Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beartaithe planned
" D'eagair siad mórshiúl an-mhór i Londain anuraidh in aghaidh an rialtais agus bhí ceann eile beartaithe acu don 18 Márta i mbliana, sular chuir an galar crúibe agus béil stad leis.
ag beartú a chlaímh brandishing his sword
" Tá an rí ag beartú a chlaímh inár dtreo.
an fhorbairt mar a beartaítear í the development as it is intended
" Níl an Bord sásta, ag cur san áireamh an tionchar suntasach dochrach a bheadh ag an bhforbairt seo ar an timpeallacht, gurb í an fhorbairt mar a beartaítear í an réiteach is fearr le riachtanais leictreachais an limistéir a shásamh… Bheadh tionchar suntasach dochrach ag an bhforbairt atá beartaithe ar thaitneamhacht agus ar éiceolaíocht an limistéir agus ar fhiúntas an limistéir seo i gcomhair turasóireachta.
a bheartaigh who planned
ag beartú ar planning
" Beidh Joe Burke agus Anne Conroy ag seinm ceoil ansin agus tá Ronnie Drew ag beartú ar a theacht san earrach.
na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige the sanctions he was considering
" Ní fios cad é an modh a socraíodh idir an IRA agus an Ginearál de Chastelain, ach thug sé deis don DUP a rá gur "stunt" a bhí ann agus an lá ina dhiaidh thug David Trimble le fios go mbeadh sé ag leagan síos spriocama eile - Feabhra 2002 - do chríochnú an díchoimisiúnaithe, agus d'fhiafraigh de Tony Blair cad é na smachtbhannaí a bhí á mbeartú aige do dhream ar bith nár dhíchoimisiúnaigh.
go bhfuil sé beartaithe aici that she intends
" Tá sí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste faoi láthair agus tá sí ag baint oiread taitnimh as a tréimhse ansin go bhfuil sé beartaithe aici cúpla seachtain bhreise a chaitheamh sa choláiste.
Bheartaíomar ar we decided to
" Bheartaíomar ar an deis a thapú chun comhlacht ceart a bhunú.
ag beartú devising
" Más ag beartú uirlisí úra foréigin a bhí siad, is droim láimhe é do na náisiúnaithe sin a raibh an dóchas acu go raibh deireadh ag teacht le lámh láidir na bpoblachtánach.
Beartaíodh ar an ainm seo this name was decided upon
" Beartaíodh ar an ainm seo chun an comhthéacs Albanach-Éireannach a léiriú mar aon le neamhsheicteachas an chlub.
beartaithe planned
" " Albam ======= Tá sé beartaithe ag an bhean thar a bheith gnóthach seo albam a thaifeadadh go luath chomh maith, ar a mbeidh amhráin sean-nóis agus dhá cheann nua-chumtha.
beartaithe planned
" Go mbeadh Raidió Fáilte ag croílár na Ceathrún Gaeltachta atá beartaithe againn anseo i mBéal Feirste.
beartaithe planned
" ) Is léir go bhfuil na scéalta seo ag teacht amach le heagla a chur ar dhaoine go mbeidh diabhail an IRA i mbun cúrsaí póilíneachta ó thuaidh má leantar ar aghaidh leis na leasuithe atá beartaithe ag Rialtas na Breataine.
beartaithe planned
" Dheimhnigh an Cairdinéal Deasóg Ó Conaill liom, glan suas le mo bhéal, nach bhfuil fírinne ar bith sa ráfla go bhfuil Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú leis an stáisiún teilifíse, Cainéal 4, sa tsraith úr cláracha atá beartaithe acu sin, sraith dar teideal 'Father Ped'.
beartaithe planned
" Dheimhnigh an Cairdinéal Deasóg Ó Conaill liom, glan suas le mo bhéal, nach bhfuil fírinne ar bith sa ráfla go bhfuil Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú leis an stáisiún teilifíse, Cainéal 4, sa tsraith úr cláracha atá beartaithe acu sin, sraith dar teideal 'Father Ped'.
