Pota Focal Intergaelic
agó | ag | aga | agá | agh
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó chianaibh a while ago
" Preit, a dhuine! Chonac Arabach uasal ó chianaibh agus a chroiméal breá dubh á shlíocadh aige lena chiotóg.
scaitheamh ó shin some time ago
" Ach, céard faoin nGaeilge? Sa dara roinn a chuir an nuachtán Foinse foireann pheile Charna i suirbhé a rinne siad scaitheamh ó shin.
tá fada an lá ó shin a long time ago
" Bhí muid ag foghlaim na fidle i dteannta a chéile fá ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair, tá fada an lá ó shin nuair a bhí Dia ina ghasúr.
ó chianaibh a while ago
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
dhá scór bliain ó shin forty years ago
" Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin.
An siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó used granny walk to the shop long ago ...?
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion An siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
An siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó used granny walk to the shop long ago ...?
" go leisciúillazily ag fógairt ormcalling to me bodhardeaf go crostacrossly ligthe ar cíosrented out go hiondúilusually ar mhaithe le do shláintesefor the sake of your health neart rudaí spéisiúlaplenty of interesting things seala period of time tá airde ag teacht ionatyou've grown a thagadh muid ar cuairtwhen we used to come to visit an-mhochvery early sciuirda quick dash, flying visit leamhboring mo náire thúshame on you múineadhmanners ón matalfrom the mantelpiece pussulky expression ná bac leisdon't bother with it galpuff go mífhoighdeachimpatiently ar fánwandering á ndóbeing burnt rith sé léiit occured to her sna sceachain the bushes cheapfá go raibh siad trí thineyou would think that they were on fire cuid an dreoilínthe wren's portion An siúladh Mamó síos chuig an siopa fadó .
ceathrú céid ó shin a quarter of a century ago
" An cheist atá anois ann ná an bhfuil siadsan, nó aon dream, in ann dul céim amháin eile agus monaplacht na gcontaetha “traidisiúnta” a bhriseadh faoi mar a tharla ceathrú céid ó shin.
le hais mar a bhí deich mbliana ó shin compared to how it was ten years ago
" Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge.
ráithe ó shin three months ago
" Scríobhas ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
Fadó, Long ago,
" Fadó, ní raibh tada ann, coincheap a dtugann na Maoraigh *Te Kore* air.
Bliain ó shin, A year ago,
" Bliain ó shin, tharla go raibh mé i dteach tábhairne in Manhattan.
ón aimsir anallód from long ago
" *“Hath not a Jew eyes? Hath not a Jew hands, organs, dimensions, senses, affections, passions; fed with the same food, hurt with the same weapons, subject to the same diseases, heal’d by the same means, warm’d and cool’d by the same winter and summer as a Christian is? If you prick us, do we not bleed? If you tickle us, do we not laugh? If you poison us, do we not die? And if you wrong us, shall we not revenge?”* Tagann focail Shylock ón aimsir anallód ar ais chugainn ó dhráma Shakespeare, a chríochnaigh sé i 1598.
fadó, long ago
" Nuair a bhí mise ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht sa mheánscoil in Éirinn fadó, bhí léarscáileanna na hAstráile agus na Nua-Shéalainne ar an dá leathanach dheireanacha den atlas scoile.
sa tseanaimsir. long ago, in the olden times
" Séadchomhartha náisiúnta Lios na gCat is ea an Cillín úd agus deirtear linn go mbíodh Naomh Pádraig na nÉireannach ag lorg comhairle ó Naomh *Cait*ríona sa tseanaimsir.
fadó long ago
" D’eascair na cluichí páirce as comórtais neamhfhoirmiúla a bhíodh ar siúl fadó – comórtais a bhain le reathaíocht agus le neart; le hardú agus le caitheamh clocha móra; le *teilgeil a’ chabair*.
corradh is bliain ó shin more than a year ago
" Chomh luath is a toghadh é ina phríomhaire, corradh is bliain ó shin, gheall Kevin Rudd thar ceann a rialtais go mbeadh fadhb na díthreabhachta ina príomhthosaíocht ar a chlár oibre.
bliain is an taca seo a year ago
" A ghlanmhalairt de thuairim Bhí iontas orm bliain is an taca seo, mar sin, nuair a léigh mé 'Irish , Catholic and Scouse: The History of the Liverpool-Irish, 1800-1939' leis an Ollamh John Belcham, Ollscoil Learphoill.
ar ball a while ago
" Is é mo mheas go bhfuil na nascanna a luamar anseo ar ball, go bhfuil siad sin réitithe, go bhfuil muintir na tíre ar tí tabhairt faoina gceistiú féin ina dtaobh.
