Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead Lillian and all belonging to her (her people) are not short of money
" Chosain sin pingin ach ina dhiaidh sin is eile níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead.
mhuintearais belonging
" "Níl cultúr an ghrá ná an mhuintearais le fáil thart anseo - níl ann ach seicteachas.
san áit ba dhual dóibh where they belong
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
mhiotaseolaíocht an chine ar leis é the mythology of the race to which he belonged
" Sceimhlitheoir a “cheartódh maslaí na mblianta”, fíor agus samhlaithe, suite go domhain laistigh de mhiotaseolaíocht an chine ar leis é.
san áit is dual dó where it belongs
" Dúirt sí nuair a d’fheicfeadh sí an pictiúr órga dá haintín ar taispeáint sa Neue Galerie go mothódh sí “go bhfuil sé faoi dheireadh thiar thall san áit is dual dó”.
coirpigh de chuid dhronga chathair Luimnigh criminals belonging to the gangs of Limerick City
" Agus dár ndóigh, tá leas an phobail i gceist gan amhras agus coirpigh de chuid dhronga chathair Luimnigh os comhair na cúirte.
ar leis an Choróin é. which belongs to the Crown.
" Tá Tom an t-Sabhail ar imeall eastáit mhóir darb ainm Eastát Ghleann Lìomhaid, ar leis an Choróin é.
scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad. they are the story of our people and they belong to all of us.
" Ní dóigh liom gur chóir do dhaoine a bheith cúthaileach maidir le hamhráin a fhoghlaim - scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad.
cé leis iad níos mó, who they belong to anymore
" Go deimhin, ceannaítear agus díoltar cearta grúdaithe agus dáileacháin na mbeoracha seo chomh minic anois gur deacair a rá cé leis iad níos mó, ach amháin gur fiú breis agus 10 faoin gcéad den mhargadh Meiriceánach beorach iad beoracha ón iasacht anois.
ar le comhlacht meán é. which belongs to a media company
" Tá an íomhá péinteáilte ar bhalla foirgnimh ar le comhlacht meán é.
tailte de chuid na Meiriceánach Dúchasach lands belonging to the Native Americans
" Faoin am seo, nochtadh do Smith gur cheart do phobal na heaglaise bogadh go Ohio, áit a bhféadfaidís fanacht go dtí go mbeidís in ann bogadh siar go tailte de chuid na Meiriceánach Dúchasach in Missouri.
de chuid seicte Búdaíche Seapánaí a bhí fíornáisiúnach belonging to an ultra-nationalist Japanese Buddist sect
" Go luath i ndiaidh an chruinnithe seo, d’iompaigh 50 ceannaire de chuid seicte Búdaíche Seapánaí a bhí fíornáisiúnach go creideamh Moon.
theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile those other languages which belong to their wives and husbands
" Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad.
comhaid de chuid files belonging to
"comhaid de chuid an Ard-Aighne agus Roinn an Taoisigh ar an chás curtha ar fáil go poiblí anois don chéad uair sa Chartlann Náisiúnta faoi ‘Riail an Tríochadú Bliain.
agus an tsochaí ar di iad and the society to which they belong
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
mar deirim gur leob an áit sin as I say, that place belongs to them
" Ag an am céanna, an rud is maith liom, nuair a fheiceann tú gnáthdhaoine as Conamara, nó as áit éicint eile, ag dul isteach i dTeach Laighean agus deirim i gcónaí go bhfuil fáilte rompu - tugaim tacaíocht do na turasanna scoile, do dhreamanna pobail, a ghabháil suas agus siúl thimpeall ann - mar deirim gur leob an áit sin.
ní gá gur duine de chuid one doesn’t have to belong
" Thuig siadsan gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile agus ionsaí dá leithéid a dhéanamh, ní gá gur duine de chuid an Al Qaeda a bheas iontu.
a shamhlaítear leis an bpágántacht which is imagined to belong to paganism
" Ar mhórán slite, is ré í seo nach bhfuil an maithiúnas rófhollasach sa zeitgeist; an easpa maithiúnais seo, is tréith í a shamhlaítear leis an bpágántacht ach go háirithe, ach sin scéal le haghaidh lá éigin eile.
an tsochaí dar díobh muid ciontach the society to which we belong is guilty
" Ní hamháin go n-ardaíonn siad ceisteanna inár n-aigne nach raibh súil againn leo ach is beag nach mbraithimid ciontach as na coireanna a chuirtear os ár gcomhair ar an scáileán – amhail is go bhfuil an tsochaí dar díobh muid ciontach as na gníomhartha seo agus go bhfuil freagracht áirithe orainne, an lucht faire, dá réir.
seanbhunáit de chuid an old base belonging
" I mbliana, beidh an taispeántas i mBeairic Ebrington, seanbhunáit de chuid Arm na Breataine i nDoire a dúnadh in 2004 agus a athchóiríodh mar dhánlann go sonrach don ócáid seo.
An cumann ar bhain mé féin leis the club which I belonged to
" An cumann ar bhain mé féin leis, Cumann Báire Caoimhín, a bunaíodh i 1902 i mBaile Átha Cliath, d’imir seisear deartháireacha de mhuintir Mhic Fhionnlaoich ar an bhfoireann iomána sna 1930í: Feargus, Conall, Caoimhín, Dúbhglas, Maelíosa agus Aodán.
de chuid belonging to
" Bhí Sarah Ní Chonchobhair ag féachaint áis foghlama úr de chuid Gaelchultúr ar na mallaibh.