ainneoin go bhfuil saibhreas mór mianraí sa tír, ainneoin gurbh í ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna nuair a bhí sí faoi riail ag na Spáinneach, is í an Bholaiv an dara tír is boichte i Meiriceá Theas sa lá atá inniu ann.
meánaoiseanna middle ages
" Tá damhsa traidisiúnta ag na Faróigh, damhsa a tháinig anuas ó na meánaoiseanna, agus a bhfuil an amhránaíocht fite fuaite tríd.
ón Aois Mhéisiliteach from the Mesolithic Age
" Cuireann sé síos ar áiteanna áirithe mór le rá ón Aois Mhéisiliteach go dtí an seachtú haois déag, agus léiríonn sé modhanna taighde fosta, mar shampla dátú radacarbóin agus anailís phailine.
os cionn ceithre scór bliain d'aois over eighty years of age
" Nuair a thug mé cuairt air ina theach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ba dheacair dom a chreidiúint go bhfuil an fear ard, leathan, díreach a d'fháiltigh romham go maith os cionn ceithre scór bliain d'aois.
atá ar comhaois leis féin who are the same age as he is
" Fiú in Iorras i gContae Mhaigh Eo, áit a bhfuil cóir curtha aige ar sheanteach scoile, níl Gaeilge, a deir sé, ach ag an dream atá ar comhaois leis féin den chuid is mó.
san Oighearaois in the Ice Age
" "Nuair a chruthaigh Dia daoine daonna, thug sé inchinní níos mó dóibh … agus bíonn muid ar dáir an t-am go léir, 24/7 … agus is mar gheall ar an mhiangas ard gnéasach seo a mhair muidne nuair a fuair an mamat ollach agus an tíogar claíomh-fhiaclach bás, agus ar éirigh linn maireachtáil san Oighearaois.
sa chultúr meánaoiseach in the culture of the middle ages
" Mar sin, ar chúiseanna síceolaíocha chomh maith le cúiseanna stairiúla, ní theastaíonn ó chuid mhaith Seiceach smaoineamh ar an tréimhse sin anois, agus is láidre ar fad a spéis sa chultúr meánaoiseach agus níos faide siar.
aois-aicme age group
" Pobal bríomhar léitheoireachta Gaeilge a bheith forbartha i ngach aois-aicme, go háirithe i measc daoine óga; earnáil bhíogach chuimsitheach foilsitheoireachta a bheith ann; todhchaí na léitheoireachta Gaeilge a bheith slán.
ba ghiorra in aois di closest to her in age
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
ar comhaois leo the same age as they are
" Nuair a chuireann tú scrúdú béil orthu faigheann tú amach go bhfuil beirt nó triúr acu páirteach in *Riverdance *agus an domhan siúlta acu - nó léimte acu! - tar éis a bheith in áiteacha nach raibh cloiste agam fúthu nuair a bhí mé ar comhaois leo.
ar comhaois leis the same age as
" Féile ársa é Am Mòd, mar sin, ach mar a tharlaíonn sé tá sé ar comhaois leis an dá cheann eile.
dá aois of his age
" I bhfocail eile, níl ar a chumas an mála maidí a iompar ar a dhroim nó fiú a thiomáint roimhe ar thralaí beag leictreach ar nós mar a dhéanann daoine eile dá aois.
dá aois agus dá airde for his age and height
" Pé scéal é, agus mé ag cogaint na ceiste seo (maith dom an t-imeartas focal), bainfidh mé leas as an nath "fíor-ramhar" le cur síos a dhéanamh ar *"obese"*, agus as ár seanchara "ramhar" nuair nach bhfuil i gceist agam ach duine atá beagán róthrom dá aois agus dá airde.
sna meánaoiseanna in the middle ages
" Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu! Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin.
