Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi chúinsí áirithe thar na bearta in certain extreme circumstances
" Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
tionchar thar na bearta too great an influence
" Deir siad go bhfuil an iomarca cumhachta ag comhlachtaí ar nós Microsoft agus McDonald's, agus go bhfuil dea-ainm agus dea-cháil Mheiriceá millte ag grúpa beag "*neocons*", nó fíorchoimeádaithe, atá á maoiniú ag na hollchorporáidí agus a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar pholasaithe an Tí Bháin.
suim thar na bearta a great deal of interest
" suim thar na bearta ======= Fiú i laethanta sin m’óigese, nuair nach raibh teilifís ag mórán daoine, bhí tarraingt agus mealladh ag sacar Shasana ar dhaoine in Éirinn, nó i mBaile Átha Cliath ar aon nós.
bearta bunúsacha basic policies
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
bearta measures
" Faoi na bearta seo, díolann an rialtas “morgáiste” le comhlachtaí príobháideacha a thógann otharlanna nó scoileanna.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
spéis thar na bearta a great deal of interest
" Ní annamh a mhaítear gur daoine iad muintir na hÉireann a bhfuil spéis thar na bearta acu i stair a dtíre féin.
a chuireann bearta i gcrích who take measures
" Anuas air sin, ba cheart go dtabharfaí dreasachtaí airgid dóibh siúd a chuireann bearta i gcrích le fuinneamh a shábháil agus go ngearrfaí pionóis ar dhaoine a chuireann fuinneamh amú go fánach.
chuiridís bearta chugainn they used to send us parcels
" “Bhí a lán cairde ag mo theaghlach sa Ghearmáin agus chuiridís bearta chugainn ina mbíodh nithe mar bhananaí agus nutella, rudaí nach bhfaighfeá sa Pholainn ag an am ar ór nó ar airgead.
bearta scanraithe scare tactics
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
Tá ag éirí thar na bearta they are getting on great
" " Tá ag éirí thar na bearta leis an ngrúdlann ó shin i leith.
misneach agus muinín thar na bearta great hope and confidence
" Ar an chéad ásc, tá misneach agus muinín thar na bearta in Albain faoi láthair.
bearta laochais heroic deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
bearta diana severe measures
" Ní bheadh sé ciniciúil mar sin buille faoi thuairim a thabhairt go ndearna an tSín áibhéil ar nasc a bheith idir Gluaiseacht Ioslamach na Turcastáine Thoir agus Al Qaeda le go mbeadh údar acu bearta diana a chur i bhfeidhm i gcoinne scarúnaithe Uígireacha.
thar na bearta immense
" Tubaiste thar na bearta do chine Gael ab ea meath na Gaeilge agus ní foláir nó gur thuig daoine é sin san am.
thar na bearta par excellance
" Tá líofacht thar na bearta bainte amach ag roinnt daoine agus tá go leor díobh ina múinteoirí teanga anois, nó tá siad páirteach i gcláracha teanga nó reáchtálann siad cúrsaí samhraidh agus a leithéid.
bearta policies
" Ach a mhalairt ar fad de thír atá ann, ar ndóigh, agus ligeann stádas seo na Rohingya do na húdaráis bearta tarcaisneacha táiriúla a chur i gcrích i gcoinne an mhionlaigh Mhoslamaigh seo.
bearta cuíchóirithe properly planned policies
" Thiocfadh an rud céanna a rá faoi chomhdhlúthú na gcoistí pobail agus eagrais phobail áirithe atá faoi lán seoil ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair, siocair go raibh fógra tugtha ag an Aire Ó Cuív le fada go raibh géarghá le bearta cuíchóirithe dá leithéid.
iontas thar na bearta a miracle
" An dream mór seo, theastódh iontas thar na bearta gach eagrán lena dtarraingt chuig seilf siopa le nuachtán Gaeilge a cheannach.
thar na bearta magnificent
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
bearta policies
" Thit an lug ar an lag ar Rudd nuair a mheas sé go gcuirfeadh Abbott bearta scanraithe corraithe in éadan na scéime i bhfeidhm le linn an fheachtais olltoghchánaíochta i mbliana.
bearta actions
" Ins an aitheasc thuasluaite, mhaígh an Coimisinéir Teanga gurb é “an rud atá le déanamh anois ná dul tuilleadh den bhóthar ón reitric, ón teoiric agus ón teibíocht agus díriú níos mó ná riamh ar an réaltacht, an fheidhmiúlacht agus an ghníomh; feoil a chur ar an gcnámh; bearta a dhéanamh de réir na mbriathra.
