Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhláth bloom, healthy glow
" Bean bhreá aclaí ab í Myrtle ach bhí deireadh sin goidte ag an ghalar bhradach agus in áit an bhláth a bhíodh i gcónaí ar a craiceann bhí imir mhífholláin bhuí.
faoi bhláth blooming
" Ansin shiúil mé suas bóthar gairid agus a raibh deora dé faoi bhláth ag a thaobh, rud a chuir iarthar na hÉireann i gcuimhne dom.
faoi bhláth. in bloom (very sucessful).
" Ach tá comhlachtaí áirithe ann atá faoi bhláth.
a thiocfadh i mbláth which would come into bloom
" Nochtann an híomhánna seo cuid de na téamaí a thiocfadh i mbláth ina cuid próis agus filíochta níos moille ina saol.
le go dtiocfadh siad faoi bhláth. so that they would bloom, reach their potential
" Chuir sé muinín ina chomhoibrithe agus thug sé saoirse dóibh ina gcuid oibre le go dtiocfadh siad faoi bhláth.
a thagann faoi bhláth which bloom
" Téim ann chun sult a bhaint as an dúlra, go mór mór na bláthanna fiáine a thagann faoi bhláth ar na cnoic.
a thiocfaidh faoi bhláth which will bloom
" Ach tá muintir NWC i ndiaidh 15,000 bleib a chur, chomh maith le 20,000 bleib eile a thiocfaidh faoi bhláth mar phlúiríní sneachta.
lus cromchinn faoi bhláth daffodil in bloom
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
faoi bhláth in bloom
" Ba bhreá liom an lár a fheiceáil agus é faoi bhláth, ach caithfear a admháil gur fearr lenár seanchoirp, agus an t-airtríteas ag goilleadh orthu, compord an mhóstáin nó an ionaid saoire ná cruatan an champa.
bláthú na síochána the coming to bloom of peace
" Is cúis mhór shásaimh dom fosta bláthú na síochána i dTuaisceart Éireann agus feabhsú an ghaoil idir pobail ar an dá thaobh den teorainn.
bhláthaigh sé it bloomed
" D’fhás sé sin go mór agus bhláthaigh sé.
tháinig sé faoi bhláth it bloomed
" Cé nach raibh suim agam sa ghnó ag an am cuireadh an síol agus tháinig sé faoi bhláth.
bhláthaigh as ithir na cathrach bloomed in the urban landscape
" Agus rith sé le Tóibín sara bhfad go raibh traidisiún Gaelach Corcaíoch eile ar fáil dhó, traidisiún a bhláthaigh as ithir na cathrach cosúil le traidisiún Chorkery.
bhláthaigh bloom, come to blossom
" Ach conas ar bhláthaigh Natalie le tuathalán mar é? Seasann nó titeann an scannán ar an gceist seo.
tiocfaidh rath agus bláth arís matters shall improve and bloom again
" , tá mé cinnte ar feadh bliana eile, ach le cuidiú Dé tiocfaidh rath agus bláth arís.
atá faoi bhláth has bloomed
" Is iontach go deo an taisce a tháinig slán agus atá faoi bhláth in Éirinn faoi láthair.
a bhláthaigh which came to bloom
" ’)* Ní foláir nó go raibh Vidal ceangailte go daingean docht freisin leis an dtraidisiún stairiúil raidiceach sin a bhláthaigh i Meiriceá ó 1900 ar aghaidh, an traidisiún sin a dhiúltaigh ómós a dhéanamh do laochra na staire.
faoi bhláth bloomed
" Is mar gheall ar an phátrúnacht fhlaithiúil seo a tháinig Ré Órga Ealaíne na hÍsíltíre faoi bhláth.
mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar maybe about to bloom at last
" Is ábhar dóchais, don té atá ag santú síochána, go mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar an lus a cuireadh nuair a shocraigh Sinn Féin éirí as an gcogaíocht agus dul le polaitíocht.
Oideachas faoi Bhláth education in bloom
" Oideachas faoi Bhláth ========== Is léir go bhfuil a n-obair dhearfach ag dul ó neart go neart, bliain i ndiaidh bliana.
tháining bláth ar bloomed
" Le linn na nóchaidí tháining bláth ar phrós acadúil na Gaeilge.
bhfuil bláth ar an sceach the hedge is in bloom
" Agus ó thaobh na Gaeilge de, má tá craobh den chrann i mBoston, ní bréag a rá go bhfuil bláth ar an sceach anseo sa mBreatain Bheag.
faoi bhláth in bloom
" Duirt Príomhfheidhmeanach an Chomhlacht Chultúir, Shona McCarthy, go raibh an chathair faoi bhláth i ndiaidh tréimhse achrannach agus go raibh an bhliain chultúir ina chatalaíoch le daoine a tharraingt le chéile, rud a bhí mar sprioc i gcónaí ag an tionscadal.
dtiocfaidh bláth faoi na buinneáin ghlasa the green shoots shall bloom
" Mar sin de, beidh úinéirí an nuachtáin nua ag súil go dtiocfaidh bláth faoi na buinneáin ghlasa a mhaítear atá le feiceáil i ngeilleagar na tíre.
bhláthaigh bloomed
" Sa Fhrainc a bhláthaigh an Ciúbachas, gluaiseacht a bhí go mór faoi thionchar oide André Lhote (1885-1962) agus Gleizes Albert.
raibh athbheochain faoi lán réime there was a revival in full bloom
" **SMM: Thosaigh na sluaite ag freastal ar na comórtais damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn roinnt blianta ó shin agus bhí a fhios againn go raibh athbheochain faoi lán réime.
i mbláth agus i mbeatha blooming and thriving
" Riamh ó foilsíodh Beo! den chéad uair i mí na Bealtaine 2001, is i mbláth agus i mbeatha a bhí sé ag dul de bharr éifeacht ár ndearthóra, Michal Boleslav Měchura, agus cumas ár n-eagarthóirí, Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus Seosamh Mac Muirí.
ag teacht faoi bhláth coming into bloom
" Insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn mar gheall ar na heachtraí áirithe a thug misneach dósan agus é ag teacht faoi bhláth mar cheoltóir.