Pota Focal Intergaelic
a | ás | ais | aos | asc | ash
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éirí as stop
" ' An éiríonn sí tinn de bheith ag canadh na n-amhrán céanna arís is arís eile? Deir sí gur tharla sé seo i gcás an amhráin 'Dúlamán' agus gurbh éigean di éirí as é a cheol ar feadh cúpla bliain.
mar bhronntanais as presents
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
Mar a luas cheana As I mentioned earlier
" Mar a luas cheana, tá cáil an cheoil ar an áit agus má thagann tú trasna ar an dream ceart, ní chífidh tú aon leaba! *Tá Odi Ní Chéilleachair agus a deirfiúr Sorcha tar éis a gcéad albam ('Briseann an Dúchas') a eisiúint ar an lipéad Cló Iar-Chonnachta.
freagrach as responsible for
" Tá mé freagrach as feidhmiú agus forbairt na heagraíochta ó lá go lá, i gcomhar le feidhmeannach agus faoi threoir Coiste Stiúrtha.
as a stuaim féin on their own initiative
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
Tá sé ar nós It's as if
" Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin.
baineadh siar as mo chuid compánach fir my male companions were taken aback
" Bhí an gliomach go breá ach baineadh siar as mo chuid compánach fir nuair a tairgíodh gnéas (bean go maidin ar $30) dóibh! Caithfidh tú a bheith ar d'airdeall i gcónaí.
Ina theannta sin As well as that
" Ina theannta sin, tá ceisteanna móra á n-ardú faoin mhéid taistil a bhíonn ar chaoirigh a dheánamh agus iad ag dul ó fheirm go seamlas.
ag baint smeacha as a liopaí smacking their lips
" Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.
as a riocht distorted
" Chuirfeadh na múnlaí seo plandaí aduaine den chineál a d'fheicfeá sna Trópaicí i gcuimhne duit nó an dóigh a gcuirtear cruthanna as a riocht nuair a amharcann tú orthu faoin uisce.
Amhail is As if
" Amhail is dá mbeadh geasa ar a chluasa diúltú dá hainm saolta.
caitheann siad leo mar they treat them as
" Fearann siad fáilte agus fiche rompu isteach sa tír; caitheann siad leo mar chaoirigh na hÉireann; tugann siad béile breá blasta amháin d'fhéar na hÉireann dóibh; ansin díolann siad ar aghaidh iad mar chaoirigh na hÉireann.
freagrach as responsible for
" Chaith Balor a shúil nimhe fosta an mhí seo ar na múinteoirí míshásta, míchéillí, mírathúla a bhfuil sé de mhí-ádh orthu a bheith freagrach as oideachas a chur ar na daltaí mioscaiseacha a chuaigh amach ar stailc in éadan stailce.
a luaithe as soon as
" Athlonnú ======= Tá sé go maith go bhfuil na comhlachtaí seo ar fad in ann postanna a sholáthar d'aos óg agus do dhaoine dífhostaithe na tíre, ach a luaithe is a thiocfaidh siad ar láthair eile ina bhfuil na scileanna agus an bonneagar céanna ar fáil, baileoidh siad leo mar a dhein na comhlachtaí éadaí agus comhlachtaí carranna le fiche bliain anuas.
éirí as an agóid abandon their protest
" Ghearr an Cumann Peile (an FA) fíneáil £5,000 ar Fowler de bharr na heachtra sin, agus thuill Tony Blair drochmheas na ngnáthdhaoine i Learpholl nuair ab éigean do na dugairí éirí as an agóid i mí an Mhárta 1998.
dá bharr as a result
" Tá na céadta duais buaite ar fud an domhain dá bharr.
amhail is as if
" Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti? Mhínigh Bríd féin an scéal dom: "Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair.
gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith you yourself create the enjoyment that you get from any place
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
splanc a bhaint as an tsaol enjoy life
" Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d'intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol.
chomh tiubh géar as fast as possible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
mar a thagair an Direánach don abhainn as Máirtín Ó Direáin referred to the river
" Braitear an iarsmaíocht Ind-Eorpaise seo fán 'Life Chianda', mar a thagair an Direánach don abhainn, bíodh nach talamh bán ar fad an taobh sin tíre, tá againn, mar shampla, Glas Tuathail, Glas Naíon agus eile.
adhmad éicint a bhaint as an ainm make some sense of the name
" Is féidir linn adhmad éicint a bhaint as an ainm: 'llif' = feacht, díle.
