Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell the yellow colour on the hall wall almost blinded Nell
" Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell.
gabh i gceann na mballaí set about the walls
" "Tabhair leat scuab mhór agus gabh i gceann na mballaí.
ballaí coincréiteacha concrete walls
" Tógann sí ballaí coincréiteacha agus lúbann sí iad ar nós ruda atá solúbtha, agus cruthaíonn sí pasáistí atá cosúil le coillte atá beo agus ag fás, ach is cur i gcéill atá i gceist.
ballaí dorrga coincréiteacha grim concrete walls
" Téann an bóthar ar aghaidh go dtí má ghlas lom, áit a bhfuil Príosún Aird Mhic Giollagáin, agus ballaí dorrga coincréiteacha thart air.
a thaca a chur leis an bhalla to support himself against the wall
" " Rinne an máistir Ó Duibhir iarracht a thaca a chur leis an bhalla ach, cibé a tháinig air, baineadh truisle beag as.
ag ligean a taca le balla leaning against a wall
" Ach, mar a dúirt sí lá amháin, agus í ag ligean a taca le balla i nGaillimh agus scíth á tógáil aici le faoiseamh a thabhairt dá cosa spuaiceacha, ní raibh an dara rogha aici: "Should I sleep the sleep of death, with my head pillowed against this wall, no matter.
ann ach gur bhain sí an doras den bhalla she nearly took the door off the hinges
" "Bhéarfaidh mise ubh agus muiceoil duit," arsa Síle agus chaith sí péire na *Marigolds *air, thiontaigh a droim leis agus ann ach gur bhain sí an doras den bhalla.
d'fholmhaigh sí thar bhallaí na cathrach é she emptied it over the walls of the city
" Fuair an bhean seo a corcán mór millteach a bhí lán d'anraith agus d'fholmhaigh sí thar bhallaí na cathrach é ar na saighdiúirí bochta.
cuideachta na mballaí balbha the company of the bare walls
" B’fhearr liom cuideachta na mballaí balbha ná bheith ag éisteacht le do chuid glagaireachta.
bhalla brící cnámhóg cinderblock wall
" Tá comhartha le feiceáil os a chionn ar an bhalla brící cnámhóg ar a bhfuil na focail: *“Important Notice – Under no circumstances will the exchange of any article including sweets, fruits and cigarettes between visitor and offender be permitted.
ag maisiú bhallaí a thí adorning the walls of his house
" "Is breá liom a bheith ag iascaireacht, ag siúl cois cladaigh, ag seoltóireacht," a deir sé, agus tá pictiúir de húicéirí gleoite na Gaillimhe ag maisiú bhallaí a thí.
bhalla gránna ugly wall
" Rachaidh an dara duais chuig Comhairle Contae Dhún na nGall as an bhalla gránna, déanta as coincréit, a thóg siad ar thaobh amháin de Dhroichead an Mhinistir i lár an Ghleanna.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
Balla Mhaolmhaodhóig Malachy's Wall
" An chuid is sine, is píosa de sheanbhalla é a dtugtar “Balla Mhaolmhaodhóig” air, mar síltear gur chuid de mhainistir Agaistíneach é, a thóg Maolmhaodhóg Ard Mhacha sa 12ú haois.
Balla Mhaolmhaodhóig Malachy's Wall
" An chuid is sine, is píosa de sheanbhalla é a dtugtar “Balla Mhaolmhaodhóig” air, mar síltear gur chuid de mhainistir Agaistíneach é, a thóg Maolmhaodhóg Ard Mhacha sa 12ú haois.
thitim Bhalla Bheirlín the fall of the Berlin Wall
" B’in deich mbliana tar éis thitim Bhalla Bheirlín.
Balla Mhaolmhaodhóig Malachy's Wall
" An chuid is sine, is píosa de sheanbhalla é a dtugtar “Balla Mhaolmhaodhóig” air, mar síltear gur chuid de mhainistir Agaistíneach é, a thóg Maolmhaodhóg Ard Mhacha sa 12ú haois.
ar bhalla an dúin on the wall of the fort
" Sin an teachtaireacht chéanna a scríobh sé ar bhalla an dúin in Figueras na Spáinne i 1937 tar éis dó siúl trasna na bPiréiní le bheith ina bhall den Bhriogáid Idirnáisiúnta.
seastáin greamaithe den bhalla stands stuck to the wall
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
scríobann siad crosa ar na ballaí the scratch crosses on the walls
" Fágann daoine ofrálacha san uaimh go fóill, agus scríobann siad crosa ar na ballaí.