a bheartú to decide
" Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
beartaithe planned
" Is cinnte go bhféadfaí ionad mar seo a bhunú i gceantair uirbeacha eile sa tír agus tá a leithéid beartaithe i mBaile Átha Cliath agus i nDoire.
beartaithe planned
" Is ar an ábhar seo go bhfuil sé beartaithe ag Aonad Taighde na nGardaí, i bpáirt le hAonad Drugaí na nGardaí, staidéar náisiúnta a dhéanamh ar úsáid cócaoin in Éirinn.
beartaithe planned
" Bhí sé seo i measc roinnt gníomhartha easumhlaíochta sibhialta a bhí beartaithe don lá.
beartaithe planned
" " Ní raibh sé beartaithe aici filleadh ar Ghaoth Dobhair ach shocraigh sí féin agus a fear, Damien McKeever, síos ann agus tá sí ag obair sa stáisiún ó shin.
beartaithe planned
" Is cinnte gurbh é an Príomh-Aire an duine corr ar an ócáid sin, ós rud é nach raibh sé beartaithe ag rialtas na Spáinne trúpaí a chur amach go dtí an Iaráic.
beartaithe planned
" Ní ghéillfidh an IRA go humhal le go dtig le David Trimble bua a fháil ar an DUP, a deir siad; ach mhaígh Gerry Adams go raibh an tríú gníomh díchoimisiúnaithe beartaithe ag an IRA a ligfeadh don UUP cruinniú de Chomhairle s'acu a ghairm ina molfadh David Trimble go gcuirfí an Tionól ar a bhonnaí arís.
beartaithe planned
" Tá sé beartaithe ionad a thógáil ar an mbaile ina mbeidh áiseanna spóirt, amharclann agus linn snámha, agus arú anuraidh osclaíodh leabharlann agus oifigí de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe i gcomhar leis an Údarás.
beartaithe planned
" Tá sé beartaithe an struchtúr is airde ar domhan, túr 1,000 méadar ar airde, a thógáil i gceantar Buronga in iardheisceart New South Wales, 25 ciliméadar soir ó thuaidh ó Mildura.
bheartaigh siad they decided
" In aimsir an drochshaoil tharla sé go raibh deacrachtaí airgid ag an chlann agus bheartaigh siad ar an oileán a dhíol.
Seo an rud atá beartaithe agam This is my course
" Arsa Cunningham: "Deir an méara i gcónaí, 'Seo an rud atá beartaithe agam agus tá mé chun cloí leis sin.
beartaithe planned
" In Aibreán na bliana seo eagraíodh "Lá an Chatalpa" in iarsmalann Phríosún Fremantle den chéad uair agus tá sé beartaithe é a chur ar siúl gach bliain feasta.
ag beartú athchomharc a dhéanamh planning to appeal
" Tá an tUasal McKevitt cheana féin ag beartú athchomharc a dhéanamh.
go raibh sé beartaithe aige that he was planning
" Chuir Cole in iúl d'Allen, a bhí ag obair le Scuad 18 ag an am, go raibh scrúdú an FDNY déanta aige agus go raibh sé beartaithe aige post a fháil sa rannóg dóiteáin.
ná mar a bhí beartaithe than was planned
" Tá Meiriceá scoilte ag an cheist seo anois, agus tá méadú ag teacht i gcónaí ar an líon daoine atá i gcoinne pholasaithe Bush, go háirithe nuair a fheiceann siad a gcuid saighdiúirí ag fanacht san Iaráic i bhfad níos faide ná mar a bhí beartaithe agus iad á marú go rialta ag treallchogaithe na tíre.
dá mbeartódh an rialtas ar na baill a cheapadh iad féin if the government decided to appoint the members themselves
" Is léir ó seo gur beag cur i gcoinne a bheadh ann ón phobal dá mbeartódh an rialtas ar na baill a cheapadh iad féin don chomhairle preas nua atá le bunú (agus táthar ag rá go dtarlóidh sé seo).
bheartaigh siad ar fhéile a eagrú they decided to organize a festival
" Tá an ceol traidisiúnta láidir anseo (tá craobh mhór de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa chathair) agus nuair a chuala na ceoltóirí go raibh an bua ag Learpholl sa chomórtas do Chathair Chultúrtha na hEorpa 2008 bheartaigh siad ar fhéile a eagrú lenár gcultúr féin a thaispeáint os comhair an tsaoil.
