Pota Focal Intergaelic
airy | away | wry | ar | army
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in aimhréidh awry
" “Má amharcann tú ar Mheiriceá inniu, tá sé briste as airgead, tá a institiúidí airgeadais in aimhréidh, tá sé ag fáil airgid ar iasacht ón tSín, tá a fhórsaí armtha ag troid i dhá chogadh agus tá a údarás morálta síothlaithe.
bealach na míchothromaíochta awry
" An Neamart Gan aird ar an anfa idirnáisiúnta, chuaigh geilleagar na hÉireann bealach na míchothromaíochta de dheasca na bpolasaithe a bhí á gcur i bhfeidhm le linn aimsir an tíogair.
cearr wrong, awry
" B’í an bhunfhadhb áfach, ná, nach raibh a fhios ag éinne cad a bhí cearr! Sarar tharla meath na mainistreach, bhíodh saol an-chompordach ag na manaigh.
ar seachrán awry
" Ní hé an easpa rialúcháin nó an domhandachas, áfach, a chuir an t-airgeadas poiblí ar seachrán.
shaobhadh awry
" Ba mheisias bréige é, dar leo, nach ndearna ach na teagasca a thug Eoin Baiste dó a shaobhadh.
ar leathstuaic awry
" Leoga, duine nach dtig leis an coup de grace a thabhairt do Phríomh-Aire chomh soghonta le Gordon Brown, tá sé ar leathstuaic.
ar leathmhaig awry
" As seo a chuaigh stiúradh geilleagair na tíre ar leathmhaig de luas lasrach.
Tá lúb ar lár éigin there’s something awry
" I bhfocal eile níl siad ach ag dréim le 25% de mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar ina bhfuil an teanga fós á labhairt ar bhonn laethúil, fad is atáthar ag súil le méadú de os cionn 300% san áit nach bhfuil! Tá lúb ar lár éigin sa mhéid sin.
chuir amú sinn sent us awry
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
a chur ó mhaith undo, send awry
" Bheadh an choimhlint níos géire dá bhrí sin, rud a bhí, agus bhí imní ar dhaoine go bhféadfadh brú nó tinneallaí, mí-ádh nó leochaileacht dhaonna beartais agus taicticí Katie a chur ó mhaith in am ar bith.
Ceardchumainn ina gCearrchumainn trade unions gone awry
" Ceardchumainn ina gCearrchumainn ================== Léiríonn na ráitis a rinneadh le linn na díospóireachta sa pharlaimint agus an reachtaíocht thuasluaite idir chamáin inti go raibh muintir na hÁise ar intinn ag na rannpháirtithe.
go hiomlán in aimhréidh completely awry
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
in aimhréidh gone awry
" De réir mar a théann iompar Alina in aimhréidh ionas gur follas go bhfuil fadhbanna síciatracha tromchúiseacha ag cur as di, is ea a mhéadaíonn an teannas idir an sagart agus na mná eile sa mhainistir.
amú awry, to waste
" An té atá in ann an t-athrú a bhrath, a thomhas agus athrú go luath dá réir é féin, déanfaidh sé a leas agus ní chuirfidh sé am ná iarracht amú de bheith ag iarraidh snámh in aghaidh sruth na teicneolaíochta.
Níl cuma ná caoi ar chur chuige the approach is completely awry
" Níl cuma ná caoi ar chur chuige fhorbairt áiseanna Shliabh a Liag agus is é tuairim Tony Birtill go bhfuil dochar déanta do cheann de phríomhspriocanna turasóireachta na tíre.
gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar that it was strong tea from the party which put things awry
" Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.