splanc a bhaint as an tsaol enjoy life
" Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d'intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol.
chomh tiubh géar as fast as possible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
i leith an dhíchoimisiúnaithe as regards decommissioning
" Díchoimisiúnú ======= Tá an Fíor-IRA réidh le teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe.
chuile lá chomh meadhrach every bit as tipsy, merry
" " Chuaigh uair isteach agus fán am sin bhí ná girseachaí chuile lá chomh meadhrach leis na gasúraí.
mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail as pioneers in this type of project
" Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag an tionscadal i measc phríomhghníomhairí na cathrach agus mhuintir na cathrach, chomh maith le haitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail.
móide as well as
" Bíodh dátaí socraithe do na clubanna freisin, mar shampla idir Meán Fómhair agus Aibreán, móide tréimhse anseo is ansiúd sa samhradh.
as an ngnáth out of the ordinary
" Is i bhfolach i gceangaltán le teachtaireachtaí ríomhphoist a bhíonn a lán víreas, agus is fearr gan aon cheangaltáin as an ngnáth a oscailt.
méadú as cuimse a huge increase
" Is léir mar sin go bhfuil méadú as cuimse le teacht ar an WAP agus ar an teicneolaíocht neamhshreangaithe.
chuile lá chomh meadhrach every bit as tipsy, merry
" " Chuaigh uair isteach agus fán am sin bhí ná girseachaí chuile lá chomh meadhrach leis na gasúraí.
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
chloigeann mhór big head (as in hungover)
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
as ar fáisceadh é from which he was bred
" B'ionann é agus laoch de chuid an GAA a bheith dúnmharaithe, ionsaí ar an duine agus ionsaí ar an chultúr as ar fáisceadh é.
Féadann sé fad a bhaint as he'd better make it last
" "Féadann sé fad a bhaint as nó sin a chuid anocht.
chloigeann mhór big head (as in hungover)
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
dá olcas bad as was
" Ach dá olcas é iompar an Lucht Taistil ag Gort na Silíní, agus dá mhí-réasúnta an chuma a bhí ar chur chuige Collins, tá argóint ann gur chun fíorleasa na dTaistealaithe a bhí sé.
dá dheasca san as a result
" Téann cuid acu thar fóir leis an bhfonóid, agus dá dheasca san creideann neart daoine go bhfuil glagaire againn sa Teach Bán.
mar is dual don té as is natural for one
" Bhí sí luath mar is dual don té atá úr, is dócha, nó nár mhaith a bheith mall ar an chéad lá.
as nó uaidh didn't bother
" Ach níor chuir aon duine as nó uaidh Rita go dtáinig bainisteoir na hoifige isteach.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
Ní raibh brí míoltóige i Rita Rita was as weak as water
" Ní raibh brí míoltóige i Rita anois i ndiaidh na casachtaí sin uilig agus cé go raibh a fhios aici go raibh Caitríona ar á dícheall í a chur ar a suaimhneas, bhí beaguchtach uirthi i ndiaidh comhrá na beirte eile a chluinstin.
Baineadh stangadh as Rita Rita was astounded
" Baineadh stangadh as Rita, rud a rinne balbhán di.
éirithe as retired
ag spochadh as making fun of
" Bíonn siad ag spochadh as ár dteanga.
mar thoradh as a result
" Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.
ciontach as coir éigin guilty of some crime
" Má bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.
ar cóimhéid the same size as
" Deir sé go bhfuil an spás oifige a scriosadh ar cóimhéid le spás oifige iomlán Bhaile Átha Cliath.
freagrach as responsible for
" Déanaim obair an Ghúim a phleanáil agus a leagan amach i gcomhar leis an bhfoireann agus bím freagrach as an gclár oibre a chur i gcrích agus as bainistíocht ghinearálta na háite.
briseadh Abdullahi as a phost Abdullahi was sacked
" Nuair a bhí sé i Maigh Nuad, áfach, d'athraigh cúrsaí polaitíochta sa tSúdáin go tobann agus briseadh Abdullahi as a phost.
lena chuimhne as long as he could remember
" Bhí an tine lán luatha nó níor cuireadh amach iad lena chuimhne.
chomh luath géar as soon as
" " Dhéanfadh Antóin sin chomh luath géar agus bhí an tae ólta aige.
as a chéile in a row
" I mbliana bhuaigh Luimneach cluiche ceannais na hÉireann sa ghrád faoi bhliain is fiche den dara huair as a chéile.