Beartaíodh it was decided
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
beartaithe planned
" Tá sé soiléir nach bhfuil aon chóras cuí tacaíochta ann do dhaoine atá in ísle brí agus go minic cuireann siad lámh ina mbás féin gan aon réamhchomhartha a bheith tugtha go bhfuil a leithéid beartaithe acu.
dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda if they decided to start fighting again
" Níl aon dabht ach go mbeadh an-chuid le cailliúint ag poblachtánaigh dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda.
beartaithe planned
" Is minic a bhí mé féin cráite ag teachtaireachtaí ón Office Assistant ar nós "tá an chosúlacht air go bhfuil tú ar tí litir a scríobh" agus ní dóigh liom go mbeidh mórán fáilte roimh an gcomhairleoir cistine seo atá beartaithe ag Microsoft.
beartaithe planned
" Bhí sé beartaithe ag Kelly a bheith i láthair ag cruinniú na Féile Pádraig in 2003, ach chaill sé é de bharr go ndeachaigh sé chun na hIaráice leis an chogadh a chlúdach.
beartaithe planned
" " Cathair na gCeilteach a bhí mar theideal oibre ag aithreacha na cathrach ar an mbaile fad is a bhí an áit dá tógáil, ach bhí sé beartaithe chomh maith acu gan cloí leis seo go fadtéarmach toisc é a bheith steiréitipiciúil.
beartaithe planned
" AÓF: Tá i gceist agaibh tuilleadh a dhéanamh go luath nach bhfuil? Cad atá beartaithe agaibh? JNíC: Táimid ag filleadh ar ais go dtí na tíortha sin ar feadh bliana.
á mbeartú being planned
" Ní bheidh an córas "*chip and PIN*" in úsáid le gnó ar líne, agus is cosúil go bhfuil scéimeanna eile á mbeartú chun dul i ngleic le caimiléireacht ar an idirlíon.
ag beartú a gcuid piostal wielding their pistols
" Chuir na Caitlicigh Éireannacha agus na Daonlathaigh an argóint chun cinn, gan amhras, go raibh baint láidir ag na hOráistigh, go háirithe iadsan a bhí ag beartú a gcuid piostal, leis an fhoréigean fosta.
beartaithe planned
" Tá an beart déanta ag Bertie! Bhí na hathruithe a bhí sé beartaithe ag an Taoiseach a dhéanamh ar a chomh-aireacht ar cheann de scéalta móra an tsamhraidh in Éirinn.
beartaithe planned
" Tá dhá ócáid beartaithe ag Conradh na Gaeilge mar chuid d'Fhéile Learphoill i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.
beartaithe planned
" Níl aon dearbhú tugtha fós ag an Rialtas go gcuirfear an t-airgead ar fáil chun an raon áiseanna sláinte atá beartaithe a thógáil.
beartaithe planned
" Ina dhiaidh sin, bhí sé beartaithe aige dul ar ais ag teagasc.
dá mbeartófaí a leithéid a dhéanamh if it was decided to do such a thing
" Ní hamháin sin, ach dá mbeartófaí a leithéid a dhéanamh, bheadh moill mhór ar thógáil an bhóthair nua.
beartaithe planned
" Tá sé beartaithe 236 tionscadal a chur ar siúl sa chathair i rith na bliana a chlúdóidh ocht réimse éagsúla ealaíne: ceol, ailtireacht/dearadh, litríocht, cúrsaí amharclainne/damhsa, féilte, scannáin/na meáin agus spórt.