Balla dreapadóireachta reoite a frozen climbing wall
" Balla dreapadóireachta reoite atá ann, atá tógtha i seafta ardaitheora sa North Face Store i Deansgate ((www.
dá bhallaí móra dúbáilte of its big double walls
" Is fothrach é, ach tá cuid dá bhallaí móra dúbáilte le feiceáil go fóill.
ballaí sheanbhaile ársa na Traí the walls of the ancient city of Troy
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
de bhalla na síochána of the peace wall
" Le linn dom bheith ag obair ag an *Andersonstown News*, iarradh orm scairt a chur ar oibrí pobail ar an taobh Protastúnach de bhalla na síochána – arís i Sráid Cupar – le fáil amach an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla siar le go dtógfaí tithe do Chaitlicigh – rud a bhí ag teastáil go mór – ar an talamh bhán.
dá mbogfaí an balla siar if the wall was moved back
" Le linn dom bheith ag obair ag an *Andersonstown News*, iarradh orm scairt a chur ar oibrí pobail ar an taobh Protastúnach de bhalla na síochána – arís i Sráid Cupar – le fáil amach an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla siar le go dtógfaí tithe do Chaitlicigh – rud a bhí ag teastáil go mór – ar an talamh bhán.
a bhaint den bhalla get it off the wall
" How do you move a piece of work like this, how do you display it and how do you insure it?"* Bhí Luti Fagbenle den tuairim go gcosnódh sé £5,000 leis an íomhá a bhaint den bhalla agus leis an bhalla a dheisiú ina dhiaidh – costas ar gá don cheannaitheoir íoc as mar bharr ar an bhunphraghas a íocadh as an saothar é féin.
in éadan balla against a wall
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
balla mór láidir cloiche a strong stone wall
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
bhalla gránna coincréite ugly concrete wall
" eagrán mhí Lúnasa, 2005) ar bhalla gránna coincréite a thóg Comhairle Chontae Dhún na nGall ar thaobh amháin de Dhroichead an Mhinistir i lár an Ghleanna.
ballaí ísle thart timpeall orthu low walls around them
" Tá ardáin déanta as clocha áitiúla sna háiteanna seo, agus ballaí ísle thart timpeall orthu sa dóigh is nach n-amharcann siad as ionad.
banc balla ATM
" Is féidir airgead a tharraingt i nGaeilge as an mbanc balla san iliomad áiteanna nárbh fhéidir cheana.
hinniúint an bhalla the wall's fate
" Rinneadh neamhaird ar chinniúint an bhalla – briseadh suas cuid de le dul isteach in autobahn nua, díoladh mionphíosaí eile le bailitheoirí agus thóg cuairteoirí giotaí leo mar chuimhneacháin.
Balla iomána hurling practice wall
Sráid an Bhalla Wall St.
" com>* Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
balla síochána peace wall
" Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
bhallaí walls
" I nDánlann Mhic Giolla Bhuí, taobh istigh de bhallaí Chathair Dhoire, a taispeánadh den chéad uair ar an Aoine an 25ú Márta an saothar is déanaí ó Phatsy Dan Mac Ruairí, an t-aon duine a mhaireann agus atá ag saothrú go fóill den bhuíon péintéirí atá aitheanta ar fud saol na healaíne mar Phéintéirí Oileán Thoraí.
Bhalla Bheirlín Berlin Wall
" Tá Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip.
bhalla wall
" Ina chur i láthair ‘Ag cuimhneamh’ (2009), a rinne sé do Haus der Kunst i Munich, chroch sé 9,000 mála scoile ar bhalla leis an abairt ‘Mhair sí go sona ar feadh seacht mbliana ar an domhan seo’.
ar bhalla an dúin on the wall of the fort
" Sin an teachtaireacht chéanna a scríobh sé ar bhalla an dúin in Figueras na Spáinne i 1937 tar éis dó siúl trasna na bPiréiní le bheith ina bhall den Bhriogáid Idirnáisiúnta.
Ballaí an Uafáis the walls of horror
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
beagnach achan bhalla almost every single wall
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
réitithe nuair a thit Balla Bheirlín settled when the B. Wall came down
" Nár cheap an fealsúnaí Francis Fukuyama go raibh na ceisteanna faoin chaipitleachas agus faoin liobrálachas réitithe nuair a thit Balla Bheirlín.
gach lapadaíl ag baint macalla as ballaí na huaimhe each paddle of my feet echoing from the cave walls
" Oighreata! D’fhág mé béal na huaimhe i mo dhiaidh mar sin, gach lapadaíl ag baint macalla as ballaí na huaimhe.
Shroich mé balla I reached a wall
" Shroich mé balla, ach ní raibh dada faoi mo chosa is thuig mé go raibh sé in am imeachta.
na ballaí agus an túr the walls and a tower
" Ní raibh fanta le breacadh an lae ach na ballaí agus an túr ina seasamh.
ballaí taise, easpa leabhar damp walls, lack of books
" Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn.
de na ballaí ar bhealach of the walls on the route
" Mhol Anna Lo, Comhalta den Tionól Reachtach arb as Hong Kong ó dhúchas di, go mbainfí bratacha agus múrphictiúir a léirigh paraimíleataigh, idir dhílseacha agus phoblachtacha, de na ballaí ar bhealach an Giro.
ballaí brataithe aige he has the walls covered
" Thapaigh mé an deis castáil leis agus isteach liom sa dteach tábhairne ar teampall Fine Gaelach é: na ballaí brataithe aige le pictiúirí éagsúla den laoch Michael Collins.
fogha faoi bhallaí Dhoire a rush at D.’s walls
" Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára.