Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aimsithe discovered
" Laistigh de dhá nóiméad eile bhí dhá chúl aimsithe ag na *Dubs*! Ar ais le Cill Chainnigh ar an ionsaí chun cúl agus cúilín a aimsiú agus an scór ná 3-14 in aghaidh 2-12.
tá slite aimsithe aige he has found ways
" Deir siad fós leis ó am go chéile gan a bheith ag seinm liricí Béarla ach tá slite aimsithe aige le déileáil leis seo.
aimsithe discovered
" Níl aon ábhar ceimiceach ar nós meatadóin fós aimsithe ach oiread is féidir a thabhairt d'andúiligh cócaoin.
aimsithe found, discovered
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
aimsithe found
" Fiú má mharaítear Saddam Hussein go luath, níl ceannaire oiriúnach aimsithe ag na comhghuaillithe le cur ina áit, duine a n-éireodh leis muintir na hIaráice a aontú le chéile faoi aon cheannasaíocht amháin.
aimsithe found
" Go leor múinteoirí nua a bheith aimsithe againn.
aimsithe found
" " Mothaíonn sé go bhfuil áit straitéiseach aimsithe ag an gcomhlacht, áit éigin idir Bostún agus Beirlín, rud a chabhrós leo forbairt bhreise a dhéanamh amach anseo.
aimsithe found
" Insíonn Bewick dom go bhfuil níos mó ná milliúin figiúr mar sin aimsithe i gcultúir éagsúla an domhain, "Is mian uilíoch é," a deir sí.
nua-aimsithe newly-discovered
" Gheit mo chroí le háthas: faoi dheireadh, bheinn in ann mistéirí "Éamonn an Chnoic" a fhuascailt! Cheannaigh mé an leabhar gan mhoill ina dhaidh sin agus abhaile liom le mo stór nua-aimsithe.
aimsithe found
" Dúirt saineolaí amháin a bhfuil na scéalta sin ar fad cloiste aige nach raibh ach dhá thuairisc ó 1936 i leith gurbh fhiú fiosrú dáiríre a dhéanamh orthu agus, sa dá chás sin, nach raibh fianaise ar bith aimsithe go raibh an t-ainmhí fós beo.
aimsithe discovered
" “Cén difríocht a dhéanfaidh cúpla uimhir bhreise sna seoltaí?” Rud nach ndúradh san fhógra le déanaí ná go raibh neart deacrachtaí aimsithe ag coiste saineolaithe na Roinne Cumarsáide féin (tá a dtuarascáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne).
aimsithe discovered
" “Cén difríocht a dhéanfaidh cúpla uimhir bhreise sna seoltaí?” Rud nach ndúradh san fhógra le déanaí ná go raibh neart deacrachtaí aimsithe ag coiste saineolaithe na Roinne Cumarsáide féin (tá a dtuarascáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne).
aimsithe discovered
" I mí na Samhna 2004, seoladh litir chuig Príomh-Oifigeach na Roinne Sláinte ag tabhairt le fios go raibh sé chás den tocsaín PVL aimsithe sa tír seo.
aimsithe discovered
" Bhí Raidió na Gaeltachta aimsithe agam.
aimsithe found
" AÓF: Cá mbeidh an chartlann seo lonnaithe? An mbeidh sí oscailte don phobal i gcoitinne agus do thurasóirí agus araile nó an mbeidh sí dírithe ar scoláirí amháin? DdeB: Tá áitreabh caoi aimsithe againn ach tá an páipéarachas fós le críochnú ina thaobh agus beidh roinnt athchóirithe le déanamh air amach anseo.
aimsithe found
" Agus ar lucht déanta lón cogaidh a bhfuil margadh nua luachmhar aimsithe acu dá gcuid earraí.
aimsithe found
" Tá fianaise aimsithe le gairid ó phailin i mbun locha go raibh ar a laghad trí thriomach le míle bliain a bhí chomh holc leis an gceann seo agus a mhair níos mó ná leathchéad bliain.
aimsithe discovered
" Is dócha, chomh maith, go raibh U2 aimsithe agam faoin tráth sin.
aimsithe discovered
" ” Bhí a guth féin aimsithe aici mar amhránaí ach tá daoine ann i saol an cheoil a deir nach amhránaí ceart traidisiúnta í Maighread, go bhfuil stíleanna eile i ndiaidh dul i bhfeidhm barraíocht uirthi.
aimsithe found
" Cé go n-úsáidtear millíní adhmaid mar bhreosla éifeachtach don téamh lárnach, tá béim speisialta ar bhithbhreoslaí i gcúrsaí iompair – tionscal a úsáideann mórán ola agus peitril agus tionscal nach bhfuil mórán slite malartacha aimsithe aige fós.
go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn. that we have discovered some atmosphere.