beartaithe planned
" " Ciorruithe beartaithe ======= Caithfidh gach bord ciorruithe móra a dhéanamh ar sheirbhísí tábhachtacha ainneoin gur tugadh £50 million nár caitheadh ar ais don Státchiste le dhá bhliain anuas.
beartaithe planned
" Tá comhlacht amháin Meiriceánach, Firefly Mobile, ag díriú ar mhargadh na bpáistí nach bhfuil sna déaga go fóill, agus tá sé beartaithe acu guthán póca a chur ar an mhargadh a dearadh go speisialta do pháistí níos óige.
beartaithe planned
" An bhliain seo chugainn, tá sé beartaithe ag an stáisiún cábla Showtime sraith a chraoladh dar teideal *Brotherhood*, bunaithe ar shaol Bulger agus saol a dheartháir ar pholaiteoir cumhachtach é.
beartaithe planned
" Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh cead pleanála imlíneach don scéim.
beartaithe planned
" "Tá dlúthcheangal againn le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus tá sé beartaithe acu an bád a chur ar taispeáint i mBaile Átha Cliath an t-earrach seo chugainn.
beartaithe planned
" Ar bord fosta bhí Matthew Tone, deartháir Wolfe Tone, Bartholemew Teeling ó Bhéal Feirste agus an tAthair Ó Catháin ó Chill Ala (d'inis seisean i nGaeilge do mhuintir na háite cad é a bhí beartaithe).
beartaithe planned
" Tá sé i gceist againn Féile Scoildrámaíochta Mhaigh Eo a athbhunú le suim na ndaltaí a mhúscailt sa drámaíocht agus tá sé beartaithe againn fosta Oireachtas na Gaeilge a thabhairt go Maigh Eo i gceann cúpla bliain.
beartaithe planned
" Tá sé beartaithe acu deireadh a chur leis an bhfeachtas i Sydney agus ag an bparlaimint i gCanberra faoi cheann deich lá agus súil acu go mbeidh 500 tarracóir i láthair.
gur bheartaigh sí that she decided
" Ag an nóiméad deireanach, sular fhág mé Éirinn, chuir mé scéala chuig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, faoin gcomórtas nua agus bhí sí chomh sásta sin cloisteáil faoi gur bheartaigh sí a beannacht a thabhairt do *Global Gaeilge *nuair a bheadh sí thall i Milwaukee, rud a rinne sí ar an Satharn, 20 Lúnasa.
Bheartaigh mé I decided
" Bheartaigh mé, agus cinneadh coinsiasach a bhí ann, dul i measc an phobail chomh mór agus a d’fhéadfainn, dul ag chuile ócáid ag a bhfuair mé cuireadh.
beartaithe planned
" Muna ndéantar sin, is dochar seachas maitheas a dhéanfaidh an t-athrú cuaraclaim atá beartaithe aici.
beartaithe intended
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
beartaithe planned
" Muna ndéantar sin, is dochar seachas maitheas a dhéanfaidh an t-athrú cuaraclaim atá beartaithe aici.
ag beartú resolving
" Sa lá atá inniu ann, beirtear an tríú cuid de leanaí lasmuigh den phósadh, agus cé go bhfuil líon na ndaoine a phósann sa tír seo fós ard, tá níos mó agus níos mó daoine ag beartú gan pósadh ach cónaí le chéile, bídís heitrighnéasach nó hómaighnéasach.
beartaithe planned
" ” Tá sé beartaithe ag Eoin camchuairt a dhéanamh timpeall na hÉireann i mí an Aibreáin leis na ceoltóirí atá ar an albam nua agus ba bhreá leis a ghrúpa féin a bheith aige sna blianta atá amach romhainn ach leanúint air ag seinm le Kíla chomh maith.
beartaithe planned
" Ach chomh héasca céanna shleamhnaigh sé ar ais chuig an bhfonn agus thángamar isteach leis mar a bhí beartaithe againn, le críoch a chur leis an bpíosa.
