Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teanntásach bold, assured
" Ní raibh a fhios an beo nó marbh é nó gur shiúil sé isteach an doras chomh teanntásach le ruifíneach a mbeadh an braon éirithe sa gcírín aige.
ceannasach bold, assured
" Má éiríonn linn a bheith spreagúil agus ceannasach faoi na féidearthachtaí agus moltaí praiticiúla a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ar a laghad tabharfaidh sé seo misneach agus muinín do dhaoine leanúint ar aghaidh ag obair ar son na teanga.
Seo there now (used to re-assure in this context)
" “An bhfuil a fhios agat Seo,” arsa Seoirse, “tá seachtain caite agam ag cleachtadh na cainte Seo.
dhearbhaigh an bheirt acu the two of them assured
" Ach cúpla mí sular tháinig siad abhaile, bhuail Rudd le Bush in Washington agus dhearbhaigh an bheirt acu go raibh an comhaontas idir na tíortha fós láidir.
cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic wise, capable, assured and honest
" Tháinig muintir na hÉireann fríd níos measa ná an cruachás atá romhainn; tiocfaidh muid fríd seo fhad is go mbeidh ár gceannasaíocht pholaitiúil cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic.
dhearbhú assure
" Thig liom féin a dhearbhú, áfach, nach neamhláithreacht an chultúir atá ag cothú na suime doshásaithe seo.
Dhearbhaigh assured
" “Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!” Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.
dearbhaíonn sé it affirms, assures
" Téann traidisiún na portráidíochta siar chomh fada leis an tsean-Róimh agus dearbhaíonn sé dúinn an taithí atá againn ar an saol ar a lán bealaí .
Chinnteofaí would be assured
" Chinnteofaí glór na teanga ag bord na Comhaireachta ar a laghad.
níor bhaol success was assured
" ie/) tríocha bliain ó shin, dá bhféadfaí an CLG a iompú tuilleadh i dtreo úsáid na Gaeilge, níor bhaol don teanga.
talamh slán a dhéanamh de to be assured
" D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith.
Thig a bheith cinnte one may be assured
" Thig a bheith cinnte de mar sin go mbeidh iomaíocht fhíochmhar ann idir an dá nuachtán úra do líon teoranta fógraí.
talamh slán a dhéanamh rest assured
" Is iad an Iordáin agus an tSiria an dá thír atá bainte amach ag formhór na dteifeach agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ard an caighdeán maireachtála atá ag na Mandaean seo anois ós rud é go bhfuil breis is milliún go leith Iarácach san iomlán dulta isteach sa dá thír sin ó 2003.
talamh slán a dhéanamh be assured
" Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.
talamh slán a sure thing, rest assured
" Ós rud é gurbh fhiú breis is 443 billiún dollar na seoltáin a cuireadh abhaile i 2008, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cúlú geilleagair domhanda dulta i gcion ar imircigh timpeall na cruinne agus ar an méid airgid a thugann siad dá dteaghlaigh.
Áirítear it’s assured
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
is féidir talamh slán you can rest assured
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
talamh slán a dhéanamh de be certain, be assured
" In eagarfhocal sa Washington Post i 2002, dúirt Kenneth Adelman, nuachoimeádach eile, gur féidir le Meiriceánaigh talamh slán a dhéanamh de gur ‘cakewalk’ a bheadh san ionradh ar Iaráic.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de you can rest assured
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir.
Is féidir leat a bheith cinnte you can rest assured
"Is féidir leat a bheith cinnte” a dúirt sé liom “ go mbeidh rud éicint dearfach á dhéanamh i dtaobh na ceiste”.
deimhnithe assured
" Tá teoiricí ann a mholann go bhfuil gaol idir an tSeapáinis agus an Chóiréis, rud nach bhfuil deimhnithe go fóill.
dhearbhaigh sí she assured
" Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
dhearbhódh would assure
" Mhol an coiste freisin go gcuirfí ailt eile sa bhunreacht a dhearbhódh *“advancement”* don mhuintir dhúchais agus a chuirfeadh toirmeasc ar aon rialtas san Astráil leatrom a dhéanamh ar aon duine mar gheall ar a chine, ar a chneasdath nó ar a bhunadh eitneach nó náisiúin.
thig talamh slán a dhéanamh you can rest assured
" Ach chomh cinnte is atá mé go bhfuil deireadh leis an phlean mar a bhí, thig talamh slán a dhéanamh de fosta, nach n-éireodh éinne as a phost de bharr an phrácáis seo.
Tá an tsúil agus an tuiscint agus an guth níos siúrálta anois the eye, understanding and the voice is more assured
" Tá an tsúil agus an tuiscint agus an guth níos siúrálta anois.
bíodh geall nach rest assured that
" Ach bíodh geall nach bhfuil deireadh leis an chonspóid, ná baol air.