Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
más saibhir, más bocht for richer, for poorer
" Bhíos ag bainis cairde liom le déanaí agus bhíos ag smaoineamh ar na focail "más saibhir, más bocht".
nach dtabharfaidh an diabhal bocht na cosa leis that the poor devil won't survive
" "Is cosúil nach dtabharfaidh an diabhal bocht na cosa leis - ceann acu ar aon nós, arsa Simpleoir gan é ag iarraidh a bheith ar bhealach ar bith greannmhar ach é ag tagairt dá bhfaca sé lena dhá shúil féin.
othar bocht poor patient
" De bharr gur othar bocht a bhí ann, cuireadh é i reilig na mbochtán le dhá bhochtán déag eile agus gan leacht ar bith air.
an dara tír is boichte the second poorest country
" Ainneoin go bhfuil saibhreas mór mianraí sa tír, ainneoin gurbh í ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna nuair a bhí sí faoi riail ag na Spáinneach, is í an Bholaiv an dara tír is boichte i Meiriceá Theas sa lá atá inniu ann.
Chúnamh Sealadach do Theaghlaigh Bhochta Temporary Assistance for Needy Families
" Ní bheidh aon ardú i gceist do chláracha tar éis scoile ná sa Chúnamh Sealadach do Theaghlaigh Bhochta.
an tír is boichte san Áis the poorest country in Asia
" Tá an t-uachtarán, Xanana Gusmao, ag rá go hoscailte anois go bhfuil an Astráil ag caitheamh leo mar bheadh namhaid ann agus má leantar ar aghaidh mar seo go bhféadfadh sé go dteipfeadh ar an stát nua, an tír is boichte san Áis agus ceann de na tíortha is boichte ar domhan.
níos boichte poorer
" Ó tharla gur chuig tíortha níos boichte ná na Sé Chontae féin a bheas an t-airgead mór ag dul, is amhlaidh is lú suim atá ag tuaisceartaigh sna toghcháin seo.
shaol an sceimhleitheora bhoicht the life of the poor terrorist
" "Níl tuigbheáil ar bith ag Micí do shaol an sceimhleitheora bhoicht," dar le Balor an Bastún.
Caitheadh go dona leis an bhfear bocht ón taobhlíne the poor man was badly treated from the sidelines
" Caitheadh go dona leis an bhfear bocht ón taobhlíne agus lucht tacaíochta Átha Cliath a bhí i gceist! Is daoine ar leith iad na bainisteoirí i gcúrsaí spóirt.
na boicht the poor
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
Ba bhocht an mhaise it would be a bad thing
" Ba bhocht an mhaise dá dtarlódh sé sin mar is amhlaidh gur ag cuidiú leis na múinteoirí a bheadh sí.
brachán bocht terrible mess
" D Martin Cullen, An tAire Iompair: Rinne sé brachán bocht den aireacht dheireanach a bhí aige ach seans gur choinnigh an Taoiseach sa Chomhaireacht é lena léiriú nach ngéillfeadh sé don ghéarleanúint phearsanta a rinne cuid de na meáin chumarsáide air faoi Monica Leech.
Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil. We'll be the poorer for it if the sector fails.
" Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil.
taistealaithe bochta poor travellers
" Shaothraigh mé go leor leor airgid, caithfidh mé a rá – ní raibh mise bocht agus mé ag taisteal, ní raibh mé ar dhuine de na taistealaithe bochta sin.
méid bocht iriseoirí agus craoltóirí a great number of journalists and broadcasters
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil méid bocht iriseoirí agus craoltóirí ag fámaireacht thart i gConamara ag lorg líon teoranta scéalta.
meascán bocht canúintí a big mix of dialects
" Bíonn meascán bocht canúintí le cluinstin ann agus thabharfá suntas ach go háirithe don mhéid daoine ó Ghaeltachtaí beaga atá ag cur fúthu anois i gContae na Gaillimhe.
agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta and that the poor cars were christened strange names
" Is cinnte nach bhfuil na figiúirí seo ach go measartha (agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta), ach is leor iad le mórán gearrthuras laethúil a dhéanamh.
ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht their leaving upset Poor Balor
" Cuid acu, ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht agus cuid eile níor ghoill.
is boichte poorest
" Is tír bheag í an Mhaláiv agus tá sí i measc na 10 dtír is boichte ar domhan.
muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann the poor long-suffering people of Ireland
" Agus beidh muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann ar tí Máirtín Míleata a naomhú as siocair go mbeidh sé i ndiaidh an Saorstát a aisceadh agus a ghlanadh agus a sciomradh saor ó choirpigh.
mar thraidisiún de chuid na mbocht as a tradition of the poor people
" Bhí sé imithe agus is ceist í an raibh sé mar thraidisiún de chuid na mbocht riamh.
na hoibrithe is boichte the poorest workers
" Tá Páirtí an Lucht Oibre ag beartú airgead a bhaint de na hoibrithe is boichte sa tír, £1,000 sa bhliain uathu sin atá ag déanamh obair “shuarach,” ar mná iad den chuid is mó.
don chomaitéir bocht for the poor commuter
" Bíodh trua agat don chomaitéir bocht i Nua-Eabhrac, mar sin.
Ba theaghlach bocht, It was a poor family,
" Ba theaghlach bocht, na Smiths, a bhunaigh an láthair turasóireachta.
easpa árachais i measc na saoránach bocht and a lack of insurance among poor citizens
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
neart daoine bochta plenty of poor people
" Tá beáir fíona agus bialanna ann freisin, agus árasáin chostasacha, ach tá neart daoine bochta sa cheantar go fóill.
corrainmhí bocht donasach the odd unfortunate animal
" Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
níos boichte poorer
" Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti! Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
ar son na mbocht. on behalf of the poor
" Agus ansin tá Edwards, fear tuaithe ó South Carolina a bhfuil an-obair déanta aige ar son na mbocht.
i stáit bhochta an deiscirt in the poor southern states
" Tá cónaí ar Ghormaigh na Stát Aontaithe, den chuid is mó, i stáit bhochta an deiscirt agus i ngeiteonna na gcathracha móra – Harlem i Nua-Eabhrac agus South Central i Los Angeles, cuir i gcás.
dúil bhocht a great liking
" Ach tá dúil bhocht ag na fógróirí iontu, agus caithfidh na craoltóirí iad a mhealladh chuig a gcuid líonraí.
an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, how people live in poor countries,
" ”Agus céard é an buntáiste is mó a thugann an taisteal do dhuine, dar leis?“Nuair a fheiceann tú an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, bíonn níos mó measa agat ar an méid atá agat.
faoin bhrachán bocht seo about this poor mess
" Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
fá dtaobh den mhí bhocht seo. about this poor month
" Níl dabht ar bith ach go mbíodh cuid mhór rámhaille agus truflaise agus bómántachta san aimsir ghnáthchaite fá dtaobh den mhí bhocht seo.
a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite which was a lot harder than his poor sick head
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
ag gearán faoi na Francaigh bhochta complaining about the poor French
" Ní theastaíonn uaim a bheith ag gearán faoi na Francaigh bhochta i ngach alt a scríobhaim, ach caithfidh mé a rá gur ar éigean a gheobhaidh tú *après-ski* sa Fhrainc.
bainisteoir bocht fhoireann peile Chorcaí, the poor manager of the Cork football team,
" Níl ach mí imithe thart ó bhí raic ann maidir le bainisteoir bocht fhoireann peile Chorcaí, Teddy Holland.
níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, I didn't want to trouble poor Protestant teachers
" Anois, níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, agus mar sin, chinn mé ar na Bráithre Críostaí mar íospartaigh.
i bpócaí daoine bochta, in poor people's pockets,
" Is rud amháin é bheith ag streachailt le hÉire Aontaithe a bhaint amach, ach scéal eile é níos mó airgid a chur i bpócaí daoine bochta, jabanna fiúntacha a chur ar fáil dóibh agus cosaint a thabhairt dóibh ó na bligeaird óga atá á gcrá gach lá den tseachtain.
le tír bhocht a ionsaí to attack a poor country
" Tugann sé tacaíocht láidir i gcónaí don chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta – an leithscéal is déanaí le tír bhocht a ionsaí ar son na gcorparáidí móra.
báúil leis na boicht sympathetic to the poor
" Dá bhrí sin, cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad rialtais dhaonlathaigh ar bith a bhí báúil leis na boicht i dtír i ndiaidh tíre, ag tosú leis an mBrasaíl i 1964.