amhail is as if
" De ghnáth, ba nós léi a bheith ag féachaint síos ar an talamh agus í ag siúl amhail is nár mhaith léi go dtabharfaí faoi deara í.
ar comhaois le the same age as
" "Tá tú ar comhaois le Miss Gulliver, nach bhfuil?" "Is fíor sin," ar sise.
as seo amach from now on
" Is léir ón chuidiú a fuair muid ó na Breatnaigh i gceantar Frongoch go bhfuil níos mó féinmhuiníne ag muintir na tíre sin anois agus, gan amhras, beidh níos mó comhoibrithe idir na hÉireannaigh agus na Breatnaigh as seo amach.
Baineadh stangadh as go leor daoine A lot of people were taken aback
" Baineadh stangadh as go leor daoine le gairid nuair a cuireadh in iúl go raibh an scian i ndán do bhuiséad Raidió na Gaeltachta.
as a chéile in a row
" Maidir leis an Lucht Oibre, seo é an tríú toghchán as a chéile caillte acu, rud nár tharla le breis is scór bliain.
mar is iondúil as is usual
" Féile agus féasta amhránaíochta agus ceoil a bheas ann mar is iondúil thart ar an am seo gach bliain.
Go bhfios dom As far as I know
" Go bhfios dom, is é seo an chéad uair a rinneadh a leithéid riamh, i.
ar comhaois leo the same age as they are
" Is minic a deirtear nach mbíonn deis ag an aos óg daoine eile ar comhaois leo féin, atá ina gcónaí taobh amuigh dá gceantar féin, a chloisteáil ag canadh.
amharc amach as faoin dá shúil look out from under her eyes (shy)
" Bhí Eilís faiteach agus ní dhearna sí ach amharc amach as faoin dá shúil ar an bheirt a tháinig isteach.
cead raide leave to do as they please
" " "Tá, is dócha," arsa Tadhg, "ach bheir muid cead raide daofa ar na bronntanais lá Nollag nó ní bhíonn siad beag óg ach an seal gairid.
Isteach ar an fhuinneog came in the window (note 'ar' not 'fríd'); 'isteach fríd an fhuinneog nó doras' literally means 'through', as in breaking through the window or door.
" Isteach ar an fhuinneog a tháinig sé, is cosúil, agus chan anuas an simléir agus bhí ocras ar dóigh air fosta, nó níor fhág sé grabhróg den bhia a fágadh fána choinne ina dhiaidh," arsa Máire agus aoibh an gháire uirthi.
i dtaca le costas de as regards cost
" Ach má amharctar ar an phróiseas mar leathnú ar an ghnó, is cinnte gurb ionann é agus ceann de na roghanna is éifeachtaí, i dtaca le costas de, do ghnólacht ar bith.
le cois áis chuardaigh as well as a search facility
" Tá sé furasta do bhealach a dhéanamh fríd an suíomh agus tá léarscáil ann ina bhfuil mionsceitsí de na táirgí go léir, le cois áis chuardaigh.
mar is dual as usual
" Tháinig foireann peile na hÉireann go dtí an Astráil agus, mar is dual, bhí an ceann is fearr ag na cuairteoirí.
ar comhaois léi the same age as she was
" Bhí aithine mhaith ag Joyce Taylor ar a lán daoine a mharaigh sé, mar gur mhná a bhí ar comhaois léi ab ea an chuid is mó acu.
freagrach as responsible for
" Chomh luath is a bhíothas cinnte de go raibh Osama Bin Laden, Al Qada agus an Taliban (go hindíreach) freagrach as na hionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, bhí naimhdeas gránna le feiceáil ar an toirt i gcoinne na nArabach Meiriceánach, daoine de shliocht Meánoirthearach, agus daoine a raibh cuma Arabach nó Mheánoirthearach orthu, naimhdeas a bhí marfach go rómhinic.
dá bhrí sin as a result of that
" Ach bíonn smaointe nua ag daoine i gcónaí - agus an t-uafás oibre le déanamh againn dá bhrí sin.
mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith just as you'd like it
" Bhí gach rud ag feidhmiú mar a d'iarrfadh do bhéal iad a bheith: na solais treo, an solas cúlaithe, na ceannsolais, agus na solais chliatháin.
a chur as gléas to turn off
" "Rinne mé dearmad iarraidh ort an rud sin a chur as gléas sular thoisigh muid," arsa McAllister.
ag spochadh as taunting him
" Bhí na páistí a bhí ag spochadh as ina seasamh ansin agus a ngruaig ina gclibíní ag an bhailc fearthainne.
