Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
luíonn sé le réasún reasonable to assume
" Más é brábach sprioc do chomhlachta, nach luíonn sé le réasún go ngearrfaidh tú na praghasanna is airde ar na táirgí is saoire? Faigh Cumhdach Árachais nó Cónra! Sin mar a sheasann cúrsaí mar atá siad.
neamhphostúil un-assuming
" Bean neamhphostúil a bhí inti nach bhfuair aitheantas ceart go dtí gur bhain sí clú idirnáisiúnta amach agus í ag tarraingt ar a 70ú breithlá.
botún a bheadh ann a cheapadh it’d be a mistake to assume
" Ar ndóigh, botún a bheadh ann a cheapadh go mbíonn an dá rud de shíor ag teacht salach ar a chéile.
luíonn sé le céill it’s reasonable to assume
" In aimsir na gciorruithe luíonn sé le céill go ndéanfadh na comhairlí contae a ndícheall na gnóthaí móra seo a mhealladh.
ndéanfaí ionannú idir sin that it’d be assumed to be the same as
" Nuair a labhraím ar mo chreideamh, ní maith liom go ndéanfaí ionannú idir sin agus na tuairimí polaitiúla.
Luíonn sé le ciall it’s sensible to assume
" Luíonn sé le ciall go mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar chumas an phobail cinnidh chearta a thabhairt atá bunaithe ar an eolas.