go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith. indeed it was often that we were quite poor
" Bhí sé an-dian, ní raibh muid ag éirí saibhir agus go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith.
i mbruachbhaile bocht in a poor suburb
" Chun an clár “Faoistin Favela” a dhéanamh, chuir mé fúm i mbruachbhaile bocht – Favela – i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle.
mic léinn bhochta poor students
" B’fhéidir gur deacra é sin fós do na mic léinn bhochta nach léachtóirí iad ach bhí ardseachtain againn agus fágadh “*ram Gaelg”* (go leor Gaeilge) againn ag a deireadh.
Bráthair bocht litríocht na Gaeilge the poor brother of Irish language literature
" Bráthair bocht litríocht na Gaeilge atá sa seanchas.
tá cothú sa phráta bocht féin there's feeding in the old potato itself
" B’fhéidir go bhfuil muid uilig cleachta ar phasta agus ar núdal in Éirinn ár linne, ach tá cothú sa phráta bocht féin go fóill.
a chorp bocht ar tí a bheith curtha his poor body about to be buried
" Feiceann tú é agus é ag fulaingt,” a deir sí agus tocht ina glór, “agus ansin, feiceann tú é agus a chorp bocht ar tí a bheith curtha sa talamh.
theaghlaigh bhochta poor families
" Deirtear go minic go gcuireann táillí bac ar pháistí ó theaghlaigh bhochta.
dá bhoichte an tír the poorer the country
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
brachán bocht a serious mess
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
i gcomhthéacs níos boichte poorer context
" Is tír shaibhir í an Astráil, agus deirtear go mbítear níos measa a bheith gan earra gan éadach i measc dhaoine ilmhaoineacha ná a bhítear i gcomhthéacs níos boichte.
a bhoichte is how poor
" Cé gur thaitin ár gcéad chúrsáil go mór linn, chuaigh sé i gcion go han-mhór orm a bhoichte is atá na tíortha beaga seo in ár réigiún, ár gcomharsana béal dorais.
beo bocht in great poverty
" Ceaptar go bhfuil trálaeir iascaireachta ó thíortha ar fud an domhain ag goid os cionn $300 milliún in aghaidh na bliana ó thír atá beo bocht, ina bhfuil go leor den daonra ag brath go mór ar an iascach.
tslua bhocht incredible amount
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
beo bocht extremely poor
" Bheadh sé ó chumas aon rialtas nó aon phobal na bunathruithe sin a stiúradh i gceart, gan trácht ar thír a bhfuil na céadta milliún duine ann atá beo bocht.
mbocht poor people
" Laghdaigh líon na mbocht go mór in áiteanna (Karnataka, an stát a bhfuil Bangalore ann) ach ar éigin in áiteanna eile (Orissa agus Bihar, dhá stát atá chomh bocht le haon tír san Afraic).
is boichte poorest
" Ach seachas na Mór-Lochanna agus an mhíshocracht fhuilteach, tá rud eile ag roinnt leis na ceithre thír seo nach bhfuil mórán cur amach ag an saol mór air, is é sin, muintir Batwa, grúpa eitneach Pigmí atá ar na pobail is boichte agus is soghonta i gCeantar na Mór-Lochanna.
boicht poor
" Na boicht is mó a bhásaigh dar ndóigh agus an dream daoine a bhí bocht faoin tuath go mór mór.
beo bocht just surviving
" Nuair a bhain sí neamhspleáchas amach bhí 33 faoin gcéad dá daonra beo bocht, mar shampla, ach tá leath an daonra ag maireachtáil faoi thairseach na bochtaineachta faoi láthair.
bhocht poor
" Tá tart ar mhuintir bhocht fhadaraíonach Chorcaí, agus an rabharta uilig thart orthu; ach bhíodh sé á mhaíomh ag Balor an Bhéil Nimhe go raibh tart i gcónaí riamh ar mhuintir Chorcaí.