bearta parcels
" D'úsáideadar códfhocail eatarthu féin, agus d'fhágadar bearta dá chéile i dtaiscí rúnda timpeall na tíre agus curtha faoin talamh.
thar na bearta terrible
" Níl aon amhras ach gur tubaiste thar na bearta do sheasamh na Gaeilge in Éirinn a bheadh ann dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm.
thar na bearta top class
" Bhí luas lasrach faoi troid Chraoibhe le Dong chomh maith agus cruinneas thar na bearta glan feiceálach ann.
grá thar na bearta an immeasurable love
"grá thar na bearta aige don dís mac – ach ní thig leis go minic an grá sin a thaispeáint.
bearta i bhfeidhm actions into effect
" Nuair a ghlac an rialtas le cabhair ón CAI, thiomnaigh siad go gcuirfí bearta i bhfeidhm a chinnteodh go bhfaighfí luach maith i gceannach seirbhísí dlí.
bearta deeds
" Tá sé in am againn dearmad a dhéanamh den Straitéis Fiche Bliain; de na pleananna agus na bearta agus na scéimeanna.
bearta bundles
" Bhí sé ina shuí taobh thiar de dheasc a bhí clúdaithe le bearta cáipéisí a raibh na focail FÓS LE FIOSRÚ scríofa orthu i mbloclitreacha móra i ndúch dearg.
dua agus am thar na bearta time and effort more than imaginable
" É sin ráite, creideann daoine maithe go bhfuil cúiteamh ar shaothar tuillte ag bainisteoirí a chaitheann dua agus am thar na bearta ar son na bhfoirne atá faoina gcúram.
an-tionchar agus leas thar na bearta great effect and a power of good
" Is féidir le dea-iompar slua daoine an-tionchar agus leas thar na bearta a dhéanamh sa chruinne cheachartha bhrónach bhraonach seo.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin I’ve really polished up my Spanish in the meantime
" Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
tionchar thar na bearta a great effect
" Bhí fís ag tiomáint an fheachtais le stáisiún teilifíse a fháil: shíleamar go mbeadh tionchar thar na bearta ag stáisiún teilifise nua-aimseartha ar iompar teanga daoine óga, sa Ghaeltacht ach go háirithe.
tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach Kelly has a massive influence
" Mar bharr ar an donas, tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach ar an dóigh a dhéanann bunáite muintir na hAstráile meas ar cháil na nGael abhus anois.
raibh meas thar na bearta aici ar that she had the very highest regard for
" Agus tugann Moore le fios dúinn go raibh meas thar na bearta aici ar roinnt áirithe sóisialaithe sna Coimíní, ach go háirithe na feisirí bochta cosúil le James Griffith agus Harold Wilson fiú a tháinig chun Londain ar son na “*underdogs*” (sin nath Thatcher).
bhí bearta ag an Rúis Russia had policies
" Sa deireadh thiar thall ní raibh ach briathra ag an iarthar fad is a bhí bearta ag an Rúis.
tacaíocht thar na bearta massive support
" Thug na nuachtáin de chuid News Corporation tacaíocht thar na bearta do pháirtí Abbott le linn an fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh, ach tar éis a bhua chinn Abbott ar an alt conspóideach a leasú seachas é a aisghairm.
bearta crua a rialtais the government’s tough plans
" Mhaígh Abbott go dtuigfeadh muintir na tíre go raibh bearta crua a rialtais riachtanach agus measartha.
bearta an rialtais the government policies
" Cáinaisnéis Bunaithe ar Bhréaga ============ Ba léir láithreach go raibh dul amú ar an bPríomh-Aire agus ar an Aire nuair a foilsíodh pobalbhreitheanna go díreach i ndiaidh fhógairt na cáinaisnéise inar léirigh na rannpháirtithe míshástacht shuntasach le bearta an rialtais.
rinne sé iarracht bearta a rialtais a chosaint he tried to defend the government policies
" Thug cúpla seanphinsinéirí mná greadadh teanga don phríomhaire nuair a rinne sé iarracht bearta a rialtais a chosaint ar chláir idirchum.
a chuideoidh thar na bearta leis which shall assist greatly
" Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
bhféadfadh tábhacht thar na bearta there could be great importance
" Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.