Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scéala úr iontais an amazing new tale
"scéala úr iontais é seo, ach is breá liom an t-idirlíon.
is iontaí most amazing
" An rud is iontaí faoin India, agus an rud is mó a thugann dóchas do mhuintir na tíre sin, ná gur sheas an daonlathas chomh fada inti ar chor ar bith.
Nach iontach isn't (it) amazing
"Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
is iontaí most amazing
" An rud is iontaí, ar ndóigh, nó gur vótáil 20% aontachtach ar son McGuinness.
Is díol suntais é it’s amazing
" Is díol suntais é go bhfuil sé anois le feiceáil i suíomh atá lán d’innill agus d’airnéis chogaidh – b’fhéidir le go dtuigfidh muid níos fearr sa chomhthéacs sin toradh millteanach na cogaíochta.
Nach iontach é how amazing
" Nach iontach é go dtiocfaidh na slóite síoraí amach ar na sráideanna lena bhféiniúlacht chultúir a léiriú, ach arbh’fhearr leo a bheith ag breathnú ar Neighbours ar an teilifís ná léirsiú in éadan na gciorruithe seo a fhágfaidh na slóite ar an ghannchuid.
Ráiteas iontach an amazing statement
" Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
Is é an t-iontas what is amazing
" Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu.
B’iontach it was amazing
" B’iontach mar sin féin an chaoi ar phill na daoine ar Fhine Gael, in áit teannadh leis an Lucht Oibre, cuirim i gcás.
is díol suntais é it’s an amazing fact
" Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.
Iontas na n-iontas absolutely amazing
" Iontas na n-iontas, seasfaidh na carranna díreach romhat má léiríonn tú iarracht siúl trasna na sráide! Dealraíonn sé go bhfuil daoine i bhfad níos réchúisí ná na hÉireannaigh, go fiú más in ollchathair thú.
gur mháthair iontais iad they were amazing
" Lucht na Cáinte ======== Bhí cuid mhaith diúltach le rá ag go leor daoine faoin gcúpla agus faoin ‘náire’ a tharraing siad anuas orainn, ach is éard a mheasas féin nuair a sheas siad suas ar ardán na hEorpa, nach aon chúis náire a bhí iontu ach gur mháthair iontais iad.
iontas na n-iontas truly amazing
" Agus, iontas na n-iontas, chrom sí a ceann in ómós dóibh siúd a thug a n-anamacha in éide an Phiarsaigh ar son saoirse na hÉireann.
Iontas mór na linne amazing
" Bhí sé tar éis teacht ar cheathrar ban eachtrannacha ar bharr sléibhe! Iontas mór na linne! Bleid Cainte ====== **“Cárbh as dhaoibh?” ar sé.
ag cur ionadh as cuimse ortsa amazing you no end
" (Cé go bhfuil a fhios agam go bhfuil margadh dubh fothalún na holla ag cur ionadh as cuimse ortsa, a léitheoir dhil.
díol suntais it’s amazing
" Cén t-iontas mar sin gur cuireadh fáilte chroíúil roimh dea-scéala an Aire McGinley gur éirigh leis an Údarás na cosa a thabhairt leis ón tua a bhí ar tí titim? Ach díol suntais gur dhúirt an tAire Stáit McGinley go mbeadh cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta 'ar an Údarás' seachas go mbeadh an eagraíocht ag coinneáil na cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta a bhí aige ó am a bhunaithe.
Is iontach go deo it’s really amazing
" Is iontach go deo an umhlaíocht a léiríonn sé ann.
nach bhfaca an t-iontas úd didn’t see that amazing sight
" Ach tá daoine ina gcónaí ar feadh an chósta anseo nach bhfaca an t-iontas úd ach uair nó dhó lena mbeo.
Tá éacht déanta has done amazing feat
" Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach *Gangnam Style*, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar *YouTube* (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.
is iontach an rud it’s amazing
" Agus is iontach an rud gur tháinig sí chomh fada seobh ar ais aríst! Bhí sí tití as a chéilí ansin ó na seachtóidí i leith, ach iad ag cur suas na n-ainmneachaí Gaeilge anois.
An rud is iontaí faoin scéal seo uilig what’s most amazing about all of this
" An rud is iontaí faoin scéal seo uilig ná a laghad suime atá pobal Mheiriceá ag cur ann.
An Rud is Annamh life can be amazing
iontas na n-iontas how amazing altogether
" Mórtas na Muintire ========= Ní hamháin go raibh mórtas ar lucht Comhaltais na háite ach, iontas na n-iontas, bhí sliocht Uí Bheirn i láthair chomh maith.
Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag it’s amazing what has been achieved by
" Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag náisiúntóirí agus ag poblachtaigh ó thuaidh agus ó dheas le glúin.
an rud is annamh is iontach amazing in itself
" Ach in earnáil seo na scáileanna is an chur i gcéill, cé tá ag seiftiú, cé nach bhfuil; cad tá fíor, cad tá bréagach? Cá bhfios dúinn na freagraí, agus an cuma le héinne na ceisteanna sa chéad dul síos? In ainneoin ghnás an genre agus clisteacht an uisce faoi thalamh, ní thiomáintear ‘American Hustle’ tríothu siúd a imirt orainn - an rud is annamh is iontach.
a chuireann iontais in iúl which demonstrates amazing things
" Ach anois is arís foilsítear leabhar neamhfhicsean a bhfuil smaointí soiléire agus saibhreas intleachta ann, leabhar a chuireann iontais in iúl agus a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir.
Iontas na n-iontas amazing altogether
"Iontas na n-iontas” a deir sibh ós rud é gur colúnaí is comhfhreagraí teicneolaíochta mé.
An rud is iontaí faoi what’s most amazing about it
" An rud is iontaí faoi, ba é sin an chéad leabhar de chuid Andrea Camilleri a aistríodh go teanga ar bith.
fíoras iontais amazing facts
" Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.