ré an impiriúlachais the age of imperialism
" Pioctar na smidiríní seacláide agus *marzipan *suas agus itear iad ansin - iad tuillte go maith acu, agus ag an lucht féachana! Stair chasta ======= Tá stair chasta ag an Eilvéis, cé gur tháinig na *cantons *(réigiúin leathneamhspleácha) le chéile ar bhonn comhcheangail le linn ré an impiriúlachais san Eoraip.
bhean mheánaosta mhíghnaíúil an uncomely middle-aged woman
" Bhí ráfla ann gur striapach nuabháite a bhí sa mhainicín a d'úsáid sé don phictiúr ina léiríonn sé an Mhaighdean mar bhean mheánaosta mhíghnaíúil, í sínte amach ar leaba agus a dhá cos nochta shalacha ag gobadh amach.
na meánaoiseanna the middle ages
" Taobh istigh, tá iarsmaí le fáil de dhá bhalla cathrach atá níos sine; thóg na Rómhánaigh an chéad cheann agus baineann an dara ceann leis na meánaoiseanna.
ag dul anonn in aois getting on in age
" Agus, cé go bhfuil na seandiúlaigh seo ag dul anonn in aois, agus cé go bhfuil mearbhall na mblianta ag teacht orthu, tá a gcuid Gaeilge chomh glan agus chomh glinn agus chomh saor ó thionchar iasachta agus a bhí riamh.
chuile aoisghrúpa every age-group
" “Ar an taobh eile den scéal, nuair a tháinig mise go Conamara i dtosach, ba Ghaeilge ar fad, beagnach, a bhí dá húsáid ag chuile aoisghrúpa ón Spidéal siar go Carna.
faoi na meánaoiseanna by the middle ages
" Ba phort mór trádála é Aberteifi faoi na meánaoiseanna.
ón Chré-Umhaois from the Bronze Age
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois traces of a Bronze Age hut circle
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
imfhálú ón Aois Iarainn an Iron Age enclosure
" Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn.
ón Aois Mhéisiliteach from the Mesolithic Age
" Tá caife agus siopa ansin, agus scannán a léiríonn scéal drámatúil faoi bheirt pháistí a thaistilíonn tríd an am ón Aois Mhéisiliteach go dtí ré theacht na Críostaíochta.
Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaois artifacts from the Bronze Age were found
" Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaois anseo; tá iarsmaí de dhúnta ón Aois Iarainn ar imeall an locha; agus tá cloch snoite ón ré Luath-Chríostaí ar Oileán Mháirtín ag béal an locha.
ón Chré-Umhaois from the Bronze Age
" Chonaic muid iarsmaí ón Chré-Umhaois, ón ré Luath-Chríostaí, ó thréimhse na Normannach, ó Phlandáil Uladh, agus ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha.
meathlú matánach bainteach le haois age-related muscular degeneration
" Labhair mé le gairid le Gaillimheach eile, an Dr Simon Kelly, faoin taighde atá déanta aigesean ar an cheangal idir caitheamh tobac agus daille ag baint le haois nó meathlú matánach bainteach le haois (AMD sa Bhéarla).
in aois na tionsclaíochta in the industrial age
" Labhraíonn an tUasal Richard Douthwaite, eacnamaí agus saineolaí i gcúrsaí inbhuaine, faoi “mhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saor” in aois na tionsclaíochta.
san Iarnaois in the Iron Age
" Tá seacht ráth mar seo ar an tslí agus tógadh iad san Iarnaois (c.
Aois an Ghluaisteáin the Age of the Car
" Ach tá rud amháin ar féidir bheith cinnte faoi: de bhrí go mbeidh an peitreal os cionn €3 an lítear, beidh béim níos mó ar iompar poiblí agus beidh deireadh le hAois an Ghluaisteáin (gluaisteáin na n-inneall peitril, ar a laghad).
an Ré Órga the Golden Age
" Ba é an 17ú haois an Ré Órga agus sa tréimhse sin rinne réaltaí ar nós Rembrandt, Vermeer agus Frans Hal ceannródaíocht i saol na healaíne.
sár-ré golden age
" Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
ón Chré-Umhaois from the Bronze Age
" Tá roinnt seomraí ansin agus taispeántais faoi stair na háite iontu, ón Chré-Umhaois ar aghaidh.
na Meánaoiseanna the Middle Ages
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
sár-ré golden age
" Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
ón Chré-Umhaois from the Bronze Age
" Tá roinnt seomraí ansin agus taispeántais faoi stair na háite iontu, ón Chré-Umhaois ar aghaidh.
age
" Ach ní chreidim sa bhag seo a chuirtear thart (cuirtear thart go minic í) gur chuir gluaiseacht na poblachta siar athaontú na tíre seo.
ar comhaois liom equal in age
" Bheadh an brú sin níos measa mura mbeadh amhráin ná fiú ceol agam ach go hiondúil bíonn daoine sásta go bhfuil tú in ann rud éicint a dhéanamh agus nach bhfuil tú go hiomlán gan mhaith! AÓF: An bhfuil aon steip dhamhsa agat? RNicD: Arís ar ais bhínn ag damhsa ag na feiseanna nuair a bhí mé níos óige - mar a bhí go leor eile ar comhaois liom ag an am freisin.
sár-ré golden age
" Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
ón Chré-Umhaois from the Bronze Age
" Tá roinnt seomraí ansin agus taispeántais faoi stair na háite iontu, ón Chré-Umhaois ar aghaidh.
ón Aois Iarainn from the Iron Age
" Tá ceann beag chloiche ón trá ann, ón Aois Iarainn, is dócha.
macalla na haoise echo of the age
" Bhí claontaí faisisteacha iontu, macalla na haoise.
san Iarnaois in the Iron Age
" ‘Táimse san Iarnaois go fóill.
amhail is gur chirte dó an Chlochaois a rá as if it would have been more correct for him to say the Stone Age
" ’ Tharraing sé a mhála ón talamh, na strapaí ag geonaíl amhail is gur chirte dó an Chlochaois a rá.
Níos moille sna meánaoiseanna later in the Middle Ages
" Níos moille sna meánaoiseanna, fuair an chlann Éireannach Mag Aonasa seilbh ar an chaisleán agus chuir siadsan leis na daingnithe.
aois seo an chomh-mheasa this age of mutual respect
" Ach in aois seo an chomh-mheasa agus an chomhghéillte agus na comhthuisceana agus an chomh-gach-aon-rud, sílimse gur fearr, mar chomhréiteach comhchuí (agus in ómós do mo sheanchara, Aire na Galltachta Éamon Ó Caoimhnis) *Londondoire* a bhaisteadh ar an áit – bíodh an logainm sin ag teastáil ó na cónaitheoirí nó ná bíodh.
sa Chré-Umhaois in the Bronze Age
" Is carn a tógadh sa Chré-Umhaois é.
meánaoiseanna, middle ages,
" Sna meánaoiseanna, bhí Easpag Earra-Ghàidheail lonnaithe anseo agus tógadh ardeaglais ag an am.
meánaosta. middle-aged.
" Mar sin, d'fhoghlaim sé scríobh na Gàidhlig uaidh féin agus é meánaosta.
ré órga na cumarsáide. the golden age of communications.
" Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn i mí Dheireadh Fómhair 1996 agus gur cuireadh tús le ré órga na cumarsáide.
sna meánaoiseanna, in the middle ages,
" Ansin sna meánaoiseanna, tháinig rath ar an oileán faoi choimirce Thiarnaí na nÓileán, a rinne suíomh ollmhór oilithreachta de.
do gach aoisghrúpa. for every age group.