beartaithe planned
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
gach gníomh a beartaíodh every action that was planned
" Chruthaigh sé go raibh spiairí maithe ag Seirbhísí Rúnda na Breataine i measc na ndílseoirí paraimíleatacha ag an am agus, dá réir, go raibh eolas maith acu ar gach gníomh a beartaíodh.
beartaithe planned
" Tá sé beartaithe ag comhlacht Meiriceánach darb ainm Fastship Inc.
beartaithe planned
" Tá ceolchoirm beartaithe don oíche sin le Lasairfhíona Ní Chonaola, an t-amhránaí cáiliúil ó Inis Oírr.
beartaithe planned
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
gach gníomh a beartaíodh every action that was planned
" Chruthaigh sé go raibh spiairí maithe ag Seirbhísí Rúnda na Breataine i measc na ndílseoirí paraimíleatacha ag an am agus, dá réir, go raibh eolas maith acu ar gach gníomh a beartaíodh.
beartaithe planned
" Tá ceolchoirm beartaithe don oíche sin le Lasairfhíona Ní Chonaola, an t-amhránaí cáiliúil ó Inis Oírr.
bheartaigh mé ar I decided
" Bíonn muid ar thaobh aille agus duine éicint ag glaoch ag iarraidh téide: “Téad? Ní hea! Rópa atá ann!” Ar aon nós, bheartaigh mé ar rudaí a eagrú agus faoi láthair tá mé ag obair ar shuíomh gréasáin don ghrúpa: (www.
beartaithe planned
" Maraíodh Denis Donaldson an lá sula raibh an dá Rialtas le ráiteas a eisiúint le chéile faoi cad é an chéad chéim eile a bhí beartaithe acu maidir leis an phróiseas síochána.
beartaithe planned
" Tá ceolchoirm beartaithe don oíche sin le Lasairfhíona Ní Chonaola, an t-amhránaí cáiliúil ó Inis Oírr.
gur bheartaigh tú sin a dhéanamh that you decided to do that
" Cad chuige gur bheartaigh tú sin a dhéanamh agus cad é mar atá ag éirí leat? SNíR: Chaith mé cúig bliana ag múineadh páistí bunscoile i scoil idirnáisiúnta sa Bheilg sular tháinig mé go Meiriceá le m'fhear céile.
beartaithe planned
" ” Tá sé beartaithe aici go leor ama a chaitheamh i measc a muintire féin an samhradh seo.
beartaithe planned
" Tuartar sa scéim faoin gceannteideal “Rudaí a rachaidh i gcion ar an Scéim” go ndéanfar slad ar fhoireann na Roinne má leantar leis an phróiseas mar atá beartaithe ag an rialtais: “Má thagann toradh ar na figiúirí a foilsíodh ón tSaoráid Lárnach Iarratais beidh athrú de 90% ar fhoireann na Roinne.
an fhorbairt atá beartaithe the planned development
" Ach tá lámh na bpolaiteoirí le sonrú go soiléir ar an phróiseas anseo agus vótaí le gnóthú as cead pleanála a fháil don toghlach, beag beann ar an dochar a dhéanfadh an fhorbairt atá beartaithe don taobh tíre.
bheartaigh sé ar he decided
" Óir, agus é in aire, bheartaigh sé ar thaisteal saor in aisce a thabhairt do phinsinéirí agus ghlac céimeanna le cearta na mbaintreach a chosaint.
tá sé beartaithe aici she intends
" Ní raibh deis ag Nikki an t-albam seo a sheoladh in Éirinn go fóill ach tá sé beartaithe aici é sin a dhéanamh nuair a bheidh sí i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair.
beartaithe planned
" Agus comóradh céad bliain 1916 ag druidim linn, níl a fhios agam an bhfuil cuimhneachán do Mhícheál Ó hÉanaigh beartaithe ag muintir Ghleann Cholm Cille.
beartaithe planned
" D’fhoilsigh an rialtas páipéar le gairid a mhínigh cuid de na hathruithe atá beartaithe acu.
bheartaigh muid ón tús we decided
" Mar sin, bheartaigh muid ón tús go ndéanfadh muid méadú ar an soláthar Gaeilge sin agus go mbainfeadh muid fad as agus go ndéanfadh muid le cabhair athchraolta é agus rudaí eile ar nós imeachtaí Dála agus seanchluichí peile.
beartaithe planned
" Níl caife ann ná teach tábhairne, cé go bhfuil ionad oidhreachta á thógáil agus tá sé beartaithe bia a chur ar fáil ansin.
níl sé beartaithe acu filleadh ar an mBreatain. they don't plan to return to Britain.
