Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur béime ar placing emphasis on
" Gan amhras, bhí freagairt an rialtais i Londain an-lag ag tús na géarchéime, i gcomparáid le rialtas na hÉireann, ach níl an chúis deacair a thuiscint nuair a amharcann tú siar ar bheartas an Campaign for the Countryside: ag cur béime ar fhiach sionnach mar shampla, in ionad na ndeacrachtaí atá ag feirmeoirí beaga.
béime emphasis
" Sílim go mba chóir níos mó béime a chur ar na rudaí a d'éirigh linn, mar Ghaeilgeoirí, a bhaint amach tar éis an tsaoil: na suíomh ghréasáin Ghaeilge, mar shampla, ar nós *Beo!* féin.
béime emphasis
" Tar éis scrúdú gasta ó Andy lean mé ar aghaidh arís, mé ag cur níos mó béime ar m'aclaíocht choise.
an iomarca béime too much emphasis
" AÓF: Céard nach dtaitníonn leat sa cheol Gaelach? SR: Nuair a sheinntear an ceol rósciobtha nó nuair atá an iomarca béime ar an ornáidíocht seachas ar an gcroí atá sa cheol.
barraíocht béime too much emphasis
" Síleann sé go bhfuil barraíocht béime ar an ealaín a bheith faiseanta ach ní hionann sin is a rá, dar leis, go bhfuil doimhneacht nó fiúntas ag baint léi.
dóthain béime enough emphasis
" D'fhreastail mé féin ar an scoil chéanna mar dhalta! AÓF: An gceapann tú go leagtar dóthain béime ar an gceol traidisiúnta sa gcuraclam? SJW: Cé go bhfuil sé mar phríomhaidhm sa churaclam an ceol traidisiúnta a chur chun cinn sa tseomra ranga, sílim go mbeadh sé níos oiriúnaí curaclam ceoil na scoileanna a bheith bunaithe díreach ar an gceol traidisiúnta.
béime emphasis
" Tá rialtas an lae inniu ag cur béime ar shaghsanna eile eolaíochta agus níl mórán airgid fágtha do mhuintir na réalteolaíochta.
béime emphasis
" Cultúr neamhfhreagrachta a leagann níos mó béime ar rúndacht; cultúr atá níos tógtha le haon drochscéal maidir leis féin a cheilt ar an phobal ná mar atá sé le haimsiú na fírinne.
an iomarca béime too much emphasis
" " Cé go bhfuil sé riachtanach smacht a choimeád ar chúrsaí gnó de shíor, rud a thuigeann Ray go maith sa phost atá aige faoi láthair, tá imní air go gcaillfidh an chruthaitheacht in Amharclann na Mainistreach má chuirtear an iomarca béime ar chúrsaí gnó.
níos mó béime more emphasis
" Rith sé léi go gcuirfí níos mó béime ar chúrsaí tráchtála sa chomhlacht go luath.
an iomarca béime too much emphasis
" Measaim, ag an tríú leibhéal fosta, go bhfuil an iomarca béime ar scrúduithe.
béime emphasis
" Ní hionadh é go bhfuil muintir Chill Chainnigh chun cinn ar fhormhór na gcontaetha nuair a thuigeann tú go gcuireann siad an oiread sin béime ar mhúineadh agus ar chleachtadh na scileanna agus go bhfuil gach meán agus seift in úsáid acu chun an aidhm sin a bhaint amach.
an iomarca béime too much emphasis
" Measann sí go bhfuil sé tábhachtach cláracha mar seo a dhéanamh agus b’fhearr léi gan an iomarca béime a chur ar chláracha faisnéise.
béime emphasis
" Tamall tar éis an chruinnithe, dúirt Brendan Nelson, an tAire Oideachais, gur chóir níos mó béime a chur ar “luachanna Astrálacha”.
an iomarca béime too much emphasis
" An aontófá liom go gcuireann daoine áirithe an iomarca béime ar an gcomórtasaíocht seachas ar an amhránaíocht? LÓM: Bhuel, b'fhéidir go mbraitheann sin ar na fáthanna atá ag daoine le bheith rannpháirteach - má ghlacann duine páirt i gcomórtas ar mhaithe le buachaint amháin, is minice díomá ar an duine sin ná a mhalairt.
