Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aithisc in éadan a speech against
" Is minic a thug urlabhraithe ar son rialtas na hAstráile aithisc in éadan phionós an bháis ag fóraim idirnáisiúnta, na Náisiúin Aontaithe san áireamh.
i mbun aithisc giving a speech
" Ar chlár raidió Phat Kenny, breis is bliain ó shin, a chéadchuala mé Barack Obama i mbun aithisc.
aithisc speech
" Go deimhin, beidh an tOllamh Ó Brolcháin ag tabhairt aithisc ar an ábhar le linn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Aonach i gCo Thiobraid Árann an mhí seo chugainn.
aithisc of speech
" Ach tháinig sé amach ina dhiaidh sin gurb é an duine a chum an téarma seafóideach gríosaitheach sin ná David Frum, scríbhneoir aithisc Bush.
aithisc orations, speeches
" Baintear úsáid as an nGaeilge in aithisc, i dtuairiscí, ar shuímh idirlín agus eile.
aithisc speech
" Bhí urraíocht déanta ag Bord Soláthar an Leictreachais ar an gceolchoirm agus thosaigh Hayes ag tabhairt aithisc uaidh faoi leictreoin agus síoga! (http://www.
aithisc speech
" html) Cogadh Domhanda IV? Maidir le ‘néal an fhás aon oíche’ os cionn na hEorpa, an cuimhin le héinne ráiteas Condoleezza Rice mar gheall ar ‘bhagairt núicleach’ na hIaráice? Chum Michael Gerson, scríbhneoir aithisc do George Bush agus tacadóir mór le hIosrael, an ceann sin.
aithisc speech
" Cineál aithisc do mhuintir Mheiriceá, nó do mhuintir an domhain fhorbartha, a bhí ann trí bhíthin na gceamaraí teilifíse a bhí ann, chun an caint a chraoladh beo agus a thaifeadadh.
aithisc speeches
" Chuir aithisc Abbot an lasóg sa bharrach, ach measadh go ndeachaigh sé thar fóir nuair a sheas sé ag léirsiú amháin agus an mana “Ditch the Witch” scríofa ar chlár taobh thiar de.
le linn a aithisc during his speech
" Íocaíochtaí neamhdhlisteanacha atá á ndéanamh le bainisteoirí foirne timpeall na tíre atá i gceist agus bhí alt agam cheana (Bealtaine 2011) ar an ábhar tar éis d’Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Criostóir Ó Cuanaigh, ‘ailse atá ar fud na heagraíochta’ a thabhairt ar an gcleachtas seo le linn a aithisc ag Comhdháil Bhliantúil an CLG a tionóladh sa Mhuileann Gearr anuraidh.
aithisc speeches
" Tabharfaidh leithéidí an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh agus an Tiarna Alton aithisc agus eagrófar turas go Mám Trasna.
tar éis an aithisc after the homily
" Bhí tocht ar go leor acu tar éis an aithisc agus tugadh bualadh bos don chónra nuair a iompraíodh amach é.
roinnt aithisc some speeches
" Thosaigh Uachtarán Choimisiún na hEorpa, José Manuel Borroso, agus Luca Jahier, Uachtarán Ghrúpa 3 den EESC, roinnt aithisc le Gaeilge.
idir choirm agus cheol, aithisc what with festivities, music, speeches
" Bhí slua mór millteach i láthair, naoi gcéad duine nó mar sin, agus ba spleodrach, ghlórach an imeacht í idir choirm agus cheol, aithisc agus dhamhsa, á gcur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Marty Ó Muirgheasa.
ní thugann siad aithisc fhada they don’t give a longwinded speech
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
macalla an aithisc an echo of the speech
" Seans go mbeidh macalla an aithisc a thug Joe Steve Ó Neachtain ag Fáiltiú an Oireachtais i ’74, le cloisteáil ar an Aoine 26 Meán Fómhair, nuair a chuirfear tús le hOireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014.