" Ach tríd is tríd tá siad sásta go maith agus níl sé beartaithe acu filleadh ar an mBreatain.
beartaithe planned
" Agus ná habair faic faoin dualgas atá ar an tír astuithe carbóin a laghdú! Mar sin, cá háit ar féidir linn smaointeoireacht chomhtháite a fháil? Tá sé beartaithe ag an Aire Iompair, Martin Cullen, Údarás Iompair Átha Cliath a chur ar bun, chun comhordú a dhéanamh ar chúrsaí iompair sa chathair.
Beartaím bogadh chun cinn, I decide to move ahead,
" Beartaím bogadh chun cinn, áfach.
beartaithe. planned.
" Seo an dara scannán atá eisithe ag Gael Linn san fhormáid seo agus tá tuilleadh beartaithe.
san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, in the development planned for Greystones,
" Mar atá le feiceáil san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, mo bhaile dúchais féin, tá áiteanna áille, seanáiteanna, á scrios ar mhaithe leis an airgead.
beartaithe planned
" Tá an t-albam nua seolta agus tá camchuairt mhór thart ar an tír beartaithe acu agus turas nó dhó chun na Fraince chun aird an phobail a tharraingt air.
beartaithe planned
" AÓF: Agus an tionscadal mór seo críochnaithe agat anois céard é an chéad cheann eile atá beartaithe agat? PM: Anailís chomparáideach idir Séamus Ennis agus ceoltóirí eile – Bobby Casey, b’fhéidir! Tá The Dance Music of Séamus Ennis ar fáil ó (www.
bheartaigh mé ar I decided
" Ansin bheartaigh mé ar na foinn don chláirseach a bheith seinnte ar an gcláirseach.
beartaithe planned
" Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh ag obair leis an dá chomhlacht.
bheartaigh mé I decided
" Ar eagla go gceapann aon duine go bhfuil mé ró-dhiúltach mar dhuine, bheartaigh mé go mbeinn níos dearfaí an mhí seo.
ag beartú planning
" Tá Páirtí an Lucht Oibre ag beartú airgead a bhaint de na hoibrithe is boichte sa tír, £1,000 sa bhliain uathu sin atá ag déanamh obair “shuarach,” ar mná iad den chuid is mó.
go bhfuil sé beartaithe acu that they have decided
" Agus mar chuid den tástáil seo, tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil sé beartaithe acu meastóireacht a dhéanamh ar chóras teagmhála ríomhphoist idir an pobal agus stáisiúin ghardaí a fhorbairt.
bheartaigh mé I decided
" Triail nár éirigh léiDe réir a chéile, agus mé ag fás agus ag foghlaim, bheartaigh mé go ndéanfainn níos mó ná an liathróid a chiceáil as an bpáirc.
ag beartú planning
" Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste, in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.
ag beartú deciding
" Tá a fhios againn fosta, ó na cáipéisí thuasluaite, go bhfuil an roinn agus an t-aire araon ag beartú an curaclam a fhorordú anois.
gur bheartaigh mé that I decided
" Bhí orm pilleadh ar an óstán le geansaí eile, nó cóta, a fháil ach bhí mé chomh fríd a chéile ag an phointe sin gur bheartaigh mé go raibh rud inteacht amuigh ansin, b’fhéidir an chruinne ar fad, nach raibh ag iarraidh orm foghlaim fá na Naitsithe.
bheartaigh Barbara Barbara decided
" An uair dheireanach a rinneadh ionsaí uirthi, bheartaigh Barbara go rachadh sí chuig na Gardaí.