In ainneoin na béime seo despite this emphasis
" ” In ainneoin na béime seo ar an eolaíocht sa scoil, agus in ainneoin gur Ollamh le Fisic ab ea a hathair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, chinn Muireann ar chéim a dhéanamh sna healaíona.
an iomarca béime too much emphasis
" Ach botún atá éacsa a dhéanamh i gcás an té atá ag foghlaim i gcéin i mo bharúilse ná an iomarca béime a chur ar an teanga scríofa in ionad na teanga labhartha.
béime emphasis
" Agus feicfimid freisin níos mó béime ar logántacht, de réir mar a éireoidh costais iompair níos soiléire agus níos soiléire (agus ní na costais airgid amháin atá i gceist ach na costais neamhdhíreacha comhshaoil).
an iomarca béime too much emphasis
" Agus an t-aistear fada sin déanta aige, d’fhiafraigh mé de an gceapann sé, ag breathnú siar, go ndearna an tÚdarás faillí sa teanga, go bhfuil an iomarca béime ar chruthú postanna le blianta fada.
a lán béime a lot of emphasis
" Chuir Airbus a lán béime ar an A380 agus rinneadh faillí sna heitleáin níos lú a dhéanann siad a tháirgeadh.
tuilleadh béime more emphasis
" Is sampla iontach sinn de thionscal teangalárnaithe - tionscal gur mhaith le hAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go gcuirfí tuilleadh béime air.
ag cur béime ar Londain placing emphasis on London
" Mar shampla, tá cúpla comhlacht gluaisteán ag cur béime ar Londain mar mhargadh faoi láthair.
an iomarca béime to much emphasis
" ***AÓF: Cé nach leagaim féin an iomarca béime ar chomórtais, tá ag éirí go maith libh iontu le tamall anuas, nach bhfuil? Inis dom beagán faoin taobh sin de.
níos mó béime more emphasis
" Cad is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar an scéal, mar sin? Caithfear níos mó béime a chur ar oideachas i measc na ndaoine óga agus leanúint leis na feachtais atá ar siúl sna meáin chumarsáide, ach ní bheidh ach éifeacht theoranta ag na tionscnaimh sin.
níos mó béime more emphasis
" I Manchain Tá níos mó béime ar an tráchtáil agus ar an ghairéad i ngach spórt agus caitheamh aimsire i saol ár linne.
cuid mhór béime a lot of emphasis
" “Bhí múinteoirí den scoth ann; chuir siad cuid mhór béime ar an teanga agus d'fhéach siad le hí a chur chun cinn sa scoil agus sa cheantar.
an oiread sin béime so much emphasis
" AÓF: Cén fáth go leagann ceoltóirí áirithe an oiread sin béime ar bhogha maith a bheith acu? Nach é an veidhlín féin is tábhachtaí? NB: Tá an bogha ar a laghad chomh tábhachtach céanna leis an veidhlín.
níos mó béime more emphasis
" D’iarr siad air níos mó béime a chur ar a chuid oibre scoile agus bhí sé toilteanach é sin a dhéanamh.
ag cur béime placing an emphasis
" Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach.
níos mó béime more emphasis
" ” Shocraigh Collins an scannán a dhéanamh trí Ghaeilge seachas i mBéarla, teanga an dráma amharclainne, agus deir go raibh sé ag iarraidh níos mó béime a chur ar an mhearú sóisialta a mhothaigh na fir agus iad ag teacht go húrnua go Londain, agus gur chuir an dráma ag smaoineamh fosta é ar na mílte eile ó thíortha éagsúla a bhaineann an Bhreatain amach sa lá atá inniu ann gan focal Béarla acu.
