Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atá i ndán dóibh is what awaits them
" Mura dtig leo beart a dhéanamh de réir a mbriathair, is é bosca bruscair na staire atá i ndán dóibh.
má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn if such an uncertain future awaits us
" Céard is fiú €350,000 a chaitheamh ar theach inniu má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn? Ar ndóigh, deir Randall nach dóigh leis go dtarlóidh siad i ndáiríre, ach gurb é an jab atá aige ná an cineál sin pleanála a dhéanamh.
a sáith oibre amach roimpi plenty of work awaiting her
" Tá sí anois socraithe isteach sa phost ach ní hé sin le rá nach bhfuil a sáith oibre amach roimpi.
na heachtraí a bhí romhainn the adventures that awaited us
" Ach aithníonn ciaróg ciaróg eile agus ní raibh sé i bhfad go raibh siúlóirí eile ag caint linn faoi na heachtraí a bhí romhainn.
Ní raibh a fhios agam beo céard a bhí romham. I had no idea what awaited me.
ag feitheamh orm awaiting me
" Is cinnte go raibh lionn dubh ar mo chroí agus mé ag fágáil mhór-roinn iontach na hAfraice, ag eitilt ó Johannesburg go Perth, ach ag an am céanna bhí mé ar bís leis an mór-roinn nua seo a bhí ag feitheamh orm a fheiceáil.
ag feitheamh ort awaiting you
" Deirtear leat go bhfuil craic, cóisirí, tírdhreach iontach, daoine iontacha agus an taithí is fearr i do shaol ag feitheamh ort ansin.
Is fada muid ag feitheamh we have long awaited
" Is fada muid ag feitheamh leis an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.
ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach awaiting its emancipating downloading finger
" Is fearr liom an DVD ábhartha ar an tseilf ná a scáil neamhchorpartha ar line, nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach.
ag feitheamh leis an tuarascáil awaiting the report
" I ráiteas a thug an Roinn Dlí is Cirt faoin athbhreithniú do mo chomhghleacaí Sorcha Ní Mhonacháin dúradh go bhfuil an tAire Shatter ag feitheamh leis an tuarascáil: - "Is ábhar do Choimisnéir na nGardaí iad téarmaí tagartha an athbhreithnithe ach díreofar ins an tuarascáil ar na ceachtanna gur féidir a fhoghlaim faoin dóigh a láimhseáileadh na gearáin.