Pota Focal Intergaelic
bloom | boim | boo | book | boon
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
borradh agus meathlú boom and bust
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
an bhorrtha the boom
" ) Tá costas na dtionscadal sa Phlean Forbartha Náisiúnta ardaithe go mór de bharr an bhorrtha i dtionscal na tógála, agus tá moill curtha ar go leor de na tionscadail.
borradh eacnamaíoch economic boom
" Ní bhíonn ach trí thréimhse ghnóthacha sa bhliain ag an stáisiún ó thaobh fógraíochta de, áfach (an Nollaig, Lá Fhéile Pádraig agus an Cháisc), agus bheadh sé deacair duine a fháil a bheadh toilteanach oibriú ar coimisiún, go háirithe na laethanta seo agus borradh eacnamaíoch sa tír.
Mionbhláth a minor boom
" Mionbhláth - ach mar shaothrú ar thraidisiún liteartha na Mumhan.
borradh geilleagrach economic boom
" Tá treocht den chineál céanna le fáil in Éirinn ón am a tháinig méadú i líon na mbialann bia sciobtha sa tír de bharr borradh geilleagrach a bheith ann.
nuair a bhí borradh faoin ngeilleagar when there was an economic boom
" Shocraigh siad go gcuirfidís fúthu in Éirinn arís sna seascaidí nuair a bhí borradh faoin ngeilleagar le linn ré Lemass.
borradh geilleagrach economic boom
"borradh geilleagrach tagtha leis an mhéadú seo agus an margadh baile d’earraí ag fás i gcónaí.
bhí an-bhorradh faoi gheilleagar na hÉireann the Irish economy was still booming
" Post nua Nuair a d’fhág Natasha a post le Fianna Fáil, bhí an-bhorradh faoi gheilleagar na hÉireann go fóill ach bhraith sí go raibh go leor daoine míshásta lena saol oibre.
Cóngaracht Phamplona is cúis leis an mborradh seo, is dócha. The closeness of Pamplona is the reason for this boom, I suppose.
" Cóngaracht Phamplona is cúis leis an mborradh seo, is dócha.
borradh growth, boom
" Is léir go bhfuil an borradh atá faoi gheilleagar na hÉireann ag dul i bhfeidhm ar an taobh seo den tír chomh maith.
ré an bhorrtha agus an phléasctha time of growth and boom
" Dúirt Gordon Brown go raibh deireadh le “ré an bhorrtha agus an phléasctha”.
le linn borrtha during a boom
" Ní hamháin sin, ach dá mbeadh an conradh i bhfeidhm ba mhó an teagmhas a bheadh ag an rialtas airgead a fháil ar iasacht in uair na géarchéime ar phraghas measartha mar bheadh sé éigeantach na cuntais a chothromú le linn borrtha nó tréimhse nuair a bheadh rudaí ag gabháil go maith.
borradh faoi na rabhcáin the ballad boom
" Bhí meas an domhain ag Pecker ar Fuller, mar b’fhacthas dó gurb eisean a chuir dlús le borradh faoi na rabhcáin sa Bhreatain sna 1960aidí.