ó shoin ago
" Tar éis na ceolchoirme, chasamar le beirt bhan a tháinig le sinn a fheiscint in Albain roinnt blianta ó shoin - Juliette agus Sheona.
sna blianta siar many years ago
" Bhí cara ag m’athair sna blianta siar agus Charlie ab ainm dó.
chianaimsir long time ago
" Cá dtosóidh mé? Mothaíonn sé gur sa chianaimsir a bhí muid ag treabhadh frí oilbhéim Iris Robinson agus sinn ag dréim go mór le tuilleadh scéalta fá iompar drúisiúil ar chúl na gcuirtíní lása, ach go tobann, in áit an uafáis, tháinig an pholaitíocht chun cinn ar mhodh thar a bheith saoithiúil.
ó shin ago
" Bhí siad den bharúil go dtí bliain ó shin gur chóir é a athleasú ach de réir a chéile, ó lár na bliana seo caite, thiontaigh géarchéim an gheilleagair ina géarchéim pholaitíochta.
ó shin ago
" Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shin “le haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le rá, a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí nó sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin.
coicís ó shin a fortnight ago
" Mar sin, cuireadh reachtaíocht an bheartais os comhair an tí íochtair coicís ó shin, mar ar reachtaíodh é gan díospóireacht ar bith.
tamall ó shin some time ago
" Cinnte nár chuala mé féin fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear céile ag cur turas an domhain in áireamh tamall ó shin.
cúpla bliain maith ó shin a fair few years ago
" Is é sin, cúpla bliain maith ó shin agus níor fhág mé ó shin.
coicís ó shin a fortnight ago
" Creidim gur thug sé an-aitheasc ar fad nuair a ghlac sé le Gradam an Phiarsaigh coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí.
bunadh na háite san aimsir anallód the people of long ago
" Arbh í Ériu a mbanríon? Cá bhfios ach mothaím go láidir an nasc sin idir mo cheantar dúchais inniu agus bunadh na háite san aimsir anallód.
anallód long ago
" Deasghnáth leis an anam a ghlanadh a bhí san fhéile seo anallód.
ar ball a short while ago
" Ba mhaith liom tacú leis an rud a dúirt tú féin ar ball.
breis is scór go leith bliain ó shin more than 30 yrs ago
" Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
Bhí an t-ádh dearg orm ar ball I was very lucky a while ago
" Bhí an t-ádh dearg orm ar ball.
blianta gairide ó shin a few years ago
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
Seacht mbliana is fiche ó shin 27 years ago
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
hamadáin” anallód idiots long ago
" Léiríonn na cáipéisí staire go raibh ról suntasach ag lucht grinn, abhlóirí agus na “hamadáin” anallód agus ionad faoi leith acu sa chóras Ceilteach a bhí sa tír seo uair amháin.
dornán blianta ó shin a few years ago
" Baineadh siar as pobal na Gaeilge dornán blianta ó shin nuair a d'fhógair Enda Kenny an oíche sular thosaigh comhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn, Co.
coicís ó shin a fortnight ago
" Bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt i gCaisleán Cnucha coicís ó shin, agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail.
achar gairid blianta ó shin a few short years ago
" ie) nach mbeadh ar an éinne sa phobal clárú isteach le scríobh faoi alt ar bith a fhoilseofaí ar an iris, nuair a athchóiríodh an suíomh idirlín achar gairid blianta ó shin.
bunáite seachtó bliain ó shin the guts of 70yrs ago
" Cuireadh tús le caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil bunáite seachtó bliain ó shin agus ba chaidreamh an-chairdiúil é formhór mór an ama sin.
míle bliain ó shin a thousand years ago
" Is ón tsean-Lochlannais míle bliain ó shin a thagann an téarmaíocht atá againn inniu ar an chine ghorm.
san aimsir anallód in the forgotten long ago
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
Luaigh tú cúrsaí meáchain ar ball you mentioned body weight just a while ago
" Bheadh seisean ag gearán agus ag olagón: ‘Cén fáth go bhfuil cead ag Obama agus nach bhfuil cead agamsa?’ An Titim Chun Feola ======== **Balor: Luaigh tú cúrsaí meáchain ar ball, a Michelle.