táthar ag cur béime ar cheannaireacht úr new leadership is being greatly emphasised
" Bíonn íomhá i gcónaí an-tábhachtach i gcúrsaí polaitíochta agus táthar ag cur béime ar cheannaireacht úr agus ar an todhchaí i mbolscaireacht de chuid an ALP.
níos mó béime more of an emphasis
" Baineadh geit as go leor daoine le déanaí nuair a d’fhógair Google go raibh siad chun níos mó béime a chur ar sheirbhísí soghluaiste.
mórán béime much emphasis
" Nuair a chas mé le Liam Mac Con Iomaire ina theach cónaithe i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath roimh an Nollaig mhínigh sé dom cén fáth nár chuir sé mórán béime ar an ghné sin de shaol Uí Éanaigh.
athrú béime change of emphasis
" Ní hionann i gcónaí na ceisteanna a chuireann Ní Néill, rud a chiallaíonn go mbíonn athrú béime i gceist sna hagallaimh.
ag cur béime ar emphasising
" Cúpla scór bliain ó shin, thosaigh na Gormaigh ag cur béime ar chultúr na hAfraice.
ag leagan béime emphasising
" Is díol spéise é, dar liomsa, gur chuathas i mbun na dtionscadal a bhí níb fhiúntaí ó thaobh na Gaeilge de sa ré úr (bunú Gaeltarra, agus ní ba dhéanaí, bunú Údarás na Gaeltachta) in ainneoin nach rabhthas ag leagan béime ar náisiúnachas cultúrtha a thuilleadh.
an oiread sin béime that much emphasis
" Polasaithe eagarthóireachtaNí dóigh liom gur féidir le nuachtán a thugann "nuachtán náisiúnta" air féin an oiread sin béime a chur ar scéalta Tuaisceartacha i gcónaí.
ag cur béime air seo emphasising this
" Is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil mé ag tochras ar mo cheirtlín féin agus mé ag cur béime air seo – mar go bhféadfaidh úsáideoirí *Beo!* go leor úsáide a bhaint aisti – ach measaim gur seirbhís iontach, réabhlóideach í.
iomarca béime overstress
" Ina measc, cuireadh an iomarca béime ar an fhoirgníocht agus gearradh siar go rómhór ar cháin ioncaim.
ag leagan béime emphasis
" Nuair a bhí mé féin ann, bhínn ag leagan béime ar an nascadh idir luachanna airgeadais agus luachanna neamhairgeadais, luachanna margaidh agus luachanna neamhmhargaidh, d’fhéadfaí a rá.
béime emphasis
" D’fhéadfaí a thuar go dtarlódh móriarmhairtí dochracha de thoradh na béime seo ar airgead, dar leis: “*The results of this purpose-driven ‘operating system’ were guaranteed to concentrate wealth and income and thereby undermine both democracies and markets.
béime of emphasis
" Athrú treo is athrú béime, mar a bheifeá ag súil leis in athbhrandáil nuachtáin.
béime emphasis
" Ní féidir a shéanadh go mbíonn an iomarca béime anois ar chúrsaí tráchtála agus ar chaiteachais um Nollaig, ach is féidir le gach duine a rogha rud a dhéanamh.
béime stress
" In Albain, cuirim i gcás, tuigim go raibh an-deacracht acu le scoileanna a leag an iomarca béime ar litearthacht agus ar an tseanlitríocht agus a leithéid.
na béime ar fad ar all the emphasis
" Rud eile a chuireann imní orm, daoine a bheith ag cur na béime ar fad ar an nGaeilge sa nGaeltacht agus a bheith ag fágáil labhairt na Gaeilge agus cothú na Gaeilge sa gcuid eile den tír i leataobh.
