Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go díreach mar a bheifí ag dréim leis just as you would expect
" Ceol na fidle is mó a bheas á bhualadh, go díreach mar a bheifí ag dréim leis sa taobh seo tíre! (Leagan níos mó den ghrianghraf anseo)(johnthetaelarge2.
bheifí ag súil lena leithéid one would expect it to be so
" An méid sin ráite, tharla go bhfuil mé ag obair don *Irish Internet Association* (IIA) – bheifí ag súil lena leithéid! Ach is cumann gnó neamhbhrabach é an IIA agus dá bharr, caithfimid ar fad a bheith cliste lenár n-acmhainní agus lenár gcuid ama ach go háirithe.
cur leis a bheifí one would be adding to it
" Dá mbeadh córas ‘Glór an Phobail’ forbartha, ní hionann sin agus iarracht deireadh a chur leis an chóras mar atá, ach cur leis a bheifí, agus iarracht a dhéanamh cinntiú go mbeadh an daonlathas ag feidhmiú gan ansmacht ardoifigí na bpáirtithe polaitiúla i mBaile Cliath 4.
bheifí ag súil would be expected
" Díreach mar a bheifí ag súil leis ó bhuaiteoir comórtais áilleachta, is bean ard donn dathúil í a thiontódh cinn, gan aon agó.
Ní bheifí ag gabháil thar fóir it wouldn't be an exaggeration
" Ní bheifí ag gabháil thar fóir le réabhlóid a thabhairt ar an athrú chéanna – ciúinréabhlóid shóisialta agus chultúrtha na hÉireann.
bheifí ag súil le one would expect
" Ach más fíor go bhfuil suas le leathmhilliún inimirceach lasmuigh den dlí sa Pholainn, bheifí ag súil le líon iarratasóirí níos mó fós.
Bheifí ag súil, mar sin one would expect therefore
" Bheifí ag súil, mar sin, go mbeifear in ann go leor tacaíochta a chruinniú i dTithe na Comhdhála chun athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras inimirce na Stát i ndiaidh na dtoghchán i mbliana, athchóiriú a réiteoidh ar bhonn fadtéarmach cás na n-inimirceach go léir atá lasmuigh den dlí, ní hamháin cás na *Dreamers*.
bheifí dírithe ar mhic léinn would be directed at students
" ) Pé scéal é, mhol na saineolaithe go ndíreodh rogha amháin ar scileanna teanga ardleibhéil, idir scileanna cainte agus scileanna scríofa, agus ar staidéar ar an litríocht sa Ghaeilge, agus “bheifí dírithe ar mhic léinn a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal agus/nó a d’fhéadfadh an teanga a úsáid ar mhodh gairmiúil tráth is faide anonn.
bheifí beagnach deimhin one would be almost certain
" Dá mairfeadh Pádraig Mac Piarais bheifí beagnach deimhin go mbeadh sé an-bhródúil as borradh na nGaelscoileanna.
bheifí níos báúla lena gcás there’d be a more compassionate view towards them
" Dá dtuigfí i gceart na rudaí is cúis leo a bheith sna Stáit, bheifí níos báúla lena gcás.
mar a bheifí ag súil leis as one expect
" D’fhear an tOllamh David Flint, urlabhraí ar son Australians for a Constitutional Monarchy (ACM), fáilte is fiche roimh fhógairt Abbott, mar a bheifí ag súil leis.