Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dtabharfaí i dtír iad that they would be brought ashore
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír regardless of their backgrounds when they were ashore
" Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-anró, beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.
áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír where the pilgrims' boats used to come ashore
" Tá bá bheag in aice leis, áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír.
shocraíodar dul i dtír they decided to go ashore
" Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin.
tar éis don fhear geal teacht i dtír. after the white man came ashore.
" Ach d’athraigh sé sin ar fad tar éis don fhear geal teacht i dtír.
a tháinig i dtír who came ashore
" Ach leathanach ina dhiaidh sin, tá tagairt ó *The Picturesque Handbook to Liverpool 1842* ar na hinimircigh a tháinig i dtír ag Clarence Dock, “holding converse in a jargon that it would be difficult to interpret.
a tháinig i dtír who arrived ashore
" Is féidir linn a rá, dá bhrí sin, go raibh Gaeilge ag an chuid is mó de na hÉireannaigh a tháinig i dtír i Learpholl.
caitheadh i dtír thrown ashore
" Tréigeadh cuid nach beag acu ar cibé oileán a dtéadh na longa i dtír ann, agus caitheadh go dona leo arís ag muintir dúchais cibé oileáin in ar caitheadh i dtír iad.
i dtír ashore
" Roghnaíodh an dáta seo mar an lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil ar 26 Eanáir, 1788, nuair a tháinig an chéad chabhlach i dtír i gCuan Sydney.
ag teacht i dtír landing, coming ashore
" Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí.
ar tír mór on the mainland, ashore
" Agus teastaíonn ó John Bolton, iar-Ambasadóir chuig na Náisiúin Aontaithe i rialtas Bush, go rachadh ‘comhghuaillíocht toilteanais’ isteach ar tír mór le bunáiteanna na bhfoghlaithe a scriosadh.
i dtír ashore
" Thug mé cur síos i mBeo i Mí Eanáir ar na tuairimí difriúla a bhí ann maidir leis an teanga a bhí ag na hÉireannaigh a tháinig i dtír i Learpholl 1845-1850.
i dtír ashore
" Teideal a thuill sé as na pictiúir fuinniúla, neamhghéilliúla a sheol sé chucu inar thaispeáin sé saighdiúirí Meiriceánacha ag teacht i dtír ar D-Day nó radharcanna ó Chogadh Cathartha na Spáinne.
tháinig i dtír arrived, came ashore
" (Beo, Eagráin 80 agus 103) Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
tháinig i dtír arrived, came ashore
" (Beo, Eagráin 80 agus 103) Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
teacht i dtír to come ashore
" Cuireadh deireadh le dúnghaois an iar-rialtais, ar ar tugadh an Pacific Solution de bharr gur tógadh na daoine a rinne iarracht teacht i dtír gan chead go hoileáin éagsúla san Aigéan Ciúin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais dídine.
cuan is caladh ashore on terra firma
" Táimid ag caint ar réamhchlaontaí i gcoinne dhuine ar bith atá bocht, gorm nó bundúchasach; réamhchlaontaí a théann siar go dtí gur ghabh máirnéalaigh Phortaingéileacha cuan is caladh na Brasaíle i 1501.
theacht i dtír come ashore
" Meastar gurb é Droichead Choinn Uí Neill an struchtúr is ársa i mBéal Feirste, áit ar ghnách le duine de na tiarnaí Gaelacha deireanacha as a bhfuil sé baiste theacht i dtír le fíon smuigleáilte ón abhainn a dtugtar an *Connswater* anois air.
i dtír ashore
" Tá oidhreacht Bhriotanach láidir san Astráil gan amhras, ach is tír ilchultúrtha í anois agus bhí an mhuintir dhúchais anseo le daichead míle bliain sular tháinig an Chéad Loingeas i dtír.
gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh until he stepped ashore all in one piece
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
i dtír ashore
" Nuair a tháinig siad i dtír, áfach, ní raibh fiú duine amháin acu gléasta mar dhaoránach! Claochlú le Sonrú ====== Ní háibhéil a rá go bhfuil claochlú le sonrú i ndáil leis an dóigh a bhreathnaíonn muintir na hAstráile ar a n-oidhreacht daoránaigh sa lá atá inniu ann.
i dtír ashore
" ‘An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líonta,’ a deirtear, ach nach aisteach an rud é gur tháinig na mílte tonna de chlocha beaga agus clocha móra, d’fheamainn ghaoithe agus d’fheamainn raice, agus de ghaineamh mín ghrinneall na mara i dtír le linn na stoirmeacha, agus nár tháinig iasc ar bith! ‘Ní hé lá na gaoithe lá cóirithe na líonta ná lá daingnithe na ndíonta ná lá deisithe na mballaí farraige,’ a deir Balor an Saoi agus an Gaothaire.
tháinig i dtír arrived, came ashore
" Ba mhaith leis aitheantas cuí a thabhairt don mhilliún Éireannach a tháinig i dtír ina chathair féin, Learpholl, i rith an Drochshaoil.
tháinig i dtír arrived, came ashore
" Ba mhaith leis aitheantas cuí a thabhairt don mhilliún Éireannach a tháinig i dtír ina chathair féin, Learpholl, i rith an Drochshaoil.