Fágtha Bocht Dealbh left with nothing
" Fágtha Bocht Dealbh ======== An Luan dar gcion, bheartaigh mé go dtabharfainn faoin scéal.
brachán bocht serious mess
" "Is ag iarraidh an brachán bocht a rinne sibhse den gheilleagar a chur ina cheart atáimid.
beo bocht really poor
" Deir sé go mbeidh daoine beo bocht mar gheall ar na ciorruithe seo, agus ní hamháin sin, ach go súfaidh na ciorruithe seo ar leasa shóisialaigh idir £300m agus £400m breise as geilleagar na Sé Chontae, próiséas as a dtiocfaidh níos mó dífhostaíacht ina dhiaidh.
mbruachbhailte bochta poor suburbs
" Ach má chuireann tú ceist ar dhuine de na milliúin daoine a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte bochta na tíre cén polaiteoir is fearr leo, ní chloisfidh tú ach freagra amháin: Lula.
bochta poor
" Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
Ba bhoichte an tír the country’d be all the poorer
" Ba bhoichte an tír dá n-éagmais.
bochta poor
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
Ba bhocht it was a poor
" Ba bhocht agus ba bhrónach an feic é.
saol na mbocht the lives of the poor
"   “Bhí scoilt riamh idir muintir na gcathracha agus muintir na tuaithe, ach san fheachtas seo, chuaigh muintir na gcathracha amach chun na tuaithe leis na daoine a theagasc agus b’ansin a chonaic siad saol na mbocht mar a bhí sé don chéad uair.
is boichte go mór very much the worse for
" Ach, mar gheall ar an Dáil, is boichte go mór an áit sin gan na Glasraí.
créatúir bhochta poor things
" Áááá, mothaím uaim iad, na créatúir bhochta.
na mbocht the poor people’s
" Tá an eite chlé ó thuaidh mar atá sí ó dheas; scaiftí beaga a bhfuil ceannaire feidhmiúil acu le taobh na n-oibrithe agus na mbocht a chur chun cinn ach tá muid san aois “nua” seo - *New Labour, neo-liberalism, neo-cons*, daoine ag moladh Poblacht úr ó dheas - nuair is féidir neamhaird a dhéanamh ar "seanrudaí".
na daoine ba bhoichte the poorest people
" Má d'aistrigh an rialtas agus lucht rachmais na fiacha s'acu chuig na daoine ba bhoichte i Meiriceá, bhí sé mar a gcéanna sa Bhreatain.
beo bocht desperately poor
" Daoine nach raibh obair acu i mBéal Feirste na 1930í, bhí siad beo bocht.
beo bocht living in poverty
" Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
líon mór atá beo bocht the great number who live in poverty
" Gan mhoill beidh gach duine ar domhan ina úsáideoir idirlíon – ach amháin an líon mór atá beo bocht.
Teach na mBocht paupers/county home
" Teach na mBocht, Walton, a bhí ann ina thús nuair a tógadh é i 1868 ach bhí sé ina otharlann ó 1922 ar aghaidh.
Bromaire Bocht Breoite poor sick farter
" Nuair a bhí a sháith den chearc fhrancach ite ag Balor an Bromaire Bocht Breoite agus a sháith de gach deoch mheisciúil ólta aige, shín sé a chnámha craptha siar ar an charn craicne a bhí os comhair na tine ina phluais bhrocach cháidheach agus thosaigh sé ag meabhrú.
bhí mo bholg bocht ar tí pléascadh my belly was about to burst
" Uair an chloig den obair sin agus bhí mo bholg bocht ar tí pléascadh.
san ré bhocht bhriste seo in this era of want and desperation
" Ciallaíonn sé seo, san ré bhocht bhriste seo, gur féidir leat an cárta creidmheasa a ghearradh suas agus an ciste atá agat a úsáid in ionad creidmheasa nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht ar líne.
othair bhochta poor patients
" ** PNC: Ó, is cuimhin liom othair bhochta, Iúdaigh Pholainneacha, a dh’fheiscint.
beo bocht on the poverty line
" Bhí an chuid is mó de mhuintir na hEorpa ina dtuathánaigh agus iad beo bocht ag tús an chéid seo caite.
iriseoirí bochta na hÉireann Ireland’s poor press hacks
" Is é atá ag dó na geirbe aige ná go bhfuil údaráis na Róimhe de chuid na hEaglaise Caitlicí Críostaí ag bualadh bachaille ar iriseoirí bochta na hÉireann.
na ceantracha is boichte the poorest areas
" Biseach ar Bith ====== Is beag buntáiste a fuair na ceantracha is boichte i limistéir ina bhfuil tithe galánta meánaicmeacha, árasáin arda de chaighdean an-íseal agus dúichí tithíochta beo bocht.
beo bocht in poverty
" Biseach ar Bith ====== Is beag buntáiste a fuair na ceantracha is boichte i limistéir ina bhfuil tithe galánta meánaicmeacha, árasáin arda de chaighdean an-íseal agus dúichí tithíochta beo bocht.
suaimhneas a thabhairt don bhean bhocht to give the poor woman peace
" Ach in ainm Dé nach bhfuil sé thar am anois suaimhneas a thabhairt don bhean bhocht agus í i gcré na cille le breis is leathchéad bliain anuas.
deineadh brachán bocht a proper mess was made
" Tá sé chomh maith agam an diallait a chur ar an each chóir, áfach, agus a admháil gur deineadh brachán bocht de theagasc na Gaeilge sa chóras scolaíochta ó bhunú an stáit i leith.
cosmhuintir bhocht fhadfhulangach poor ordinary longsuffering people
" Fad is atá rialtas éillitheach Karzai i gcumhacht, áfach, nílim dóchasach go mbainfidh cosmhuintir bhocht fhadfhulangach na hAfganastáine an tairbhe chuí as an gcúnamh seo.
shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa to shine on the poor Papist followers
" Ní miste dúinn ár ndícheall a dhéanamh solas an chreidimh chirt a shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa.
heiricigh bhochta poor heretics
" Ní thiocfadh linn codladh i gceart mura ndéanfaimis gach iarracht na heiricigh bhochta sin a thiontú ó chreideamh na Róimhe.
gceantar bocht a poor district
" ) Ní iontas rómhór é sin do bhall d'Eaglais na hÉireann ag fás aníos mar John Casey ag deireadh an 19ú haois i gceantar bocht Shr.
B’éigean do Bhalor bocht poor B. had to
" B’éigean do Bhalor bocht cur go mór lena árachas taistil nuair a chuala lucht an árachais cén áit a raibh a thriall.
an bainisteoir bocht brúite the stressed manager, poor devil,
" Tháinig an bainisteoir bocht brúite amach agus d’impigh sé orainn dul isteach agus a bheith ag ól sa bheár – an chéad bheár ar caitheadh mé isteach ann riamh.
hoileáin bhochta iargúlta poor isolated islands
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.
is boichte poorest
" Tá súil agam féin go bhfeicfidh muid léirsithe eile de chuid na ndílseoirí ach iad ag iarraidh oideachais níos fearr, in éadan na ngiorruithe a mbeidh drochthionchair acu ar shaol na bProtastúnach is boichte, iad ag troid ar son na rudaí a sholáthróidh todhchaí níos fearr dá gcuid bpáistí.
ceantracha dílseacha is boichte poorest loyalist areas
" 
Tá cúrsaí go hainnis i gcuid de na ceantracha dílseacha is boichte sa tuaisceart ach ar náisiúnaigh a chuireann ceannairí aontachtacha an locht.
An duine bocht a rachaidh the poor individual who’ll
" ’* Is Casta an Scéal ====== An duine bocht a rachaidh ag lorg smearadh eolais féin ar na sloinnte, beidh sé ag ransú na n-údar ó Litreacha Suirbhéireachta Uí Dhonnabháin, trí thaighde Matheson anuas tríd an Athair de Bhulbh, Mac Lysaght, Robert Bell agus Seán de Bhulbh, ag iarraidh adhmad a bhaint astu.
Ba bhoichte an saol dá n-uireasa life would be the poorer without them
an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais life in the poor suburbs of their native city
" Níl an mheánscoil críochnaithe acu fós – ach is fir iad Enderson Araújo (20) agus Tiago Davi (18) a bhfuil fís acu: teastaíonn uathu an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais Salvador a fheabhsú.
d’fhás ceantair bhochta ollmhóra massive poor districts grew
" Ó chéas drochthriomach oirthuaisceart na Brasaíle sa 1970í agus sna 1980í, bánaíodh an tuath agus d’fhás ceantair bhochta ollmhóra timpeall ar na mórchathracha – na favelas.