Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cantaire bailéad ballad-singer
" " Chaith Spillane dhá shamhradh ag seinm an dordghiotáir le grúpa Johnny Crowley, an cantaire bailéad Corcaíoch, agus ag saothrú airgid ón cheol den chéad uair.
bailéidí ballads
" Beidh ceardlanna ar siúl ar an Satharn le Patricia Flynn ón Mullach Bán i gContae Ard Mhacha ag múineadh bailéidí, Joe John Mac an Iomaire ag múineadh amhrán ar an sean-nós, Colm Regan ar an gcairdín, Antóin Mac Gabhann ar an bhfidil, Troy Bannon ar an bhfeadóg mhór, Adrian Ó Brádaigh ar an bhfeadóg stáin agus rang ginearálta ceoil le Nóirín Ní Ghrádaigh.
Amhránaí bailéad den scoth excellent ballad singer
" Amhránaí bailéad den scoth é John a chan amhráin mar "Three-leafed shamrock" agus "Mulroy Bay".
i dtraidisiún na mbailéad in the ballad tradition
" Is iadsan an bheirt is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ó thaobh an tsean-nóis de, cé go bhfuil an draíocht chéanna ag Rosie Stewart agus ag Dolores Keane i dtraidisiún na mbailéad.
bailéid ballads
" Nuair a bhí sé óg, ba mhó an tsuim a bhí aige sna bailéid agus in amhráin pholaitiúla – ba bheag dúil a bhí aige sa cheol uirlise.
ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban. singing the classical ballads of Scotland.
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc. including big ballads, humorous songs and love songs.
" Dúirt sí amhráin de shaghsanna éagsúla, bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc.
rabharta mór na mbailéad, the big flood of ballads,
" gur imigh sé as Éirinn nuair a bhí an *ballad boom*, rabharta mór na mbailéad, tosaithe anseo, ag tús na seascaidí, nuair a bhí na Dubliners agus na Clancy Brothers i mbarr a réime.
borradh faoi na rabhcáin the ballad boom
" Bhí meas an domhain ag Pecker ar Fuller, mar b’fhacthas dó gurb eisean a chuir dlús le borradh faoi na rabhcáin sa Bhreatain sna 1960aidí.
tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime period when ballads were to the fore
" Spreagfaidh an díolaim seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime sna tithe tábhairne agus i gclubanna na tíre.