" Táimid chun Lá Fhéile Cholm Cille a cheiliúradh i mí an Mheithimh le deireadh seachtaine lán d’imeachtaí do gach aoisghrúpa.
na meánaoiseanna the middle ages
" Ó na meánaoiseanna ar aghaidh, bhí an talamh uilig faoi sheilbh tiarnaí talún móra.
agus go laghdaíonn imirt le haois, and that playing reduces with age,
" Cé gur fíor go mbíonn níos mó fear ná ban páirteach i gcúrsaí spóirt agus go laghdaíonn imirt le haois, is láidre ná an dá thosc sin (gnéas agus aois) tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, a deirtear sa tuarascáil.
ar aoisghrúpaí éagsúla on various age groups
" Is cóir don pholasaí spóirt a bheith dírithe ar aoisghrúpaí éagsúla agus ní ar ghasúir amháin laistigh den phobal atá faoi mhíbhuntáiste.
ón Chré-umhaois from the Bronze Age
" ” Fuair Derek inspioráid fosta in Ard-Mhúsaem na hÉireann ar Shráid Chill Dara nuair a chonaic sé ealaín charraigeach ón Chré-umhaois ansin; agus gan é ach sé bliana déag d’aois bhí a stiúideo féin aige, i ngaráiste a fuair sé ar cíos ó Agnes Kinsella, máthair Thomas Kinsella, an file agus aistritheoir.
ré órga golden age
" Bhí ré órga fhoireann pheile Átha Cliath faoi lán seoil.
san aois leanbaíochta. in her old age.
" Ach labhraíonn sé le dáimh fúithi agus í san aois leanbaíochta.
anonn go maith i mblianta. a good age.
" Gach seans go leanfaidh sé ar aghaidh ag obair i gcomhthéacs amháin nó i gcomhthéacs eile go dtí go mbeidh sé anonn go maith i mblianta.
ón aois chré-umha, from the bronze age,
" Ag Inbhir Nabhair, cóngarach don fharraige, tá cairn ann ón aois chré-umha, agus cistí adhlactha iontu atá oscailte don spéir.
na meánaoiseanna the middle ages
" Bhíodh Julian’s Bowers in úsáid ag daoine áitiúla chomh fada siar leis na meánaoiseanna agus creidtear go raibh lúbra eile ann sa cheantar céanna.
craptha leis an aois shrunken with age
" Agus, mar sin, nuair a thóg an píobaire (fear ard tanaí, beagáinín craptha leis an aois agus ag an saol) na píobaí amach bhíodar uilig faoi dhraíocht.
is cuma cén aois í. it doesn't matter what age it is.
" Má dhéantar go maith í beidh sí go maith, is cuma cén aois í.
cuma na haoise appearance of age
" Agus iad péinteáilte aige, chuimlíodh sé salachar agus smúit ó fholúsghlantóir díobh le cuma na haoise a chur orthu.
ré úr oscailteachta a new age of openess
" Léiríonn iniúchadh mar seo, i mo thuairimse, go bhfuil ré úr oscailteachta agus trédhearcachta anois faoi lán seoil i leith fheidhmiú an fhórsa.
ré na nuatheicneolaíochta, the age of modern technology,
" Agus muid i ré na nuatheicneolaíochta, mar shampla, is bocht an scéal é nach bhfuil fáil ag an phobal ar cheangal ríomhphoist le stáisiúin ghardaí na tíre.
sa lá atá inniu ann. in this day and age.
" Níl córas poiblí ríomhphoist i bhfeidhm i stáisiúin ghardaí an stáit, cé gur deacair a shamhlú go bhfeidhmeodh gnóthaí móra eile d'uireasa a leithéid de chóras sa lá atá inniu ann.
meánaoiseanna, middle ages,
" Sna meánaoiseanna, théadh oilithrigh trí Chromba ar a mbealach go scrín Naomh Dubhthaich i mBaile Dhubhthaich.
Mo lucht aitheantais atá ar comhaois liom people I know who are the same age as I am
" Mo lucht aitheantais atá ar comhaois liom agus a d’fhan sa Pholainn, tá siad go léir pósta, níl aon duine singil ina measc.