Ní féidir an-iomarca béime a leagan ar it can’t be overstressed
" Ní féidir an-iomarca béime a leagan ar an tábhacht a bhaineann leis maidir le taighde léannta i raon disciplíni ná ar a lárnaí is atá sé i gcur chun cinn chultúr na hÉireann i gcoitinne.
iomarca béime too much stress
" Sna argóintí seo freisin, bíonn an iomarca béime ar cheol: píosaí trí noiméad a d’fhéadfadh, ar lá maith, scríobh i maidin amháin, in aon uair amháin.
a leag an iomad béime ar who overemphasised
" Insan aiste shíoraí seo, cháin Nietzsche na staraithe a leag an iomad béime ar thairngreachtaí fadtéarmacha agus a rinne iarracht na mílte bliain a achoimriú le halt aonaránach.
an iomad béime ar too much emphasis on
" Ó Crualaoich an fear a bhain feidhm as saothar Mháirtín Uí Chadhain chun laigeachtaí na sean-nósanna stairiúla a bhéimniú, ach go háirithe teipeanna éagsúla an chur chuige stairiúil sin a chuireann an iomad béime ar thionchuir sheachtaracha.
an iomarca béime a chur ar stress too much
" Ní féidir liom an iomarca béime a chur ar an tionchar a bhíonn ag an mhothúchán seo orm nuair a imrím i bhfoireann mar cruthaíonn sé nasc le m’óige” a deir sé ar Highland Radio.
más ag leagan béime ar when (we) emphasis
" Is fada an t-úll ón úllort más ag leagan béime ar athruithe aeráide atáimid i dtaca le hocras agus gorta ar domhan.
an méid béime atá curtha ar an aclaíocht the amount of emphasis placed on exercise
" Ach sna laethanta seo, leis an méid béime atá curtha ar an aclaíocht agus ‘*six packs*’ i measc na bhfear tá an galar seo ag cur isteach ar níos mó fír in aghaidh an lae” a dúirt Simon.
a bhí ag leagan béime ar which stressed
" Cruthaíodh neart conspóide ina léith sna meáin, i pobal na tíre gan trácht ar thuismitheoirí agus ar Ryan Tubridy fiú amháin! Ní mó ná sásta a bhí an chuid is mó de mhuintir na hÉireann faoin chineál chomórtais seo a bhí ag leagan béime ar chuma an pháiste—ag tosú leis na héadaí.
chuir mé an oiread sin béime san abairt seo I noted this sentence so much
" Cad chuige ar chuir mé an oiread sin béime san abairt seo?
Mar ba é ceannlíne cead leathanaigh an *Irish News* an lá sula bhfaca mé an dráma ná “*Loyalist killers 'targeted middle-class Catholics.
gan an iomad béime a chur ar not to place too much emphasis on
" B’é Jackson an breitheamh a thug rabhadh dá chomhghleacaithe gan an iomad béime a chur ar fhoinsí stairiúla agus brí na bhforálacha éagsúla á lorg ag glúin eile.
béime emphasis
" Mar a mhíníonn sé anseo, tá níos mó béime á cur ar an Ghaeilge san fhéile sin anois ná mar a bhí riamh.
an iomarca béime too much emphasis
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil an iomarca béime ar an traenáil i gcás na gcluichí Gaelacha agus go bhfuil seans ann go bhfuiltear ag déanamh an-dochar fisiciúil do na himreoirí.
an iomarca béime too much emphasis
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuiltear ag cur an iomarca béime ar an tábhacht a bhaineann le bandaleithead leathan, nach réiteach gach faidhbe é mar a cheapann daoine áirithe.
i bhfad níos mó béime much more emphasis
" Tá sé tugtha faoi deara ag Ruth Nic Giolla Iasachta nach bhfuil bunadh na Nua-Shéalainne chomh sásta céanna a bheith ag canadh is atá na hÉireannaigh ach go gcuireann siad i bhfad níos mó béime ar an spórt agus ar an aclaíocht.