" Tá ní éigin speisialta ar bun idir na deartháireacha, b’fhéidir, agus gan focal a rá, tuigeann muid go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn.
aimsithe found
" Dar leis an Ollamh James Wickham, duine de na taighdeoirí a bhfuil baint aige leis an moladh seo, tá bealaí eile aimsithe acu cheana féin do na busbhealaí a théann thar Fhaiche an Choláiste faoi láthair.
aimsithe found
" D'fhéadfadh an té atá ina ábhar léiritheora neart a fhoghlaim ó dhuine mar Irial, ar fear é a bhfuil foirmle rúnda an chomhlachta rathúil teilifíse aimsithe aige.
aimsithe found
" ”Is léir go bhfuil foirmle aimsithe ag Fíbín a bhfuil ag éirí go geal léi ó thaobh siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine, fiú sa chás nach mbíonn aon spéis acu sa teanga.
Ní raibh teach samhraidh aimsithe agam, I hadn't found a holiday home
" Ní raibh teach samhraidh aimsithe agam, ach bhí mé i ndiaidh saoire shuimiúil a bheith agam, buíochas le Dia!*Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Nollaig Ó Néill agus tá sé ag obair sa Roinn Comhshaoil sa chathair sin.
sladmhargaí aimsithe sales discovered
" Ba léir go raibh barraíocht sladmhargaí aimsithe agam sa siopa cáiliúil sin, Abercrombie & Fitch.
bhí aimsithe aige he had discovered
" Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
bhí aimsithe aige he had find
" Is é an rud a bheadh aige mar thoradh ar an diansaothrú seo sa deireadh, pictiúr ina bhfaighfeá leideanna d’achan ghné den tírdhreach a bhí aimsithe aige ina chuid sceitseanna díreach mar a dhéanfadh an máistirdhriogaire deoch dhraíochta as an iliomad ábhar.
aimsithe discovered
" Tá ceithre scoil mar sin aimsithe ag oifigigh mo Roinne go dtí seo, ach beidh muid ag súil le teacht ar níos mó acu i ndiaidh scaipeadh na foraithne seo.
aimsithe agam I’ve found
" N’fheadar an mbeidh ár ndóthain pióga mionra do chách? N’fheadar an dtaitneoidh stocaí Manchester United le m’uncail? N’fheadar an mbeidh leithscéal agam gan a ghabháil ar cuairt chuig an leadránaí sin arís i mbliana? N’fheadar céard a tharlóidh ar Chlár *Downtown Abbey* Lá Nollag? Ní dóigh liom go mbeidh mé in ann na ceisteanna sin ar fad a fhreagairt ach, ar nós síofra San Nioclás, tá cúpla áiseanna ar líne agus soghluaiste aimsithe agam a chabhróidh leat an cloigeann a choinneáil ceart le linn féile na Nollag.
beidh fiche cairde aimsithe agam I’ll find 20 friends
" Nuair a bhím ina measc im’ aonar fiú, beidh fiche cairde aimsithe agam mura gcaithfidh mé ach uair an chloig ag cóisir leo.
shileann tú í bheith aimsithe agat you think you’ve figured her out
" Cad é mar a chuireann tú síos ar Julie Feeney? Chomh luath is a shileann tú í bheith aimsithe agat, nochtar gné eile dá pearsantacht, dá cuid ceoil, dá hintleacht.
gach rud ann so-aimsithe everything easily found
" Tá ucht an eolais leagtha amach go hiontach – agus gach rud ann so-aimsithe.
páirtí comhrá aimsithe agat you’ve found a conversational partner
" Agus páirtí comhrá aimsithe agat beidh ort snámh tríd an mionchaint uilig agus i ndiaidh cúpla lá de chomhráite beidh tú bréan de na haileonna is na haon chraiceanna ar fad.
aimsithe obtained
" Tá logleabhair scairdeitleáin an rialtais aimsithe ag Beo.
aimsithe has found
" Bhuail Alan Desmond le bean a tháinig anoir as an bPolainn sé bliana ó shin, d’fhoilsigh dhá leabhar Ghaeilge agus a bhfuil foilsitheoir aimsithe cheana féin don tríú leabhar Gaeilge óna méarchlár.
aimsithe ag found by
" Tá an fhoireann peile is fearr riamh aimsithe ag Colm Mac Séalaigh an mhí seo agus ní as an Ríocht iad.