éireoidh muid as na toitíní we'll give up cigarettes
" Sochaí fholláin? Ach beidh Nollaig mhaith againn arís, agus rachaidh muid chuig an *gym* agus éireoidh muid as na toitíní ar feadh coicíse go dtí go dtosóidh muid arís.
a bhaininn as I used to
" Ní bhainim an sásamh céanna as rudaí a cháineadh agus a bhaininn.
ag spochadh as teasing him
" Bhainfeadh sí mí-úsáid as an eolas sin agus bheadh sí ag spochadh as go dtiocfadh thiar aniar.
smut chomh fada le bliain air face as long as a Lurgan spade, very sulky expression
" Bhí sé ina shuí ansin agus smut chomh fada le bliain air nuair a tháinig a chara Máire isteach.
ag obair as lámh a chéile working together, co-operating
" Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.
amhail is gur aisteoir amaitéarach é as if he were an amateur actor
" Tá sé sásta leis an tacaíocht atá faighte aige ó mhuintir na Gaeilge go dtí seo cé go gcuireann sé díomá air go gcaitear leis uaireanta amhail is gur aisteoir amaitéarach é.
go measartha minic fosta quite often as well
" Téim ar thurais chun na Gaeltachta go measartha minic fosta, go speisialta go Gaeltacht Thír Chonaill.
ag baint tuairte as an urlár pounding the floor
" Ba é an chéad rud ar maidin é agus chuala mé iad ag baint tuairte as an urlár, cúpla litir agus dhá phaicéad de dhlúthdhioscaí.
amhail is as if
" Cén dream atá an tAire ag iarraidh a shásamh nó a mhealladh mar sin? Ceann de na gnéithe is deacra a thuiscint, áfach, faoi phlean an Aire ná cén fáth go bhfuil imreoirí an Chumainn Lúthchleas Gael fágtha sa bhfuacht ar fad amhail is nach rabhadar ann ar chor bith.
ag spóchadh as a chéile ragging each other, taking the piss
" Agus ba mar sin a bhí an saol i gcónaí idir Fiachra agus Féilim agus iad ag spóchadh as a chéile agus gach re duine acu ag tabhairt comhairle nach raibh an fear eile ag iarraidh a chluinstin.
crochta as hanging on to him
" Bhí bean inteacht i gcónaí crochta as.
nach mbeadh Féilim mar údar aige that he wouldn't have Féilim as an authority, wouldn't take advice from him
" Ach chinn Fiachra i bhfad ó shin nach mbeadh Féilim mar údar aige sna cúrsaí seo.
Chomh luath géar is as soon as
" " Chomh luath géar is a bhí a mhála buailte aige ar urlár an árasáin, siúd anonn é chuig an seinnteoir ceoil agus chuir isteach dlúthdhiosca.
go bhfios dom as far as I know
" (Níl mé féin ar dhóigh ar bith seicteach, go bhfios dom, ach in amanna caithfidh mé a rá le mo chuid páistí gan Gaeilge a labhairt agus muid i gceantracha nach mbeadh sé sábháilte í a labhairt iontu.
Chuas as mo mheabhair I went mad
Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste I really enjoyed college
" Deireann siad aga baile: 'Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?' Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.
mar ábhar práinne as a matter of urgency
" Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne.
an oiread leis an mbroc the same as the badger
" Is ainmhí neamhurchóideach é go hiondúil ach, ach an oiread leis an mbroc, má bhíonn sé sáinnithe bíonn sé contúirteach agus is féidir leis an-dochar a dhéanamh lena chuid crúb.
as an ngnách out of the ordinary
" Is ainm as an ngnách é zamano, ach de réir cosúlachta is anagram é d'ainm comhlachta eile idirlín, amazon.
Baineadh siar as he was taken aback
" Baineadh siar as i mbliana, áfach.
as lámh a chéile together
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.
ar comhaois leo féin of the same age as themselves
" **Antaine:** Cén fhís atá agaibh nó céard ba mhaith libh a bhaint amach le Cumar? **Neansaí:** Deis a thabhairt do na ceoltóirí óga castáil le daoine eile ar comhaois leo féin agus ceol maith a chloisteáil agus a fhoghlaim.
a tháinig i dtreis as a stuaim féin self-made
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
as a stuaim féin by his own initiative
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.