scaitheamh ó shin some time ago
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Na blianta siar a long time ago
" Na blianta siar, is iad na mic léinn a bhíodh chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla a bhíodh ag ceistiú an tsaoil in ionad a bheith ag ceistiú a staid airgeadais féin.
a thit amach siar sna blianta which happened years ago
" “Sílim go bhfuil sin ionainn mar dhream de bharr na staire, de bharr rudaí a thit amach siar sna blianta.
le hais mar a bhí cúig bliana ó shin compared to five years ago
" Smaoinigh ar cé chomh uileláithreach is atá uirlisí soghluaiste agus na meáin sóisialta le hais mar a bhí cúig bliana ó shin.
ní fada ó shin a short time ago
" Saothar Dina Gottliebova ========= Tharraing cás ealaíontóra Mheiriceánaigh amháin Dina Gottliebova (Babbitt) – (bhí Gottliebova pósta ar chartúnaí mór le rá darbh ainm Art Babbit sula scaradar), tharraing an cás sin aird ar na ceisteanna casta seo ní fada ó shin nuair a d’iarr sí ar Iarsmalann Auschswitz cúpla pictiúr a tharraing sí nuair a bhí sí faoi ghlas ansin a thabhairt ar ais di.
sna blianta siar years ago
" Is ball den Lucht Siúil é agus bhí a mhuintir siúd lárnach i saol cultúrtha na hÉireann sna blianta siar.
tamall de bhlianta ó shin a few years ago
" B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
dornán blianta ó shin a few years ago
" Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair.
roinnt blianta ó shin some years ago
" Chinn sé roinnt blianta ó shin go gcloífeadh leis an iomáint óir is é an cluiche is ansa leis.
a dúirt roinnt mhaith blianta who said a fair amount of years (ago)
" ) Mar a dúirt an té a dúirt roinnt mhaith blianta ó shin, ní chloisfear in aon áit ar domhan daoine ag béiceach “na Sé Chontae Fichead abú!” nó “na Sé Chontae abú!”, bíodh gurb shin é a bhíonn i gceist acu cuid den am, sé chontae/ fichead.
seachtó bliain ó shin seventy years ago
" Muinín a Chur sna Díograiseoirí ============== Sa cholún uaim, a foilsíodh san eagrán deireannach de Ghaelscéal, mheabhraíos do na léitheoirí gur cuireadh tús le foilsitheoireacht nuachtán seachtainiúil Ghaeilge ar Lá ’le Pádraig, seachtó bliain ó shin.
thart ar scór blianta ó shin about twenty years ago
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
Roinnt céadta blian ó shin some hundreds of years ago
" Is mar seo a chuireann an tAthair Peadar tús álainn lena leagan Gaeilge den Quijote le Cervantes: > Roinnt céadta blian ó shin bhíodh aicme laoch ag gluaiseacht ar fud na hEorpa agus Ridirí Fáin a tugtaí orthu.
shaol na manach fadó the life of the monks long ago
" D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.
shaol na manach fadó the life of the monks long ago
" D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.
shaol na manach fadó the life of the monks long ago
" D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoi shaol na manach fadó le linn di cuairt a thabhairt ar an áit a raibh mainistir Bheannachair suite fadó.
i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin around this time seventy years ago
" Spreag buamáil bhaile Gernika i dtrátha an ama seo seachtó bliain ó shin an t-ealaíontóir Picasso leis an phictiúr cáiliúil Guernica a phéinteáil.
sna blianta siar many years ago
" Chuir Colm Mac Séalaigh aithne bheag ina óige ar Mhícheál Ó Duibhir, an t-imreoir caide agus an bainisteoir foirne do Chiarraí sna blianta siar.
Deich mbliana ó shin ten years ago
" Deich mbliana ó shin d’fhoilsigh an Dublin Hurling Review Group cáipéis faoin teideal Blueprint for Change and Success for Dublin Hurling.
céad bliain is an t-am seo a hundred years ago
" Tá cuntas ag Caitríona Ní Chonchúir ar an ngaol ar leith atá ag Halifax le hÉirinn, tharla gur cuireadh líon mór Éireannach faoin bhfód ann céad bliain is an t-am seo agus gur cuireadh líon nach beag díobh amuigh ar an bhfarraige freisin.